Go raibh vóta ag gach Éireannach

Tar éis tús a bheith curtha le feachtas Facebook inné ar shon Trevor Sargent a chur chun tosaigh mar iarrthóir d’Uachtarántacht na hÉireann, más amhlaidh go thoilíonn sé bheith san áireamh, tá ceist curtha ag cúpla freagróir ar fiú é a phlé leis féin.

Is féidir le gach saoránach in aois a 35 ar an oileán seo a ainm a chur chun tosaigh don Uachtarántacht.  Má fhaigheann an saoránach an tacaiocht cuí ó 20 bhall Oireachtais nó ceithre chomhairle chontae – cáilíocht atá ualaithe i dtreo na buainíochta agus nach bhfuil ceart nó cóir ann féin – beidh a (h)ainm ar an bpaipéar ballóide.

Ach más amhlaidh gur saoránach atá ann atá cónaí air nó uirthi ó thuaidh den teorainn, beidh cead ag an iarrthóir bheith ar an bpáipéar ballóide cinnte ach ní bheidh cead ag an iarrthóír nó a chomharsain votáil ar a shon sa toghchán.

Go dtí seo áfach, ní raibh aon fheachtas le dealramh ann chun tabhairt ar na h-údaráis ó dheas an riail amaideach seo a athrú.   Más saoránach Éireannach thú in aois votála, nach cuma cé acu an bhfuil cónaí ort i mBéal Atha an Ghaorthaidh, Béal Atha na Muice nó Béal Feirste, ba cheart go mbeadh cead agat votáil ar son Uachtarán do thír.

An moladh atá déanta agamsa go mbeadh iarrthóir aontaithe ón tuaisceart, iarrthóír ar nós Peter Quinn nó Inez McCormack, go mbeadh na pairtithe pholatúla ar shuim leo cearta na nÉireannach agus grúpaí eile, an CLG is Comhaltas is Conradh na Gaeilge is na Ceardchumainn, ainmnithe mar iarrthóir don toghchán an bhliain seo chugainn.     Creidim go bhfuil sé tabhachtach go mbeadh iarrthóír ‘aontaithe’ ann agus ná beadh pairtithe pholatúla ag troid ina measc féin mar gheall ar cé acu Sinn Féineach nó SDLPach an duine sin.

Ar aon nós, ba cheart go mbeadh manna simplí amháin ag an iarrthóir seo. Tabhair vóta domsa chun go dtabharfaí vóta do gach saoránach Eireannach ar oileán na hÉireann.

Chuir mise tús leis an fheachtas inné ar son Trevor Sargent mar cheapas – agus ceapaim – gurb é an duine is fearr don phost seo ag an am seo.  Ach cinnte thacóinn le feachtas a bheadh dírithe ar deireadh a chur leis an gcosc míchóír ar gach saoránach Éireannach vóta a bheith againn dár gCeann Stáit.

Creidim san Éire Aontaithe freisin.  Ní chreidim i leagan SF d’Éire Aontaithe, nó fiú i leagan an SDLP.  Ach creidim gur feachtas é seo atá ceart agus cóir agus, chomh tabhachtach le sin ar a laghad, is féidir tacaíocht an phobail mhóir ar fuaid na tíre a mhealladh chuige.

Chuige sin táim chun tús a chur inniu le feachtas eile Facebook, Vóta ag Gach Saoránach/A Vote For Every Citizen.   Scaipigí an scéal….

20 de thuairimí ar “Go raibh vóta ag gach Éireannach

  1. séamus Mac Seáin

    sílim go bhfuil an ceart agat a Niamh. Sílim gurbh fhearr gan iarrthóir as na sé chontae agus feachtas ar shon vótála a mheasgadh le chéile. Ta bean as na sé chontae ina hUachtarán cheana féin mar sin tá an cath sin bainte. Ar chaoi ar bith níl seans ar bith go ndéanfadh an SDLP agus SF comhoibriú ar aon rud. Nach iontach an téagar atá leis an Bhlag seo, tá sé lán de smaointí agus de mholtaí dearfacha agus bogann sé muid chun díospóireachta. sin an fáth a scaipim an scéal mar gheall air agus tá athas orm gur ghlac duine amháin ar a laghad le mo mholadh dul isteach ann go tráth rialta.

    Freagra
  2. Seosamh Ó Beirgin

    Ní dóigh liom gur chóir go mbeadh vota ag daoine atá ina chónaí go buan lasmuigh de na sé chontae is fiche i dtoghacháin na sé chontae is fiche, cuma cé as a dtagann siad.

    Maidir le muintir na sé chontae, tig leo votáil sna toghacháin Westminister agus Stormont mar is iad na parliamintí a bhfuil feidhm acu sa Tuaisceart.

    Freagra
    1. Jake MacSiacais

      Is Uachtarán Na hÉireann atá i gceist a Sheosaimh agus an uair deireannach a d’amharc mise ar mo phás ba shaoranach de chuid na hÉireann a bhí ionam. Ceaptar daoine do Sheanad na hÉireann atá ina gcónaí ‘go buan lasmuigh de na sé condae is fíche’ agus is saoranach de chuid oirthuaisceart na hÉireann atá san Áras faoi láthair. Fag mo phás agam agus tabhar Vóta domh nó abar glan amach nach saoranach mé agus gur Uachtarán na Sé Chondae is Fíche atá san Áras

      Freagra
      1. Seosamh Ó Beirgin

        Jake, is saoránach d’Éirinn mise freisin. Nuair a bhí cónaí orm i Sasana ní raibh vota agam sa tír seo fhad is a bhí mé thar lear. Nuair a d’fhill mé fuair mé mo chead votála ar ais. Mar a dúirt mé cheana tá vota agat i Westminister agus i Stormont, na hudáráis a riarann an chuid sin den tír ina chónaíonn tú.

