Teach lán ag comhdháil Phleanáil Teanga

Seosamh Mac Donncha, Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge, ag tabhairt a chaint ag an Scoil Earraigh

Táim ag frreastal ag tús na seachtaine seo ar Scoil Earraigh faoi Phleanáíl Teanga atá á reachtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Ghaeilge – cé go bhfuil gnóthaí eile agam sa Ghaillimh freisin.  Tuilleadh faoi sin ar ball.

Nuair a shroich mé Aras na Macléinn ag an Ollscoil maidin inné, tar éis eirí moch agus turas fada agus, ag amanntaí, baolach, bhí an seomra comhdhála lán go doras agus Seosamh Mac Dhonncha ag cur deireadh lena chaint ar an Stráitéis 20 Bliana i leith na Gaeilge.   Ar éigean go raibh spás ann le seasamh.

Is maith ann an Scoil Earraigh seo, fóram chun cúrsaí pleanála teanga a phlé agus léargas an dream atá ag déanamh dian staidéir ar cheisteanna thar a bheith deacair agus casta.

Tháinig mé le dearcadh daingean i mo cheann go raibh dul amú san cur chuige deighilteach, dar liom, a bhionn á chraobhscaoileadh ag Mac Donncha agus a chomrádaithe i leith idirdhealú a dhéanamh idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht.   Thug an méid a chuala mé ag an Comhdháil dúshlán dom mo chuid claontaí féin a cheistiú – agus ní doigh liom go bhfuil siad chomh daingean.

Nuair a deirim go bhfuil an cur chuige deighilteach, is éard atá i gceist agam go bhfuil an deighilt dlithiúil atá ann idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht deighilteach ann féin agus nílim cinnte im cheann féin go bhfuil sin ar leas na Gaeilge nó pobal na teanga, cibé áit ina bhfuil siad.   Cén fath, mar shampla, go mbeadh deontas á dhíol le teaghlaigh sa Ghaeltacht faoi Scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus nach bhfuil aon deontas á dhíol le teaghlaigh atá  chomh Gaelach céanna taobh amuigh den Ghaeltacht?

Is cinnte go bhfuil sé molta agam anseo deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge mar go dtagaim, go pointe, leis an moladh i dTuarascáil an Bhoird Snip deireadh a chur leis an riar dhifriúil a dheintear ar an nGaeltacht i gcodarsnacht leis an chuid eile den tír, ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh ceisteanna eile.

Maidir le Seosamh Mac Donnchadha agus Conchúr  O Giollagáin agus eile san Acadamh, is leor a rá gur saineolaithe iad a thuigeann an abhar atá idir láímhe acu agus go bhfuil léargas ar leith acu ar na ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an abhar, tá an t-adh linn go bhfuil siad ann agus ag labhairt amach ar na ceisteanna seo.

Tá an chaidreamh idir an dochtúir agus an othar cosúil leis an ghaol idir an saineolaí phleanáíl teanga agus polaiteoirí/na h-údaráis.   Tá othar tinn ann – is í sin an Ghaeilge sa Ghaeltacht).  Téann an pholaiteoir go dtí an Acadamh ag lorg cómhairle maidir leis an oideas is fearr.   Deineann na saineolaithe agus na comhairleoirí leigheas teangan scrudú ar an othar agus aimsíonn siad an fhadhb, tugann siad an diagnosis agus an prognosis don othar mura gcloítear leis an leigheas atá molta ag na comhairleoirí.  Más buan mo chuimhne, b’é an ceannlíne, de reir mar a foilsíodh i Foinse é i 2007 nuair a sceitheadh an tuarascáil i Lúnasa na bliana sin, go raibh an bás i ndán don Ghaeilge taobh istigh de 15 bliain.

Táimíd go léir, is dócha, ag iarraidh an chinniúint sin a sheachaint.   Deirim ‘is dócha’ mar go mbím éadochasach uaireannta go bhfuil comhcheilg ar bun ag na h-údaráís is an Rialtas chun an Ghaeilge a mharú – bá i maorláithis an bealach chun báis atá roghnaithe acu dar liom.

B’é an bun teachtaireacht a bhí á chraobhscaoileadh ag an gcomhdháil ná raibh sa Straitéis 20 Bliain na Gaeilge [dréacht] ach scath den oideas téigeartha a mhol siad sa Staidéar Chuimsitheach.  Go raibh go leor den ‘an oiread agus is féidir’ agus ‘a luaithe agus is féidir’ sa dara chaipéis agus, níos measa ná sin, ná raibh aon leid ann gur thuig an Rialtas go raibh an chainteoir dúchais éagsúil ón fhoghlaimeoir, go deimhin ná raibh ann don chainteoir dúchais ar chorr ar bith nó nior luadh oiread is uair amháin sa chaipéis (aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge deirtear linn anois] a d’fhoilsigh Roinn Uí Chuív.

