TUIL=Tactical Use of Irish Language ar an Late Late Seó

Ní h-é seo an chéad uair do Gerry Adams bheith páirteach ar an Late Late Show – ach bhí blas difriúil ar an ocáid an iarraidh seo.   Roimhe seo, bhí an cosmhuintir ag tacú le hUachtarán Shinn Féin agus é ag tabhairt aghaidh ar an mbuainíocht.  An uair seo, is stataire náisiúnta agus idirnáisiúnta é Gerry Adams, is cuid den bhuainíocht é, tá sé i bhfad ón gcosmhuintir anois, in ainneoin an oiread is a dheineann sé iarracht a mhalairt a thabhairt le fios.

An chéad rud as a bhéal, tar éis a chur Ryan Tubridy i láthair é, ba faoin Ghaeilge é.   Teachtaireacht a bhí caillte, cheapfá, ar an slua sa stuideo, ach mhothaíos go raibh sé ag iarraidh labhairt leis an gcosmhuintir arís, chun a chur ina luí orthu ná raibh sé tar éis dearmad a dhéanamh den Ghaeilge – mar a dhein de réir gach dealramh is tuairisc – sa Chomhaontú ag Cill Rimhinn, Comhaontú an Titanic mar a thugaimse air.

An gcreideann éinne go bhfuil seo ina chomhartha go mbeidh SF ag díriú ar cheist na Gaeilge anois le dúthracht agus ls diograis?  Nó an gceapann siad gur sampla é seo de ‘TUIL’/Tactical Use of Irish Language?

Ag tús na seachtaine seo phostáil mé roinnt cheisteanna ar bhlag Gerry ag fiafraí cad a tharla don Ghaeilge ag na cainteanna.    Tá sé tuairiscthe ó shin ar Nuacht 24 go bhfuil Uachtarán SF ag lorg cruinnithe le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt chun a mhíniú cad a tharla maidir leis an teanga ag na cainteanna agus an bealach chun tosaigh a phlé.    Ní bhfuair mé freagra ar feadh roinnt laethannta ach inné thug mé faoi ndeara go raibh an méid seo curtha leis an dteachtaireacht ó Gerry a spreag mo cheist an chéad lá.    An lá sin, ní raibh tagairt don Ghaeilge de réir mo chuimhne.  Inné, bhí an méid seo ann:

Agreement has also been reached on a process to progress the outstanding issues arising from the St. Andrews Agreement and this clearly includes the rights of Irish language speakers.

It was the Shinners who put Acht na Gaeilge on the table at St Andrews and this Blog is confident that the rights of Irish language speakers will be advanced in the time ahead. This Blog would have liked more progress on language rights. That’s one of the reasons I called the agreement a staging post.

There should be a draft strategy on the Irish language before long. The focus then will be to make this viable; with clear objectives and timeframes, and the inclusive involvement of Gaeilgeoirí to figger all this out. There is also more work to be done by the two governments in tandem with the Executive fulfilling its responsibilities to uphold the rights of those of us who wish to live our lives through our own language.

Arís tá sé doiléir agus níl aon amscála luaite leis an obair seo, agus ní mar a chéile sin leis an sceideal beacht agus cruaigh atá luaite le réiteach ceist na bparáídeanna agus eile.  Ní doigh liom gur leor é.

Cad a cheapann sibh?

Dar liomsa gurb é ‘TUIL’ an polasaí Ghaeilge atá ag Sinn Féin.    Sin a bhí ar chúl na ‘cúpla focail’ ag Martin McGuinness ag an bpreas ocáid agus an méid a bhí le rá ag Gerry Adams aréir ar an Late Late Show.

6 thuairim ar “TUIL=Tactical Use of Irish Language ar an Late Late Seó

  1. johnmodonoghue

    Sea tá Geerry taréis foghlaim ó na polaireoirí san Deisceart faoi TUIL.D`fheadfadh sé ceacht a thabhairt do George Lee faoin dóigh ina oibríonn an córas polaitiochta.Ar bhonn níos dáiríre bhi Tubridy ag caint le Adams faoi mi-úsáid gnéis ar bpáistí.Tá líomhain ann go raibh baint le athair Gerry agus a dearthair leis na cúrsaí seo.Léigh mé alt sa phaipéar go raibh cíorcal mí-úsáid ghnéis ar siúl i measc ceannairí na Pobhláchtánaigh le linn tréimhse an coghaidh ó thuaidh.Cheap mé gur cóir do Tubridy an cheist sin a chur ar Adams aréir.

    Freagra
  2. instsignpost

    Mar aon le gach aon pháirtí eile sa tír sé TUIL an polasaí atá acu. Ní nach íonadh nach bhfuil seirbhís Gaeilge ar fáil ón státchóras is cuma cén chuid den tír ina bhfuil tú.

