Dramaíocht na Gaeilge gan ardán cheart

De reir tuairisc sa Sunday Times, tá an plean chun Amharclann na Mainistreach a thogáil as an nua i gCeantar na nDuganna i mBaile Atha Cliath ar na carraigeacha.  Ní thárlóidh sé.

Níl a fhios agam an aiféaltas nó áthas atá orm.   Ní  h-é nár mhaith  liom go  mbeadh foirgneamh nua ag an Amharclann Náisiúnta ach creidim go bhfuil gá níos géire le cur chuige  nua.

An rud a chuireann isteach orm, an bealach atá droim láimhe tugtha ag an Amharclann Náisiúnta do cheann de na teangacha náisiúnta.  Go deimhin ní inniu nó inné a tharla sé seo – ach is annamh ar fad dráma i nGaeilge a fheiceáil ar an ardán san Amharclann Náisiúnta.

De réir Fiach Mac Conghial, Stiurthóir Amharclann na Mainistreach, tá an tír athruithe go mór.

He says he wants the Abbey to re-engage politically. “Irish society is no longer a homogenous, one-coloured, one-cultured nation. It is the fastest-changing society in the world. We have to look at different ways of making theatre, as a lot of theatres in Britain have done.”

Gan amhras tá an cheart aige.    Is tír ilchultúrtha í seo anois, tír í ina bhfuil go leor teangacha á labhairt ann.

An deacracht atá ann, gur beag an súntas a thugann leithéidí Fiach Mac Conghial don Ghaeilge ina chuid pleananna.  Go dtí le déanaí, ní raibh aon dráma Ghaeilge ar an ardán sa Mhainistir.  An uair sin féin, ní raibh i gceist ach trí dhráma gairid agus ba léamh chleachtaithe a bhí ar an ardán seachas léirithe iomlána.

Tá ainmniúchán faighte ag Broken Croí le Manchan Magan do Dhráma Nua na Bliana i nGradaim Amharclainne an Irish Times

Deirtear linn nach bhfuil na dramaí Ghaeilge atá á léiriú faoi láthair – i gConamara ag leithéidí Salamandar nó i mBéal Feirste ag Aisling Ghéar nó ag Manchan Magan fiú – ar chaighdeán maith a dhothain chun go leireofaí iad sa Mhainistir.

Ní doigh liom go bhfuil Fiach Mac Conghial ag feiceáil an phictiúir iomláin.

An uair dheireannach a chonac dráma i nGaeilge ar an ardán in Amharclann na Mainistreach, b’é léiriú Amharclann de hIde ar an dráma le hAntaine O Flatharta, Solas Dearg.  Dráma nua a bhí ann ó údar nua, ag an am, ach is beag atá feicthe agam ó pheann Antaine ó shin.      Tá Amharclann de hIde imithe  freisin – agus níl aon rud tagtha ina áit.   B’é an compántas amharclainne Ghaeilge ‘oifigiúil’ sa tír seo cé gurb é An Taibhdhearc an Amharclann Náisiúnta Ghaeilge.   Agus tá sin druidte freisin.

Nílim ag rá nach bhfuil fadhbanna i ndramaiocht na Gaeilge ó thaobh caighdeáin is lucht féachana is mar sin de.  Na fadhbanna céanna go bunúsach is atá ag compántais amharclainne Bhéarla.   Ach go bhfuil i bhfad oiread níos mó acu ann – agus go bhfuil Compántas Amharclainne na Mainistreach, compántas amharclainne ‘náisiúnta’ le proifíl idirnáisiúnta, ann chun na caighdeáin a ardú agus chun ceannródaíocht a dhéanamh i réimse na dramaíochta Éireannaí.

Níl aon chosúlacht ann go bhfuil polasaí ann maidir le dramaíocht na Gaeilge ag na h-údaráis a cheapfá freagracht éigean a bheith acu ina leith – Foras na Gaeilge go príomha.

Pinginí atá á chaitheamh ar dhramaíocht na Gaeilge ag na h-údaráis agus tá sé ag titim amach ar bhonn ‘ad hoc’ seachas de réir plean éigean.  Tá dramaí Gaeilge á léiriú sa Ghaillimh – ach cén tairbhe é sin do mhuintir na Mumhan?  Níl a dhothain airgid ann chun an dráma a thabhairt ar chamchuaird.  Le linn 2009 ar fad, níor léiríodh ach aon dráma amháin gairmiúil ar árdán i nGaeltacht Chorcaí, An Béal Bocht, a tháinig chugainn ó Bhéal Feirste.

Cosnaíonn camchuairteanna dramaíochta go leor airgid – agus níl sé d’acmhainn ag na compántais na dramaí a thabhairt ar chamchuairt go dtí gach ionad.  Mar sin d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ceantair ag dul gan dramaí i nGaeilge ó bhliain go bliain, contaethe iomlána atá i gceist agam.

Tá cuid den locht freisin ar ghluaiseacht na Gaeilge agus chomh gafa is atá ceannaireacht na gluaiseachta le ‘seirbhís trí Ghaeilge’ a chrú ó na rannóga stait.   Níl dramaí i nGaeilge tabhachtach, is cosúil.. B’fhearr bheith ag meilt airgead na Gaeilge ar thuairiscí bliantúla a aistriú is a leithéid agus ar straitéisí nach féidir a chur i bhfeidhm de bharr an easpa airgid atá ar an Stát.

