Sinn Féin ar chúl na h-imeartha i gcluiche na Gaeilge

Tá lucht tacaíochta Shinn Féin ag teacht le cheile an deireadh seachtaine seo d’Ard Fheis an pháirtí agus ní miste sin.  I bpoblacht daonláthach, nior cheart go mbeadh aon chosc ar aon duine bheith ag cruinniú le daoine chun cúrsaí na tíre a phlé.    [Is mór an trua, áfach, go bhfuil cur chuige abhairín scaoilte ag Sinn Féin ar an gceist seo iad féin – i bhfianaise an ‘Fhóraim Pháirtíochta’ a ghairm an pháirtí le déanaí chun plé a dhéanamh ar dhul chun cinn is easpa dul chun cinn ar cheist na teanga ag cainteanna Chaislean Chromghlinne. Ní raibh polasaí an ‘doras oscailte’ i réim don chruinniú sin is cosúil].

Beidh an pháirtí ríméadach, is dócha, mar gheall ar an bpacáíste airgid a fuair siad ó Ghordon Brown le roinnt ar thograí Ghaeilge éagsúla agus, go h-áírithe, an mór chuid don gCiste Craoltóireachta Ghaeilge le linn nó tar éis na cainteanna sin [níl sé soiléir cén uair a aontaíodh an phacáiste mar nár luadh an Ghaeilge olc nó maith sa phreas ocáid a bhí ag an gCéad Aireacht tar éis na cainteanna.].

Beidh a fhios againn i gceann lá nó dhó cé acu an mbeidh poilíneacht ag déabhlú nó tá sé ráite ag an DUP nach mbogfaidh siad ar an gceist mura ngéilleann an UUP chun tacú leis an mbeartas sin.  Níor chuala mé riamh theana faoi pháirtí ag aontú le margadh pholatúil agus ansan ag tabhairt cead do pháirtí eile níos lú ná iad féin a rá cé acu ar cheart nó nár cheart glacadh leis an gComhaontú chéanna – an dtabharfadh Sinn Féin cumhacht veto don SDLP ar cheist tabhachtach mar sin? Caol seans.

Ach ní bhaineann an phoilíneacht le h-ábhar ach sa bheag anseo.  Táim ag díriú ar Shinn Féin agus ceist na Gaeilge agus meath an pháirtí ó dheas den teorainn.   Ar shlí is ceist ‘réitithe’ é an phoilíneacht – sin a chreideann an phobal.   Go deimhin chreideamar amhlaidh ó d’fhogair Sinn Féin dhá bhliain ó shin go raibh an pháirtí ag tacú leis an PSNI.

Is cuimhin liomsa, le linn dom bheith ag obair le Lá, nuair a ghlac an nuachtán le fógra ón PSNI, go raibh aisfhreagra feargach ó roinnt phearsaí i Sinn Féin agus baill an pháirtí ag tabhairt íde béil dom agus do mo chomhleacaithe mar gheall ar an ‘dtréas’ seo.     Dhiultaíomar ag an am chéanna do fógraí ó línte gutháin ag tairiscint seirbhísí éagsúla collaíochta.  Niorbh é Lá an chineál sin nuachtáin. Ach d’imigh sin agus tháinig seo.

An Ghaeilge agus Sinn Féin – sin ábhar a bhíonn á phlé againn anseo go minic.   Agus tá sé le maíomh ag iGaeilge – an Bhlag Seo – ná raibh aon eolas á thabhairt ag Sinn Féin faoi na geallúintí i leith na Gaeilge.  Tá daoine ann a deirfidh nach dtabharfadh Gerry Adams agus Sinn Féin aon cheann ar cheisteanna uaimse  agus b’fhéidir go bhfuil an cheart acu.   Ag an chéanna, is é seo an dara uair a fuair an Ghaeilge ó thuaidh féirín éigean ó Shráid Downing via Gerry Adams tar éis gur chuir mise roinnt cheisteanna ar an bpáirtí go poiblí.  Glacaim leis, áfach,nach mise amháin a chuireann na ceisteanna ach, ag an am chéanna, is mise an t-aon duine a dheineann amhlaidh ar bhonn poiblí agus go h-oscailte seachas ar chúl téarmaí.      B’fhéidir go dtugann mo cheisteanna leithscéal do dhaoine níos giorra do cheannairí an pháirtí na ceisteanna céanna a chur.

cúpla rún á phlé ag an Ard Fhéis faoin nGaeilge agus níl aon rud nua a léiríonn go bhfuil daoine sa pháirtí ag smaoineamh i ndáíríre i leith na teanga agus cad é an bealach is fearr agus is cliste chun leas na teanga a dhéanamh le sonrú ann. Go deimhin, léiríonn an rún seo go bhfuil tuiscint Shinn Féin ar an nGaeilge sa chóras oideachais as dáta.

