Cá bhfuil an Ghaeilge i gComhaontú an Titanic?

An Titanic ar ghruinneal na farraige - maraon le geallúintí i leith na Gaeilge ó thuaidh.

Tar eis an oiread agus a tuairiscíodh roimh ré, chreideas go mbeadh caibidil ar a laghad faoin straitéis Ghaeilge sa chomhaontú nua idir SF agus an DUP a fhograíodh ar maidin.
In ionad sin, ní luaitear an Ghaeilge olc maith nó donaí sa chaipéis atá foilsithe ar shuíomh an Belfast Telegraph. B’fheidir, agus mé ag dul in aois go bhfuil an radharc ag teip orm, ach má tá sé aimsithe agat, bheinn buioch duit as an tagairt ar leith a fhoilsiú anseo.
Táim ag baiste Comhaontú an Titanic ar an gComhaontú de bharr gur thart ar an am seo, i 1912, a chuaigh an lóng sin, déanta i mBéal Feirste, go tóín phoil in ainneoin an buaileam sciath a bhí déanta ag a dtogálaithe faoi chomh do phollta is a bhí sí.

An oiread leis an Titanic, bhí go leor dóchas agus aislingí luaite leis an gComhaontú seo, go h-áirithe i leith na Gaeilge.  An oiread leis an Titanic nior bhain na dóchais seo amach an ceannscríbe, pár an Chomhaontaithe…
Maidir leis an Ghaeilge sa chomhaontú seo, mholfainn do phobal na Gaeilge sceideal chomh beacht agus soiléir is an sceideal maidir le cursai na bparaideanna ata sa chomhaontú a lorg agus a fháil i scribhínn sara ndeineannn siad aon cheiliuradh!

Ní ar Shinn Féin amháin an locht as seo.   Teip Rialtas na hÉireann, comh shínitheoirí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chill Rimhinn, é an oiread is gur teip na mór phairtithe náisiúnacha.

Deirtear thall ar Slugger O’Toole, ar phostáil Ghael Gan Náíre, go bhfuil an méid seo raite ag Martin McGuinness, an Leas Chéad Aire (nó an Tánaiste!)

We have agreed a process to progress the rights of Irish Language speakers and North/South aspects of the St. Andrews Agreement.

Ní doigh liomsa go bhfuil sé maith go leor nach bhfuil an ‘proiseas’ seo luaite le sonraí beacht sa Chomhaontú is déanaí.   Is masla ar bharr masla é nach bhfuil an Ghaeilge luaite sa Chomhaontú.   Nach feidir le na pairtithe náisiúnacha agus an dá Rialtas tabhairt ar na hAondachtaithe gur ann don Ghaeilge agus go bhfuil tabhacht lei?  Murar feidir leo seo a dhéanamh, is cinnte go bhfuil an long áirithe seo ag dul i dtreo na gcarraigeacha agus poll mór intí theana féin.   An ainm a thugaimse ar an bpoll seo, easpa measa.

Gan meas, níl aon chaladhfort sabhailte roimh an Chomhaontú seo go luath….

31 de thuairimí ar “Cá bhfuil an Ghaeilge i gComhaontú an Titanic?

  1. Sean Mór

    Tá fonn caointe orm… d’éirigh leis na hAontachtóirí réimse iomlán úr a chur ar an chlár (paráideanna), agus níor éirigh le Sinn Féin fiú rud a bhí ar an chlár 3 bliana ó shin a chur ar ais sa téacs.

    Ní shíneodh Meiriceánach dúchasach in am an ghátair an cac seo.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    triomaigh do chuid súl a sheáin mhóir. Bhí a fhios againn ariamh nach raibh sa teanga ach ” gléasadh Fuinneoige” ag na Páirtí polaitiúla uilig i nÉirinn agus Sinn Féin ina measc. Má shíl tú a mhalairt tá abhar caointe agat. Tá taobh gheall ar an rud uilig nó is cósuil go bhfuil na hAontachtaithe ríméideach gur éirigh leo an Ghaeilge a chur faoi chois sa tsocrú, má ‘s fíor do Póilín Ní Chíaráin ar RNG ag am lón. anois char mhaith leat olc a chur ar do chomhthírigh a sheáin ar mhaith?

