ClubLeabhar.com – léigí agus silígí deora…áthais

Seo suíomh snásta ó Ghaelchultúr agus cuireann sé roimhe leitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.  Tá tacaíocht faighte ag an dtogra ó Fhoras na Gaeilge agus is maith an rud é sin nó chomh fada agus gur feidir liom a dhéanamh amach, is  beag atá déanta ag an institiúid teanga tras teorainn chun leitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.

Mura gcuireann tú san áireamh chomh maith is ar eirigh le Foras na Gaeilge deireadh a chur le dhá nuachtán Ghaeilge in aon bhliain amháin….

Tá gá cinnte le Club Leabhar agus molaim Gaelchultúr as é seo a chur ar bun.  Níl a fhios agam conas a oibríonn sé go fóill ach is dócha go gcaithfidh mé tosnú ag léamh leabhair Ghaeilge arís.  Nó á scríobh!

3 thuairim ar “ClubLeabhar.com – léigí agus silígí deora…áthais

  1. johnmodonoghue

    “Nó a scríobh”!!!sin smaoineamh maith a Choncubhair, ní mór duit tosnú go luath.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    go néirí go geal leis an fhiontar nua.cád é an difir atá idir club leabhar.com agus Litríocht.com?
    an ionann iad? Dar ndóigh mar atá a fhios agat a Concubhair tá Club leabhar Coiscéim Feirste ann le 25 bliain anuas agus breis agus 150 seoladh leabhair acu san am sin. Bealach maith é le daoine a thabhairt le chéile leis an teanga a labhairt. Is beatha teanga í a labhairt agus imo thuairim féin is buanú teanga í a labhairt chomh maith. Is maith go bhfuil FNG ag tacú leis an Chlub Nua. An bhfuil dóchas ann go bhfaighfidh Club Feirste rud éigin ó FNG? Nó an gcaithfidh siad fánacht le héigandáil eile ó thuaidh fá na choinne sin?

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Is minic dom a bheith ag trácht ar Chlub Leabhar Coiscéim Feirste anseo. Uirlis íontach é chun léamh na Gaeilge a spreagadh agus ugach a thabhairt d’fhoilsitheoirí agus do scriobhnóirí.

    Creidim gur club leabhar de chineál eile atá i gceist leis an gclub leabhar seo agus b’fhiú don dhá dhream ghnéithe den dhream eile a thabhairt faoi ndeara agus a thabhairt ar bhórd. Mar shampla, ní fheictear dom go bhfuil bealach ann chun lascaine a fháíl ar leabhar i gClub Leabhar mar atá i gClub Leabhar Coiscéim. Agus ní doigh liom go mbionn cruinnithe rialta ag an gClub Leabhar i mBF chun fiúntas nó easpa fiúntais na leabhair a phlé tar éis na h-ocáidí seolta.

    Tuigim go maith na srianta atá oraibh ó thuaidh agus ní bheinn ag iarraidh rud a bhrú oraibh ná raibh riar ann do. Sílim gur chuir tú do mhéar air an fhadhb leis an raiteas dheireannach – ní féidir oibriú mar is ceart i ngort na Gaeilge nuair atá ag brath ar dhibhinn na h-eigeandála seachas ar dhíbhinn na siochána.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s