FG ag geilleadh vóta don deoraí – ach ní don Tuaisceartach?

De réir scéala atá foilsithe ar maidin san Irish Times, tá Fine Gael ag moladh cead votála bheith ag Éireannaigh atá ina gcónaí thar lear i dtoghcháin Uachtarántachta.   Ní cead buan a bheadh anseo – ní bheadh an vóta ag an deoraí ach ar feadh cúig bliana.

Moladh é seo ar chaipéis nua chun leasú a dhéanamh ar an gcóras pholatúíl atá le h-éisiúint ag an bpáirtí an tseachtain seo chugainn, roimh comhdháíl bliantúil an pháirtí i gCill Airne an deireadh seachtaine seo chughainn.

Ní féidir bheith cinnte nach bhfuil cead votála do thuaisceartaigh, atá pas Éireannach acu díreach chomh maith le na hÉireannaigh ‘thar lear’, ach ag an am chinnte cheapfá dá mbeadh go mbeadh sé luaite go sonrach i dtuairisc Harry Magee san Irish Times.

Tá an dealramh ar an moladh seo go bhfuil sé dírithe ar na hÉireannaigh atá imithe ar imirce go tíortha eile ar fad sa tóir ar fhostaíocht nó atá ag obair ‘thar lear’ ar son comhlachta in Éirinn.   Bíodh sin mar atá, ní droch rud é cead votála a thabhairt do na daoine seo.    Is é an deacracht atá agamsa an teorainn cúig bliana atá ar an gcead votála.

Na hÉireannaigh atá ‘thar lear’ ó thuaidh den teorainn,  tá siad ina gcónaí ann.   Tá siad ar ‘imirce buan’.   Níl sé i gceist acu ‘teacht ar ais’ go tír nár fhág siad riamh.    Tá siad ina gcónaí ar oileán na hÉireann.

Tá an teorainn cúig bliana mí cheart pé scéal é.   Má tá tú thar lear thar muir in áit éigean an gciallaíonn sé gur Éireannach níos lú tú ná an Éireannach a théann abhaile laistigh de chúig bliana ar feadh mí nó dhó trath toghcháin.

Bhíos féin ‘thar lear’ – ie ó thuaidh – ar feadh aon bhlian deag ach choinnigh mé mo vóta i gCorcaigh Thiar Thuaidh i rith an ama.  Bhí mé ábalta votáil i dtoghcháín sa bhaile agus ó thuaidh.  Agus rinne mé amhlaidh.

An Éireannach níos mó – agus ná bac na tagairtí dem thoirt!  – mise ná mo chomh Éireannaigh ó thuaidh a d’fhan sa bhaile in Éirinn ach ná raibh cead acu votáil?

Ní doigh liom gur cheart Fine Gael a cháineadh as ucht an moladh atá déanta acu.  Is céim sa treo ceart é – ach is céim sa treo mícheart é ag an am chéanna.   Tá sé ag bronnadh vota ar dhream ná raibh vóta acu – agus is rud maith é sin – ach, an bealach atá an tuairisciú déanta air, níl sé soiléir nach bhfuil siad ag daingniú an séanadh vóta ar dhream Éireannaigh eile.

Is léir, áfach, go n-aithnítear nach bhfuil an séanadh ar gach Éireannach atá taobh amuigh de theorainn na 26 Contae ar dheoraíocht nó cibé ceart ann féin. Agus is comhartha dóchais an méid sin.   Tá ár gcos sa doras – anois ní gá duinn ach cur leis an brú ábhairín chun é a oscailt ar leathadh chun fearadh na fáilte a chur ar gach Éireannach.