    Freagra
  3. Philip Cummings

    Bhuel tá mise sásta nár luadh an Ghaeilge ar chor ar bith sa chomhaontú seo, mar ní ceart go mbeadh an teanga á húsáid mar ghléas idirbheartaíochta ag dream ar bith den dá thaobh sa tsochaí seo. Is le gach Éireannach an teanga, agus níl sé ar leas na teanga go mbeadh an chuma ar chúrsaí go bhfuil sí ‘i seilbh’ dream nó taobh faoi leith,

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Dá mba rud é gur polasaí de chuid SF é gan an teanga a shealbhú, bheadh sin maith go leor. Cén uair a bheartaigh siad an pholasaí seo?
    Agus cén fath nár dúirt éinne le Martin McGuinness faoin athrú pholasaí nó chuir sé tús leis an oráid ag an bpreas ocaid ar maidin le na ‘cúpla focal’ Gaeilge traidisiúnta a bhionn ag a leithéid!

    Freagra
  5. Philip Cummings

    Níl cumhacht ar bith agam ar a ndéanann Sinn Féin. Tá cumhacht agam áfach ar a ndéanaim mar Ghaeilgeoir, agus ós rud é go measaim nach bhfuil sé ar leas na teanga í a bheith i seilbh dream nó taobh ar bith, tá dulagas orm labhairt amach nuair a shílim go bhfuil sin ag tarlú.

    Fág an teanga go hiomlán amach as idirbheartaíocht pholaitiúil, thuaidh, theas, thair agus thoir.

    Freagra
  6. Sean Mór

    Bhí an méid seo a leanas le rá ag An Druma Mór:

    “Tuigtear go bhfuil maoiniú £15m sna blianta amach romhainn don Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh ar na moltaí a bhaineann leis an Ghaeilge sa chomhaontú atá déanta idir an DUP is Sinn Féin. Tá figiúr de £8m luaite, más fíor, le tograí Gaelacha sa phobal. Cuirfear deireadh le Coimisiún na Mórshiúlta ag deireadh a dtéarma reatha agus ina áit beidh struchtúr nua ann chun plé le mórshiúlta.
    Beidh sonraí an mhargaidh á foilsiú níos déanaí ar maidin nuair a bheidh Brian Cowen agus Gordon Brown i láthair ag Stormont.”

    Tá dóchas éigin sa scéal sin, más fíor, cé nach réitíonn roinnt puntaí fadhb níos doimhne a tchím féin, agus is é sin easpa measa go fóill ar an fhéiniúlacht Éireannach sna Sé Chontae. An rud é go bhfuil comhaontuithe eile déanta ar chúr an chomhaontaithe seo? Má tá, ba cheart go mbeadh sin ar fáil don phobal, agus deireadh a chur leis an uisce faoi thalamh seo uilig.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Aontaí leat, a Sheáin ghroí, ní chuireann rud ar bith isteach orm an oiread is go gcuireann sé isteach orm nach raibh an Ghaeilge luaite sa Chomhaontú ‘stairiúil’ seo. Ní stairiúil go n-aithnítear i gceart ról stairiúil agus chomhaimseartha na Gaeilge i saol na tíre agus i saol an phobail.

    Is léir go bhfuil roinnt margaí déanta ar an dtaobh nach bhfuil na sonruithe ar fad tugtha chun solais mar gheall orthu – ie ceist an Presbyterian Mutual Society. Ach ní h-ionann an scéal le banc ná raibh á reachtáil mar is ceart agus gur chaill roinnt boic mhóra aondachtachta agus ceist na teanga, an ionann?

    Agus más ionann, an bhfuil an margadh atá tú ag caint ar anseo – tuairim is €23 thar cé mhéid bliain – i ngiorracht scread asail don mhargadh atá lucht an PMS ag fáil? Más é an ceann comhaireamh seicteach, an zero sum gain nó an quid pro quo atá i gceist, ní mór cothroas bheith ann idir an dhá thaobh, nach n-aontaíonn tú?

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Seachas sin, an bhfuil tagairt nó nasc agat don scéal úd ar an Druma Mór ina bhfuil na sonruithe sin luaite ann? Ní féidir liom é a aimsiú mé féin. D’fhailteoinn roimh na beartais sin – cé go gcreidim go bhfuil an Ghaeilge á dhíol faoina luach go fóill….

    Freagra
  9. Ciarán

    Philip: Fág an teanga go hiomlán amach as idirbheartaíocht pholaitiúil, thuaidh, theas, thair agus thoir.