    Ach is féidir le “those of us who wish to live our lives through our own language” brú a chuir ortha tré úsáid a bhaint as an nGaeilge, muid féin. Sé sin an straitéis is fearr. (Féach http://bit.ly/cuaP2c – cuireadh suas an leathannach sinn timpeall deioch lá ó shin agus tá breis is 130 leantóirí ann anois!)

    Níl fonn ar na poiliteoirí í a úsáid sa Dáil nó sa Seanad, i gComhthionóil an Tuaisceart, nó i bPairlimint na hEorpa ach mar a deireann tú – TUIL nó comharthacht.

    Ná bíodh muid páirteach ina leithéid!

    Freagra
  3. Sean Mór

    Bhuel, le bheith ionraic agus cothrom, is é Sinn Féin an páirtí polaitiúil is mó a thacaíonn leis an Ghaeilge sna Sé Chontae. Gan Sinn Féin is beag caint pholaitiúil a bheadh ann fá dtaobh den Ghaeilge ar chor ar bith. D’éirigh leo an teanga a chur ar an ‘chlár oibre’ anseo, i gComhaontú Aoine an Chéasta agus i gComhaontú Chill Rímhinn.

    Is é an fhadhb atá ann anois, ná nár éirigh leo mórán dul chun cinn suntasach a dhéanamh, agus tá cuma ar an scéal gur lig siad don DUP an ruaig iomlán a chur ar an fhocal ‘Gaeilge’ sa chomhaontú is deireanaí. Táthar ag iarraidh ar phobal na Gaeilge a bheith dóchasach agus sásta cionn is go bhfuil an Ghaeilge luaite faoin teideal ‘rudaí eile’. Tá go líon beag ball de Shinn Féin i mo cheantar féin a bhfuil a gcroí sa Ghaeilge, agus a dhéanann an oiread agus a dhéanann éinne eile ar son na teanga. Ach formhór na mball, ní fheiceann siad aon tábhacht leis an teanga dóibh féin, síleann siad nach bhfuil inti ach damhsa céilí, agus ba mhaith leo bualadh bos a thabhairt don lucht damhsa. Ní fheiceann siad an tábhacht atá ag an teanga ó thaobh féiniúlachta de. Ní thuigeann siad go bhfuil dul chun cinne na Gaeilge ar na dóigheanna is tábhachtaí chun toilteanas an stáitín tuaisceartaigh glacadh le féiniúlacht na hÉireann sa chuid seo den tír a mheas. Creideann siad gurb é an t-aistriú cumhachta póilíneachta an cluiche do na fir mhóra fhíorpholaitiúla.

    Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais lá den tsaol…’The fools, the fools, the fools…’ d’fhág siad an teanga sa bhearna bhaoil…

    Freagra
  4. Micheal

    Ceann de na píosaí is ciallmhaire a bhfaca mé riamh roimhe ar line a Sheáin. Ach má léann tú An Glór Poblachtach, tá Gaeilgeoirí Shinn Féin ag rá an rud ceanann ceánna. Má labhraíonn tú le ball Shinn Féin a bhfuil an Ghaeilge acu deirfidh siad leat nach bhfuil siad ann mar gheall ar an teanga.

    Is cuma sa tsioc le bunús bhall Shinn Féin fán Ghaeilge ach sin mar atá sé sa phobal i gcoitinne, tá obair le déanamh.

    Ná ligimis orainn féin gur conspiracy i gcoinne na Gaeilge iad Sinn Féin – tá siad ag déanamh a ndícheall, ach i ndeireadh na dála, má tá ráth ar an Ghaeilge, gheobhfar a namháid is mó i ranganna an phoblachtanachais.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Cinnte, a Sheáin, go bhfuil cuid maith baill i SF a thacaíonn leis an Ghaeilge agus a oibríonn go dícheallach ar a son ina bpobail féin. Cheapfá, áfach, go mbeadh a rian sin le feiceáil i bpairti phoblachtach, s’é sin go mbeadh an ceannasaíocht ag fáil stiúr níos fearr ón chosmhuintir. Ach an cheannasaíocht seo, caitheann siad, de réir mar a fheicim, leis na gnathbhaill mar a chaithfeadh aoire lena chaoire. Téann siad san áit a threoraíónn siad ag an am a threoraitear dóibh.
    Ní chreidim gur comhcheilg pairtí Shinn Féin in éadan na Gaeilge – ach dar liom níl ceannairí an phairtí ag oibriú ar leas na teanga agus ar leas pobal a labhartha. Is ar leas na cumhachta agus na bpribhléidí dóibh féin agus dá muintir féin atá siad ag gníomhú is ag beartú.
    Maidir leis an nGlór Poblachtach, bheadh orm teacht ar an iris seo sara dtabharfainn breith air. Is léir go bhfuil na deacrachtaí dáíleacháin atá ag an iris níos measa ná na cinn a bhí ag Lá nó Foinse. Comhartha b’fhéidir ar chomh lag is atá lucht na Gaeilge i SF nó chomh lag is atá SF ó dheas de Dhún Dealgan.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s