iGaeilge ‘faoi íonsaí’?

An bhfuil iGaeilge faoi íonsaí?   Ar cheart dom culú go buincéir éigean go dtí go gciúnóidh cúrsaí?   Tar éis dom léirmheas ar an eagrán is déanaí den iris Ghaeilge Comhar  a fhoilsiú anseo cúpla lá ó shin, táim ag fáil aischothú aisteach.

Sa chéad dul síos, tá árdú substaintiúil ar an méid cuairteoirí chuig an suíomh seo.  Tá roinnt mhaith freagraí faighte ar an phostáil chonspóideach, cuid is mó acu a aontaíonn liom agus cúpla ceann ina bhfuil íonsaí peaarsanta déanta orm féin.

Thug teachtaireacht amháin le fios go raibh r-phost faighte aige leis an ceann teideal ‘Comhar faoi íonsaí’ agus ná raibh ann ach nasc chuig an suíomh seo.   Léigh sé m’alt agus is amhlaidh gur aontaigh sé liom ó thaobh an argóínt a bhí á dhéanamh agam san alt.   Cibé tú féin atá ag seoladh an r-phost sin, míle buiochas!

Bhí teachtaireacht eile ann ó dhuine éigean a thugann Brian de Róiste air féin agus cé gur cháin sé mé as ‘ionsaí truamhéalach’ a dhéanamh ar Comhar agus gur chuir sé i mo leith go raibh mé ag iarraidh ‘Comhar’ a dhúnadh agus, gan amhras, nár thuig mé gramadach na Gaeilge etc ad nauseam, léirigh an ghangaid ina theachtaireacht féin go raibh deacrachtaí aige argóínt réasúnta a dhéanamh ar an mbuncheist: is é sin caighdeán Comhar.

Is comhartha maith go bhfuil daoine ann atá gangaideach agus iad ag iarraidh Comhar a chosaint. Tugann sé le fios go bhfuil paisean ann ar son na h-irise nár shamhlaigh mé bheith ann ar chorr ar bith.   Is beag duine a léifeadh an iris a cheapfadh go raibh paisean ar bith ar a chúl.  Níos lú paisin ná dúil i ndeontas Fhoras na Gaeilge.

Thall ar Slugger O’Toole, chuaigh fear a thugann Nordie Northsider air féin ar an íonsaí agus rinne sé jab maith prof leitheoireachta ar  shliochtaí ón bpíosa is déanaí a scríobhas ar iGaeilge, píosa ag moladh Glór na nGael as ucht Scrabble Soisireach a chur ar fáil i nGaeilge.

Ní doigh liom go bhfuil aon leirmheas uaimse chun brú a chur ar Fhoras na Gaeilge an deontas fial atá curtha ar fáil do Comhar a tharraingt siar agus an iris a dhúnadh.  Tá cuma ar an iris go bhfuil sé ina iris mharbh ag foilsiú.  Is cosúil nach bhfuil ar bun anois ach iarracht chun an conradh a chomhlíonadh – cé nach bhfuil tasg nó tuairisc ar shuíomh idirlíon chuimsitheach a gealladh nuair a síníodh an conradh geall leis dhá bhliain ó shin.

Nuair a bhí Comhar faoi íonsaí ó iar bhall bhoird, in alt a foilsíodh san Irish Times ar 2 Eanáír, ba mise agus mé im eagarthóir ar Lá Nua a rinne cosaint ar an iris agus a rinne tairiscint go bhfoilseoimís eagráin Comhar i leathnaigh Lá Nua go dtí go raibh reiteach aimsithe ar na deacrachtaí a bhí ag an iris ag an am le Foras na Gaeilge.     Ní fhaca mé Brian de Róiste an uair úd ag seasamh sa bhearna baoil.

D’eirigh le Comhar teacht slán an uair sin – ach in áit an deis a thapú tús nua a bheith ann don iris agus cuid den oidhreacht uasal atá aici a athshlánú, glacadh cur chuige ‘sabhailte’  is ‘neamh scríobach’ mar mhodh oibre don iris.   Cailleadh eagarthóir amháin nuair nár aontaigh an bhórd le treo eagarthóireachta na h-irise faoina chúram agus fostaíodh eagarthóir sealadach ina dhiaidh sin chun a chinntiú go mbeadh an iris ag teacht le mianta an bhoird.

Níl aon chontúirt do Chomhar uaimse.  Nílim ach ag déanamh léirmheasa ar an iris – nach é sin cuid de ghnó Comhar.  Nach feidir le lucht Comhar glacadh leis go bhfuil daoine ann a dhéanfadh léirmheas orthu féin?  Nó an é an t-aon freagra atá ag lucht tacaíochta na h-irise an teachtaire a íonsaí seachas aird a thabhairt ar an dteachtaireacht.   Níl sé ró mhall téagar agus paisean a chur i leathnaigh Comhar, an bhfuil?

Caol seans, is dócha, go dtarlóidh sin.  Ach tá níos mó ná todhchaí Comhar sa bhearna baoil anseo.  Tá todhchaí na h-iriseoireachta chlóite Ghaeilge, má tá aon todhchaí i ndan don iriseoireacht sin.  Is cuma liom sa tsioc faoi Comhar, ann nó as, ach anois, trath go bhfuil níos mó airgid á chaitheamh ar chaipéisí doleite a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge ná mar atá ar iriseoireacht nó ar fhicsean, tá mé cinnte nach ligfidh mé d’iriseoireacht chlóite na Gaeilge teacht faoi íonsaí gan troid ar son a hanam.

Ag an am chéanna, tá rud amháin is féidir a bhreith liom as seo:  má tá an bhlag seo faoi íonsaí, léiríonn sé go bhfuil rud éigean á dhéanamh agam i gceart.   Is fearr imreas ná uaigneas.

5 thuairim ar “iGaeilge ‘faoi íonsaí’?

  1. Seosamh Ó Beirgin

    Maith dhom an liomháint ach bhí an t-ionsaí chomh binbheach, chomh lán de spíd sin gur chuir sé cineál “pantomime villain” i gcuimhne dom. Agus ar ndóigh, an t-ainm Brian de Róiste, níl sé i bhfad ó Liam Ó Ráiste, ainm ar bhain tú feidhm as tráth den tsaol, tá mé ag ceapadh.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    ba cheart do gach iris,blag,nó páipéar Gaeilge míle liú a ligint gach uair a ionsaítear iad. Is ionann ionsaí agus beocht agus dar fia níl rud ar bith chomh tochtach le ciúneas na marbh. stróic leat agus go stróice siad thú.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    ba cheart do gach iris,blag,nó páipéar Gaeilge míle liú a ligint gach uair a ionsaítear iad. Is ionann ionsaí agus beocht agus dar fia níl rud ar bith chomh tochtach le ciúneas na marbh. stróic leat agus go stróice siad thú. Ba shean chleas é an alter ego ag Mairtín Ó Cadhain ,Seosamh Ó Grianna etc le díospóireacht a chothú. Níor mhiste pilleadh air

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s