Gaeltacht 2.0 – Viva La Riomhlóid

Anois is arís táim tar éis an téama Gaeltacht 2.0 a lua anseo agus mé ag iarraidh a dhéanamh amach cad é an bealach chun cuid den bhfuinneamh chruthaitheach a ghintear as pósadh na Gaeilge agus an idirlíon a chur ag obair ar leas na teanga agus a pobal.   Cá bhfios dom go raibh daoine eile amuigh ansin ag smaoineamh sa treo céanna – ach a rinne beart in áit caint.

An toradh ar sin, lnag#10.   A bhuiochas do Chiarán O Meachair, Tomai O Conghaile agus go leor eile den ghlúin nua ceannairí atá ag baint croitheadh as na sean díneasáir atá tar éis bheith ag siocadh na gluaiseachta ar feadh ró fhada.

Níl i lnag ach tús phointe ar an ngluaiseacht i dtreo Gaeltacht 2.0, an ghaeltacht ar líne, agus beidh ocáid seolta ag an nGaeltacht nua seo an tseachtain seo chugainn i mBéal Feirste.  Nochtfar a thuilleadh sonraithe faoi ag ocáid ag Belfast Xposed, gailearaí ghriangrafanna i lár na cathrach cois cuain, ar an Déardaion, 11 Márta.

Is maith liom an manna atá ag an ‘Riomhlóid’ seo.  Gaeltacht ár linne, Gaeltacht ar líne.   Caithfidh go bhfuil t-léine ansan in áit éigean.

Tuilleadh faoi seo anseo.

15 de thuairimí ar “Gaeltacht 2.0 – Viva La Riomhlóid

  1. séamus Mac Seáin

    an seo tús, a choncubhair, leis an “Ghaeltacht Shamhálta”? an Ghaeltacht nach labhraíonn duine ar bith an teanga ann níos mó ach gur cluiche mór ríomhaireachta é an saol ar fad. Léigheasfaidh sé cuid mhór dár bhfadhbanna. Ní héigean an teanga a labhairt lenar gclann nó lenar gcomharsana níos mó ach logáil isteach sa ríomhaire agus muid féin a thumadh isteach i saol samhálta na Gaeilge ach gan aon duine beo in do chuideachta. “Beam me up scottie”
    Tá an Ghaeltacht marbh ach go maire an Ghaeltacht shamhálta

