Uisce neamh ghaelach Shinn Féin

Gan focal Ghaeilge ar na buidéil uisce a bheidh ar fáil ag Ard Fhéis Shinn Féin

Iarann Sinn Féin orainn a leagan d’Éire Aontaithe a bhlaiseadh – ach is léir gur Éire neamh ghaelach atá i gceist acu.   Fiú is go bhfuil an pháirtí ag maíomh gur páírtí dhá theangach a bheidh ann amach anseo.   Cén dóchar a dhéanfadh an focal ‘Uisce na Saoirse’ nó a léithéid ar na buidéil?

Níl focal Ghaeilge ar na buidéil seo d’uisce, buidéil atá máisithe ag an Trídhathach agus ag focail amhráin a chum Mickey McConnell – ní fheadar an bhfuil sé ag fáil íocaíocht as an úsáid seo dá amhrán?

Ar aon nós,  tá plé ar an abhar seo ar bun ar Slugger O’Toole.     Is féidir libh plé a dhéanamh ar cheist na mbuidéal agus aon ghnó eile a bhaineann leis an Ard Fheis.

Is minic a bhionn an pháirtí seo ag bualadh an druma agus ag maíomh as chomh Gaelach is atá siad.   Léiríonn an seift suarach seo chun airgead a bhailiú gur beag an meas atá acu ar an dteanga.

An cloch is mó ar pháidrín Shinn Féin…..Sinn Féin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s