Agus é ag labhairt ar chlár Ronáin ar Raidió na Gaeltachta, dúirt léiritheoir Na Cloigne Ciarán Ó Cofaigh go raibh i gceist aige a thuilleadh forbartha a dhéanamh ar charaictéirí a cuireadh inár lathair sa sraith seo, leithéidí an Cheannfort Ó Sé mar shampla, an bleachtaire aisteach, cineal meascán idir Morse agus Agent Cooper ó Twin Peaks más fíor, le h-aghaidh sraitheanna eile.
An ceist a chuirim: tá sé thar am go mbeadh sraith dhramaí do dhaoine fasta ag TG4 – agus ní féidir dá fheabhas é a rá go sasaíonn Ros na Rún an t-éileamh sin: Cén fath nach gcuirfeadh TG4 roinnt acmhainní ar fáil do shraith ar nós Morse, sraith bhleachtaireachta, agus go mbeadh sin ag leanúint air ó bhliain go bliain? An cheist airgid amháin atá ann?
Ar aon nós, táím ag cur tús le feachtas inniu: Ba mhaith liom go mbeadh sraith úr ann bunaithe ar charaictéirí Na Cloigne. Ar mhaith leatsa? Más mian leat a leithéid, ná suigh ar do lámha, votáil ar a shon sa phobal bhreith thíos. Más maith leat, cuir achainí i scríbhinn chuig TG4 – nó TG Leathair mar a thug Ronán ar an gcainéal ar a chlár – agus na h-eagarthóirí coimisiúnaithe ansin, Mícheál O Meallaigh agus Proinsias Ní Ghráinne.
Maidir le Ronán Mac a’Bhuí agus an craic faoi TG Leathair, thug sé “R. na G-spota” at Raidio na Gaeltachta inniu.
TG4 = TG Leathair?………b’fhéidir
Raidio na Gaeltachta = R.na G-spota?………Ní dóigh liom é.