        De réir mar a thuigim agus de réir bunracht na hÉireann, níl aon cumhacht fheidhmiúil ag Uachtarán na hÉireann ar an taobh ó thuaidh den teorann. Tá cumhacht mhorálta ag an té atá sa phost faoi láthair, rud atá an-tabhachtach, ach níl sé cinnte in aon chur go leanfadh an chumhacht sin leis an céad duine eile.

  3. séamus Mac Seáin

    cinnte a sheosaimh ach dá mba rud é go raibh cead guthaíochta ag muintir na sé gcontae ní toghchan 26 contae a bheadh ann ach toghchán 32 contae ach is dócha go mbeifeá ina choinne sin fosta. An mbeidh agam le gréim an fhir bháite a choinneáil ar mo phás Éireannach ar eagla go mbaine tú díom é?

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Niamh, níl aon baint ag úinéireacht pas le cearta votála. Ní raibh pas ag mo sheanmháthair riamh. Chun vótáil sna toghcháin móra (Oll. 7 Uach.) caithfidh tú bheith i do shaoránach d’Éirinn agus bheith lonnaithe sa stát, tá mé ag ceapadh. Tig le heachtrannaigh vótáil sna toghcháin áitiúla ag brath ar cúinsí.

      Freagra
  4. niamh rourke

    roinnt tíortha tugann sí cead do úinéirí pas atá thar lear vótáil i reifreann nó toghcán nach mbaineann le háit cónaithe cosúil le uachtáran.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    is dócha go bhfuil sé uilig ag brath ar an tsainmhíniú atá ag duine ar cad is Éire ann a sheosaimh. Éire an téidí béar ina iomláine nó Éire an teidí béar gan cloigeann. Is léir go bhfuil tú i bhfathach lena dhícheannadh ach tá an cloigeann réasúnta úsáideach scaití. bain triall as.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Ní dóigh liom go bhfuil an meitifeár sin (an Teidí dícheannaithe) iomchuí.

      Freagra
  6. niamh rourke

    Tuigim anois do ráiteas agus tá sé amach is amach iomchuí. Is éireannaigh muid uile. Ba chóir go mbeadh na ceartaí ceanna againn sa thoghcán seo

    Freagra
  7. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ni bheadh aon cumhacht ag Uachtarán na hÉireann sna sé chondae, dá bhrí sin níor cheart do saoránaigh na sé chondae vóta a chaitheamh idtoghacháin uachtarántachta.

    Freagra
  8. séamus Mac Seáin

    mura bhfuil cumhacht aicí sna sé chontae a Sheáin tá sí ag caitheamh cuid mhór ama ann. Bíonn sí féin nó a fear chéile abhus beagnach chuile sheachtain. de réir do chuid feallsúnachta fein ba cheart í a stopadh de a bheith ag cur a sróine isteach in gnaithe na sé gCo. an saorstát abú!

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      An tsean-spíd faoin “saorstat” arís. Cuir ionadh orainn am inteacht, a Sheamuis. Ní dóigh liom go bhfuil mórán meas agat orainn ó dheas.

      Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    A Sheáin, níl tú ag maíomh go bhfuil cumhacht ag an Uachtarán ó dheas den teorainn, an bhfuil? Fíor chumhacht, sé sin, taoisigh a bhriseadh óna bpostanna, veto a dhéanamh ar reachtaíocht etc?

    An cumhacht atá ag an Uachtarán, cumhacht siombalach atá ann. Is é nó í an ceannaire ‘ós cionn pholataíocht’ atá againn. Is é nó í an t-é a thugaimíd meas di nó do mar cheann an náisiúin.

    Mar eolas, níl saoránaigh ó thuaidh. Is ‘subjects’ atá i gceist, ní mór dóibh bheith dílis do Chlann Ríoga na Breataine.

    Ach ó thuaidh, tá socrú speisialta ann chun a chur san áireamh go bhfuil mionlach shuntasach nach dtugann dílseacht don Rí Theaghlach Briotanach. Deir an socrú speisialta a dhearbhaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta, a deineadh votáil ar a shon le móramh mór ar an lá céanna i mí Bealtaine 1998, go bhfuil cead ag aitritheoirí an Tuaiscirt bheith ina saoránaigh Éireannacha nó ina ‘subjects’ Briotanacha nó an bheirt ag an am chéanna. Sa chás sin, mar aitheantas ar thoil phobal na tíre, ba cheart ar a laghad go mbeadh cead ag an mionlach ó thuaidh a thaistealaíonn ar fuaid an domhain le pas Éireannach, faoi choimirce Rialtas na hÉireann, a gceannaire a roghnú sa toghchán chéanna leis an gcuid eile againn.

    Mura n-aithnímíd – sinne na deisceartaigh sa chás seo – go bhfuil dualgas orainn i leith ár gcomhÉireannaigh ar an oileán seo, is léir nach bhfuilimíd sásta beart a dhéanamh de réir ár mbriathar – Comhaontú Aoine an Chéasta etc – agus gur beag atá foghlamtha againn ón stair trioblóideach le blianta fada.

    Sílim gur vóta sa toghchán Uachtarántachta an rud is lú ar féidir linn a roinnt. Creidim gur cheart go mbeadh cead ag pobal an Tuaiscirt votáil do sheanadóirí fosta – ach chiallódh sé sin go mbeadh gá le h-athrú Bunreachta le go mbeadh cead ag an pobal ó dheas amhlaidh a dhéanamh chomh maith!

    Freagra
  10. Ping: FG ag geilleadh vóta don deoraí – ach ní don Tuaisceartach? « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s