52. This Ard Fheis remains seriously committed to the promotion and use of the Irish language.

This Ard Fheis believes that the Irish Government has done little by way of promoting the Irish language and has in fact has subjected the language to repeated attacks, most notably  by way of Circular 0044/2007 which seeks to end the practice of ‘Tumoideachas’ or ‘Early Immersion Education’. We believe this to be a very serious attack on the teaching and learning of Irish and call for it to be immediately withdrawn.

Ar ndóigh, tá an Ciorclán seo, Ciorclán 0044/2007, as feidhm anois cé go bhfuil foráil ann a thugann cead do thuismitheoir ranganna Bhéarla a mhúineadh don pháiste agus is foráil é seo a bhaineann na cosa, ábhairín, den tumoideachas.     Braitheann go leor ar an dtuismitheoir, gan amhras, ach cheapfá go bhfagfadh sin scoileanna ar nós Gaelscoil Mhic Easmuinn i dTrá Lí idir dhá thine bealtaine ós rud é gurb é an Gaelscoil sin a thosnaigh an raic an chéad lá riamh!

Léiríonn an mír seo sa rún go bhfuil Sinn Féin ‘as tiúin’ ó dheas agus is léargas é sin ar staid an pháírtí  i leith na Gaeilge i gcoitinne.  Deir mo shean chara, Pádraig O Maolchraoibhe, sa chraolachán pholatúil thíos gur:

“Chuir Sinn Féin an Ghaeilge ag croí lár na cainteanna.”

Níl aon amhras orm gurb é SF an chéad pháirtí a luaigh an Ghaeilge ag na cainteanna éagsúla ó thuaidh agus go bhfuil go leor bainte amach mar gheall ar sin nach mbeadh déanta dá uireasa.   Ag an am chéanna creidim gur bhain SF an súil den liathróid agus iad ag breathnú ar chluiche pholatúil níos mó nó b’fhéidir gur cuid dá gcluiché é sin freisin?

Cén fath nach bhfuil Roinn Chultúr SF – má tá sé fós beo – ábalta comhairle ceart a chur ar an bpáírtí i leith na Gaeilge?  Conas ar thárla sé go bhfuil rún luaite leis an Ghaeilge ar chlár na hArd Fheise atá theana féin as dáta ach amháin nach bhfuil a fhios ag an dream atá in ainm is a bheith ag comhairliú SF cad atá ag titim amach i saol na Gaeilge sa tír iomlán?

Tá rún ann ag moladh go n-iarrfaí ar Nelson McCausland am chlár a chur ar fáil d’fheidhmiú Acht Ghaeilge.  An dtarlóidh sé seo, fiú amháin má rithtear an rún?   Nó an bhfuil an rún seo ar an gclár ar son an ‘seó’ amháin?  Nó tá sé ráite ag Nelson nach mbeidh sé ag déanamh amhlaidh mar go bhfuil sé ag ullmhú straitéis teanga agus má tá SF chomh dionghabhailte faoin Acht Ghaeilge seo, cén fath nach gcuireann na h-ionadaithe atá ag an pháirtí timpeall bhórd an Fheidhmeannais an cheist ar Nelson go díreach lá ar bith go mbionn cruinnithe an Fheidhmeannais ann?

Creidim féin go bhfuil an cluiche faoi Acht Ghaeilge ag athrú go mall agus go n-aithníonn níos mó daoine nach ar leas na teanga go mbeidh Acht Ghaeilge atá trom ar mhaorláthas agus éadrom ar bhuntáistí phraicticiúla do lucht teanga i réimsí an oideachais, na craoltóireachta agus an dlí.   Ní ar mhaithe le post Choimisinéara Teanga do Ghaeilgeoir/Sinn Féineach mór le rá a rinneamar na mórshiultaí sin ar fad anea?