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Níl aon dochar sa dhá Ghaeltacht a bheith ann, an Ghaeltach fior agus an Ghaeltacht Fhíorúil. Agus go deimhin, ní seo an tús ach deireadh an thúis! Tá pobal ar an idirlíon díreach chomh maith is atá pobal sa chomharsanacht, anseo i gCúil Aodha nó abhus i mBéal Feirste.
    Ní ceist é seo gur gá rogha a dhéanamh idir an dhá Ghaeltacht – cuidíonn siad le cheile. Níl siad in iomaíocht.
    Dar liom, ar ndóígh.
    Tuigim do phointe. Is cinnte go bhfuil an riomhaire á lua níos mó mar comhfhreagraí i gcásanna colscartha. Ag an am chéanna, níl aon dochar déanta le measarthacht. Is féidir brath ar an idirlíon gur féidir dul ann agus an Ghaeilge a labhairt le daoine, bíodh sé go fioruíl féin. Ní feidir brath ar do chomharsanacht féin mar an gcéanna i gcónaí.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    is céist phríorachtaí í seo a choncubhair. scríobh mé an píosa thuas agus mo theanga imo phluic agam ach sam am chéanna tá mé pás beag buartha faoin ” ghlún óg seo de cheannairí” mar a thugann tú orthu go bíonn siad go síoraí ag imeacht ó “gimic” go “gimic” gan aon rud buan a fhágáil ina ndiaidh ar nós an ríomhaire é féin. Is í an Ghaeltacht agamsa an áit labhraítear an teanga go rialta ag daoine beo beatháioch. An bhfuil na ceannairí óga ag iarraidh sin a chruthú ina saol fein? Tá sé suimiúl tar éis 150 bliain de athbheochan agus na milliúin gimics nár tugadh faoi Ghaeltacht fhíor seachas fíorúil a chruthú ach amháin i dhá áit i gCo. na Mídhe agus in Ard Barra i gCorcaigh agus ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste. Níl ceann ar bith acu sin fíorúil ná gimiciúl ach is tearc iad a líon. an bhfuil “ceannairí” óga an lae inniu sásta cloch a chur ar charn na niarrachtaí sin? anois ba sin dul chun tosaigh a bhuachaill agus níor gimic ar bith é.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    B’fhéidir gur gimic é, a Shéamuis. Is deacair argóint i gcoinne na h-argóna gurb é. Ag an am chéanna, tá an cheart agat gur ceist tosaíochtaí atá ann.
    Roimhe seo bhí mé ag moladh do Ghaeil teacht le cheile agus eastáít nó forbairt tithíochta – ceann de na h-eastáit spioradálta (cén Ghaeilge a chuirfeá ar Ghost Estate?) a cheannach ar slad mhargadh agus bheadh sin ina Ghaeltacht íontach le tosnú. Bhi ceann brea i gContae Chill Chainnigh na gcamán le cultúrlann agus uile ar €1m agus ní raibh speis acu ann. Ní fios áfach an bhfuil dream éigean ag beartú a leithéid agus sinne á phlé anseo – agus is cinnte nach bhfuil am níos fearr chun tabhairt faoi seo.
    Ag an am chéanna, is Gaeltacht de chineál éagsúil Gaeltacht Fhiorúil an Idirlín. Tugann sé le cheile pobal atá scaipthe i spás amháin agus níl aon ‘phraghas’ iontrála. Is áít chruinnithe é agus tá sé lán chomh bailí Gaeltacht a thabhairt air agus atá sé Gaeltacht a thabhairt ar Ghaeltacht traidisiúnta nó nua mar atá luaite agat i do thrachtaireacht. Is é an bua atá ag teicneolaíocht na laethannta seo nach gá do dhaoine bheith ag cónaí in aice le cheile chun a bheith i gcomhluadar a cheile. B’fhéidir nach gcomhlíonann sin an sainmhiniú atá agat nó agam ar phobal Gaeltachta ach ní h-ionann sin agus a rá nach pobal Gaeltachta é mar sin féin. Pobal atá ann. Tá an Ghaeilge á labhairt ag an bpobal sin. Mar sin is pobal Gaeltachta atá ann?

    Ceisteanna suimiúla curtha agat – nó mar a deir siad ar TG4 ‘ardaithe agat’ – agus is fiú an plé a dhéanamh orthu.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    mar a tharlaíonn sé beidh daoine ag teacht le chéile oíche amárach i mBAC le Lonnaíocht Ghaeilge a phlé agus is maith liom nach ndearna siad mór a’s fiú dé roimhe reidh agus tá cuma orthu go bhfuil siad dáiríre faoi. Is cinnte go dtiocfaidh na “na hÉastáit-Sí” aníos san idir-phlé.

    Freagra
  6. shinnylites

    “na Éastáit-Sí”. Bheadh Ó Cadhain agus a leitheidí an-tógtha leis an imeartas focal sin. Níl ionam ach foghlaimeoir fós agus braithim go mór ar an idirlíon faoi láthair mar tá a leitheidí daltai.com ann agus bheadh mé ‘caillte’ (?) gan iad bheith ann. Déanaim chuile iarracht labhairt an Ghaeilge agus sin an chéad chéim eile a dtógfaidh mé.
    Bíonn mé ag baint an-taitnimh as an mblog seo- scéalta úra agus a thuairim lom tugtha dúinn. Tá sin aisteach, cumhachtach sa lá atá ann inniu go háirid, tuairimí fíor á choinneáil i bhfolach ag daoine. Ní haon fear na bréige é ach oiread- is cosúil gur duine maith macánta atá ann agus molaim a chuid ionraice.
    Ach aontaím leat- is beatha teanga í a labhairt ach ar a laghad cuidíonn an idirlíon le duine an teanga a fhoghlaim agus ar ndóigh beidh an idirlíon go mór páirteach i saol na ndaoine go mór mór as seo amach so is rud maith é go bhfuil daoine ag plé rudaí i nGaeilge freisin.
    Ó Fhoghlaimeoir Gaeilge (brón orm as ucht na botún!)

