Gaelscéal – foilseachán álainn ach an nuachtán go fóill é?

Nuair a thagann babaí nua ar an saol, bionn gach duine i ngrá leis nó léi agus iad ag rá go bhfuil sé nó sí go h-alainn.    Mar sin is féidir a rá go bhfuil babaí nua na Gaeilge, Gaelscéal, ‘go h-alainn’.   Tá cuma alainn ar an bpríomh leathnach agus tá snás ar na leathnaigh laistigh. Creidim gurb é an nuachtán Ghaeilge is ‘áille’ fós í.    Níos áille ná Lá Nua nó Foinse ar a laethannta ba áílle!

[Nóta amháin faoin bpríomh leathnach:  tá cuid mhór den leathnach tugtha ar láimh do ghriangraf nótaí Euro.   Cur amú spáis é seo.  Cén fath nach bhfuil griangraf ó shaol na Gaeilge – ocáíd bhronnta Ghlór na nGael an deireadh seachtaine seo chaite, mar shampla, ann?   Nach léiriú follasach a bheadh ansin gur suim i ‘gcothú pobal na Gaeilge’ seachas teachtaireacht ar bith eile a thabharfadh an léaráid mór seo ar an bpríomh leathnach le fios.]

Ach ní babaí úr ar nós gach babaí eile Gaelscéal – nuachtán atá ann. Ní comórtas ‘áílleachta’ aonach na nuachtáin cé go gcuidíonn sé bheith deachumtha.  Séard a chiallaíonn nuachtán ná foilseachán ina léitear scéalta ‘nua’ ann.

Mar sin de, tá íontas agus alltacht orm faoin gcéad alt sa chéad phríomh scéal sa nuachtán Ghaeilge nua seo.   Ní thuigim fén spéir conas a ligfeadh d’eagarthóir nuachtán ar bith i dteanga ar bith d’alt mar seo i leanas a bheith foilsithe i leathnach ar bith, gan trácht ar an gcéad leathnach sa chéad eagrán mar phríomh scéal.

Beidh ar an Rialtas suas le €9 billiún sa mbreis a infhéistiú sa Bhanc Anglo Irish chun gur féidir leo an Banc a choinneáil ag imeacht agus athstruchtúrú a dhéanamh air, a dúirt Príomh Fheidhmeannach an bhainc Mike Aynsley leis an Irish Times inné.

An deacracht atá agam leis an alt sin, ar eagla go gcreideann sibh go bhfuilim ag imeacht thar fóir ar fad, nach bhfuil aon rud ann nach bhfuil ar eolas againn theana féin ó bheith ag léamh nuachtáin an lae inné agus a bheith ag faire ar na craolacháin nuachta ar an dteilifís.   Níos measa ná sin, deirtear an méid sin linn sa chéad alt nó cuirtear ina luí orainn go ndúirt an tUasal Aynsley an méid seo leis an Irish Times inné (glacaim leis gur arú inné atá i gceist) ach nár léigh an tuairisceoir an t-alt go dtí inné.

An rud atá le leamh agamsa ón méid seo nach dtuigeann foireann Gaelscéal bunriachtanas an nuachtáin, scéalta nua nach bhfuil foilsithe in áit ar bith eile a fhoilsiú, nithe a thabhairt chun solais den chéad uair, iriseoireacht seachas aistriúchán a dhéanamh.

Glacaim leis go raibh iriseoireacht i gceist le h-agallamh a aimsiú agus a dhéanamh le Cathaoirleach le Toghadh an Bhainc, Alan Dukes, ach ní féidir leis an iriseoir a mhaíomh go raibh an agallamh seo eisíach nó bhí Alan Dukes ag labhairt ar fuaid na meáin inné (Déardaoin).

An t-aon mhír atá ‘nua’ sa scéal chomh fada agus go dtuigimse an scéal – agus ní thugtar an súntas atá dlite don mhír seo sa scéal – gur féidir nach mbeadh gnó ar bith ar bun ag an mBanc seo i ndiaidh deireadh na míosa gan an infhéistiú.

