Toghchán Uachtarántachta eile chugainn

Postaer Toghcháin Sheán?

Tá sé dearbhaithe ag an bhFeirsteach óg, Seán Ó hAdhmaill, go mbeidh sé san iomaíocht do thoghchán Uachtarántachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl an mhí seo chughainn i Luimneach.

Níl aon amhras orm go ndéanfadh an cheannaire fhuinniúil seo beart dá dtoghfaí é agus tá sé go maith go bhfuil sé ag imeacht sa bhearna baoil.

Tá siad ann a deir nár cheart dá leithéid bheith ag cur a chuid ama amú leis an Chonradh – go n-íosfaidh an eagras sin gan salann é agus go mbeidh sé gan feidhm as seo go dtí go n-eiríonn sé as i gceann bliain nó dhó nó trí.    Tuigim dóibh ar shlí – tá siad ag tabhairt chun cuimhne an méid a tharla do Ghearóid Ó Cairealláin nuair a toghadh eisean i 1997.   Shíleas gur dhearna sé jab réasúnta maith ach ná raibh na deiseanna atá ann anois i saol na Gaeilge.  Deiseanna agus dúshláin.

Is eagras fónta é Conradh na Gaeilge atá tar éis go leor a dhéanamh go ciúin le cúpla bliain anuas ach go h-áirithe chun leas na Gaeilge a chur chun cinn ar shlite atá eifeachtach is fiúntach.   Ach tá sé cothrom a rá nach bhfuil an Conradh – a bunaíodh sa ré céanna inar bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael – chomh lárnach i saol na tíre is atá an CLG.

B’fhéidir go bhfuil sé ró uaillmhianach bheith ag súil go n-eireoidh leis an Chonradh an áit lárnach sin a bhaint amach i saol na tíre go luath – ach caithfear díriú ar an sprioc sin a bhaint amach.   Má tá sé mar aidhm ag an Rialtas go mbeadh 250,000 cainteoir Ghaeilge laethúil sa tír faoi 2030, ba cheart go mbeadh príomh eagras na Gaeilge ag díriú ar an sprioc go mbeadh ar a laghad 100,000 ball gníomhach ann faoin am chéanna.

Ní h-aon dochar ceannaire atá suite i mBaile Átha Cliath a thoghadh le go mbeidh aghaidh phoiblí an Chonartha i lár an aonaigh.   Dá mbeinn ag scríobh clár toghcháin do Sheán dhéarfainn leis díriú ar fhoinsí airgeadais neamhspleacha a aimsiú don eagras ionas nach mbeidh sé ag brath ar an bhForas, “Lámh Marbh na Gaeilge”, agus ar an Roinn, má mhaireann an Roinn sin beo.   Ba cheart go mbeadh an Chonradh ábalta maoiniú a mhealladh ó bhaill – tre orduithe seasta – ionas go mbeadh cultúrlannaí gniomhacha i ngach baile mór – agus baile beag – in Éirinn, faoi mar atá ag an CLG.

Tráth dúshlánach é seo d’eagrais Ghaeilge agus iarracht á dhéanamh ag na h-údaráis coilleadh a dhéanamh ar a líon.   Má tá eagras ar bith chun teacht slán ón dtua, ní mór do bheith ábalta seasamh ar a chosa féin ó thaobh cúrsaí maoinithe.   Ní h-ionann sin agus a rá nár cheart don eagras a bheith ag fáil maoiniú phoiblí d’aon tsort – ach má fhéachann aoinne ar CLG, feicfidh siad nach mbionn dearcadh leithscéalach ag an eagras sin agus iad ag dul chun cainte leis an Rialtas – go díreach – seachas le h-eagrais ar nós an bhForas is a leithéid.

Ní mór do Chonradh na Gaeilge áiteamh a dhéanamh ar an Rialtas suíochán a thabhairt don eagras timpeall Bhórd na bPáirithe Shoisialta.  Os rud é go bhfuil an socrú sin in amhras faoi láthair, is am mhaith é an éileamh a dhéanamh mar, luath nó mall, beidh tús nua á chur leis an bproiseas seo.    Tá gá a chur in iúl don Rialtas agus don phobal go neamh bhalbh go gcruthaíonn gluaiseacht na Gaeilge ‘caipteal soisialta’, go bhfuil an obair dheonach a dheineann eagrais ar nós Conradh na Gaeilge ar leas an phobail i gcoitinne agus gur cheart é sin a aithint tre cuireadh a thabhairt don eagras bheith ionadaíoch ar choistí rialtais.