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    a shinnylites a chara na bíodh aon aiféala ort an Ghaeilge atá agat a úsáid agus na déan leithscéal ach oiread. Tá rá beag a úsáidim mar gheall orm féin go minic. Is fearride domh Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Dia go deo leat

    Freagra
  8. Feirsteach

    Tá cruinniú eagraithe ag Comhluadar i mBaile Átha Cliath anocht ina bpléifí féidearthachtaí lonnaíochtaí nua Gaeltachta a bhunú i mBaile Átha Cliath.
    Beidh mé féin i láthair maraon le 22 cara eile liom, nó sin a tugtar le fios ón ócáid a d’fhoilsigh mé ar Facebook le déanaí.

    Iarradh bheith rannpháirteach i G2.0 i mBX chomh maith. Tabharfaidh mé cur i láthair trí Skype (fís-chomhdháil saor in aisce) ar fhéidearthachtaí na teicneolaíochta i leith na feachtasaíochta ar son na Gaeilge.

    Aontaím leis an bheirt agaibh, a Shéamuis agus a Chonchubhair. Tá gá le hobair i dtreo buanachta ach bheith oscailte don nualaíocht chun feidhmiú ar modh is éifeachtaigh.

    Freagra
    1. ciarán ó meachair

      haigh a chairde. plé an-suimiúil agaibh anseo, grmma.

      sílim go bhfuil féidireachtaí iontacha ann dúinn leis an nuatheicneolaíocht. sé’n smaonieamh a bhí taobh thiar den cinneadh gaeltacht a thabhairt ar an bpobal ar líne le gaeilge ná go rabhas ag iarradh aird a mhealadh ar an oiread gaeilge’s atá ar líne anois, ach níos mó ná sin, béim a chur ar na nascanna atá ann idir na pobail éagsúla gaeilge ar an líon, agus níos mó nascanna a spreagadh dá bharr.

      féach mé féin agus croncubhar ag labhairt air seo anuraidh:
      http://lnag.wordpress.com/2009/03/16/gaeltacht-20/

      fíor-phobal gaeltachta atá sa chomhluadar seo, dar liom, nach dtagann salach ar ghaeltachtaí an tsaoil nithiúl ach a chuireann ar a gcumas nascadh le chéile. is fiú go mór í a fhorbairt, agus tá súil agam go bhfuil sé sin á dhéanamh againn sa spiorad céanna lenar bhunaigh sibh féin bóthar seoighe agus bunscoil phobal feirste a shéamuis.

      ní neart go cur le chéile, agus tríd na huirlisí nua seo tá neart á chur le chéile.
      ciarán
      (lnag10)

      Freagra
  9. Philip Cummings

    thabharfainn féin ‘neamhstát’ ar an heastáit tithíochta sin…ach is file mé.

    Freagra
  10. Máirtin Mag Uidhir

    Maith sibh a lucht Gaeltacht 2.0. Is cinnte go bhfuil ciall mhaith ag Séamus faoi bhuanacht na Gaeilge agus faoi shaol na Gaeilge i gcoitinne. Más ar líne amháin a fheictear (a chluintear?) an Ghaeilge, ní níos deise do athghabháil na Gaeilge a bheas muid a choíche. Tógáil clainne le Gailge, agus labhairt na Gaeilge, le daoine i rith an ghnáthlae an rud is tábhachtaí is dóigh liom.

    Sin ráite, tá cónaí ormsa san Astráil (agus ar m’iníon atá ag foghlaim na Gaeilge mar aon leis an Bhéarla ón chliabhán), agus ní in aon áit a bhfuil pobal mór Éireannach ann atá muid, mar sin, is seóid dúinne aon rud Gaelach, bíodh sé ina leabhar ná ar líne ná ar an teilifís nó ilmheán.

    Freagra
  11. Harry McGee

    Taithníonn an manna go mór liom a Choncubhair. B’fhéidir go bhfeilfeadh an focal ‘Gaeilge’ níos fearr viz. Gaeilge ár linne; Gaeilge @ líne. H.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s