Anuas ar an mhí-thuiscint ar chúrsaí nuachta, tá sé ana dheacair na scéalta nuachta a léamh.  Tá na h-abairtí ró fhada.    Tá abairt sa triú pharagraf atá 55 focal ar fhaid ar a laghad – agus is beag ciall ar féidir baint as.  Is mise an t-é is ciontaí as a bheith ag scríobh abairtí fada, ach sin an fath go n-aithním gur botún atá ann agus go mbeidh leitheoirí ar bheagan Ghaeilge ag cur strus orthu féin na scéalta a léamh agus a thabhairt leo.

B’fhéidir go mbeidh breith níos tomhaiste agam ar an nuachtán ar ball, ag cur san áireamh na colúnaithe – cuma spéisiúil ar cholún Pháidí O Lionaird, mar shampla, agus na réimsí eile.  Féach ar an dtuairisciú spóirt:  Ceapaim gur bocht an iarracht an leathnach cúil ar fad a thabhairt do phictiúr ollmhór de Tiger Woods, amhail is gur scéal nua é go bhfuil an galfaire sin ag filleadh ar an gcluiche.   Tá an scéal sin ann ó thús na seachtaine ar a laghad – agus d’fhéadfaí níos mó dumhach a chaitheamh ar an bpríomh leathnach spóírt ar chluichí móra CLG na deireadh seachtaine seo agus an scéal brea ar earcú an fhir óig ó Ghaeltacht Thír Chonaill ag Manchain Aontaithe.  Ceisteanna don eagarthóir iad seo. is dócha.

Is léir go n-aithníonn Ciarán Dunbar, eagarthóir Gaelscéal, go bhfuil go leor déanta agus go leor fós le déanamh agus nuachtán nua á fhoilsiú.  Seo a deir sé ina alt ar an dara leathnach ag cur Gaelscéal i láthair.

Níl gach rud atá beartaithe againn a bheith sa phaipéar ar fáil sa chéad eagrán seo ar ndóigh, tá go leor le déanamh againn go fóill chun ár réimse a leathnú amach a oiread is ba thoil linn.

Tá an baol ann nuair a thugann mo leithéidse – agus dearbhóidh mé anseo gur cuireadh mé faoi agallamh do phost an eagarthóra ach gur tharraing mé siar cúpla lá i ndiaidh an agallaimh ar chúinsí phearsanta – breith ar fheabhas Gaelscéal, go gcuirfear im leith go bhfuilim spídiúil agus ag iarraidh lochtanna a aimsiú.   Ní féidir liom an liamhain sin a sheachaint – ach déarfaidh mé an méid seo, gur lochtanna iad na nithe atá luaite agam ar féidir iad a leigheas agus níl aon chúis, má leigheastar iad, nach n-imeoidh Gaelscéal ó neart go neart.  Is é mo shuim i nGaelscéal go mbeadh an nuachtán Ghaeilge is fearr riamh ann -bíodh sin Gaelscéal nó nach mbíodh –  agus go mbeadh sé inchurtha uair eigean leis an Irish Times nó a leithéid.   Níl aon dúil agam teip nuachtán Ghaeilge eile a fheiceáil ach tá an iomaíocht sa mhargadh géar agus ní h-iad pobal na Gaeilge an pobal is dílse do nuachtáin Ghaeilge.  Ceannóidh mise  eagrán amháin nó beirt de bharr dílseacht don teanga agus suim sa rud nua – agus an dea chumadh atá ar an nuachtán – ach níl a fhios agam an gcloífínn leis sa bhfad tréimhse má mhothaím nach bhfuil i gceist ach athchúrsáil scéalta nuachta ó nuachtáin an Bhéarla agus iad á aistriú [le cuidiú Gaelspell agus Ceart!]

Dá dteastódh uaim go dteipfeadh an nuachtán seo, ní bhfaighinn locht dá laghad air agus ligfinn do lucht an nuachtáin an méid a fhoghlaim mise go cruaigh a fhoghlaim chomh cruaigh céanna.