Tá an mí thuiscint sin soiléir ón chead amharc ar chlár Tostal na Gaeilge a bheidh ar siúl i nGaillimh i gceann coicíse nó mar sin.  Deireadh seachtaine ina mbeidh caint agus tuilleadh cainte faoin Straitéis 20 Bliana.  Beidh na gnath amhrasáin ag labhairt ann – an Aire gan dabht, muintir Acadamh na hOllscolaíochta, ollamh éigean ón iasacht.  Déarfaidh siad go léir rudaí ar mhaith linn a chlos sara dtéimíd abhaile sona sásta go bhfuil gluaiseacht na Gaeilge ‘ar an jab’.  Beidh diospóireacht ann, glacaim leis, mar gheall ar an gcainteoir dúchais V an fhoghlaimeoir, dioscúrsa atá suimiúil ach a sheachnaíonn an buncheist.  Tá an clár ar fad dírithe ar mhaorláthas agus ar riaracháin – agus is beag atá ann a bhaineann le saibhreas na Gaeilge, an saíocht agus an litríocht.

Cheapas i gcónaí go raibh brí níos uileghabhalaí ag an bhfocal ‘Tostal’ ach is cosúil go bhfuil na gealtanna an mhaorláithis tar éis seilbh a fháil ar ghealtlann na Gaeilge.

Is módh cumarsáide í an Ghaeilge.  Caithfear cumarsáid a dhéanamh intí.  Ní mhairfidh sí mura bhfuil daoine á labhairt, ag éisteacht lei, ag baint taitnimh aistí, ag fáíl spreagadh uaithí.

Cuid den phictiúr sin an cultúr – an amhránaiocht, an scéalaíocht, an dramaíocht, an fhiliocht.  Sin an saibhreas atá againn.  Ach in áit a bheith ag caitheamh airgid ar chothú an saibhris sin agus ag infheistiú i gcruthú a thuilleadh saibhris sna blianta amach romhainn, táímíd ag caitheamh an airgead ar nithe nach gcuireann leis an saibhreas an oiread is go gcothaíonn sé maorláthas agus a lámh marbh.

Má leanaimíd orainn leis an gcur chuige seo, an cur chuige ina bhfuil sé maith go leor bheith ag caitheamh na milliún le h-aistriuchain caipéisí atá’s againn a chomhlíonann foráil dlithíúil ach nach sásaíonn aon éileamh ón phobal, caillfimíd cuid tabhachtach den chúis go bhfuil grá againn don Ghaeilge sa chéad dul síos.

Tá grá agamsa don Ghaeilge ar go leor cúiseanna ach i measc na gcúiseanna seo tá grá agam don teanga mar go ligeann sé dom teacht ar ailleacht a bheadh doshroichte ach amháin an teanga álainn ársa seo a bheith agam.

Cén uair a thabharfaimíd faoi ndeara go bhfuilimíd ar an mbóthar mícheart?   Nuair nach mbeidh ach dráma amháin Ghaeilge in ionad amháin sa tír ar fad ar feadh oíche amháin?

2 thuairim ar “Dramaíocht na Gaeilge gan ardán cheart

  1. séamus Mac Seáin

    cad é an Ghaeilge atá ar “GAME,SET, and Match” tá sé uilig ráite agat in aon trachtaireacht amháin a choncubhair. An éisteóidh an maorlathas leis? ní dócha é. Chuala mé an lá cheana go bhfuil cuid de bhoic Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 100,000 Euro sa bhliain. Deacair sin a chaitheamh ar shiúil ar mhaithe le plean gníomhaíochta mar atá molta agat. Dá mbeadh Rialtas ann a thabhairfeadh bata agus bóthar do leath chuid acu is féidir go dtarlódh sé ach an bhfuil goile ag an Rialtas dó? ní fheadair

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá baint ag an maorláthas le postanna a chrúthú don “elite” ar son na Gaeilge agus sin mar a fheidhmíonn an Rialtas.Ansin nuair atá an maorlathas crúthaithe sé an phríomh aidhm a bhíonn acu ná a gcúinne féin a chosaint.Níl aon suim acu dáirire i gcraobhscaoileadh an Gaeilge i measc an chosmuintir.Tá scoileanna náisiúnta i ngach paróiste sa tír dúnta gach oíche.Can a thaobh nách cuireann an Roinn Oideachas ranganna ar fáil do ghnáth daoine ar suim leo an Gaeilge a athshealbhú agus gan a bheith ina Roinn Éadóchas i gcónaí.Tá fís agam don Éire Nua iar Tíogair Cheiltigh a mbeidh an Gaeilge ag na daoine comh maith le Rialtas Macánta Ceannródaíodh ina mbeidh deireadh le caimiléireacht agus soininteacht.Tá géar gá le bhunú pháirtí nua polataíochta chun ár dtodhchaí agus todhchaí ár bpáistí a shabhailt.B`fheidir go mbeadh suim ag George Lee a bheidh i dtús cadhnaíochta san adbhintiúr seo.Tá sé i bhfad ró-thabhachtach len é a bheith fagtha faoi FF agus FG.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s