Ag glacadh leis, mar sin, nach bhfuil aon geilleadh d’Éireannaigh an Tuaiscirt, an ionann sin agus Fine Gael ag rá gur Éireannaigh den triú grád iad.   Is iad na hÉireannaigh den chéad ghrád na hÉireannaigh a chónaíonn sna 26 Contae agus atá vóta acu i ngach toghchán gan srian dá réir, na hÉireannaigh den dara grád iad san atá imithe thar lear, is é sin ‘thar muir’ agus atá vóta acu ar feadh cúig bliana i dToghchán na hUachtarántachta agus na hÉireannaigh den triú grád, na hÉireannaigh le pas Éireannach, le geallúint i gcomhaontú idirnáísiúnta nach bhfuil séanta ó shin, go bhfuil cead acu bheith Éireannach chomh maith le Briotanach, atá ina gcónaí sna sé chontae in oirthuaisceart oileán na hÉireann.

Is féidir le na hÉireannaigh seo imirt d’fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann [má tá siad maith a dhothain] agus seasamh i dToghchán na hUachtarántachta – ach ní feidir leo votáil i dToghchán Uachtarántachta.    Sin neamh reiteach Éireannach ar fhadhb Éireannach gan aon amhras!

14 de thuairimí ar “FG ag geilleadh vóta don deoraí – ach ní don Tuaisceartach?

  1. niamh rourke

    Tá 10,000 ainmneacha ó na 26 contae (ní freestate muid, a Shéamuis) agus ansin an liosta a thabhairt do Fine Gael

    Freagra
  2. Philip Cummings

    Bhuel now a Choncubhar, ós rud é go scríobhann tú anois don orgán úd a thugtá ‘Sráid Doiléir’ air tráth, bíodh focal agat i gcluas Dear Madam lena fháil amach atá ag dul ar aghaidh…chuir mé níos mó spéise sa tsraith alt a thosaigh inniu san IT faoin teideal ‘Reimagining the Republic’. Tús maith a bheadh ann an Phoblacht a bhunú ar dtús, dar liom, sula dtabharfaí faoina hathshamhlú…ach tá mé ag teacht ar an tuairim gur éirigh i bhfad níos fearr leis an chríochdheighilt taobh amuigh de Chúige Uladh, gur réitigh an córas ar dhóigh éigin le Deisceartaigh agus gur sin an fáth ar ghlac an mhórchuid acu chomh réidh sin léi mar pholasaí. B’fhéidir go bhfuil olc orthu go fóill as an bhatráil a thug muid dóibh i dTáin Bó Chuailgne? Cibé, muna n-athróidh siad béasa, seans nach ligfidh muid isteach iad in Éirinn athaontaithe, ach go gcruthóidh muid Páil Úr dóibh (cuirfear dréachtóirí an Chaighdeáin Úir isteach sa Pháil chéanna leo…)

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní h-ionann agus go raibh alt amháin uaim foilsithe san Irish Times – atá bógtha ó Shráíd Doléir go Sráid Teamhar mar a tharlaíonn sé le gairid – agus go ‘scriobhaim’ dóíbh mar sin féidir gach tuairim, easpa tuairime etc sa nuachtán sin a lua liom an oiread is gurb amhlaidh an scéal don Sunday Independent – agus ní gá a rá ach go mbínn á cháíneadh freisin. D’imigh na laethannta go mbeadh cúpla púnt le fáil as a bheith ag iriseoireacht i nGaeilge – anois níl aon éileamh ar iriseoirí chlóite Gaeilge – níl gá ach le ‘solathróirí abhair – never mind the quality just feel the ‘Gaeilge’. {a la Gaelscéal agus Foinse Nua].

    Is oth liom a rá go bhfuil an cheart agat – nior bunaíodh fíor Phoblacht riamh ar an oileán seo. B’fhéidir go gcomhlíonann an staid reatha ina bhfuilimíd sainmhíníú foclóra ach ní h-ionann sin agus fíor chumhacht a bheith ag na daoine. Ach dheineamar fáillí agus an chumhacht sin a thabhairt ar láimh do na polaiteoirí agus rinne siad san an salachar ar ár son. Tugaim faoi ndeara i gcúpla trachtaireacht chomh daingean is atá an criochdheighilt i meoin chuid [mhór] de na daoine ó dheas.

