Plé an Chomhchoiste Oireachtais ar an nDréacht Straitéis

Bheadh sé úsáideach, ceapaim, dá ndéanfadh daoine ar suim leo an Ghaeilge agus an Dréacht Straitéis an phlé a deineadh le déanaí ag an gcruinniú den Chomhchoiste Oireachtais i leith Turasóireacht, Spórt, na hEalaíona agus na Gaeltachta a léamh.

Is fiú go h-áírithe féachaint ar an méid seo a dúirt an Dr. Peadar O Flatharta:

Dr. Peadar Ó Flatharta: Cúpla pointe le treisiú leis an gcuid atá ráite cheana. Ceann de na rudaí a bhí daoine ag gach cruinniú poiblí ná an bhfuilimid chun é seo a dhéanamh an uair seo agus an bhfuil seo ag dul a tharlú. Sin buncheist don straitéis seo mar tá go leor leor tuairiscí agus caipéisí breátha agus grafaicí agus mar sin ann cheana féin ach caithfear an rud seo a chur i bhfeidhm nó níl aon chor tosú air ar chor ar bith.

Chaith muid go leor ama ag iarraidh an cheist seo a oibriú amach: cén chaoi go bhféadfaí struchtúr a chur in áit go gcuirfí é seo i bhfeidhm? Ceann de na ceisteanna a bhaineann go sonrach leis nach mbaineann seo le Roinn Stáit amháin. Táimid ag brath ar go leor de na Ranna eile chomh maith leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá contúirt ann, má chuirfear ar ghualainn na Roinne sin é go gcuirfear isteach i mbosca beag ansin agus ní bhainfidh sé le haon Roinn eile Stáit. Baineann sé le beagnach gach Roinn Stáit sa chóras. Sin an fáth gur mhol muid go mbeadh an comhordú á dhéanamh ag Roinn an Taoisigh, ag oifig cláir faoi cheannas rúnaí cúnta, duine a mbeadh an chumhacht aige an straitéis seo a bhrú chun cinn agus comhoibriú tras-rannach a chinntiú mar tá an comhoibriú sin luachmhar.

Caithfear ar ndóigh córas éigin chun an straitéis a mheas go rialta a chur ar bun. Mhol muid go ndéanfaí measúnú neamhspleách trí Oifig an Choimisinéir Teanga nó dream éigin neamhspleách a bheadh in ann a rá chuile bhliain go bhfuilimid nó nach bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn.

Ansin, tá ceistenna acmhainní ann. Ní raibh deis againn dul isteach sách-mhinic i gceist na hacmhainne ach an tuairim atá againn ná go bhfuil go leor acmhainní maoine ann faoi láthair. Táimid an-ghann ar acmhainní daonna, daoine taobh istigh den chóras atá in ann an tseirbhís a chur ar fáil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Sin an fáth gur mhol muid polasaí cinnte earcaíochta a bheith ann go ceann méid áirithe blianta, le deis a thabhairt do dhaoine dátheangacha teacht isteach sa chóras. Chuideodh sin leis na scoileanna, leis an nGaeltacht agus leis na Gaelscoileanna, go mbeadh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Má táimid ag dul i dtreo an 250,000 duine seo a tháinig chugainn ón Aire, ar a laghad is sprioc é agus seo an chéad uair a chuala mise daoine ag caint ar mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Mura mbeadh de thoradh ar an sprioc seo ach é sin amháin, is dul chun cinn mór é.

Caithfimid feabhas a chur ar an dearcadh, feabhas a chur ar chumas agus deiseanna úsáide a thabhairt don teanga.

Tá an chuid eile le léamh anseo.

6 thuairim ar “Plé an Chomhchoiste Oireachtais ar an nDréacht Straitéis

  1. shinnylites

    Molaim thú a Choncubhair, sin a bhfuil le rá agam faoi láthair. Baochas agus Buíochas le Dia go bhfuil do leithéid inár measc.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    tá mé imo chónaí taobh amuigh de dhlínse an choiste atá ag plé na gceisteanna seo ach dar leat go bhfuil rud éigin ósréalach faoin phlé. Is léir go bhfuil Gaeilge ag cuid mhór dena Teachtaí Dála seo agus iad sin atá ar an choiste ach go háirithe. nach é an bealach is fearr a dtiocfadh leo cuspóirí na stráitéise seo a chur ar aghaidh ná iad féin an Ghaeilge a úsáid sa Dáil? Nach bhfuil sé ach ag cur le soiniciúlacht an ghnáth phobail iad seo a bheith ag plé dóigheanna leis an phobal a ghríosú le Gaeilge a labhairt agus iad féin ag diúltú í a ghlacadh dáiríre ina saol proifisiúnta féin? Níor mhiste dona “Gaeilgeoirí Gairmiúla” a bhí i láthair a rá leo go simplí agus go díreach an teanga a úsáid iad féin agus stád de a bheith ag iarraidh tabhairt ar a phobal rud a dhéanamh nach bhfuil siad féin sásta a dhéanamh. Tá fimíneacht Pholaiteoirí na tíre seo do chreidte thuaidh agus theas. Bhí mé ag amharc ar na mallaibh ar tionól na Breataine Bige ar an teilfís, chuir duine eigin ceist i mBreathnais ar an chéad Aire agus d’fhreagair sé í i mbreathanais bhreá líofa gan iontas a dhéanamh de agus iad sin nach raibh an teanga acu d’úsáid siad an córas aistriúcháin. B’fheidir gur cheart do lucht na Gaeilge a rá leo a gcuid stráitéisí ag cur go tí an diabhail agus suaimhneas a thabhairt don chuid eile againn. tá a fhios acu cad é atá le déanamh acu féin leis an teanga a chur chun tosaigh . Déanadh siad é.

