Líon an stuif bán!

D’fhill mé abhaile ó sheachtain i gCeatharlach agus bhí carn mór litreacha agus beairt ag feitheamh orm.  Seic ó TG4 (moladh leo), carta bainc nua, carta Bhailintín mall (ó mo neach ar sheas mé di) agus trí chlúdach litreach mhór lán le cóipeanna de Comhar.

Scéal fada scéal mo thaithí ar an iris seo – agus d’fhéadfá a rá nach caidreamh ró charadach atá eadrainn.  Ach le déanaí bunaíodh ‘cairdeas Facebook’ eadrainn – caithfidh gur duine atá ag obair san oifig nach bhfuil morán eolais aige faoin gcaidreamh a bhí agam leis an iris atá i gceist.  Tar éis dom chúpla teachtaireacht a sheoladh chuige, teachtaireachtaí ag léiriú mo mhí shasamh leis an gciorcal drúisiúil agus ana chúng de scríobhnóirí a bhionn ag líonadh an stuif bhán san iris seo.

Ar chlúdach an eagráin is déanaí, tá íomhá atá ag tagairt don sraith íontach a bhí ar TG4 le déanaí, Na Cloigne.   Is é Na Cloigne ‘an ceann is fearr fós’ ag TG4 de réir an chinnlíne – agus deirtear linn go mbeidh leirmheas istigh ag Seán Tadhg  O Gairbhí, iar eagarthóír Foinse, ar an sraith chun tús a chur lena cholún nua ‘teilifíse agus cumarsáide’.

Tá deireadh feicthe agam nuair atá colún teilifíse ag fáíl tús áíte in iris mhíosúil mar seo.   An bhfuil aon tuiscint ar leith ag Seán Tadhg ar chúrsaí theilifíse nach bhfuil ag an dara duine.  Ní doigh liom é.  Bhí an leirmheas dearfach – maith go leor – ach aon duine a chonaic an sraith seo, bhí siad á moladh, mé féin ina measc.   Go deimhin tá sé  chomh fada ó bhí an sraith ar siúl – mí Eanáír uair eigean gur geall le stair atá ann anois.

Ní bheidh sé buioch díom má dheirim gur scriobhnóir maith é Seán Tadhg – ach is cur amú a chuid ama agus talainne é bheith ag scríobh colún teilifíse i Comhar.   Ba cheart do gné alt mór amháin a dhéanamh i ngach eagrán faoi rud spéisiúil is trathúil – gné eigean de chúrsaí reatha –  seachas a bheith ag gabhail do chacamas mar seo.

Le cois an príomh leathnach ar a bhfuil an íomhá teibí – ró theibí – tá dhá leathnach istigh caite leis an léirmheas seo. Nóta don eagarthóir:  Ní mheallann íomhánna teibí ar an gcéad leathnach leitheeoirí chun iris a cheannach nó a léamh ach nuair atá an iris féin snásta agus suimiúil.  [Ní chomhlíonann Comhar – faoi mar atá eagrán mí Feabhra} ceachtar den dhá chritéir sin!]

Ansan tá seacht leathnach caite le dráma raidió de chuid Gabriel Rosenstock a fhoilsiú.  Ach cén fath go bhfuil dráma raidió á fhoilsiú in iris cosúl le Comhar – nach fearr é a chur inár lathair mar…dhráma  ar an raidió?

Sin trian den iris lán, áfach.  Níl eagarfhocal san eagrán seo – ach tá litir chuig an Eagarthóir ann mar chúiteamh.  Mea Culpa atá ann faoi bhotún a rinne scriobhnóir in eagrán a fhoilsíodh roimhe seo – agus is cinnte go bhfuil aiféala ar an scríóbhnóir faoin bhotún a deineadh.   Ach an bhfuil gá scéal chomh mór a dhéanamh as agus gan eagarfhocal a bheith ann ar chorr ar bith?

Líon an stuif bán, a mhic, is é sin an cur chuige atá ar chúl seo ar fad chomh fada agus gur féidir liom a dhéanamh amach.   Seo muid ar leathnach 4 theana féin.  Bhí an príomh leathnach againn, ansan fógra, ansan leathnach an ‘chláir’, (athrá ar an méid atá ar an bpríómh leathnach ach ná raibh uimhreacha na leathnach luaite leis na h-altanna ar an leathnach sin).

