Oráid ‘dhá theangach’ Gerry Adams

Leath uair tar eis a h-ocht oíche Dé Satharn, na páistí ina luí, tine lasta, ag suí go te os cómhair na teilifíse.   Agus céard atá romham?    Oráid Uachtarántachta Gerry Adams d’Ard Fheis Shinn Féin.

Oráid dhá theangach a bhí ann – oráid laidir ar go leor bealaí, oráid a shasóidh lucht leanúna Shinn Féin.  Ar an láimh eile, tá laigí ann, laigí súntasacha.

Ní h-é an dhá theangachas Gaeilge/Béarla in oráid Gerry Adams a spreagann mo cheisteanna.  Is é an dhá theangachas ina ndeineann Uachtarán agus ceannairí eile Shinn Féin íonsaí binibeach ar Fhianna Fáíl agus ar Fhine Gael, ag maíomh nach bhfuil aon tairbhe i gceachtar pháirtí, sa chéad anál eile tar éis don cheannaireacht chéanna beartú chun a chinntiú go mbeidh an rogha ag Sinn Féin dul i Rialtas le ceachtar pháirtí tar éis an chéad olltoghchán eile ó dheas.

Mar sin tá Fianna Fáil agus Fine Gael maith go leor le dul i Rialtas leo Dé hAoine ach Dé Satharn ba cheart d’Fhianna Fáíl eirí as an Rialtas agus nach fiú bheith ag smaoineamh ar Fhine Gael mar mhalairt Rialtais ós rud é nach mbeadh aon difríocht súntasach idir an dhá pháírtí.    Sin dhá theangachas pholatúil Shinn Féin.  An ionann dhá theangachas Shinn Féin agus an cumas bheith ábalta labhairt amach as dhá thaobh do bhéal ag an am chéanna?

Is dócha gurb é sin an pholataíocht agus tá sé fánach bheith ag súil go mbeadh páirtí ar nós Sinn Féin aon phioc difriúil ó phairtithe eile.

Thug mé faoi ndeara an tagairt a rinne Gerry Adams don fhís a leag Wolfe Tone ós a chomhair dá phoblacht, poblacht ina mbeadh cothrom na féinne ag Caitlicigh, Protasúnaigh agus Easaontóirí.

Cuirim mé féin san áireamh mar Easaontóir – ní h-ionann agus na ‘h-easaontóirí’ a chreideann go fóill sa láimh laidir.  Ní thagaim le na h-easaontóírí sin a chreideann go bhfuil sé maith go leor bheith ag pléascadh buamaí nó ag íonsaí poilíní nó ag cur lámh i mbás leithéidí Ciaran Doherty, na saighdiúirí i Massarene agus an ionsaí bharbarthach ar an gcainteoir Ghaeilge, Peadar Heffron.

Creidim go bhfuil gá le cur chuige radacach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag ciapadh na tíre seo faoi láthair.  Dífhostaíocht, cur amú acmhainní, eisimirce, banú na tuaithe is go leor eile.  Ar chúl na fadhbanna seo ar fad tá mí ríal an Rialtais.

Bhí reitric leithéidí Mary Lou McDonald dírithe ar an Rialtas agus í ag caint ar chomhghuaillíocht Fhianna Fáil agus na Glasaigh amhail is gur ‘galar’ a bhí ann seachas Rialtas.   Mhol sí cur chuige nua.   An cur chuige nua sin?  Go mbeadh páirtí nua sa Rialtas le Fianna Fáíl nó Fine Gael seachas na Glasaigh – an páirtí sin?   Sinn Féin, ar ndóigh!