Tá sé olc a dhothain go bhfuil sé le maíomh go raibh Sinn Féin ag caitheamh leis an Ghaeilge mar liathróid pholatúil ina gcluichí féin chun cumhacht a bhaint amach.  Níos measa arís é go bhfuil an pháirtí ar chúl na h-imeartha sa chluiche céanna!

5 thuairim ar “Sinn Féin ar chúl na h-imeartha i gcluiche na Gaeilge

  1. Pádraig

    Go bunúsach, síleann tú a mhór duit fhéin Concubhar……….sin é!

    Tá fócús s’agat ar SF go hiomlán mí-sláintiúl i dnáirire!!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tuigim go mbeadh m’fhócas ar Shinn Féin michompórdach don pháirtí ach ós rud é gurb é SF an páírtí is calannaí ag bualadh a druma faoin nGaeilge, sin an fath go ndírím orthu[nó an é oraibh?] Is leir ón gcraolachán pholatúil go síleann an pháírtí a mhór do féin – i ngach réimse den saol, ní h-amháin an Ghaeilge. Ag crochadh thart le Nelson Mandela, Gordon Brown agus Obama is uile.
    Cén fath go bhfuil sibh chomh buartha fúmsa agus faoin méid a bhionn le scríobh agam? Cén fath na h-ionsuithe pearsanta? Cén fath go nglacann sé ceist nó dhó uaimse sara ndeireann Gerry Adams aon rud faoin nGaeilge nó b’shin mar a tharla an iarraidh seo leis an £20m agus i 2008 nuair a rinne Gerry ‘tarrtháíl’ ar an gCiste Craoltóireachta?
    Táimse ag iarraidh mo rud féin a dheanamh ar son fíor phoblacht na hÉireann, is é sin an áít go bhfuil saoirse cainte agus nach bhfuil daoine á n-íonsaí de bharr go bhfuil dearcadh éagsúil acu seachas dearcadh cheannairí an pháírtí.
    Glacaim leis go mbaineann an ’81’ id sheoladh r-phoist le na Stailceanna Ocrais i 1981. Má bhaineann tuigfidh tú féin an méid a dúirt Bobby Sands faoi pháirt a bheith ag gach duine sa réabhlóid? Cad é do pháírt? An tusa an fhear a dheireann ‘sea, sea, a cheannaire’ an t-am ar fad?

    Freagra
  3. Janet

    Bhí Beart nua reachtaíochta don Bhreatnais foilsithe inné a dhearbhaíonn stádas oifigiúl na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, a néartaíonn cearta an phobail le hagahidh seirbhísí trí Bhreatnais agus a chruthaionn post Choimisinéir na Breatnaise. Cuid mhaith do na héileamh céanna le feiceáil sa Bheart is a aontaíodh ag pobal na Gaeilge i ndiaidh do tamall do bhlianta d’obair ag POBAL ar son an Achta. Níl amhras ar bith ann nach bhfuil reachtaíocht leochailleach lag de dhíth ó thuaidh – ná áit ar bith eile, is dócha – ach aithnítear sna háiteanna a bhfuil forbairt déanta i gcosaint agus i gcur chun cinn teanga cé chomh tábhachtach is a dtig le reachtaíocht chuimsitheach láidir a bheith do phobal teanga. Is cúis áthais Beart nua na Breatnaise, ach caitheann an chéim chun tosaigh seo spotsholas arís ar a laghad atá bainte amach ag rialtas na hÉireann agus ag na páirtithe náisiunacha maidir le stádas na Gaeilge ó thuaidh as an 120 uair a chloig de chainteanna. Is maith an rud gan amhras airgead a bheith fógraithe le haghaidh tograí srl, ach caithfear maoiniú a bheith ar fáil taobh le cearta, chan curtha chun tosaigh ina n-áit.

    Freagra
  4. johnmodonoghue

    Nil SF dáirire faoin teanga.Níl sa teanga ach chlúiche poiliticiúil dóibh mar atá ag FF leis na cianta.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s