Ansan tá colún ag Gabriel Rosentock – (tá trian den iris, 10 leathnach as 30) – ina dheineann an scriobhnóir cur síos ar threimhseachán frithshibhialtachta darbh ainm ‘Green Anarchy’, ábhar atá suimiúil b’fhéidir ach cé léifeadh é?  Tá teibíocht agus teibíocht ann – ach cheapfainn go bhféadfaí líon na leitheoirí Ghaeilge ar shuim leo fealsúnacht an ainrialachais a chomhaireamh ar aon láimh amháin.   Maireann an cholún seo trí leathnach agus faoin am atá an chead paragraf léite agam, dá fheabhas é mar scriobhnóireacht, tá suim agam scian a chur i bputóg éigean.

Ina dhiaidh sin tá alt ag PJ Mac Gabhann ina dtugann sé le fios dúinn go mbaineann sé le ré eile, ré nuair nár nós le daoine bheith ag taisteal ar éitleáin.  Oicé.  Agus cad faoi sin?  Is cosúil gur tháinig sé slán nó seo é ag scríobh mar gheall ar a aidbhintiúr eitleoireachta.   Slán mar a n-ínstear é.  An bhfuil aon rud eile le rá faoi ach go nglacann sé dhá leathnach – téacs agus léaráid mór dubh agus bán!.

Dhá leathnach eile caite le colún ón Athair Réaman  O Muireadhaigh agus é ag caint faoi Naomh Bríd.  Gné cliste leagan amach anseo.  Tá an téacs foilsithe ar an leathnach i bhfoirm chrós Bhríde – ach fagann sé go bhfuil an alt nach mór doléite.  An buntáiste – líonann sé leathnach le líon níos lú focail agus ansan tá leathnach lán focail eile ar an gcéad leathnach eile.

Líon an stuif bhán, a mhic.  Is é sin an tslí chun é a dhéanamh.

Ansan seacht leathnach den dhráma raidió thuasluaite.   Táimíd ag leathnach 17 anois, níos mó ná leath bhealach.   Anois tá gearr scéal againn – maireann sin ceithre leathnach. Is cliste an slí é seo na leathnaigh a líonadh – gearrscéal a thabhairt ar an bpíosa ficsin cé gurb é an dara alt is faide san iris!

Anois táimíd ag Lch 21.  Leathnach ‘filíochta’ a thugtar ar seo cé nach féidir liom a dhéanamh amach go bhfuil dán ann a thabharfainn filíocht air.  B’fhéidir go bhfuilim ró chruaigh.  Ar a laghad sin leathnach 21 líonta – trí ‘dhán’ ghairid – 22 line ‘filíochta’ móide pictiúr de éan.  (Baineann an chéad dán le spideog mar sin tá an íomhá ábharthach).

Alt stairiúil réasúnta spéisiúil ó pheann Mháiréad Ní Chinnéide an chéad alt eile.   An chéad alt le dealramh san iris ar fad.   Léirmheas atá ann leabhar faoi Na Finíní agus an Ghaeilge – ach is trua nach bhfuil pictiúr de chlúdach an leabhair nó d’íomhánna ábharthacha a bhainann leis an scéal ann.   Is maith liom an líne seo, go h-áirithe, ón staraí Bagenal a bhaintear úsáid as sa leirmhas. [Deintear talamh tirim de go bhfuil a fhios ag an leitheoir cé h-é Bagenal!]:

Happily for the historian, the politician and the government, nearly all the modern Irish revolutionists are journalists.

Níl ach leathnach amháin ag an alt seo agus anois táimíd tagtha go dtí léirmheas teilifíse agus cumarsáíde Sheán Thaidhg.   Na Cloigne agus That’s All We Have Time For atá faoi chaibidil aige.  Ar ndoigh má tá iris Ghaeilge sásta spás a thabhairt do chlár chomh h-amaideach leis an scig chlár sin, is fiú ceisteannna a chur faoin iris agus faoin bhunús atá leis.

