Cine dheighilt, teanga dheighilt

Invictus

Focal ón dteanga Afrikaans é ‘Apartheid’ agus is minic a úsáidtear é anois i gcomhthéacsanna éagsúla le cur síos ar éagóireanna difriúla.   Níl sé chomh h-olc le ‘-gate’ mar aguisin ar fhocail éagsúla, a bhuiochas don scannal pholatúil a lean ruathar ghadaithe i Watergate i Washington, chun stadas an scannail a bhronnadh ar eachtra éigean ó shin.

Ag an am chéanna rith sé liom gur olc an mhaise do Nelson McCausland, Aire Cultúir an Tuaiscirt, bheith ag caint ar ‘cultural apartheid’ agus é ag déanamh trácht ar an aighneas leanúnach i bPort an Dúnáin agus éilimh leanúnach na bhFear Buí siúl ar Bhóthar Gharbh Achaidh.    Go dtí le déanaí, ní raibh na Fir Buí sásta labhairt le muintir Gharbh Achaí chun an mórshiúl seo a phlé.

Ní dócha go gcuidíonn sé leis an scéal nuair a deireann Martin McGuinness gur cheart don Ord Buí eirí as an mórshiúl ar fad.

Ar ndóigh, an freagra a thabharfaidh McCausland ar seo a chosa a tharraingt níos moille arís  ar aon dul chun cinn i gcúrsaí na Gaeilge.    Is é an cluiche a imríonn Sinn Féin agus an DUP le chéile agus iad ag suí in aon rialtas le chéile – an ‘zero sum gain’.

An rud a dheineann an scéal seo, leagann sé béim ar chomh lárnach is atá ceisteanna chultúrtha in aighneas an tuaiscirt – agus in áit bheith ag deileáil leis na scéalta seo, bionn siad ag seachaint na ceisteanna.

Cosnaíonn Conspóid na bParáideanan na céadta milliún ar gheilleagar an tuaiscirt gach bliain, fiú agus beagáinín maolú tagtha ar an scéal le blianta beaga anuas, idir slándáíl breise, idir damáiste déanta do shealúchais agus gortaithe do dhaoine, idir siopaí agus bialannaí dúnta le linn mhí Iúil.

Ach leanann sé ó bhliain go bliain gan athrú mar nach bhfuil aghaidh á thabhairt ag na polaiteoirí ar na bunfhadhbanna, an cur chuige treibhiúil a bhionn ag ceannairí an dhá threabh.

Chonac an scannán ‘Invictus’ le déanai, scannán spreagúil a d’inis  an scéal faoin chéad ghníomh a rinne Nelson Mandela nuair a toghadh é ina Uachtarán ar an Aifric Theas.  B’éard a rinne sé gur thacaigh sé go h-iomlán le na Springboks, foireann a bhí luaite go sonrach leis an gCine Gheal,  a bhí ag glacadh páirt i gCorn Domhain an Rugbaí i 1995.   Bhuaigh na Springboks an Chorn ach bhuaigh Nelson Mandela rud éigean níos luachmhaire fiú ná Corn Webb Ellis, ghnóthaigh sé gaoth i seol thús úr na hAifrice Theas, rud a chuidigh go mór leis an tír sna blianta luaithe sin.

Cad faoi cur chuige mar seo a Nelson – agus a Mháirtin – seachas bhúr mbéalchraifeacht gan bhrí agus bhúr mbladhman ar cheisteanna chultúrtha?

2 thuairim ar “Cine dheighilt, teanga dheighilt

  1. aonghus

    N’fheadar.

    D’fheidhmigh sé do Mhandela toisc go raibh sé in ann an tír a aontú laistiar den fhoireann.

    Ag deireadh an lae, is féidir rugbaí a athshamhlú mar rud a bhaineann le gach duine. Ach paráid seicteach?

    Freagra
  2. johnmodonoghue

    Sé fadhb an Tuaisceart ná nách bhfuil aon cheannaire ann atá comhstadás le Mandela agus DeClerk.Níl Robinson agus McGuinness ach ag treorú a dtreabhanna féin do dtí a n-áit féin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s