Níl ann don phobal dhá theangach i bhfirinne.   Níl a leithéid de rud ann agus dhá theangachas cothrom, an sprioc atá luaite leis an dréacht straitéis.

Sa Ghaeltacht, is rud dealaitheach é an dhá theangachas.  Is éigean don dhuine a bheith dhá theangach.  Taobh amuigh den Ghaeltacht, is rud breisitheach é.  Tugann cumas sa Ghaeilge breis cumhachta don t-é atá an chumas sin acu.    Is rogha saoil a dheineann daoine.  B’shin an anailis a rinne an saineolaí, Brian O Curnáin, ina chaint an spéisiúil agus dúshlánach.

Deineadh go leor cainte ar chumhacht agus an slí a bhaintear feidhm aistí agus na caidrimh éagsúla cumhachta sa tír seo de reir mar a imríonn siad tionchar ar pholasaithe Ghaeilge is Ghaeltachta.

An deacracht ar chúl na cainte ar fad go bhfuil a fhios ag an saol mór gur ar eigean go bhfuil airgead ann chun na mianta i gceachtar den dhá chaipéis, an Staidéar Chuimsitheach nó an Straitéis 20 Bliana (Dréacht), a thabhairt chun aibíochta.

Ní h-é sin an chúram atá ar lucht an Acadaimh, áfach. Is iad san na comhairleoirí atá ag tairiscint comhairle.  Iarradh orthu an comhairle sin a thairiscint.  Ní féidir leo iacaill a chur ar na h-udaráis glacadh leis an gcomhairle a chuireann siad ar fáil, fiú amháin go mbeadh aontú ann faoi chomh stuama is atá an chomhairle sin.

Tá cuinsí polatúla i gceist, gan amhras, maidir leis an gcomhairle seo a ghlacadh nó gan glacadh leis.  Bheadh sé ina mhí adh amach is amach go bhfaigheadh na cuimsí polatúla sin tús áite i gcás chúrsaí teangan.   Ag an am chéanna, tá’s againn an rud a thiteann amach sa tír seo.

Níl anseo ach an clochmhíle is déanaí sa phlé leanúnach seo.   Ba mhaith liom, sna laethannta romhainn, díriú ar roinnt phointí is argóíntí a cuireadh inár láthair ag an Scoil Earraigh.  Le cúnamh Dé beidh na caipéisí cuí agam ón Acadamh chun cuidiú leis an bplé sin.

Ar aghaidh leis an diospóireacht….

Dhá aguisín:

1. Tá brón orm gurb é seo an chéad tuairisc ón gComhdháíl seo.  Bhí sé i gceist agam tuairisciú leanúnach a dhéanamh.  Ach bhí deacrachtaí ar leith agam ceangal leis an idirlíon ag an Ollscoil – de reir dealraimh theastódh rud éigean cosúil le dispeansáid Phapúil chun ligint dom úsaid as an gcóras Wifi.

2.  Dea scéal[?]  Beidh mé féin ag glacadh pairte ar 7 Lá anocht. TG4 7.30in.

5 thuairim ar “Teach lán ag comhdháil Phleanáil Teanga

  1. séamus Mac Seáin

    Tá slua breá ag an chruinniú sin a choncubhair.m’anam mura bhfuil céad ann. Cé hiad uilig? cá bhfuair siad an tam le bheith ag féile mar sin? má’s micléinn iad tá sin maith go leor nó caithfidh micléinn á gcuid ama a chur isteach ar dhóigh éigin ach ma’s daoine iad atá ag obair in earnáil na Gaeilge dar leat nach mbeadh le déanamh ach iad a sheoladh na bhaile le beagán oibre a dhéanamh iná gceantar féin agus bheadh an Ghaeilge slán. Cad é an galar atá ar Ghaeil go gcaithfidh siad go síoraí a bheith ag freastáil ar Chomhdhálacha? tcím go bhfuil ceann eile le bheith ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh i bhfad. “Chomhdháil ag an Chomhdháil” is dócha. An cleas é seo le tuilleadh turasóirí a mhealladh chun na Gaillimhe? An bhfuil duine ar bith amuigh ansin a d’fhoghlaim aon rud ariamh as Comhdháil? 20 Euro don fhreagra is fearr.

    Freagra
  2. ormondo

    Go raibh maith agat as an dtuairisc.