Anois táimíd tagtha go dtí leathnach 25 – alt le Ruairí O hEithir faoin cheannlíne spreagúil agus iomlán iontuigthe ‘Agashingura Cumu’.   Anois is léir go bhfuilimse chomh dúr agus chomh neamh liteardha sin nach féidir liom bheith ag plé le h-iriseoireacht ar chorr ar bith.   Nó mura dtuigim laithreach céard atá i gceist anseo, is cinnte gur dúramán mé.     Cad faoi iontróid bheag ag míniú céard atá ag titim amach ar an dhá leathnach seo chun mé a mhealladh chun an chuid eile den alt seo a léamh?  Beag an bhaol.

Dhá leathnach eile den stuif bhán líonta.

Anois táimíd tagtha go dtí Leathnach 27, colún ‘Le hAer An tSaoil’ le Mícheál O Ruairc.  Tá sé ag míniú dúinn conas mar a chaith sé tréimhse na hAthbliana agus an Nollaig Bheag etcetera ar feadh dhá leathnach.    Luaitear linn go bhfuil sé ina thuar dóchais don cholúnaí go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe.  Deir an Ruarcach nach bhfuil dabht ar bith ann ach go bhfuil ‘cic sa tóín’ ag teastáíl ón ‘teanga’ agus ‘ó chuid díobh siúd atá in ainm is a bheith i gceannas ar chaomhnú agus ar fhorbairt na teanga sa tsochaí’.

Tá sé rí shoiléir le tamall de bhlianta anuas go bhfuil easpa samhlaíochta agus easpa fuinnimh ag gabháil le cur chun cinn na teanga i gcúrsaí oideachais agus sa Ghaeltacht ach go h-áírithe.

Agus in irisí Ghaeilge cosúil le Comhar, a Mhichíl.

File é an Ruarcach, de réir dealraimh, agus chuala é ag aithris a dhánta ar Eigse Bheo ar Raidio 1 an oíche dheireannach.  Focal filíochta níor chuala – ach alán focail.  Níl a fhios agam cén fath go mbeadh an fear seo ag scríobh in aon iris nó is beag atá le rá aige.    Tá daoine ann nach n-aontódh liom ar an gceist sin b’fhéidir – ach nach cuma.  Is ball bhoird é Mícheál ar Comhar agus b’fhéidir go bhfuil sé ag iarraidh cuidiú – bheadh colún téigeartha ar chúrsaí na míosa go deas in iris – ach ní h-é ‘Le hAer an tSaoil’ an cholún sin.

Ball bhoird eile atá ag líonadh leathnach 29. Duine de ‘scriobhnóirí úra na Gaeilge í Rachel Níc Fhionnáin.   Seo alt faoi chúrsaí lá fhéile Vailintín agus rósanna rúnda is a leithéid.  Beag nua atá le rá ann ach ramhaillí nach bhfuil ró ghreannmhar nó ró spéisiúil timpeall ar an méid a dúirt Wilde – Is Tús É Féin Ghrá do Románsa ar feadh an tSaoil.    Bhí an abairt sin níos fearr i mBéarla gonta Wilde féin.   Ach líonann sé leathnach agus ansan tá leathnach 30 gafa le fógra.

Sin é, triochadh leathnaigh bána líonta.   Eagrán eile de Comhar seolta chun na clódóra.  Costas don cháiníocóir?  Ag Dia is ag Foras na Gaeilge amháín atá fios.   Maoiníonn an Fhoras an iris seo, creid nó ná creid.

Fuair mise an beart eagráin de Comhar ó Comhar.  Tá eagráin ann ón bhlian seo chaite freisin.  Cónaím i nGaeltacht Mhúscraí.  Níl teacht ar an iris anseo. Blian ó shin bhíos ag tabhairt léachta in Ollscoil Chorcaí agus phioc mé suas eagrán de Comhar.  B’shin an chéad uair a chonaic mé an iris ón athsheoladh.

Cúpla bliain ó shin, agus Lá Nua faoi bhagairt, rinne mé iarracht teacht i gcabhair ar Comhar a bhí á ligint chun cáis ag an am sin ag a bhórd stiúrtha.  D’aiseirigh sé agus chuireas isteach ar an bpost mar eagarthóír.  Ní bhfuaireas an post.  (Bhí orm dul faoi scrúdú faoi chúrsaí gramadaí, an dtuigeann sibh agus ní réitim leis an ngramadach!).

