Cé cheannódh céim?

Seo thíos an tuairisc uaim a foilsíodh i Foinse ar an gcinneadh atá déanta ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe, deireadh a chur le hOllscoil na hÉireann.

Cheapfá gur cinneadh gearr radharcach é seo, a fhagfaidh comhartha ceiste faoi chéimeanna timpeall 250,000 céimí a fuair oideachas sna hinstitiuidí is coláistí atá páirteach san Ollscoil seo, a bunaíodh i 1908, ROIMH bhunú an Stáit.

Tá bagairt nach beag ann don Ghaeilge freisin – an mbeidh riachtanas na Gaeilge ag na Coláistí éagsúla amach anseo d’abhar micléinn.  Bhí ar Chonradh na Gaeilge feachtas laidir a reachtáil i 1908 chun a chinntiú go mbeadh an Ghaeilge mar chuid de na riachtanasaí maithreanaigh d’abhar micléinn.   Mór an trua gur féidir le Rialtas na gCreachadóirí deireadh a chur leis gan fiú comhairle atá siad ag íoc go daor as a léamh…..

Maidir liom féin, tá céim dlí (BCL) agus Ard Dioplóma sa Chumarsáid Feidhmeach agam ó Ollscoil na hÉireann.   Shaothraigh mé go dian ar a shon – ní go ró dhian!  – agus ní bheinn sásta dá ndéanfaí díluacháil orthu go neamh-chúramach.

Is fiú eagarfhocal an Irish Times ar an gceist seo a léamh freisin.

Botún agus míthuiscint bhunúsach ar ról na n-ollscoileanna sa chóras oideachais atá ar chúl an chinnidh ag an Aire Oideachais deireadh a chur le hOllscoil na hÉireann.

B’shin a bhí le rá ag an dTeachta Dála agus iar léachtóir ollscoile, Micheál D. Ó hUigínn, agus é ag cáineadh go géar cinneadh an Aire O’Keeffe an mhathair eagras do dheich choláíste éagsúil a scor.   I measc na gcoláistí atá páirteach in Ollscoil na hÉireann, tá coláistí ollscoile i gCorcaigh, Gaillimh agus Baile Atha Cliath maraon le Coláiste na Manlianna is an Fhoras Riaracháín.

Ag labhairt don Teachta Dála Ó hUigín le Foinse, dúirt sé go raibh aitheantas idirnáisiúnta ag céim ó Ollscoil na hÉireann agus go mbeadh an baol ann anois go ndeinfí díluacháil ar na gcéimeanna sin de bharr an chinneadh seo.

“Tá sé olc a dhothain nach bhfuil postanna ann do na mílte scoláire a chéimíonn ó na h-ollscoileanna gach bliain ach is measa arís mar go mbainfidh an cinneadh seo de luach a gcéimeanna go h-idirnáisiúnta,” dúirt an Teachta Ó hUigín.

Dúirt an Teachta Ó hUigín gur chuir an cinneadh isteach air de bharr gur cosúil gur cinneadh rialtais a bhí ann agus go raibh sé fógartha sna meáin sara tugadh an t-eolas don Dáil agus ar éigean go raibh oifigigh na hOllscoile féin curtha ar an eolas ag an Aire.

Ag labhairt do sa Dáil dúirt an Aire go raibh costas €1m in aghaidh na bliana ag baint le riaracháin Ollscoil na hÉireann agus gur doigh leis go bhféadfadh na coláistí éagsúla atá cláraithe san Ollscoil an obair sin a dhéanamh as a stuaim féin anois.

Dúirt an Teachta Ó hUigín gur chuir sé alltacht air ná raibh deis tugtha ag an Aire Grúpa Chomhairleach a bhunaigh an Aire féin tuairisc a chriochnú maidir le todhchaí oideachas ar an dtriú libhéal a chriochnú agus a fhoilsiú sara rinne sé a chinneadh.

Údar buartha agus imní do Chonradh na Gaeilge an mholadh atá déanta ag an Aire Ollscoil na hÉireann a scor.

Ag labhairt do le Foinse dúirt Uachtarán an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghuasa, go mbeadh an eagraíocht buartha de bharr an neamh shoiléireacht faoi stadas na Gaeilge in aon leagan amach nua.

“Tá stadas ar leith ag an nGaeilge ó 1908,  roimh bhunú an Stáit seo, agus bheadh imní orainn dá mbainfí den stadas sin anois,” dúirt sé.

Faoi láthair ní mór d’abhar micléinn in institiúidí éagsúla pas a bheith acu sa Ghaeilge sara gcuirfear na pointí a ghnóthaigh siad san Ard Teist san áireamh le h-aghaidh a rogha cúrsa.   Riachtanas maithreánaigh é seo atá ann ó 1908 agus gnothaíodh an am sin é de bharr dianfheachtas Chonradh na Gaeilge.

Faoi láthair tá an Chonradh ag faire ar an scéal. “Is údar íoróin é gur fhograíodh an scéal seo an lá céanna agus a rinne an Aire aisghairm ar chiorclán a chur cosc ar luath thumoideachas na Gaeilge sna bunscoileann.   Dhealródh sé ón méid sin go bhfuil stat seirbhísigh sa Roinn Oideachais nach féidir leo rud a thabhairt ar ais don teanga le láimh amháin gan baint uaithí leis an láímh eile.”

2 thuairim ar “Cé cheannódh céim?

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Is cinnte gur dí-luacháil ar céimeanna an cinneadh seo agus na h-ollscoileanna aonair i mbun an dréimre go h-idirnáisiúnta in Éirinn.

    Freagra
  2. colm

    Ní thuigim an fhadhb anseo.
    Múineann na hollscoileanna cúrsaí. Má éiríonn le duine sna scrúdaithe, faigheann sé céim. Leanfaidh an obair seo ar aghaidh. Cuireann siad daoine oilte ar fáilte do riachtanais na tíre seo, seachas go hidirnáisiúnta – nó an amhlaidh go bhfuil dul amú orm?
    Nuair a bhí mé féin ag obair thar lear, níor fhiafraigh éinne díom cén ollscoil a d’fhreastal mé uirthi, agus fiú sa gcás go bhfiafródh, ní dóigh liom gur chuala siad trácht ariamh ar Ollscoil na hÉireann.
    Caithfidh mé a rá gur chuma liom OÉ a bheith ann nó as, ach tá mé buartha faoi chúrsaí na Gaeilge sna coláistí éagsúla. Ach sin scéal eile ar fad.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s