    Is é mo thuairim fhéinig ná go gcaithfear tús áite a thabhairt don Ghaeltacht in aon phlean ar bith a socrófar air. Ní dóigh liom go bhfuil nó gur chóir iomaíocht a bheith ar siúl idir an Ghaeltacht agus an Ghalltacht maidir le hacmhainní i gcúrsaí Gaelainne.

    Táim féin i mo chónaí ar an Ilchríoch le blianta fada anuas agus lántumaithe i dteanga na tíre ina bhfuilim (tá an Béarla ar mo chumas agam dá ainneoin – ní gá imní a bheith ar an iar-Aire Oideachais Hannafin faoi sin).

    Is féidir liom a rá de bharr mo thaithí féin nach bhfuil aon bhreith ar an teanga dhúchasach agus nach bhfuil an teanga fhoghlaimthe inchurtha léí. Ní hionann sin agus beag a dhéanamh den fhoghlaimeoir – ach táim fhéinig mar fhoghlaimeoir lánsásta tús áite a ghéilleadh dos na cainteoirí dúchasacha – mar ní bheidh ann don Ghaelainn gan an Ghaeltacht.

    Pé scéal é, táim den tuairim go bhfuil spriocanna na stáitéise 20 bliain insroichte ach iad a chur i bhfeidhm go h-éifeachtach. Idir chumas agus dhúthracht, tá go leor daoine sa Ghalltacht a bheadh sásta dá meallfaí iad i dtreo na teanga. Is amhlaidh go bhfuil géin nó frídín na Gaelainne ag go leor daoine a bheadh sásta an dianobair a dhéanamh le caighdeán feidhmiúil inmharthanna a bhaint amach ach iad a aimsiú agus a thacú. B’fhéidir gur chóir díriú isteach ar an dream sin agus gan na hacmhainní a chur amú ar theipiarrachtaí an Ghaelainn a chur faoi bhráid na ndaoine nach bhfuil nó nach mbeidh riamh aon mheas acu ar an teanga.

    Freagra
  3. An Díbeartach ó Éirinn

    Is é seo m’iarrachtsa ar an duais 20 euro sin a bhuachaint, a Shéamuis!

    Samhlaigh cinneadh a dhéanamh ag foireann Aontroma gan straitéis chun cluiche a bhuachaint a phlé! Is dearcadh an-chúng agus gearr-radharcach é i mo thuairimse a bheith ag súil go seachnódh daoine a oibríonn in earnáil na Gaeilge deiseanna chun cáipéis chomh tábhachtach leis an dréacht-straitéis 20 bliain don Ghaeilge a phlé – go háirithe agus cuireadh tugtha ag an Aire do phobal na Gaeilge a dtuairimí ar an dréacht a thabhairt dó. D’fhreastalaíos ar an gcomhdháil agus fearacht Chonchubhar, bhaineas an-tairbhe as. Le bheith macánta, b’ionadh liom a laghad a bhí i láthair ó earnáil na Gaeilge mar bhí roinnt mhaith mac léinn ann. Deis iontach a bhí anseo éisteacht le saineolaithe i réimse na pleanála teanga ónár dtír féin agus ó thíortha eile.