Ar aon nós, bhí cconspóid agus clampar ann idir sin agus seo agus anois is é Pól O Muirí an eagarthóir.  Mar atá léirithe sa léirmheas seo, léirmheas nach bhfuil ró mholtach,líonadh an stuif bán san iris gan aon amhras.  Is é sin céad chúram an eagarthóra, an stuif bán a líonadh.   Bónas de short é más féidir leat é a dhéanamh le téigear, le substaint agus le stíl.    Níl aon bónas san eagrán seo de Comhar, dar liom.

Tá aiféala orm anois go raibh láimh agam in aiseirí Comhar.   Tá an iris seo chomh marbh le Máirtin O Cadhain agus na laochra eile a scrigh do Chomhar i dtús ama.  Ach tá an scriobhnóíreacht ag na laochra sin beo go fóill, rud nach féidir a rá faoin scriobhnóireacht i gComhar inniu.

Níl alt ar bith san eagrán seo faoi chúrsaí reatha nó spórt nó cultúr chomhaimseartha na tíre, chomh fada is gur feictear dómsa é.   Ní raibh sé i gceist agam léirmheas a scriobh – ach anois tá sé scriofa.  Líon mé an stuif bán, gan amhras, ach níor chosain sé pingin ormsa ná ortsa!

14 de thuairimí ar “Líon an stuif bán!

  1. Iar-leitheoir

    Is e an t-iontas is mo gur eirigh leat leamh tri eagran de Comhar, a Chonchubhair – rud nach feidir leis an gcuid eile dinn a dheanamh! I ndairire, ta an ‘iris’ seo do-leite ar fad. Ma thuigim an sceal, maireann deontas an Fhorais do Comhar go deireadh na bliana seo. Ni fhoilseofar aris ansin e, silim.
    B’fheidir mar a deir tu gur fearr muna mbeadh aiseiri ann, go mbeadh traidisiun Comhar beo seachas an praiseach ata deanta de. Nuair a cheap siad Andreas O Cathasaigh bhi se ag iarraidh rud eigin speisiuil a dheanamh leis an iris aris, ach ta fhios againn cad a tharla do sin…
    Ta Comhar ag fail bais go mall agus go pianmhar, ag siul timpeall mar ‘zombie-iris’, cosuil leis na ‘zombie-bainc’. Ta se truamhealach feachaint air. An feidir aon rud a dheanamh chun e a chur ‘out of its misery’?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní leamh go léamh Comhar. Idir Comhar agus Gaelscéal, tá todhchaí na meáin chlóite Ghaeilge ar ár gcúl….

    Freagra
  3. Maidhc Maol

    Fuaireas ríomhphost ar maidin, ó dhuine des na scríbhneoirí atá luaite agat i do léirmheas ar Comhar. Níl ann ach nasc leis an mír seo ar do bhlag, agus an teideal ‘Comhar faoi ionsaí!’ Caithfead a admháil gur annamh a léim do bhlag, ach tréis an nasc seo a fháil, léas do léirmheas agus dar liom go bhfuil do thuairim ceart agus cruinn, cé nach n-aontaím le gach a bhfuil ráite ann. Tá fabhbanna ana-mhóra ag Comhar agus is mithid tabhairt faoi iad a réiteach. Ní féidir sin a dhéanamh gan a bheith ag caint orthu. Cé go bhfuil tú ana-ghéar ar an iris, ní ‘ionsaí’ a thabharfainnse féin air ach iarracht chun laigí na hirise a thabhairt chun solais. B’fhéidir gurbh fhearr do scríbhneoir Chomhar freagra a thabhairt ort anso ná ríomhphoist faoi ionsaithe a chur sa timpeall?

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Táim cinnte go bhfuil go leor san alt uaimse nach n-aontódh daoine réasúnta leis – ag an am chéanna, is iad san na tuairimí a rith liom agus mé ag léamh na h-irise. Tá súil caite agam ar roinnt eagráin eile seachas eagrán mí Feabhra agus is beag atá in aon cheann acu atá fiúntach.