Mar sin gach rath ar Gaelscéal.  Go n-eirí leis an Eagarthóir agus a fhoireann!  Go raibh an nuachtán ag dul ó neart go neart!

Mar aguisín, tá suíomh idirlín Gaelscéal chomh h-álainn leis an nuachtán.  Ba dheas an smaoineamh é an seoladh a chraoladh ar ustream.

17 de thuairimí ar “Gaelscéal – foilseachán álainn ach an nuachtán go fóill é?

  1. Frank Walter

    Tá scéalta i bhfad níos fearr ann ná an truflais a bhí i gcló i bhFoinse agus Lá cheapfainn. leanaigí oraibh a chairde agus ná bac le tuairimí iriseoirí a bhfuil ‘agenda’ acu.

    Freagra
  2. Dennis

    *Osna*
    Ní bheidh siad in ann cos a choinneáil leis na meáin mhóra ó thaobh scéalta úra an domhain mhóir. Séard atá uainn ná an “claonadh” Gaeilge/Gaelach/Gaeltachta ar na scéalta céanna. Tráchtaireacht ghéarchúiseach. Tuairimíocht léargasach… nó ghlic nó ghreannmhar. Rud éigin nach bhfuil le fáil aon áit eile.

    Freagra
  3. Cass

    Táim th’réis stracfheachaint a thabhairt ar an blag seo ó am go chéile le cúpla mí anuas. Cén fáth? De bharr gur blag i nGaeilge atá ann. Tá suim agam, ba mhaith liom dul i bhfeabhas, agus ní minic go leor go bhfuil deis agam ó thaobh cleachtadh dhe.
    Bhfuel, lena leithéid de drochbhaoil atá ráite sar a bhfoilsíodh an chead eagrán den nuachtán úr fiú, bíodh cinnte NÁCH mbeidh mé ar chuairt thar n-ais arís…
    Don blagadóir, dearfainn gur cóir dó blúirín beag leitheoireacht i mBearla a dhéanamh, agus mholainn “Epistle to Dr Arbuthnot” de chuid Pope.

    Searbh le searbh, caithfeadse bailiú liom – chun nuachtán a cheannach.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Deas gur thugais cuairt orainn a Chass – guím gach rath ort is tú ag cuardach nuachtáin chomh déanach seo san oíche.

    Ní lia duine ná tuairim. Seo mo thuairim anseo. Deirim ós ard é le súil go mbainfear leas as. Glactar leis mar sin cuid is mó den am – agus an chuid eile, bhuel is fearr imreas ná uaigneas.

    Ní doigh liom – agus is féidir leat mé a cheartú mas maith leat – gur luadh seoladh Gaelscéal in aon mhean seachas TG4/RnaG inniu agus, ar ndóigh, ar Nuacht 24. Tá na meáín Ghaeilge ar an imeall. Más maith linn go bhfanfaidh siad mar sin, ní bheimíd ag iarraidh, mar atáímse, feabhas a chur ar chúrsaí.

    Beidh fáilte romhat filleadh agus diospóireacht linn ach ritheann sé liom gur sórt ‘hit and run’ atá ar bun agat agus tú i bhfolach ar chúl ainm chleite. Blagadóireacht buí a thugaimse ar a leithéid….

    Freagra
  5. daithí

    Luadh Gaelscéal ar RTÉ Raidió 1 inniu, agus ar nuacht RTÉ ar an teilifís freisin. Chomh maith leis sin, bhí go leor cainte faoin bpáipéar ar Newstalk (Splanc).

    Freagra
  6. Maidhc Maol

    Tá an méid seo le rá ar son an pháipéir nua ar a laighead, nár chuireadar i bhfeidhm an polasaí buile úd a d’fhógraíodar maidir leis an gcaighdeán oifigiúil. Sa chéad abairt den phríomhscéal tá “sa mbreis” (seachas “sa bhreis”) agus san eagarfhocal tá “beidh muid” (seachas “beimid”). Is maith an scéal é go bhfuilid ag ligean do “phobal na Gaeilge” labhairt mar is mian leo féin, is ná raibh maith ag an státseirbhís!