    Freagra
  4. niamh rourke

    Tá mo mháthair ó Doire agus tá an criochdheighilt i meon gach duine ansin. Dúirt mise na hainmneacha a fháil ó na 26 chontae chun a thabhairt do Fine Gael mar sin ní fhéidir leo neamhaird a bheith acu air nó polasaí sinn Féin a gloach air.

    Freagra
  5. Seosamh Ó Beirgin

    Ní cuireann sé ionadh ar bith orm nach bhfuil Fine Gael (comh fada agus is eol dúinn) máite chun an vóta a thabhairt do muintir Tuaisceart Éireann i toghcháin áirithe de chuid na poblachta. Ní chuid de Phoblacht na hÉireann é Tuaisceart Éireann agus ní bheadh sé féaráilte ar muintir na poblachta go mbeadh votaí ag daoine nach bhfuil leas díreach acu sa phoblacht, césmoite de mothúcháin chine agus (b’fhéidir) fhealsúnachta.

    Níl aon baint agus ba chóir nach mbeadh aon baint ag cearta votála ó dheas le cé chomh “Éireannach” is a mbrathann duine nó cé chomh dilis is atá siad do aon choinceap áirithe d’Eirinn. Tá gach duine ós cionn 18 a bhfuil i dteidil bheith ina shaoránach (beagnach éinne ar rugadh ar an oileann iad) agus a ata ag cur faoi sa phoblacht saor chun vótáil. Sin mar ba chóir dó a bheith.

    Rud amháin eile, dá má rud é go raibh plean ann chun cearta vótála a thabhairt do dhaoine i Tuaisceart Éireann ní bheadh sé indhéanta na cearta sin a theorannú dóibh siúd a bhfuil pas de chuid na hÉireann acu. De réir reachtaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta agus reachtaíocht eile roimhe sin, tá teidil saoránachta ag cách a rugadh i dTuaisceart Éireann; Jim Allister,Nelson McCausland et al. san áireamh.

    Maidir leis an meon criochdheighilteach, tá an criochdheighilt ann agus fhad is atá móramh muintir an tuaiscirt ina bhfábhar ní feidir linn mórán a dhéanamh faoi.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Ní dócha go bhfuil aon míléamh déanta agam ar moladh FG ach ná bac.

      Maidir le cearta vótaíochta do mhuintir an tuaiscirt i dtoghcháin an deiscirt tá fadhb ann. Abair go raibh sé i gceist ceart vótáíochta sa toghchán uachtarántachta a tabhairt do mhuintir an tuaiscirt ní bheadh mórán daoine ina gcoinne sin tá mé ag ceapadh. Cumhacht shiombalach gan cumhacht fhéidhminiúil atá i gceist agus tig linn ó dheas glacadh le sin.

      Anois, mar a sheasann rudaí is féidir le éinne ar rugadh ó thuaidh agus atá cónaí orthu ó dheas votáil i dtoghcháin na poblachta. Faoi aon socrú nua bheadh muintir an tuaiscirt ábálta vótáil ó dheas cuma cá háit in Éirinn inar rugadh iad. Ní féidir an vóta a tabhairt dóibh siúd amháin a bhfuil sásta íoc as pas na hÉireann. Cé go gcaithfidh duine bheith ina shaoránach chun pas a fháil ní gá do shaoránach pas a bheith aige. Agus ar ndóigh tá saoránaigh ann nach bhfuil pas acu agus nach bhfuil claonta chun pas a fháil. Mar sin, bheadh sé míchothrom agus, b’fhéidir, in aghaidh dhlí cothromachta cearta vótaíochta a dhiúltú do dhaoine nach bhfuil pas acu.

      Ar ndóigh tig le na húdaráis ó dheas vóta postála a sheoladh do chuile dhuine atá ar chlár na vótóirí i dTuaisceart Éireann, (ag glacadh leis go mbeadh siad in ann daoine a rugadh lasmuigh d’Éirinn a scagadh amach). Samhlaigh é, leithéidí John Bruton, Bertie Ahern nó Brian Crowley ag dul timpeall eastáit tithíochta oirthear Bhéal Féirste nó Baile Nua na hArda ag iarraidh vótaí a mhealladh dá n-iarracht toghchánaíochta. Agus an freagra a bhfaighfadh siad, “Go f*** yourself, I’m voting for Jim Allister!”.

      Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Tá míléamh déanta agat ar scéal, creidim. Is amhlaidh go bhfuil moladh FG ag tabhairt an vóta do gach saoranach Éireannach ACH AMHÁIN na saorannaigh Éireannacha ó thuaidh den teorainn. Níl sin ceart nó cothrom. Ar an mbonn sin, áfach, tá FG tar éis an admháil a dhéanamh gur rd maith a bheadh ann na votaí a bheith ag ár ndeoraithe. Rud níos fearr arís an vóta a bheith ag gach Éireannach – faoi mar atá ag gach Meirceánach – agus GACH Éireannach ar an oileán san áireamh. Is léir gur tuiscint difriúiil atá agat ar an scéal.

    Maidir le Nelson agus Jim, is féidir leo votáil sa toghchán seo leis an gcuid eile dá gcomh Éireannaigh chomh fada agus go bhfuil pas Éireannach acu. Tugaann Comhaontú Aoine an Chéasta cead doibh bheith ina Saoránaigh Éireannacha – agus Briotanacha – más maith leo. Cinnte deir an brat gur comh Éireannaigh iad. Ach ar mhaithe le cúrsaí votála, is é mo mholadh go mbeadh orthu pas Éireanach acu.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Ní dócha go bhfuil aon míléamh déanta agam ar moladh FG ach ná bac.

      Maidir le cearta vótaíochta do mhuintir an tuaiscirt i dtoghcháin an deiscirt tá fadhb ann. Abair go raibh sé i gceist ceart vótáíochta sa toghchán uachtarántachta a tabhairt do mhuintir an tuaiscirt ní bheadh mórán daoine ina gcoinne sin tá mé ag ceapadh. Cumhacht shiombalach gan cumhacht fhéidhminiúil atá i gceist agus tig linn ó dheas glacadh le sin.

      Anois, mar a sheasann rudaí is féidir le héinne ar rugadh ó thuaidh agus atá cónaí orthu ó dheas votáil i dtoghcháin na poblachta. Faoi aon socrú nua bheadh muintir an tuaiscirt ábálta vótáil ó dheas cuma cá háit in Éirinn ina bhfuil cónaí orthu. Ní féidir an vóta a tabhairt dóibh siúd amháin a bhfuil sásta íoc as pas na hÉireann,áfach. Cé go gcaithfidh duine bheith ina shaoránach chun pas a fháil ní gá do shaoránach pas a bheith aige. Agus ar ndóigh tá saoránaigh ann nach bhfuil pas acu agus nach bhfuil claonta chun pas a fháil. Mar sin, bheadh sé míchothrom agus, b’fhéidir, in aghaidh dhlí cothromachta cearta vótaíochta a dhiúltú do dhaoine nach bhfuil pas acu.

      Ar ndóigh, i gcás toghcháin tig leis na húdaráis ó dheas vóta postála a sheoladh chuig chuile dhuine atá ar chlár na vótóirí i dTuaisceart Éireann,(ag glacadh leis go mbeadh siad in ann daoine a rugadh lasmuigh d’Éirinn a scagadh amach). Samhlaigh é, leithéidí John Bruton, Bertie Ahern nó Brian Crowley ag dul timpeall eastáit tithíochta oirthear Bhéal Féirste nó Baile Nua na hArda ag iarraidh vótaí a mhealladh dá n-iarracht toghchánaíochta. Agus an freagra a bhfaighfadh siad, “Go f*** yourself, I’m voting for Jim Allister!”.