    Thaitin níos mó den eagrán i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, Eagrán na Scríobhnóirí Úra liom ná aon eagrán eile. Is mór an trua nach bhfuil na scriobhnóirí seo á chothú níos fearr. Ag an am chéanna, bhí blaise na n-aistí scoile go laidir san eagrán sin.

    Freagra
  5. Iarla

    Ní raibh ábhar fiúntach i gComhar le blianta, nuair a bhí Mac Siomóin ina eagarthóir sílim. Lean cuid againn ar aghaidh á cheannach ar son na cúise agus ag súil go mbeadh feabhas air, ach fuair sé bás le leimhe agus theip ar an athbheochain. Tá an-eagla orm nach mbeidh aon rath ar an bpáipéar úr a chuirfidh an Connacht Tribune amach ach oiread. Cá bhfaigheadh duine beagán dóchais?

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Scriobhaim ar chúrsai reatha agus abhair atá á phlé sa nuacht. Ní bheadh suim ag Comhar iontu san, cheapfainn. Ar aon nós, tá níos mó leitheoirí ag an mblag seo ná mar atá ag Comhar…..

    Freagra
  7. Brian de Róiste

    Conchubhar Ó Liathain. A leithéid de bhastard truamhéalach. Chuir sé isteach ar phost mar eagarthóir ar Chomhar. Ní bhfuair sé é. Get over it! Ní raibh sé oiriúnach don bpost. Ní féidir leis glacadh nle diultú. Anois tá feachtas suarach truamhealach leanbhaí gangaideach mailíseach ar bun aige chun an iris a dhúnadh. Níl gramadach na Gaeilge ar eolas aige. Caitheann sé a shaol ag gearán agus ag clamhsán cosúil le páiste loitithe. Theip ar Lá Nua agus é mar eagarthóir air. Dá mba rud é go bhfuair sé an post mar eagarthóir ar Comhar theipfeadh ar Comhar chomh maith. Tá dlúthcheangal idir an focal ‘teip’ agus Conchubhar. Ba chóir dó dul agus cúrsa i mbainistiú feirge a dhéanamh dó féin agus gan a bheith ag iarraidh daoine macánta a chrá. Ní éireoidh leis ina fheachtas in aghaidh Comhar. Níl sé ach ag déanamh amadáin de féin. Breallsún truamhéalach ar fad. Rud atá intuigthe do phobal Mhúscraí cheana. Sé an trua é nár fhan sé i mBéal Feirste as ár radharc.

    Freagra
    1. Maidhc Maol

      Tá Conchubhar tréis locht a fháil ar Chomhar. Muna bhfuil aon fhreagra air sin ag lucht tacaíochta Chomhar ach ionsaí maslach pearsanta ar Chonchubhar féin, b’fhéidir go bhfuil cuid den fhírinne shearbh aimsithe aige! Maidir le teip agus dúnadh irisí, is baolach liom go bhfuil eagarthóir reatha Chomhar ag déanamh ana-jab é féin chun é sin a bhaint amach.

      Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Ní feachtas in aghaidh ‘Comhar’ é seo, Brian. Ach iarracht más fánach féin é teacht i gcabhair ar iriseoireacht chlóite na Gaeilge.

    Nior theip ar Lá Nua le linn dom bheith im eagarthóir. Go deimhin bhí ag eirí linn agus dúbailt déanta ar an díolachán agus méadú súntasach ar líon na leathnach ann le mo linn. Is im dhiaidh a theip air – ach glacaim leis nach mbeadh suim agat i bhfiricí.

    Glac le do chomhairle féin i leith cúrsa i mbainistiú feirge – agus d’fhéadfá leas a bhaint as ceachtanna litrithe freisin.

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    B’fheidir go bhfuil an cheart ag Brian, a Mhaidhc, agus gur ‘bastard truamhéalach[sic]’ mé ach fiú má tá sin fíor, ní réitíonn sé sin fadhbanna Comhar.

