Trevor Sargent don Uachtarántacht

Trevor Sargent ag bronnadh féilire ar an Uachtarán Mhic Giolla Íosa

Fuaireas cuireadh ó chara ‘Facebook’ clárú im leantóír ar an leathnach ‘Senator David Norris for President’.    Caithfidh mé a rá go bhfuil an mheas agam don Seanadóir a sheas an fhód ar son daoine aeracha sa tir seo nuair ba bheart é sin ná raibh aon duaiseanna ag dul dá leithéid.   Chuir a dhúshlán do dhlí a chuir cosc ar homaghnéasachas, dlí a ghlacamar  mar ‘oidhreacht’ ó leabhair reachtaíochta na Breataine mar ba dhli é a bhí i réim ó 1861 go dtí na nochadaí sa chéad seo chaite.    Is cinnte go mbeadh an Seanadóir ina Uachtarán fhónta, fiú is nach bhfuilim ró chinnte faoin dearcadh atá ag an Seanadóir i leith na Gaeilge agus nach féidir liom a shamhlú go mbeadh duine ina Uachtarán ar an dtír seo gan é bheith líofa sa Ghaeilge nó toiltheanach ar a laghad tabhairt faoi í a fhoghlaim le diograis.

I gcead don Seanadóir, áfach, b’fhearr liomsa mo thacaíocht a thabhairt do dhuine eile nach bhfuil tar éis a rá go fóill go mbeidh sé ina iarrthóir don Uachtarántacht.   Is é Trevor Sargent, TD, Iar Aire Stáit, an duine sin.

Rinne Trevor an rud ceart i gcónaí ina shaol pholatúil mar a léiríonn an eachtra a thug air eirí as an Aireacht.   Nuair a tháinig duine ón toghcheantar chuige ag iarraidh a chabhair air, rinne sé sin.   Bhí an t-é a bhí ag lorg cabhair tar éis gearán le tuismitheoir pháiste a bhí ag scriosadh comharthaí bóíthre san eastáit ina raibh cónaí air.  De bharr an trioblóid sin a tharraingt air fein cúisíodh í as ucht iompar bhagarthach.     Sheol an Teachta Sargent litir chuig na Gardaí ag cur a súile nár léir go raibh an scéal iomlán ina seilbh agus ag moladh dóibh breis fiosruithe a dhéanamh.

Mar gheall ar an scéal a thug an Evening Herald chun solais, ba léir go raibh sé místuama an litir sin, mar a bhí sé scríte aige, a sheoladh agus, laithreach, thuig sé go raibh air eirí as in áit ‘Willie O’Dea II’ a dhéanamh de féin.   Rinne sé amhlaidh agus níl cloiste uaidh ó shin.

Creidim gur léirigh an eachtra sin go bhfuil an dignit agus an meas aige ar an mBunreacht a sheasfadh leis agus é ina Uachtarán.

Ar ndóigh, tá go leor cúiseanna eile chun é a thoghadh agus nior cheart an fhócas iomlán a leagadh ar an slí ar eirigh sé as.  Is ceannródaí é ar son na timpeallachta agus ar son chaighdeáin árda i ndorchlaí na cumachta.    Má tá an Chomhaontas Glas chun éinne a chur chun tosaigh is é Trevor an fear.

Anuas ar sin aithnítear Trevor mar cheannaire ionraic taobh amuigh dá thoghlach pholatúil féin.  Agus is é sin an rud is mó atá ag teastáil chun iontaoibh an phobail sa chóras pholatúil a thuilleamh.    Is é Trevor an fear cheart ag an am cheart.  Níl a fhios agam an bhfuil aon spéis aige sa phost – b’fhéidir go m’bhfearr leis bheith

13 de thuairimí ar “Trevor Sargent don Uachtarántacht

  1. Seosamh Ó Beirgin

    Maidir le David Norris, tá a chuid blianta is fearr i bhfad taobh thiar de. I taobh Tevor Sargent, tá siad fós le teacht.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    dá mbeadh guth agam idtoghchán na hUachtaránchta bhéinn go mór i bhfáthach le hé a tabhairt do Trevor. nach ait an mac a saol go dtig le duine as na sé chontae a bheith ina hUachtarán ach nach dtig le duine as na sé chontae guth a chaitheamh ar a son. Má’s buan mo chuimhne chuala mé David Norris faoi agallamh agus Gaeilge mhaith aige.

    Freagra
  3. Seosamh Ó Beirgin

    “…Má’s buan mo chuimhne chuala mé David Norris faoi agallamh agus Gaeilge mhaith aige.”-Séamus Mac Seáin.

    Tá mé ag ceapadh go mbeadh níos mó Gaeilge ag Chuck Norris ná mar a bheadh ag David Norris

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Chuckie Mo Lá cinnte, a Sheosaimh.

    Chuir mé nasc chuig an trachtaireacht seo chuige agus cá bhfios ach go bhfuil sé ag machnamh faoin cheist nó b’fhéidir go raibh sé ag déanamh amhlaidh roimhe seo ar aon nós nó b’fhéidir go bhfuil rudaí eile ar aigne aige. Is aige atá an liathróid ar an gceist sin – ach níor mhiste an síol a scaipeadh féachaint an mbeadh spéis ag daoine tacú leis sá sheasfadh sé.

