Anois teacht Imbolc

De réir na tuairiscí atá faigthe agam, beidh slua ollmhór ag triail ar Ostán an Rochestown Park oíche Dé hAoine don choirmcheol mhór i gcuimhne ar Sheán Ó Riada agus tá gach ticéad díolta.  Ach, ná bí buartha, tá sé ráite liom go mbeidh coirmeacha ceoil eile ann idir seo agus an Samhradh ar an dul chéanna, chun an cheiliúradh a leanúint.

Comhghairdeas freisin le Seán Mícheál Mac Donnchadha, comhfhreagraí rialta anseo ar iGaeilge, a bhuaigh ticéad agus oíche loistín i gcomórtas Foinse!

Níl aon chomórtas agam anseo an tseachtain seo – ach tá scéal agam faoi ocáid spreagúil eile a bheidh ar siúl anseo i Múscraí ar an Satharn, 6 Feabhra.

Imbolc – Ionsparáid na Bliana is teideal do lá chainteanna a bheidh á thabhairt ag réimse spéisiúil aoíanna, idir lucht ghnó agus lucht chultúr, san Ionad Chultúrtha i mBaile Mhuirne.   An t-a0n abhar nach mbeidh faoi chaibidil go cinnte ar an lá, an Ghaeilge féin.

Samhlaigh é ar feadh noiméid: Imeacht Ghaeilge nach ndeinfear plé ar an nGaeilge ann.   Dia idir sinn agus an t-olc!

Ar aon nós, is éard atá i gceist ag Tomás agus Bernice Ó hAodha, an lannúin atá ag reachtáil na h-ocáide, leagan Ghaeilge de TED a chur ar bun anseo i Múscraí.   Deinfear na cainteanna ar fad a scannánú.  Mairfidh gach caint 20 noimead agus beidh deich noimead ann le h-aghaidh ceisteanna i ndiaidh gach caint.    An sprioc atá roimh gach cainteoir, spreagadh nó ionsparáid a thabhairt don lucht éisteachta.

Ionsparáid ann féin Imbolc, dar liom. Níl an lannúin seo ina gcónaí sa cheantar ach le níos lú ná bliain creidim agus theana féin tá siad ag reachtáil imeachtaí atá spreagúil agus le tarraingt náisiúnta agus, fiú, idirnáisiúnta.     Is cinnte go bhfuil siad le moladh as an méid atá déanta acu go dtí seo.

Tá tacaíocht á fháil acu ó Udarás na Gaeltachta – ach is iad féin atá ag iompar an fhiontair sa chás seo.  Iad féin a dhear na postaeirí agus an suíomh idirlíon.  Léiríonn siad an cur chuige ‘Is féidir linn’ níos fearr ná go leor eile.

Anois teacht Imbolc agus tá an lá ag dul chun síne…..

4 thuairim ar “Anois teacht Imbolc

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Ní bheidh – beidh ceamradóir gairmiúil á dhéanamh! Mar eolas beidh sintiús i gceist, tuigim, chun amharc orthu. Ní doigh liom go mbeidh sé ró dhaor – ach is é sin mo thuiscint.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Go raibh maith agat a Choncubhair.Táim ag tsnúth go mór leis an cheolchoirm oíche Dé hAoine.

    Freagra
  3. Tomás Ó hAodha

    Tomás anseo, duine de na heagraithe Imbolc. Go raibh maith agaibh as na dea-fhocail, táimid ag súil go mór leis an lá féin.

    Níl sé réitithe againn fós an mbeidh síntiús i gceist leis na físeáin – go hidéalach ní bheidh, agus déanfaimid ár ndícheall an sprioc sin a bhaint amach. Ach ag an am céanna tá costais le glanadh againn chomh maith, cé gur ócáid neamhbhrabúis í! Ag an am seo táimid ag díriú isteach ar an lá féin, agus réiteoimid ceist na bhfíseán ina dhiaidh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s