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Ní doigh liom gur ionann cúpla tagairt fánach ar Raidió 1 agus feachtas ceart chun nuachtán nua a sheoladh. An raibh siad ar na feasacháin Nuachta nó ar chlár ar nós 5-7 Live? Léargas ar an easpa eolais amuigh sa phobal go raibh bean an siopa in aice liomsa ag seoladh ar ais na cóipeanna fagtha – agus bhí go leor acu ann – ar maidin go dtí gur mhínigh mé di gur nuachtán seachtainiúil a bhí ann agus go bhféadfaí cúpla cóip fós a dhíól, go h-áirithe le duine áitiúil, PÓ L, ina phríomh cholúnaí sa nuachtán.

    Maidir leis an gCaighdeán Oifigiúil. Is polasaí mire ach nílim cinnte nach bhfuil siad ag cloí leis de bharr athrú inchinne nó nach bhfuil a mhalairt ar eolas acu. Is cosúil go bhfuil fo-eagarthóireacht fagtha faoi “Gaelspell” agus ‘Ceart”, de réir an raitis ar Lch 2. Níl sin ró chiallmhar….

    Freagra
  8. Aodán Ó Sé

    Thaitin Gaelscéal go mór liom ó thaobh deartha dhe, go h-áirithe na pictiúirí daite is an cló so-léite.Tiocfaidh feabhas ar an iriseoireacht amach anso. Dhein siad iarracht ar leith scéalta suimiúla ón gcoigríoch a sholáthar (An Sile agus An Iodáil).Ní cóir a bheith ró-dhian ar na botúin beaga Gaeilge, fad abhfuil ábhair suimiúla á léiriú

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    I bhfad uaim a bheith cruaigh ar bhotúin beaga Ghaeilge. Ní h-í caighdean na Gaeilge an fath go luaim ceist na foeagarthóireachta ach ceist na h-iriseoireachta, atá níos tabhachtaí arís. Bhí na scéalta faoin Sile agus faoin Iodáil abhairín suimiúil cé go m’bhfearr liom an oiread céanna súntais á thabhairt do scéalta na tíre seo…

    Freagra
  10. Gimpy

    Ar a laghad is féidir Gaelscéal a léamh. Níl mé ag trácht ar an ngramadach ach ar litriú. Deir tusa nach bhfuil do chuid Gaelainne cruinn ach cén leithscéal atá agat faoi gach dara focal a bheith litrithe mícheart? Níl ansin ach iriseoireacht leisciúil a la Lá murab ionann agus éacht Ghaelscéal. Ceannaigh foclóir sula dtosaíonn tú ag cáineadh (nó ag scríobh!)

    Freagra
  11. igaeilge Údar an Ailt

    Is féidir é a léamh, gan amhras. Ní fheadar cén ‘agenda’ atá agat, a mhic, ach is é an sprioc atá agamsa iriseoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Agus, go deimhin féin, ciallaíonn sé sin ‘Gaelscéal’ a chur chun cinn agus í a fheabhsú. An aischothú atá faighte agam ó lucht Gaelscéal, ie Páídí Ó LIonaird, is ag cur fáílte roimh na pointí a rinne mé atá sé. Tarlaíonn sé go bhfuil taithí agam ar an ghnó seo agus táim ag cur an taithí sin ar fáil saor in aisce do mhuintir Gaelscéal – is feidir leo glacadh le mo chomhairle nó gan glacadh leis. Na poinntí a luaigh mé, ba ar an sprioc sin a bhí siad dírithe. Is léir gur agatsa atá an fadhb seachas agamsa. Tá sé furaist go leor bheith ag cáíneadh dhaoine eile ar chúl ainm cleite, gan amhras. Blagadóireacht buí amach is amach.

    Tabhair cúpla sampla don mhí litriú seo atá ag trácht air, led thoil.

    Dá mbeadh daoine ag éisteacht led leitheidse a Ghaimbín ró Ghaelach, ní bheadh faic déanta ag éinne. Ach d’eirigh le lucht Lá – agus táim bródúil go raibh láímh agam san obair sin – nuachtán laethúil a fhoilsiú agus é sin ar bheagán acmhainní go ceann cúig bliana. Anois sin éacht….