    Tá sin dodhéanta nó tá pobal na Gaeilge (nó cuid mhaith acu) sna Sé Chondae ag éileamh Acht na Gaeilge. Tacaíonn na páirtithe náisiúnacha leis an éileamh, agus cuireann na páirtithe aontachtacha in éadan an éilimh. Ní féidir Acht na Gaeilge a bhaint amach mura bhfuil sé mar chuid den idirbheartaíocht pholaitiúil, ar an drochuair.

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Táim tar éis a fháil amach cad as a dtáinig an scéal seo faoin airgead mhór don Chiste Craoltóireachta agus tá droch scéal agam díóbh a chairde.
    Foilsíodh an scéal seo ar maidin Dé hAoine – sara foilsíodh an Chomhaontú féin – agus níl aon tagairt den chineál atá geallta, níl aon sonraí nó leid, sa Chomhaontú faoi airgead don Chiste Craoltóireachta nó aon chiste eile a bhaineann leis an Ghaeilge….
    Fiú go bhfuil an scéal, de réir mar a foilsíodh é ar Nuacht 24, luaite ar bhlag The Lede sa New York Times…níl aon fhianaise i scríbhinn in aon áit go bhfuil sé fíor.

    Freagra
  11. Philip Cummings

    hi Ciarán

    Ach is deachtóir mé, agus ós rud é nach mbeadh Acht na Gaeilge ar leas phobal na Gaeilge (i gcomparáid leis an méid céanna airgid a chaitheamh ar oideachas trí Ghaeilge), ní bheadh sé ann dá mbeinn i gcumhacht.

    Níl sé dodhéanta domsa an Ghaeilge a choinneáil neamhpholaitiúil: níl le déanamh agam ach í a labhairt.

    Freagra
  12. Niamh rourke

    Cén fáth an bhfuil gach uile blag as Gaeilge faoin teanga?/why is every blog in Irish about the irish language or seems to be?
    It is no wonder so many of us hated it in school and still find it hard. Would you not find the english blogs boring if they spent the whole time speaking about English.
    Is mise le meas,
    (foghlaimeoir)

    Freagra
  13. igaeilge Údar an Ailt

    Niamh, a chara,

    Tuigim do ghearán. Níl ach beagán blaganna Ghaeilge ann sa chéad dul síos. Agus seo an t-aon cheann mar gheall ar an teeanga. Is é sin a chuir mé romham a dhéanamh. Mura dtaitníonn sé leat, tá go leor áiteanna eile le dul ann. Amach anseo, nuair is féidir liom mé blaganna eile faoi abhair eile. Má leanann tú cuid de na nascana sa Blogroll gheobhaidh tú blaganna i nGaeilge faoi abhair eile.

    Mar gheall ar do phointe faoi bhlaganna Bhéarla, bhuel tá go leor acu ann agus tá go leor meáin Bhéarla ann. Ní gá doibh ‘ceist na teanga’ a phlé. Níl an Bhearla i mbaol. Tá an Ghaeilge i gcontúirt. Ach mar sin féin bionn go leor blaganna is meáin Bhéarla ag déanamh ionsuithe ar an nGaeilge.

    Cé h-iad ‘so many of us”?

    Molaim d’iarrachtaí an teanga a fhoghlaim. Ach fag againn ár gcuid plé faoin Ghaeilge i nGaeilge led thoil. B’fhéidir amach anseo go mbeidh tú féin ábalta blag i nGaeilge faoi abhar éigean eile a bhunú…..

    Freagra
  14. Niamh rourke

    Mise duine de na ‘many of us’. An t-aon deis againn comhrá i nGaeilge an ‘scrúdú béil. Léigh mé Peig agus d’fhloghaim mé chonaic mé, chuaigh mé, d’ith mé, chuir mé etc agus íde béil nuair a bhí sé mícheart againn but níos mó Fraincise ná Gaeilge tar éis an Ardtéist,
    Is mise Niamh

    Freagra
  15. Philip Cummings

    Salut Niamh

    d’abord, d’habitude Concobhar ne parle trop au sujet de l’irlandais lui-meme ici, mais aujourd’hui, et hier et avant hier, la langue faisait part des entreteins a Hillsborough et on a entendu qu’il y’aura des nouvelles au sujet de la promotion de la langue dans l’Irlande du Nord. Cela ne s’est pas passe et donc il y a pas mal de gens qui veulent en parler maintenant.

    D’accord?