4 thuairim ar “Oráid ‘dhá theangach’ Gerry Adams

  1. Gearóid Ó Laoi

    Measaim féin gur chóir tóin a chasadh ar Sinn Féin agus a gcuid tuairimí mar go smior sé atá iontu sóisialachas amach is amach. Cén dochar é sin? Bhuel ní féidir é a chur i bhfeidhm ach leis an láimh láidir mar adeintí san Aontas Sóibhéideach, agus ní bheidh mar thoradh air ach bochtanas, truailliú na tíre, fulaingt, éagóir agus imirce. Aon pholaisí fiúntach a chítear sé bunús a bhíonn air ná ciall, tuiscint ar an nduine, ar conas é spreagadh agus a mhealladh agus mar sin de. Fuair Sinn Féin freagra na ndaoine sna toghcháin a chuireamair dinn le gairid agus is measa fós a dhéanfaidh siad san aimsear atá le teacht. Sé an t-aon easpa amháin atá le polaisí an Rialtais i leith na Gaoluinne, ná múintear mar theanga labartha í. Dá gcasfaí an beartas san ní fheadar cinnte cad a thiocfadh as, ach is fearrde a bheadh an scéal déarfainn.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    is fíor nach raibh téagar ar bith i gcaint an uasail Mhic Adhaimh ach oiread agus a bheadh téagar le caint Pholaiteoir ar bith eile sa tír le linn Ardfheise ach san am chéanna chonacthas domh go raibh slacht ar an íomhá thar mar a bhí roimhe seo agus tá sé ionann a’s cinnte nach ndéanfhaidh sé dochar ar bith dó i súile an phobail. Is seoirt “comórtas áileachta” atá sa pholaitíocht sa tír seo ar an droch uair agus is iad lucht déanta na híomhá a riallaíonn na pobalbreitheanna. beidh sé suimiúl a fháil amach cad é mar a sheasann siad sa chéad phobalbreith eile. Is é an easpa radachais a bhaineann le teachtaireachtaí na bpairtithe uilig i nÉirinn a chuireann iontas orm in aimsear seo na héigeandála. gan fiú Joe Higgins féin atá ina thost. Tá Ó Conghaile agus Ó Lorcháin marbh ach níl a gcomhárbaí ar fáil agus an Eaglais féin ar dual dóibh seasamh sa bheana bhaol tá siad spoctha ag leathdhaoine ina measc nach dtiocfadh leo á lámha a choinneáil acu féin. An bhfuil glún óg de Ghaeilgeoirí a líonfadh an bearna? níl a fhios agam. Ní “Rith 2010” atá de dhíth dar leat ach “seasamh 2010”

    Freagra
  3. Concubhar O Liathain

    Má tá slacht ar an íomhá, níl cuma nó caoi ar an substaint, a Shéamuis. Cuireadh G. Mac Adaim faoi agallamh ar Raidió 1 am lón inniu agus fiafraíodh de cé mhéid airgead a bhaileodh cáin áirithe a bhí á moladh ag SF. Ní raibh sé ábalta freagra a thabhairt cé go raibh sé díreach ráite aige leis an agallóir go raibh na figiúirí aige. Is é sin an sórt cur chuige easnamhach a fhagfaidh SF ar chúl i gcónaí. Is beag muinín atá agam as leithéid Mary Lou agus Piaras Ó Dochartaigh ach oiread le muintir an tuaiscirt – cé go n-aithním, luath nó mall, go mbeidh Piaras agus Toiréasa san iomaíocht do cheannaireacht an pháirtí.
    Ar ndóigh is comórtas ailleachta an pholataíocht – sin an fath nach bhfuil mé im pholateoir is dócha – ach tá gá le substaint agus cnamhdroma.
    Sílim gur spreagadh é Rith2010 ach táim in ísle brí, maith go leor, faoin easpa cnamh droma i measc an ghlúin óig agus iad ag caint ar SF. Ag an am chéanna, tá go leor ceannairí timpeall ach iad ceannaireacht a thabhairt.

    Don dream a chreideann go bhfuil mo fhócas ar SF mí shláintiúil, beidh na pairtithe eile ar fad ag fáil an fócas céanna nuair a bheidh a gcomhdháíleacha ann.

    Freagra
  4. johnmodonoghue

    Chuaigh nd PD`S igcomhrialtas le FF agus scríosadh iad.Ansin chuaigh na Glásaigh leo agus ní beidh ach Sargent ar áis taréis an chéad olltoghacháin éile.Scríosadh Páirtí an Lucht Oíbre taréis cinneadh Dick Spring dul le FF.Bheadh sé go deas dá racfaidh SF le FF agus go scríosfaí iad.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s