Ceol ó Mhúscraí – ar fuaid na tíre….

Cór Chúil Aodha fé stiúr Peadar Ó Riada

Tá ceoltóirí ó Mhúscraí ag tabhairt faoi thogra nua chun a gcosa a thabhairt leo ón gcúlú eacnamaíochta.  Comharchumann dhá theangach ceoltóirí atá curtha le cheile acu chun a léiriú don phobal mór conas is fearr teacht le cheile ar mhaithe le constaicí a sharú.

Fhaid is go bhfuil tionscal an cheoil faoi amhras le fás an idirlin, tá an grúpa seo ag iarraidh rud éigean fónta a dhéanamh ina leith.   Tá siad tagtha le cheile agus é i gceist acu a cuid dluth dhioscaí a dháileadh ar fuaid na tíre i siopaí leabhair i ngach baile agus cathair.

De réir Peadar O Riada, urlabhraí an ghrúpa, is tuairim é seo atá an chumas aige go leor a bhaint amach ar son gach éinne atá páirteach sa ghrúpa.    Chomh maith le daileadh na ndluthdhioscaí, beidh suíomh idirlín againn chun ár suíomhanna ar fad a cheangal le cheile agus taifeadtaí ar líne a chraoladh.  “Gan amhras níl gach éinne ag déanamh a gcuid siopadóireachta ar líne agus mar sin tá sé tabhachtach le go mbeadh an togra seo inmharthanach go mbeadh na dioscaí á dháileadh sna siopaí.”

Mar is dual do lucht an cheoil, tá an beartas fónta seo á sheol le coirmcheol in Amharclann Bhearna na Sceiche i Maigh Chromtha – an Briery Gap – oíche Dé Satharn ar 20ú Márta.   Liosta le h-áireamh iad na ceoltóírí a bheidh ar an ardán ar an oíche sin agus is é Seán  O Sé a bheidh  ina fhear a tí.

Ar na ceoltóirí a bheidh ag glacadh páirte sa choirmcheol, a bheidh an t-airgead ar fad ag dul i dtreo Aonad Leukeamia Oispidéal na Trócaire i gCorcaigh, tá Máire ní Cheocháin Uí Chrualaí, Peadar O’ Riada, Fiona Kelleher, Noel Shine agus Mary Greene, Ger Wolfe, Jim Murray,  Máire Ní Chéilleachair, Banna Chéilí Ghobnatan (Abbey Ceilí Band), Connie O’ Connell, Fiontán O’ Meachair, Eibhlís Ni Súilleabháin, Cóir na mBan, Conal O’ Gráda, Hammy Hamilton agus Cór Cúil Aodha.

Tá gach cineál ceol ar mhian leat le clos ó na ceoltóirí seo – ceol córach, amhránaíocht ar an sean nós, na gormachaí,  rac cheol traidisiúnta agus ceol nach gcloisfeá in aon áit eile.  Mar sin má tá an deis agat, bí linn ar an 20ú Márta i Maigh Chromtha.  Mura féidir leat bheith ann, bí ag faire amach do Cheol ó Mhúscraí ar an líon is id siopa leabhar áitiúil.

[Is é seo an seoladh le h-aghaidh an suíomh idirlín nua – ach níl sé beo go fóill.    http://www.ceolomhuscrai.net]

4 thuairim ar “Ceol ó Mhúscraí – ar fuaid na tíre….

  1. johnmodonoghue

    Comhghairdeas do Mhuintir Mhuscraí as an éacht seo, tá súil agam go mbeidh an lá leo.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    is cinnte nach raibh hata an ard mhéara a dhath níos measa na tóin na mná? an fhir? sin thuas. “Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin”

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      De réir fínnise an griangraif sin, chaithfá a admháil go raibh easpa “crack” ann!

      Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    oops. phostáil mé ar an trachtaireacht chontráilte mo leithscéal do mhuintir Mhúscraí

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s