An ghaoth fhuar ó Shráid Teamhair

Dé Luain seo chaite bhí eagarfhocal san Irish Times ar an gconspóid faoi Willie O’Dea – agus roimh dheireadh na seachtaine, bhí an Teachta Dála imithe go dtí na cúlbhínsí.    Thit sé ar a chlaíomh, is cosúil, tar éis do an bhriathar chath a bhuachaint sa Dáil oiche Dé Chéadaoin.

Ar maidin inniu tá eagarfhocal san Irish Times ina bhfuil an méid seo ráite ag Bean Uasal Sraid Tara agus í ag caint ar an riachtanas atá ann go ndéanfaí athshuathadh ar an gComhaireacht, amhail is go bhfuil flúirse talainne ar chúl bhínsí an Rialtais a thabharfadh slán sinn ón sainn inar chuir an Rialtas sin ann sinn:

Colm McCarthy indicated a way forward in last year’s “Bord Snip” report. He recommended abolishing the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs and a critical examination of the Department of Arts, Sports and Tourism. He also cast a cold eye on the Department of Enterprise, Trade and Employment which is responsible for 14 non-commercial State agencies and more than 4,000 staff. Splitting the latter department’s functions while reallocating and merging other Cabinet responsibilities could provide more effective government. At the very least, it would get rid of dead wood.

Dar leis an eagarfhocal, tá airí sa Rialtas nach bhfuil ag cothú muiníne an phobail.

Mr O’Dea’s departure provides the Taoiseach with the opportunity for a fresh political start. The Government needs a thorough shake-up and filling a single vacancy at the Department of Defence will not serve that purpose. After 13 years in office, some ministers lack ideas and have become stale, detached and complacent. Others are simply out of their depth and should be replaced.

Tá sé soiléir cé ar mhaith leis an Irish Times go dtabharfaí bata agus bóthar dóibh – An Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, an Aire Ealaíon, Sport agus Turasóireachta, Martin Cullen, agus an Aire Fiontraíochta agus Trádala, Mary Coughlan.

Tá folúntas le líonadh ag an dTaoiseach, nó is é féin an Aire Cosanta faoi láthair, ar bhonn sealadach nó, níos fearr b’fhéidir ar eagla na míthuisceana, eatramhach.    Ach an bhfuil sé in  am do athshuathadh níos iomláine a dhéanamh agus an deis seo a thapú anois?

Ni dócha go gcuirfí Brian Lenihan san áíreamh sa reicneáil sin ach, ar maidin inniu, chaill sciaranna Banc na hÉireann suas le 11% dá luach.  Le linn na deireadh seachtaine, fuair Rialtas na hÉireann luach €250m de sciaranna an bhainc sin in áit díbhinn airgid.   Mar sin, roimh tosnú ar obair ar maidin,  roimh bhricfeasta go deimhin, bhí breis is €27m caillte againn.  Bhí an Aire Airgeadais ar an Raidió ar maidin ag cosaint an chinnidh glacadh leis na sciaranna seachas an airgead.  Is cosúil gur riail Eorpach atá i gceist – nach féidir leis an Banc  a fuair tacaíocht ón Stát airgead a thabhairt in áit dibhinn.   Dar le Gobharnóir an Bhainc Cheannais, Patrick Honohan, is gné míshlachtmhar de phroiseas NAMA é seo.  ‘Mí-shlachtmhar’ isea cur síos carthannach ar an gceist.

Táim féin ‘míshlachtmhar’ – ach níor chaill mé riamh €27m roimh bhricfeasta!  Nó, go deimhin, ag am ar bith.

An fath go bhfuilim ag lua an sampla seo chun a chur in iúl go bhfuil easpa talainne i measc ár gcinnirí.  Sin rud atá’s againn go maith. Nach sinne a thoghann iad!   Ag an am chéanna, ní raibh an easpa seo riamh chomh follasach is atá sé anois.   I gcead do Theachtaí Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais, nó aon pháirtí go deimhin, ní fheictear dom go bhfuil na daoine is fearr againn chun tabhairt faoin obair atá riachtanach.

Ceist ar fiú a chur:  An scil ann féin an pholataíocht?  An mbeadh sé éasca a leithéid a mhúineadh d’eacnamaí nó do shaineolaí oideachais nó do chomhairleoir leighis?   Nó do phleanálaí teanga?    Seachas polaiteoirí a cheapadh ina Airí ar réimsí tabhachtacha na tíre, an fiú dúinn féachaint ar an sampla Meirceánach agus daoine a cheapadh ina Airí atá sainscil acu sna réimsí oibre ina bhfuil taithí agus saineolas acu?  Ní gá go ndeanfaí thú a dhíchailliú de bharr gur polaiteoir thú. Ach tá gá le modh oibre nua, dar liom.  Níl an chóras ag obair mar atá sé.

An rud atá gá leis anois féachaint go fuarchúiseach ar na dúshláin atá romhainn agus an fhoireann is fearr gur féidir linn chun tabhairt faoi na dúshláin sin a sharú.   Níor cheart go mbeadh srian orainn an fhoireann is fearr a roghnú ó 166 TD – ba cheart go mbeadh pobal na hÉireann ar fuaid an domhain ábalta cur isteach ar an bpost.   Nílim chomh cinnte faoi na ‘Giovanni Trapattonis’ nó na “Jack Charltons’  – is é sin eachtrannaigh a roghnú chun tabhairt faoin obair seo – ní h-é mar gheall ar chúrsaí chine nó rud ar bith mar sin.  Nior mhaith liom daoine a roghnú chun teacht i dtarrtháil orainn agus ná beadh spéis ag an duine sin ach i dtuarastal agus aguisín deas don CV.

Rialtas na dtalannaí atá uainn, seachas rialtas na bpolaiteoirí.     Is uirlis nó scil breise an pholataíocht – ach tá gá go mbeadh níos mó ná sin le tairiscint ag an dream ar a mbronnfaimís an chumhacht.

Aon tuairim amháin ar “An ghaoth fhuar ó Shráid Teamhair

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá géarghá le leasú iomlán ar an gcóras polaitíochta.Tá an iomad béim ar cúrsaí áitiúla seachas cúrsaí náisiúnta, polaiteóirí ag caoiméad a shúile ar caidéal an pharóiste seachas an caiaéal náisiúnta.Tá an córas Meirceánach tarraingteach agus na daione leis na scileanna chuí a thabhairt isteach sa Rialtas ach ní doigh liom go dtabharfaí é isteach chóice in Éirinn.Beifimíd ró-amharasach go mbeadh na daoine a thabharfaí isteach ag tochailt ar son a gceirtleán féin.Is tír bheag é Éireann, leath an daonra atá mórthimpeall ar Mancain i Sásna.Bheadh dhá Airi Dhéag agamsa, céad Teachtái Dála agus tríocha a toghfaí ar an córas líosta.Tabharfadh sé sin deis saineolaí éagsúla atá riachtanach a thabhairt isteach mar Teachtaí Dála agus i ndiaidh sin mar Airí.Bheadh deireadh leis an tSeanad agus ansin thosnóinn ag leasú an córas Rialtais Áitiúil.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s