iGaeilge – buaiteoir Gradam na mBlaganna 2010…

Gradam blagála eile do iGaeilge....go raibh maith agaibh, go raibh míle agaibh, a lucht leanta iGaeilge

Bhuel níl mé ann – ach tá an dea scéal cloiste agam ó Ghaillimh, suíomh ocáid bhronnta Ghradaim Blagadóireachta na hÉireann go bhfuil an gradam don bhlag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge buaite don dara bliain as a cheile ag iGaeilge.

Míle buiochas as bhúr dtacaíocht.  Gan na leitheoirí agus iad san a bhionn páirteach sa phlé ag iGaeilge, ní bheadh aon gradam againn.  Míle buiochas libhse, fiú amháin na cancráin a bhionn ag tabhairt amach faoi chaighdeán mo chuid Gaelainne agus an droch litriú.

Míle buiochas freisin le Edgecast Media, urraithe an ghradaim seo.   Agus le blagadóirí eile a bhionn ag blagáíl leo i nGaeilge nó go dhá theangach.   An dúshlán líon níós mó blagadóirí a mhealladh i dtreo na Gaeilge.

Go raibh maith agaibh. Go raibh míle maith agaibh….

12 de thuairimí ar “iGaeilge – buaiteoir Gradam na mBlaganna 2010…

  1. séamus Mac Seáin

    maidin Dé domhnaigh agus mé ar tí dul chuig an Aifreann Ghaeilge i mBéal Feirste agus seo mé ag blagáil. An bhfuil saol uaim do bharúil? Buíochas mór le Dia go bhfuil dream éigin a aithníonn fiúntas iGaeilge agus an dóigh a spreagann sé daoine lena mbarúlacha a nochtú. Tá saol na Gaeilge ró shocair agus ró chiúin agus tá an leadrán ar marú. moltar thú a Choncubhair as muid a bhíogadh as ar ndúiseacht ach ná ligtear don duais seo siabhrán a chur ort nó b’fheidir go dtosóidh muid ag aontú leat agus sin deireadh linn uilig.

    Freagra
  2. Seán Mór

    Comhghairdeas leat, a Choncubhair. Tá an blag seo cosúil le sionnach i dteach na gcearc!

    Freagra
  3. rossa ó snodaigh

    Comhghairdeachas as ucht an ghradaim a bhuachaint do Chinn Lín Gaeilge is fearr.
    Cinn Lae a tugadh air níos luaithe sa saol
    ansin dialann de bharr taisme Uí Dhomhnaill nó Duinín
    Web Log an brí mar sin bímís aelach
    Scrímís Cinn Lín ó lá go lá

    togh thú arís
    rossa

    Freagra

Freagair Seán Cealaigh an freagra