Rith 2010 – anois tá ‘Gluaiseacht na Gaeilge’ ag gluaiseacht

Tá mé spreagtha ag tús Rith 2010 thar mar a bhí mé le fada an lá.    Is íontach go deo an obair atá déanta ag Siobhán Seoighe agus lucht eagraithe Rith 2010 chun an seó seo a chur ar bhóithre na tíre – ach is íontaí fós an smaoineamh.

Tá Gluaiseacht na Gaeilge – idir óg agus aosta – ag gluaiseacht faoi dheireadh.   Agus sibhse á léamh seo tá lucht reatha Rith 2010 ar a mbealach ó dheas ó Iúr Chínn Trá agus seachtain ón lá inniu tá an Rith ag criochnú i nGaillimh. Thosnaigh sé aréir ag Cultúrlann McAdam O Fiaich. Nuair a chriochnóidh sé ar an Fhaiche Mhór ar an lá sin, osclófar an maidín atá i seilbh an reathaí dheireannaigh agus léifear an teachtaireacht istigh ann ó Uachtarán na hÉireann.

Maith sibh a lucht reatha – agus tá súil agam sibh a fheiscint i Múscraí ag an deireadh seachtaine le h-aghaidh mo sheal sa rás sealaíochta is mó riamh in Éirinn.

Aon tuairim amháin ar “Rith 2010 – anois tá ‘Gluaiseacht na Gaeilge’ ag gluaiseacht

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Comhghairdeas agus ár mbuíochas do Rith 2010.Is iad seo na saghas feachtais atá de dhith chun an Ghaeilge a thabhairt ar ais i measc an phobail agus ni cóistí maorlathais.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s