      Freagra
  7. Seán Mór

    Tá an chríochdheighilt ann, cinnte, ach ta roinnt daoine ag iarraidh í a chothú agus a bheathú, agus tá an chuid eile againn ag iarraidh cur le coincheap an Éire Aontaithe ar go leor bealaí. Sílimse, fiú dá mbeadh Mícheál Ó Coileáin beo, an duine is mó cáil a shínigh Conradh na Críochdheighilte le Sasana, go mbeadh sé ag tacú le neartú an Éire Aontaithe ar bhealaí cruthaitheacha síochánta. Ní aithneodh sé agus ní thuigfeadh sé chomh lúcháireach, nó ar a laghad chomh bogásach, is atá roinnt daoine maidir le tacú leis an chríochdheighilt sa lá atá inniu ann. Níor dhruid sé doras riamh orainne sna sé chontae nár thriail sé a oscailt le lámh eile….

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Nach ait an scéal é, a Sheáin, go raibh Cogadh na gCarad ann ar chorr ar bith nó de réir na staire, b’é ceist na teorainne an cheist ar a scor Devalera agus Ó Coileáin óna chéile go príomha. Ag an am chéanna, thuig Ó Coileáin an saighdiúir go raibh gá cuidiú le pobal an tuaiscirt agus rinne sé iarrachtaí sa treo sin. Ar an láimh eile, tar éis an oiread doirteadh fola is a tharla le linn Cogadh na gCarad, dhaingnigh Devalera an criochdheighilt ó dheas tar éis do teacht i gcumhacht. Fimíneacht amach is amach agus tá rian na fola ar a lámha….

    Freagra
  9. Sinéad

    Is maith an smaoineamh é seo ach ní dóigh liom féin go bhfuil mórán suime ann. Féach ar an leathnach facebook níl ach cúig dhuine dhéag mar lucht tacaíochta.

    Freagra
  10. Sean Mór

    Is ait an scéal é cinnte, a Choncubhair. De réir mar a thuigim féin, tá níos mó fianaise stairiúil ann a chuirfeadh in iúl gurb í ceist stádas poblachta níos mó ná an chríochdheighilt a bhí ina cnámh spairne idir An Boc Fada agus An Boc Mór. Ina dhiaidh sin is uile, ní aontóinn leo siúd a dhéanfadh iarracht a chur ina luí orainn nach raibh tábhacht ar bith le ceist na teorann. Bhí Dev agus Ó Coileáin araon in aghaidh na teorann, ar dhóigheanna difriúla. Bhí Ó Coileáin ródhóchasach ina dhearcadh i leith Choimisiún na Teorann. Fiú dá dtiocfadh sé féin slán beo as Cogadh na gCarad, ní shílim go mbeadh sé in ann mórán a dhéanamh faoin chríochdheighilt, ach bheinn réasúnta cinnte nach nglacfadh sé leis an pholasaí ‘doras druidte’ seo atá beo sa lá atá inniu ann. Is ábhar díomá dom féin go pearsanta fás agus neartú an chríochdheighilteachais i measc an dá dhream sna glúnta a tháinig ina ndiaidh. B’fhéidir anois ag amharc siar gur neartaíodh agus gur treisíodh an dearcadh seo mar gheall ar fheachtas an IRA, ach san am céanna, creidimse nach mbeadh feachtas deiridh an IRA leath chomh fada ná chomh holc dá mbeadh iarrachtaí síochánta déanta roimhe sin pobal náisiúnaíoch na Sé Chontae a mhealladh i dtreo na sochaí sna Sé Chontae is Fiche. Is maith ann an tsíocháin, buíochas mór le Dia, ach mothaím féin go fóill go bhfuil mé gan stát, gan aitheantas ceart do m’fhéiniúlacht féin (stát amháin ag iarraidh slán a fhágáil agam, agus stát eile ag iarraidh smacht a choinneáil orm). Creidimse nuair a imeoidh ‘faoiseamh na síochána’ as cuimhne na ndaoine go bpillfidh na ceisteanna seo arís in am is i dtráth… mar a dúirt Parnell tráth den tsaol ‘no man has a right to say to his country; thus far thou shalt go and no further’.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s