    Chuir mé isteach ar an bpost. Ní bhfuair mé é ach b’shin dhá bhliain ó shin. Tá mé ‘well and truly over it’. Ag an am chéanna, cuireann sé isteach orm go bhfuil iris atá ag fáil an oiread san airgid ón bhForas agus gan aon chosúlacht air go bhfuil aon tairbhe á dhéanamh.

    An rud nach dtuigeann Brian go raibh láímh agam féin san iarracht chun Comhar a thabhairt slán. Bhí alt san Irish Times in Eanair 2008 ag caoineadh Comhar – cé go raibh eagarthóír na h-irise an uair úd fós ag iarraidh eagrán mhí Eanáír a fhoilsiú. Agus mé im eagarthóir ar Lá Nua, rinne mé tairiscint go bhfoilseoimís Comhar i leathnaigh an nuachtáin sin go dtí go raibh reiteach acu ar fhadhb an airgid. Níor ghlac siad leis an tairiscint sin ach spreag sé lucht tacaíóchta Comhar chun bórd nua a thoghadh agus tabhairt faoi aiseirí.

    Bhí comórtas ann chun eagarthóir nua a fhostú – chuireas isteach ar an bpost ach roghnaíodh Aindrias Ó Cathasaigh. Ghuigh mé rath air ag an am mar tá aithne agam ar Aindrias agus is fear maith é le tuiscint mhaith ar chúrsaí reatha agus a leithéid. Bheadh sé tar éis bheith ina eagarthóir mhaith – ach bhí titim amach idir é agus bórd Comhar agus d’eirigh sé as nó rud éigean cosúil le sin. Cuireadh ar m’eolas go raibh mírialtachtaí áírithe ag baint leis an bproiseas ceapachán agus rinne mé gearán. Fuair mé míniú ná raibh sasúil ach d’fhag mé ann é mar scéal. Ní raibh aon rath ar Comhar ó shin faoi eagarthóíreacht an eagarthóra atá ann faoi láthair.

    Ní go dtí anois, áfach, go bhfuair mé coip den eagrán is déanaí de Comhar a raibh deis agam breith ceart a thabhairt ar an iris agus bhí an eagrán is déanaí lag agus leibideach ó thaobh an abhair agus an leagan amach. Sin é an fíor teip sa scéal seo.

    Freagra
  10. Dubhaltach

    @ Briain de Róiste
    Bíonn an fhírinne searbh a mhac.

    A Conchubhair, tagaim leat faoin méid atá le rá agat faoi nithe áirithe san iris, tá sé pléite agamsa agus ag blagadóirí amhail Aonghusó go minic roimhe. Ach sílim go mbíonn fiúntas éigin in alt Rosenstock. Bainim sult as ar aon chaoi.

    Freagra
  11. igaeilge Údar an Ailt

    Aontaím go bhfuil fiúntas in altanna Ghabriel – ach creidim féin go bhfuil sé iomarcach trí leathnach a thabhairt dá cholún, gan trácht ar an seacht leathnach do dhráma raidió, in iris nach bhfuil ach 30 leathnach ann! D’fhéadfadh sé an méid céanna a rá ar leathnach amháin – nó fiú in haiku! – agus ní gá do a bheith chun tosaigh ach an oiread. Nior cheart dar liom colún a chuir ar leathnach 3 nó 5 de iris 30 leathnach. B’fhearr an spás sin a chur ar fáil le h-aghaidh altanna móra na míosa agus na h-altanna rialta a chur ar chúl na h-irise. Ní col in aghaidh scriobhnóra é seo – ach iarracht a dhéanamh an leitheoir a mhealladh chun an iris a léamh. Cuir na mireanna rialta ar chúl agus na míreanna atá iomlán nua agus speisialta don eagrán seo chun tosaigh.

    Tá na fadhbanna a bhaineann le Comhar á phlé dá mbeinnse im thost, is léir. An t-aon peaca a rinne mise iad a rá ós árd agus le h-údarás de short éigean, údarás an iar eagarthóra nuachtáin. Tuigim nach gcuirfidh dílseoirí Comhar fáilte roimh mo chuid tuairimí ach fuair siad rith maith agus anois tá sé in am dóibh ligint le dream a thuigeann gnó na foilsitheoireachta is na h-iriseoireachta i mbun an chúraim.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s