Scrabble – moladh mór do Ghlór na nGael agus do COGG

Táim tar éis bheith ag gearán le cúpla lá agus tá sé in am an phort a athrú.   Is breá liom an scéal seo, go bhfuil COGG agus Glór na nGael tar éis teacht le cheile chun leagan Ghaeilge den gcluiche iomráiteach, Scrabble (Soisireach), a chur ar fáil.

An rud is fearr faoi seo go bhfuil cuma chomh snásta ar an leagan seo de Scrabble is atá ar an leagan Bhéarla.

Tá Scrabble Soisireach á imirt sa bhaile againn lenár bpáistí le tamall anois agus is brea leo é.   Tá sé chomh h-éasca don pháiste ceithre bliain d’aois is atá sé  deacair don fhear fásta atá deich n-oiread chomh aosta.  Beidh ort a bheith ar an airdeal agus ní féidir liom a shamhlú nach n-eireoidh leis.

Tá gá le margaíocht gan amhras – agus is é sin an áit a theipeann tograí Ghaeilge go minic.  Ach seo tús leis an margaíocht – fógra saor in aisce ar iGaeilge, an blag Ghaeilge is mó a mheallann leitheoirí, idir iad san atá sásta agus míshásta!

Is maith an comhfhiontar é seo idir COGG agus Glór na nGael agus tá sé ráite ag Eoghan Mac Cormaic, Glór na nGael, go bhfuil súil ag an eagras fógra a dhéanamh go luath faoi Monopoly bheith ar fáil i nGaeilge.   Sin cluiche eile a imrímid agus beimíd ag súil leis an leagan Ghaeilge.

Tar éis cúpla lá in ísle brí, tá mo dhóchas ag eirí.    Idir é seo agus Lá na Gaeilge ar an Idirlion, Seachtain na Gaeilge agsu Ceol 10 is Raidío Rí Rá is eile,  tá rudaí fónta ag titim amach in aineoin na n-aineoin.

Costas €20 atá an leagan Ghaeilge de Junior Scrabble – agus tá sé ar fáil anseo.

3 thuairim ar “Scrabble – moladh mór do Ghlór na nGael agus do COGG

  1. shinnylites

    ‘Lá na Gaeilge ar an idirlíon’

    Céard sin? An bhfuil rud áirid ar bun agus á heagrú a Choncubhair?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Buail ar an nasc thuas anois, a chara, agus tabharfaidh sé tú chomh fada le foinse gach eolais. Beidh tuilleadh eolais agam anseo go luath – idir an dhá linn, is féidir leat teacht ar an eolas anseo.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s