    Freagra
  12. séamus Mac Seáin

    is fada mise a Choncubhair ag léamh Nuachtáin Ghaeilge, Inniu,Anois, Amárach,Preas an Phobail,Lá,lá nua, Nuacht 24 agus anois Gaelscéal. Sílim go bhfuil mé cosúil le 99% de ghnáth léitheoirí na bpáipéar sin agus ní dhearna mé iniúchadh ró ghéar ar cheann ar bith acu mar nach ndearna mé iniúchadh ró ghéar ar na páipéir Bhéarla a cheannaigh mé. Piocam amach na píosaí a ba mhaith liom a léamh le sraicfhéachaint ghearr agus ní léighim an chuid eile (spórt mar shampla). Bhí rudaí ar Ghaelscéal a léigh mé agus cuid eile nár léigh ach an mhéid a léigh mé thaitin siad liom agus níl a fhios agam an raibh an gramadach ceart nó contráilte agus is cuma liom. Cuimhnimis nach bhfuil i bpaipéar nuachta ar bith ach an an rud a bhfaighidh tú do chuid sceallóga ann an lá dar gceann. Mar Ghael ba é an rud a ba mhó a thaitin liom go dtiocfadh liom dul isteach i siopa i gceart lár Ghaeltacht Thír Chonaill mar a raibh mé maidín inniu agus páipéar Gaeilge a fheiceáil ar na seilfeanna, rud nach raibh amhlaidh ó chuir Foinse cóta nua crombie de chuid an Indo air féin, ach maidín inniu nach ormsa a bhí an ríméid Gaelscéal a fheiceáil taobh leis an Irish Times agus an Indo. Tá a fhios agam nach sabhálfaidh Gaelscéal an Ghaeilge leis féin. ach is cinnte gur cruthú é go bhfuil beocht sa tsean mhadadh go fóill. Tá a fhios agam go mbeadh léamh eile agatsa mar iriseóir ar an pháipéar agus tá sin ceart agus tá súil agam go leanfaidh tú ag cur do bharúlacha chun tosaigh agus go néistfidh Gaelscéal leo ach mar dhuine den “gnáth phobal gan sealúchas” sílim go raibh céad eagrán Gaelscéal go maith agus mar atá a fhios agatsa go maith a Choncubhair níl sé ar an rud is fusa ar an domhan páipéar a chur amach go leanúnach agus sin an áit a bhfuil an dúshlán ach ar an chéad spléacadh tá Gaelscéal incurtha leis. Is é mo sheacht trua é nach raibh Lá Nua ar an seilf taobh leis maidin inniu agus mó sheacht mallacht ar na meatacháin ar Fhoras na Gaeilge a bhain dínn é. Caithfidh muid féacáil le Nuacht 24 a fháil taobh leis amach anseo. Anois cá bhfuil an “Magic Bullet” de spellcheck atá ag Gaelscéal go bhfaighe mé mó lámha air sul a gcuire mé na Fíor Ghaeil ar mire le mo chuid botún

    Freagra
  13. igaeilge Údar an Ailt

    Aontaím leat go h-iomlán, a Shéamuis. Bionn léamh eile ag an iriseoir agus ag an gnath dhuine gan sealúchais ar nuachtán. Bheadh sé chomh h-éasca dom mo shúile a bhaint ó mo cheann agus gan an nuachtán a léamh ar a léifeadh iriseoir é. Creidim go bhfuil na poinntí a rinne mé chun leasa an nuachtáin. Is é an slí is cinnte dul go tóín phoil do bholscaireacht féin a ghlacadh mar an fhírinne. Níl aon bolscaireacht ar siúl agam ach tá cead agam go fóill barúil a nochtadh. Sin é mo bharúil – agus bíodh ag na fíor Ghaeil agus a gcuid litrithe mura sasaíonn sin iad.

    Freagra
  14. Ping: Iarracht níos fearr ó ‘Gaelscéal’ « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s