Dúshlán don bhForas

Tá sé á thuairisciú go bhfuil foireann ‘sean’ Foinse ag tabhairt dúshlán d’Fhoras na Gaeilge mar gheall ar an gcinneadh a rinne an eagraíocht tras teorainn teanga i mí na Samhna, ag bronnadh an chonradh don nuachtán seachtainiúil ar Toradh na dTonn Teo, foilsitheoirí ‘Gaelscéal’, nuachtán a bheidh á fhoilsiú roimh dheireadh mí na Márta.

In ainm ‘Cló Ceart’ atá an dúshlán dlithiúil seo agus beidh éisteacht ann, is cosúil, Dé hAoine.

San Ard Chúirt atá an éisteacht le bheith ann, rud a chiallaíonn gur cás tromchúiseach atá i gceist.

De réir na tuairiscí, is beag atá ar eolas faoin údar atá ag seanfhondúirí Foinse le h-aghaidh an dúshlán seo.    Deirtear linn go bhfuil siad ag gearán nach raibh an proiseas trínar roghnaigh Foras na Gaeilge iarratas ‘Toradh na dTonn Teo.” cothrom.

Is cinnte go raibh ceisteanna agamsa faoin phroiseas nuair a fhograíodh an toradh.   Is é sin ná raibh aon eagarthóir luaite leis an nuachtán nua san iarratas – cé go raibh, creidim, roinnt colúnaithe – agus ní doigh liom ach an oiread go raibh cóip samplach curtha faoi bhraid an Fhorais.  Is é sin dhá rud a rinne an iarratas a bhi ag Nuacht 7, an iarratas a raibh mise luaite leis.    Ag an am chéanna tá neartanna ag an iarratas a bhuaigh: 1. tá sé lonnaithe i gConamara.  2. Tá taithí agus cumas ag an dhá phríomh pháirtí, Eo Teilifís agus An Curadh Chonnachtach sna meáin Ghaeilge agus sna meáin chlóite faoi sheach.

Rinne mé féin iarratas faoin ‘Chód’ Saoráil Faisnéise atá ag an bhForas – níl siad ceangailte de réir na reachtaíochta ar chorr ar bith – ach ba bheag a scaoil siad liom.   Fuair mé coip den bhfoirm iarratais ar an scéim agus cóip den chóras marcála, cé go raibh an chaipéis sin dothuigte de bharr é bheith scríte i ‘maorláithis’.     Tá súil agam go raibh níos mó d’adh ar abhcóide Cló Ceart.

Sa deireadh thiar, ba mhaith liomsa go n-eireodh le Gaelscéal nuachtán maith a fhoilsiú a sheasfaidh an fhód.   Ag an am chéanna, tuigim do mhuintir Foinse.   Bhí siad i mbun nuachtáin.   Niorbh iad ba chúis leis an nuachtán sin ag dul as cló.  D’eirigh idir úinéir an nuachtáin agus Foras na Gaeilge agus an toradh a bhí ar an dtitim amach sin, fagadh iad gan nuachtán le foilsiú agus gan post.

Go tobann ansan, tá an nuachtán a bhí á fhoilsiú acu ar an margadh arís, é difriúil go maith ón nuachtán a bhí á fhoilsiú acu agus é dírithe go mór, mór ar margadh na bhfoghlaimeoirí, foireann difriúil ar fad ina mbun.    Timpeall an ama céanna fuair siad scéala ná raibh rath ar a n-iarratas sa chomórtas chun nuachtán nua seachtainiúil a fhoilsiú.   Ní raibh rath ar an iarratas ina raibh mé féin páirteach ann ach an oiread.

Chuireamar araon isteach ar chomórtas.  Nior eirigh linn.   Bú hú, mar a dúirt an t-é go ndúirt.  Bú hú x 2 nuair a chuimhníonn tú go raibh taithí againn sa ghnó agus gur eirigh linn caighdeáin arda, creidim féin, a bhaint amach lenár nuachtáin.  Easpa infheistíochta seachas easpa dúthrachta nó tuisceana ba chúis le cliseadh na nuachtáin lena rabhmar pairteach.

Nuair a tháinig Foinse ar an bhfód i 1996, bhí sé cosúil leis an chéad roth.  Bhí ath-shaolú Lá mar nuachtán laethúil chomh réabhlóídeach céanna.    Ach d’imigh sin agus tháinig seo agus anois, is cosúil, nach bhfuil gá lenár seirbhísí níos mó.

Ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil spéis againn sa ghnó.  Creidimíd gur cheart nuachtán Ghaeilge a bheith ann.  Creidim gur cheart réimse meáin i nGaeilge a bheith ann agus nach bhfuil an réimse sin ar fáil anois, fiú le TG4, RnaG, Foinse, Nuacht 24, Raidió Fáílte, Raidió RíRá, nós* agus eile.   Tá gá lena bhfad níos mó agus le níos mó téagair ins na meáin atá ann.      An bhfuil todhchaí na meáin Ghaeilge ar líne amháin?  Ar cheart an athrú sin a dhéanamh anois, de phreab agus de rogha, seachas é bheith brúite orainn ar ball?  Ceisteanna speisiúla, dar liom.

Creidim go bhfuil dúshlán ollmhór roimh eagarthóir agus foireann an nuachtáin úir, Gaelscéal, nó caithfidh siad nuachtán ar a laghad chomh maith le Lá Nua/Foinse mar a bhí a chur ar fáíl agus níl ach sé seachtain acu, má tá sin acu fiú, chun an sprioc sin a bhaint amach.  De réir Nuacht 24, seoladh tairiscintí chun na h-iarrthóírí ar na postanna éagsúla an tseachtain seo.    Deirtear go raibh os cionn 100 istigh ar chúig phost.

Beidh sé spéisiúil a fheiscint cé ainmneofar mar eagarthóir agus cén uair.

Idir an dhá linn, beimíd ag faire ar an gcás seo san Ard Chúirt.  Conas mar a eireoidh le sean mhuintir Foinse?  Ceist é sin a fhéadfadh tionchar nach beag a bheith aige ar an rath – nó a mhalairt – ar an nuachtán nua.

2 thuairim ar “Dúshlán don bhForas

  1. Ping: Moill le bheith ar ‘Gaelscéal’? « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s