    Is cinnte go gcreidim go laidir gur cheart an Ghaeilge – agus Gaeilge mhaith – a bheith ag daoine le postanna Bunreachtúla. Ní doigh liom go bhfuil sé ceart nó cóír go mbeadh orainn córas aistriúcháin costasach a chur in áít sa Dáil ar mhaithe leo san ná raibh ag éisteacht i gceart ar scoil! Ach ag an am chéanna, má tá dearcadh dearfach ag duine i leith na Gaeilge agus é sásta í a fhoghlaim mura bhfuil sí aige, bhuel bheinn tuisceanach ina leith.

    Ach ní doigh liom gur leithscéal é níos mó nach bhfuil an Ghaeilge ag duine atá á chur féin chun tosaigh do phost ard cheannaireachta. Fagann sé sciar mhór – más mionlach é – don phobal gan guth.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      “Chuir mé nasc chuig an trachtaireacht seo chuige agus cá bhfios ach go bhfuil sé ag machnamh faoin cheist…”

      Trevor, David nó Chuck?

      Freagra
  5. shinnylites

    Ba bhreá liomsa Trevor Sargent a fheiceáil ina Uachtarán na hÉireann. Tá an-mheas agam air agus bhí díomá an domhain orm nuair a tharla an eachtra uabhásach sin agus bhí air éirí as a phost. Tá súil agam go gcuimhneoidh sé ar an smaoineamh seo atá Conchubhar tar éis a chur aige agus maith thú Conchubhar as ucht é a thabhairt aníos anseo. Tá súil agam go mbeidh suim léirithe ag daoine má’s maith leo Trevor a fheiceáil mar Uachtarán na hÉireann.

    Freagra
  6. johnmodonoghue

    Bheadh Trevor an-oiriúnach mar Uachtarán agus é chruthaithe faoi dhó gur féidir leis seasamh síos nuair atá ceist prionsobal i gceist murabh amhlaigh lena alán polaiteoirí.

    Freagra
  7. Seosamh Ó Beirgin

    Is dócha go mbeadh Trevor maith go leor mar uachtarán, má tá sé uait. Bheinn beagánín amhrasach faoi, áfach, mar go bhfuil sé i gcoinne na cumhachta nuiclí agus i gcoinne bia gín-athrithe, dearcaidh nach bhfuil ciallmhar a thuilleadh.

    Freagra
  8. Jake Mac Siacais

    Ní théim ar do bhlag go minic a Chonchubhair ach ar chomhairle Shéamais Mhic Sheáin seo anseo mé agus caithfidh me a rá go bhfuil mé go mór i bhfách le barúil Shéamais ar cheist an uachtaránacht má chéadaítear vota domh nochtadh mé barúil ach nach aisteach an mac é an tsaol go dtiocfadh liom bheith i mo uachtaran ach gan an cheart agam vóta a chaitheamh

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Ní théim ar do bhlag go minic a Chonchubhair
    Bíodh sin mar atá – tá fáilte romhat! Níl aon chosc ar dhuine ar bith anseo – agus tá cead cainte ag cach, taobh istigh de na ghnath srianta a bhaineann le cúrsaí dlí agus cuirtéis.

    Tuigim an phointe atá á dhéanamh agat faoin Uachtarán – tá sé aisteach gur féidir leat d’ainm a bheith sa hata don Uachtarántacht ach dá n-éireodh leat d’ainm a chur ar pháipéar na ballóide, ní fhéadfá votáil ar do shon féin.

    Is minic é ráite agam gur cheart do lucht SF/SDLP díriú ar cheisteanna mar seo chun feachtais a thosnú a bheadh deacair d’aon pháirtí ó dheas cur ina gcoinne. Tá Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis iarrthóirí a chur chun tosaigh, Máire Mhic Giolla Iosa agus Austin Currie (i 1990) faoi sheach, a rugadh agus a tógadh ó thuaidh agus a raibh a vóta ó thuaidh.

    Dá n-eireodh le feachtas bunaithe ar seo – bheadh céim cinniúnach i dtreo Éire Aontaithe glactha. I 2011 beidh toghchán Uachtarántachta ann, ba cheart teacht ar iarrthóir aontaithe idir an dhá pháírtí, leithéidí Peter Quinn nó Inez McCormack, ón tuaisceart agus an duine sin a chur chun tosaigh sa toghchán. Ansan is é an feachtas aontaithe a bheadh ann ná votáil ar son X le go mbeidh vóta ag gach Éireannach ar an oileán seo. Anuas ar sin, ba cheart go mbeadh vóta ag gach Éireannach atá seilbh acu ar phas Éireannach – seachas gniomhairí Mossad). Más féidir le Meirceánaigh i bhfad agus i gcéin votáíl i dToghchán Uachtarántachta SAM – agus ní post searmanais é an post sin – bhuel níl aon chúis seachas míshocracht na buainíochta nach mbeadh cead ag gach Éireannach in aois votála le pas vota a chaitheamh i dtoghcháin na hÉireann.

    Freagra
  10. instsignpost

    Tá mé ag ceapadh nach raibh an vóta ag Máire Mhic Ghiolla Íosa, nó b’fhéidir ag a fear Máirtín, sa toghchán a a chead-thogh í mar Uachtarán. Ach seans go bhfuil dul amú orm!!!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s