    Freagra
  3. Ciarán

    Cuid mhaith cur i gcéill leis an straitéis seo, go háirithe i dtaca leis an tuaiscirt de. Cibé laigí atá sa straitéis (agus go leor leor laigí ann) ar a laghad is straitéis an stáit(ín)atá ann ó dheas, le meachán an stáit(ín) i bpionsabal ar a cúl. Ach ó thuaidh, ní bheidh an stádas sin ann, agus dream ar bith a deir, ó! cuirfidh muid an oiread agus is féidir i bhfeidhm ó thuaidh, tá siad ag glacadh le háit dara grád don teanga sa tuaisceart, arís! an é seo atá i ndán dúinn ó na polaiteoirí straitéiseacha clíste thuaidh agus theas? Gníomhartha nach mbaineann ach leis an cur chuige ‘clientelist’?

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    ach a Chiaráin chroí níl stádas de dhith orainn thuaidh ná theas leis an teanga a chur chun tosaigh (bíodh a’s nár mhiste é a bheith ann ar ball) mar atá a fhios agat is féidir anois láithreach bonn, an teanga a fhoghlaim agus a labhairt lenar dteaghlach, is féidir linn oideachas trid mheán na teanga a fháil do dhaoiní óga ma’s rogha linn é sa naiscoil,sa bhunscoil,sa Mheánscoil agus go deimhin san Ollscoil féin. Is féidir linn saol sóisíalta a bheith againn i nGaeilge má’s maith linn é,ar n-ainmneacha a bheith i nGaeilge agus ar n-anam a dhéanamh tríd mheán na Gaeilige is cuma Caitliceach nó Prostástúnach muid. Is rudaí iad sin nach féidir le stádas rialtais a thabhairt dúinn agus bíodh a fhios againn gur chuid mhór dar módh maireachtála iad. tá mise cinnte ach sinn gníomhú ar na rudaí atá luaite agam inar saol pearsánta go dtiocfaidh stádas leis ach dar leat go raibh daoine ag iarraidh ar an stát thuaidh agus theas muid a aithint go hoifigiúl sula ndéanfhaidh muid athghabhail ar á ndúchas. Beidh ar an stát stádas a thabhairt dúinn nuair atá stádas tuillte againn go díreach mar a tharlaigh leis an oideachas Ghaelach ó thuaidh. Is fúinn féin atá sé ar saol a ghaelú agus tiocfaidh na séirbhísí stáit leis dar liom. Tá an ceart ar fad agat dar ndóigh mar gheall ar na polaiteoirí ó thuaidh nach leomhfaidh fabhar a thitim ach amháin orthu sin a bhfuil gnaoi acu leo. “Tháinig a lá”

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Mar is ghnath tá an cheart agat a Shéamuis. Bionn blaiseadh ós réalaíoch go minic le diospóireachtaí Dála ar cheist na Gaeilge, amhail is go bhfuil deighilt iomlán idir na TD a bhionn ag plé na teanga agus an suíomh mar atá sé ar an talamh. Is droch theist é seo ar na TDanna – tá siad in ainm is a bheith ina ionadaithe ar votairí ó phobal na Gaeilge an oiread is le gach pobal eile ach is léir gurb é a ndearacadh go bhfuil an phobal Ghaelach ar an imeall agus nach gá dul i ngleic leo go dairíre. SIN AN FATH GUR FÉIDIR LE STAT SEIRBHÍSÍGH AGUS FEIDHMEANNAIGH TEANGA an dubh a chur ina gheal orthu le Coimisinéirí Teanga, Stadas agus Achtanna Teangacha Oifigiúla is a leithéid. Níl aon bhaint ag aon cheann den triúr acu leis an bhfíor shaol a chaithimíd ó lá go lá – agus a rinne Séamus cur síos beacht air – ach sin é a thugann na h-údaráís dúinn le súil, ceapaim, go gcuideoidh sé sin leis an iarracht an teanga a bhrú nios faide amuigh ar an imeall.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s