U-chasadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Ar chúis éigean ní raibh cead agam freagra a phostáil ar Facebook....

Dá mbeadh Acht na dTeangacha Oifigiúla ar Facebook – nó fiú ar Buzz – ní bhéinn i mo leantóir.  Ag an am chéanna, ní miste liom úsáid a bhaint as ó am go chéile, nuair a oireann sé dom.     Tá sé cosúil le do TD áítiúil – ní gá votáil ar a shon le h-úsáíd a bhaint as.

Tar éis dom an mhíniú sin ar an ‘u-chasadh’ sin uaim, míneoidh mé an scéal go beacht díbh.

Is amhlaidh go bhfuil mé tar éis scéal a fháil go bhfuil RTÉ ag lorg aighneachtai ar mhaithe le Scéim Teanga atá á ullmhú ag an gCraoltóir Náisiúnta.   Más maith, is mithid.

Seacht mblian tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla bheith reachtaithe, is é seo an eagras poiblí is súntasaí go fóill atá gafa ina líon.

Táim chun aighneacht a ullmhú agus é a sheoladh chuig an Craoltóir.   Creidim gur deis íontach é seo dul chun cinn suntasach a bhaint amach agus is tastáil é an cás seo ar chomh fiúntach is atá Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Oifig an Choimsisinéara Teanga.   Más amhlaidh go n-ullmhaítear scéim nach gcuireann san áireamh sceideal chláracha raidió, teilifíse agus suíomhanna idirlín RTÉ, leireoidh sé chomh lag is atá Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an ailtireacht a ghabhann leis.

Táim chun trí mholadh a chur in bhúr láthair anseo, ceann i ngach réimse, raidió, teilifís agus idirlíon, le go dtuigfeadh sibh an cur chuige atá agam.

1.  Raidió:   Ba cheart go mbeadh staisiún raidió, cothrom 2FM, ar fáil i measc na staisiúin raidió digiteacha – Choice mar a thugann RTÉ orthu cé nach bhfuil aon rogha Gaelach ina measc – agus a bheadh fáil freisin ar an idirlíon, láithreach.

2. Teilifís:   Tá gá, dar liom, go ndéanfadh RTÉ socruithe le go mbeadh teacht ar bheo thrachtaireacht i nGaeilge ar chraoltaí theilifíse mhór ocáidí spóirt ar nós Cluichí Ceannais na hÉireann, Craobh na Sé Náisiún, na Cluichí Oilimpeacha, Corn an Domhain agus Craobh Sacair na hEorpa,  tuairisciú beo ar Phríomhshraith Shasana.    Arís ba mhaith liom go mbeadh seo ar fáil láithreach agus ní ghlacfainn le geallúint ar bith nach mbeadh craoladh beo i nGaeilge ar an dteilifís de Cluichí Ceannais na hÉireann i mbbliana agus páirtíocht na hÉireann i gCraobh Sacair na hEorpa ag tosnú i mí Meán Fómhair mar chuid de.   Is féidir é seo a dhéanamh ag baint úsáíde as an idirlíon freisin.

3.   An tIdirlíon:   Seirbhís nuachta ceart  ionchurtha le seirbhís na Breataine Bige i mBreatnais a bheith ar fáíl ar shuíomh RTE.

Chun ‘bona fides’ a léiriú, ba cheart don Chraoltóir Náisiúnta gníomhú go grod chun na h-éilimh seo a shasamh.  Mura sasaíonn siad na h-éilimh sin, ba cheart d’eagrasaí Ghaeilge aighneachtaí a ullmhú agus a chur i láthair an Rialtais lena míshasamh a chur in iúl agus le h-áiteamh ar an Rialtas pionós a ghearradh ar an gCraoltóir Náisiúnta tre, abair, socruithe éagsúla a dhéanamh mar gheall ar dhaileadh Chiste an Cheadúnais.

Aon tuairim amháin ar “U-chasadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

  1. aonghus

    Maidir le do mholadh uimhir 1 chuirfinn leis – ba cheart dóibh obair i bpáirt le Radio Rí Rá, Radio na Life agus Radio Fáilte chun ábhar a chuir ar fáil.

    Maidir le 2 ba cheart dóibh canéil do phaistí a fhobairt macasamhail CBBC na Breataine.

    Caithfidh mé féin aighneacht a scríobh. GRMA as mo aird a tharraingt air.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s