Tá gá le feidhmiú ar an talamh – ie na Cultúrlannaí thuas luaite – agus tá gá le beartú go straitéiseach ag an am chéanna.  Ba cheart d’Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge bheith cosúil le Barack Obama – sé sin ba cheart go mbeadh sé nó sí ábalta feidhmiú ar dhá libhéal ag an am chéanna.   Sílim go bhfuil an cumas sin léirithe ag Seán – é lárnach in eagrú Rith2010 agus é gníomhach ar cheisteanna ar nós ainmneacha na n-eastáit nua i mBAC a bheith i nGaeilge (cé nach doigh liom go mbeidh eastáit nua á thogáil i mBAC nó in aon ait eile go ceann roinnt bliana ach sin scéal eile!).

Guím gach rath ar Sheán sa toghchán seo ach tá súil agam freisin go mbeidh toghchán ann agus iarrthóír laidir ina choinnibh.   Bheadh sin ina chomhartha ar shláinte an Chonartha gan aon agó.  Ar chúis éigean tá amhras orm go mbeidh iomaíocht ann – ach beidh le feiceáil.

4 thuairim ar “Toghchán Uachtarántachta eile chugainn

  1. Pól Deeds

    Uachtarán iontach a bheadh ann a Choncubhair, ach ní samplaí maithe iad den chineál scileanna atá de dhíth ar uachtarán úr Chonradh na G iad Seán a bheith lárnach in eagrú Rith 2010 (cé go ndearna Seán agus daoine eile an-jab san éacht sin agus cé nach ndearna An D cuid mhór muid féin!!) agus in ath-ainmniú na n-estát srl… Is obair gach gníomhaí Gaeilge é a leithéid de ghníomh – agus níl aon amhras ach gur gníomhaí Gaeilge den scoth é Seán Ó hAdhmail ar an dóigh sin – ach tá gá anois do cheannasaí straitéiseach, sea polaitiúil, gur féidir leis nó léi féin an Conradh a dhéanamh níos ábhartha i saol na hÉireann sa lá atá inniu ann. Aithníonn tú féin an dushlán seo ag tús d’ailt. Agus tá mé muiníneach fosta GO BHFUIL na scileanna sin ag Seán Ó hAdhmail.

    Freagra
  2. Sean Mór

    Guím féin gach rath ar Sheán san fheachtas uachtaránachta seo aige. Is é an bharúil atá agam féin ar imeachtaí ar nós Rith ná go bhfuil siad fíorthábhachtach ó thaobh íomhá dhearfach óg spleodrach nua-aimseartha shultmhar a chruthú don Chonradh… rud atá déanta ag Seachtain na Gaeilge le tamall de bhlianta anuas, agus fiú an tOireachtas.

    I measc an phobail, tá sé riachtanach go dtosóidh an Conradh ag atógáil ó na ‘craobhacha’ aníos. Mar shampla, ar an suíomh idirlín acu, tá rannóg ann fá choinne craobhacha, ach is beag ainm duine, seoladh nó aon eolas eile atá ag gabháil leis an bheagán craobhacha atá luaite. Is é an Conradh an eagraíocht is fearr atá ar fáil don phobal: tá sé oscailte, thig le gach duine agus gach baile agus gach pobal a bheith mar chuid den eagraíocht, agus guth a bheith acu. Má tá an Conradh rud beag seanfhaiseanta taobh amuigh den phríomhchathair, ní shílim go bhfuil an locht ar an Chonradh mar eagraíocht; tá sí ionadaíoch ar na daoine a bhfuil suim acu an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Má tá sí seanfhaiseanta, tá pobal na Gaeilge seanfhaiseanta.

    Buíochas le Dia gurb ann do Rith, an tOireachtas, Seachtain na Gaeilge, Nós, iGaeilge, Foinse, Nuacht24 srl, cuireann siad saibhreas, ceol agus beocht i saol na Gaeilge, ach mura bhfuil muid in ann eagraíocht dheonach náisiúnta a thógáil agus a spré amach ar fud na tíre, agus 50 duine den déanamh céanna le Tomaí Ó Connghaile agus Seán Ó hAdhmaill srl a bheith in achan bhaile mór sa tír, agus iad ag cruthú cainteoirí breise Gaeilge, ní bheidh maith ar bith sna hiarrachtaí eile mar ní bheidh aon duine ann le iad a léamh, nó le páirt a ghlacadh iontu….

    An Conradh an eagraíocht is ‘pobalaí’, is daonlathaí, is oscailte leis sin a dhéanamh i mo bharúil féin.

    Freagra
  3. Ping: An bhfuil €10m le sparáil ag éinne faoi 2016? « Do Chonradh na Gaeilge.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s