    Freagra
  16. ormondo

    Haigh Niamh,

    b’fhearr go mór le lucht na Gaelainne, dar liom, gan an choimhlint chun marthana na teanga a bheith mar cheist lárnach acu ach ós rud é nach amhlaidh atá sé de bharr an teanga a bheith i mbaol ba chóir go maithfí dúinn an rud a phlé anois is arís.

    Ní bheidh trácht ar ábhar ar bith i nGaelainn gan an Ghaelainn a bheith ann sa chéad áit.

    Freagra
  17. Niamh rourke

    Lieber Philip,
    Meine deutsche Sprachkenntnisse sind besser. Ich finde es langweilig, dass die irischen Tagbücher immer über Irisch sind.
    deine Niamh.
    Ormondo thaitin an phrása deirneach liom, ach bheidh sé fós deas léamh faoi ábhar eile. Tá sé soiléir nach gceapann sibh go bhfuil na cearta céanna agam labhairt faoin teanga, (ní raibh mé ag iarraidh aon duine a mhaslu,)
    Niamh

    Freagra
  18. igaeilge Údar an Ailt

    Niamh, a chara,

    Tá gach ceart agat scríobh faoi pé rud is maith leat in aon áit is maith leat. Is é seo iGaeilge. Deintear cúrsaí Ghaeilge a phlé anseo i measc ábhair eile. Is beag áít eile a dheintear na ceisteanna seo a phlé. Mura dtaithníonn sin leat, bhuel tá an domhan mhór amuigh ansin le bheith ag cuardach timpeall air chun stuif i nGaeilge faoi abhair eile a aimsiú. Bain triail as.

    Freagra
  19. Philip Cummings

    Niamh, mein Kind, das is zehr gut. Jetz wir sprechen nicht zum Irish> Nach deas mar a thiontaigh tú an t-ábhar cainte ó theanga amháin go teagacha go ginearálta?

    Freagra
  20. ormondo

    Niamh,

    déan camchuairt bheag ar na blaganna Gaelainne eile – faoi mar atá molta thuas. Agus go mbaine tú taitneamh astu!

    Dála an scéil, ar an gcéad radharc thuas cheapas gurb é an Irisches Tagebuch le Heinrich Böll a bhí i gceist agat.

    Hast Du es gelesen übrigens?

    Freagra
  21. Niamh rourke

    Ormondo,
    Als ich in Köln wohnte, habe ich es gelesen.cad is brí le marthana. Ní raibh mé in ann teacht ar sa foclóir.

    b’fhearr liom leabhar Gaeilge a léamh i dtús roimh aistriúcháin ach b’fhearr liom ‘níos mó'(?) beith abalta caint agus comhrá a bheith agam as Gaeilge agus níor thug an corás oideachais an deis sin dom.Ní raibh orm beidh compordach,D’fhloghlaim mé aistí agus giotaí de Pheig. dánta nár thuig mé focal ann ach d’fhoghlaim mé iad ‘auswendig, off by heart’
    Tá mé ag déanamh iarracht leis an blog seo faoi láthair. Tógann sé tamall gach rud a thuiscint. Ansin tosnóidh mé leis na blaganna eile,
    go raibh míle maith agaibh,
    Niamh

    Freagra
    1. aonghus

      marthain [ainmfhocal baininscneach den tríú díochlaonadh]
      maireachtáil; buanseasamh; bia, beatha.
      Tuiseal Ginideach: marthana

      A Niamh, mura bhfuil ach an blag seo feicthe agat, nach bhfuil tú ag dul thar fóir beagán a rá go bhfuil gach blag i nGaeilge faoin Gaeilge?

      Freagra
  22. ormondo

    Niamh,

    “an choimhlint chun marthana” = “the struggle for survival”

    Tá tú ag déanamh go maith – d’ainneoin an chórais oideachais!

    Níor mhór an chabhair an córas oideachais do mhórán daoine. Caithfidh an duine féin a bheith gníomhach. Sin é an scéal maidir leis an nGaelainn – dá mba é nach bhfuil an t-ádh agat a bheith i do chainteoir dúchasach!

    Bhí tú i do chónaí sa Ghearmáin; nárbh fhiú é do dhícheall a dhéanamh chun an teanga sin a fhoghlaim?

    Bain triall as Daltai.com – is suíomh idirlín é sin do fhoghlaimeoirí, áit a bhfaigheann tú freagraí má tá ceisteanna agat faoin teanga, faoin ngramadach agus mar sin de.