    Dar leat nach bhfuil le déanamh ach daoine ‘a sheoladh na bhaile le beagán oibre a dhéanamh iná gceantar féin’ chun an Ghaeilge a shlánú ach is ionann an cur chuige sin agus caid a chaitheamh le foireann Aontroma agus a rá leo pé rud is mian leo a dhéanamh agus gan a bheith buartha faoi ullmhú proifisiúnta don chluiche mór. Bunófar obair an Rialtais sna 26 Chontae ar son/in aghaidh na Gaeilge don 20 bliain amach romhainn ar an straitéis seo. Tá an straitéis lochtach toisc go bhfuil sé dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus go ndéanann sé faillí ar an gcainteoir dúchais. Ní cás é seo do ‘earnáil na Gaeilge’ i mBéal Feirste b’fhéidir ach má leantar le polasaithe nach ndíríonn ar mheath na teanga sa Ghaeltacht, fágfar sinn gan aon tobar chun beatha a thabhairt do na foghlaimeoirí. Cá háit ar domhan (seachas cás leithleach na hEabhraise) a bhfuil teanga bhisiúil fholláin ann nach gcothaítear ó thobar traidisiúnta teangan le cultúr trína seachadtar an teanga go nádúrtha ó ghlúin go glúin? Caithfear an cháipéis straitéise a chur ina cheart agus ba chabhair mhór í an chomhdháil chuige sin agus chun na dúshláin atá romhainn a aithint.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    go raibh maith agat a dhíbeartaigh a chara as mó chuid rámhaille a léamh agus trioblóid a chur ort féin freagra a thabhairt. Is féidir go raibh an chomhdháil sin difriúl ó na cinn ar gnáthach liom freastáil orthu agus mé óg agus amaideach agus is maith sin. Má bhí sí ag plé dóigheanna leis an Ghaeilge a láidriú i mBearna nó ar an Spidéal níor mhisde ach má bhí sé ag plé “stráistéis” ar an mhórscála sílim gur cur amú ama agus fuinnimh atá ann. Tá mé sean go leor le cuimhne a bheith agam ar an stráitéis a leag an Rialtas amach i 1965 nach sáróidh an ceann seo ó thaobh inniúchú agus moltaí cinnte de( trí chéad acu) ag baint le gach réimse den saol. Ní raibh de thoradh ar sin ach tuilleadh comhdhálacha agus stráitéis eile. Sílim nach feidir an lá atá inniu ann stráitéis náisiúnta a leagán amach leis an Ghaeilge a láidriú. is ar bhonn áitiúl is féidir a dhéanamh dar liom agus ní theastaíonn ach beagán airgid a bheith caite go háitiúl le sin a dhéanamh. Le meafar’sagatsa mar gheall ar fhoireann Aontroma a thabhairt níos faide, níorbh fhiú stráitéis comhcoiteann a dhéanamh amach do Chill Chainnigh agus do Aontrom araon nó theastaíonn an rud céanna ón dá dhream. Maidir leis an Ghaeltacht agus a tabhacht is í is tabhachtaí amach agus amach agus dar liom má chailltear í mar phobal aonad teanga ní fiú a bheith ag caint ar an teanga a athbheo ar chor ar bith. Is i dtreo sábháil na Gaeltachta a ba cheart dúinn ar náird a dhíriú ach is go háitiúl ó cheantar go ceantar a chaithfear a dhéanamh agus ní le stráitéis mór mílteach. Is siopaí oibre aitiúl a theastaíos seachas Comhdhálacha. Is í an cheist mhór ata ann dar ndóigh an féidir an Ghaeilge a shlanú gan cuma a bheith uirthí go bhfuil sí ag teacht arais sa chuid eile den saol? Ba í an bharúil sin a bhí ag Mairtín Ó Cadhain tráth a mhair agus sílim go raibh an ceart aige agus sin a fáth ar chaith me mo chuid ama ag iarraidh an teanga a chur chun tosaigh imo cheantar féin ní ar mhaithe le íosgradú a dhéanamh ar an Ghaeltacht ach féachaint le tacú leí. Ceist shimplí amháin cad chuige nach bhfuil ceannceathrú na nEagras Gaeilge uilig, Foras an Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Comhdháil etc lonnaithe sa Ghaeltacht mar atá ag Glór na nGael? Ní ghlacfaidh le Comhdháil le sin a shocrú ach cur chuige. Is sa Ghaeltacht atá préamhacha ar dteanga agus is as sin a thiocfas ár slánú má tá sé indán dúinn.

    Freagra
  5. Tomaltach

    Is deacair liom a chreidiúint gur mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail. Tá sí fós ag meath sna ceantair bheaga ina bhfuil sí measartha láidir agus gan aon chuma ar an scéal go dtig linn stop a chur leis an mheath seo. Gan amhras is gearr nach mbeidh tús áite ag an Ghaeltacht, nó áit ar bith, in aon díospóireacht i dtaobh na teanga : mar ní bheidh aon Ghaeltacht ann. Cén tionchar a bheidh ar dheireadh na Gaeltachta ar fhoghlaim na teanga sna bailte? Cheapfá go gcuirfeadh sé as go mór d’fhorbairt na teanga mar dhara teanga ach b’fhéidir go bhfuil an deighilt idir foghlaimeoirí agus an Ghaeltacht chomh mór sin is gur beag athrú a bheidh le feiceáil. Ar an abhar seo ba díol spéise é an t-alt leis an Dr. Brian Ó Broin a foilsíodh ar an IT le déanaí. Thug sé le fios go bhfuil difríochtaí móra deilbhíochta, comhréire, gramadaí agus foghraíochta idir Ghaeilge na Cathrach agus Gaeilge na Gaeltachta. Chuir sé ‘pidsean’ ar Ghaeilge na bhfoghlaimeoirí líofa agus dúirt sé go bhfuil an dá theanga ag scaradh ó chéile de bharr a laghad teagmhála atá an dá phobal ag a chéile.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s