    Freagra
    1. Niamh rourke

      Tá mo mhúinteoir i gcoinne daltaí.com ni ligeann sí aon Bhéarla sa rang. d’fhloghlaim mé Gearmáinis i gcologne agus ní labhair mé béarla roimh leis an mhúinteoir mar sin thaitníonn bealach Sinéad liom. léigh mé Peig i mbéarla daríre. Chuireamar na focail go léir i mBearla. Ní dheanann sinéad gramadach ach in oiread ach a lán cluichí cainte agus oibríonn sé. Bíonn daoine sa rang i gconaí chuir ceisteanna what’s that in english or why is it like that agus tugann sí neamhaird orthu. Tá m’iníon i rang a haon scoil lán gaeilge agus tá súil agam nach beidh an fuath céanna aici don Gaeilge agus atá agam.
      Niamh

      Freagra
  23. Niamh rourke

    Aonghus,
    Rinne mé iarracht le blaganna eile i dtús agus bhí sé deacair agus bhí siad ag scríobh faoin Gaeilge agus ansin mhol mo mhúinteoir an blag seo ach tá sé seo faoin gaeilge freisin.Beidh orm an google reader a thaispeaint di. Tá an múinteoir seo ag déanamh an iarracht liom ach rinneadh an damáiste dom ar scoil cosúil le ‘many of us’
    Niamh

    Freagra
  24. Éilis

    A Niamh,

    Tuigim do chás. Tá aithne agam ar an-chuid daoine atá go h-iomlán míshásta leis an scoil-ghaeilge s’acu – mar tú féin, deir go leor daoine nach bhfuil an teanga acu, ach frasaí agus aistí faoi Peig nó pé rud. Tá trua agam dóibh agus duit, ach rud amháin a chur i gcuimhne: is as an tuaisceart mé, ó baile beag (bhuel, níl sé chomh beag sin, ach cúng!) ina bhfuil tada go deo ó thaobh gaeilge de.
    ‘Seard atá i gceist agam ná:
    1. cé nach bhfuil an chórais oideachais sa deisceart chomh maith sin, faigheann sibh níos mó taicíocht ná muidne anseo, ait ina bhfuil an teanga mar pribhléid agus ní mar ceart. Ni dhearna mé gaeilge sa scoil, agus nuair a thosaigh mé (bliain ó shin – fíor-bhrón orm faoi na botúin!) bhí sé orm dul chuig Iarthar Béal Feirste, turas fada. I ndiaidh sin, bhog mé go BÁC, bhí sé chomh deacair sin an rang ceart a aimsiú..
    Níl mé ag rá nach bhfuil sé iontach deacair ort – tá a fhios agam mar foghlaimeoir fásta cé chomh deacair ‘s a bíonn sé an teanga sin a fhoghlaim! – ach amháin go bhfuil rudaí ann níos measa na gaeilge scoile, agus gur iontach an rud é conradh na gaeilge/gael linn/na haiseanna ar fad atá s’agaibh ansin.
    2. Faoi blaganna mar seo “faoin gaeilge”: is iad rudaí mar fíor-acht na teanga iontach, iontach tabhachtach dúinn – don lucht na gaeilge ar fad, ach go háirithe na daoine cosúil liomsa. Muna bhfuil an ceart againn an teanga a fhoghlaim agus a úsaid, nach bhfuil sé orainn obair (agus plé) a dhéanamh faoi sin?
    Ok, tá mé cinnte go ndearna mé botún i ndiaidh botún.. tá suil agam go raibh tú in ann mo chuid ranting a thuiscint. Sibhse atá líofa, tá brón orm – níor mhaith liom tar isteach agus mé ag caint i mbéarla, ach seans go raibh mo iarracht trí ghaeilge níos measa fiú!

    Freagra
  25. Niamh rourke

    A Eilis,
    Tá do chuid Gaeilge go hálainn agus níl sé loite le na botúin a d’fhloghlaim ar scoil. Tá sé níos fearr gan aon Ghaeilge beith déanta agat ná bheith in ann díospóireacht a scríobh gan focal de a thuiscint nó ceist a fhreagairt gan an cheist a thuiscint. Rinne mo mhúinteoir Gaeilge dochar, níl aon rud níos measa ná leathanach i ndiaidh leathnach a fhoghlaim ‘off by heart, auswendig’ agus tá daltaí fós á déánamh Ní fíor thacaíocht é.
    Niamh

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s