Feabhas suntasach i Múscraí i Scéim Labhairt na Gaeilge

Tháinig ardú 33% ar líon na dteaghlach i Múscrai a shaothraigh deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge i Múscraí i 2008/9 i gcomparáíd leis an líon teaghlaigh a thuill an deontas sa bhlian roimhe sin, tá sé dearbhaithe.

Foilsíodh torthaí na bliana seo Dé Luain agus is léir ó na torthaí sin go bhfuil breis iarrachtaí á dhéanamh ag teaghlaigh ar fuaid Mhúscraí chun stadas Gaeltachta an cheantair a chaomhnú.

Sa scoilbhliain 2008/9, tugtar le fios go raibh 185 teaghlach a rinne iarratas faoin scéim.  Fuair 100 teaghlach acu san an deontas iomlán agus 48 an deontas laghdaithe  Diultaíodh aon aitheantas do 37 teaghlach.

Cuirtear sin i gcomparáid le 2007/08:

Sa scoil bhliain sin bhí 176 iarratas faoin scéim.   Ceadaíodh deontas iomlán do 74 teaghlach agus fuair 77 teaghlach an deontas laghdaithe.  Mar sin, is cosúil gur eirigh le 29 teaghlach a thuill an deontas laghdaithe an bliain roimhe feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge sa teaghlach agus gur eirigh leo an deontas iomlán a thuilleamh.

An bliain roimhe, 2006/7, bhí 193 iarratas agus d’eirigh le 76 teaghlach an deontas iomlán a fháil agus 99 a fuair an deontas laghdaithe.  Is léir ó na bhfigiúirí sin go bhfuil líon na dteaghlach a chur isteach ar an deontas réasúnta seasta – idir 176 agus 193 – ach an rud is súntasaí atá le tabhairt faoi ndeara go bhfuil líon na dteaghlach a fhaigheann an deontas laghdaithe ag titim agus an líon a fhaigheann an deontas iomlán ag méadú dá réir.      Tá líon na ndiultú ag méadú ó bhliain go bliain freisin, rud a thugann le fios, b’fhéidir, go bhfuil feabhas leanúnach ag titim amach.  Is é sin go bhfuil teaghlaigh ag bogadh ó dhiultú go deontas laghdaithe go deontas iomlán agus go bhfuil feabhas céimiúil ag titim amach.

Seo stracfhéachaint ar an mhór phictiúr:  Conas mar atá an Ghaeltacht i Múscraí tar éis feabhsú a dhéanamh idir 2006/7-agus 2008/9.   An cheist ná seo: an leanfaidh an fheabhas seo?   Agus, ceist níos mó, an teist é Scéim Labhairt na Gaeilge ar féidir brath air mar léargas ar shláinte Ghaeltachta?

Ceisteanna eile ar fiú a chur:  Cén fath go bhfuil an feabhas seo ag titim amach i Múscraí agus creimeadh ar úsáid na Gaeilge ag titim amach i gceantaracha láidre Gaeltachta, leithéidí An Ghaillimh?

Creidim féin go bhfuil feabhas leanúnach ag tarlú i Múscraí de bharr feabhas na scoileanna sa cheantar agus diogras na dteaghlach agus gur spreagadh iad chun na duthrachta breise, b’fhéidir, de bharr an méid phoiblíocht a tugadh do scéalta uafáis faoin mbealach go bhféadfaí stadas Gaeltachta a chailliúint de bharr na moltaí éagsúla i dtuarascálacha ar nós an Staidéar Chuimsitheach Teanga-eolaíoch agus eile faoi chatargóirí A,B,C.     Deirim b’fhéidir mar nach féidir fás thar oíche den scála seo a cheangal go simplíoch le tosca amháin.   Dá mbeadh sé amhlaidh, b’fhiú an bhata seachas an chairéad a úsáid i ngach Gaeltacht.

Tá scéimeanna anseo i Múscraí – leithéidí Aisling Gheal, scéim amhránaíochta do dhaoine óga – agus suim ar leith i gcúrsaí chultúr atá ag cuidiú go mór le suim a mhúscailt sa teanga.  Cheapfá go raibh labhairt na teanga tanaisteach don Chultúr – ach is mar sin fearr é, sé sin go mbionn an Ghaeilge á labhairt go nadúrtha le linn imeachtaí eile bheith ag titim amach.     Ní bhaineann sé leis an deontas nó tacaíocht airgid, dar liom, cé nach feidir liom é sin a chur as an áireamh, ach baineann sé le saibhreas de chineál eile, aitheantas agus tuiscint an phobail go bhfuil saibhreas sa chultúr ina bhfuil siad préamhaithe agus gur cuid larnach den chultúr sin an teanga.

Sna scoileanna tá spiorad ar leith le tabhairt faoi ndeara, suim i ndramaí agus i gceol, suim i gcluichí Gaelacha agus cloistear an Ghaeilge á labhairt.  An oiread is aon Ghaeltacht eile, ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil suim ag páistí óga i gcluichí ar nós an Wii agus an Playstation agus nach labhrann siad Bhéarla go nadúrtha ina measc féin chomh maith leis an Ghaeilge.   Ach tá níos mó deiseanna acu an Ghaeilge a úsáid agus tá na deiseanna sin taithneamhach.   Mar sin ní ualach orthu an teanga.

Go pearsanta, ní chreidim go bhfuil Scéim Labhairt na Gaeilge ar leas na Gaeltachta nó is féidir na figiúirí a úsáid chun meath na Gaeilge sa Ghaeltacht a léiriú os comhair an tsaoil agus b’fhéidir go bhfuil toscaí eile nach dtuigimíd san imirt anseo – mar shampla dá ndúnfadh comhlacht mhór i nGaeltacht áirithe agus dá mbeadh ar go leor teaghlaigh bogadh chun teacht ar fhostaíocht, d’imreodh sin tionchar ar na figiúirí seo.    An gciallódh sé go raibh an Ghaeltacht níos laige?  Gan amhras. Ach ba chuinsí seachas neamhshuim a bheadh ar chúl na meithe sin.

Is suimiúil iad na ceisteanna atá le cur de bharr seo….beidh tuilleadh faoi seo agam ar ball.

Scéim Labhairt na Gaeilge

4 thuairim ar “Feabhas suntasach i Múscraí i Scéim Labhairt na Gaeilge

  1. colm

    Deireann Conchubhar:
    “an rud is súntasaí atá le tabhairt faoi ndeara go bhfuil líon na dteaghlach a fhaigheann an deontas laghdaithe ag titim agus an líon a fhaigheann an deontas iomlán ag méadú dá réir.”

    Uimhreacha Mhúsgraí (gan Chléire)
    Bliain Teagh. iomlán laghd. diúlt.

    06/07 186 72 97 17
    07/08 170 70 75 24
    08/09 179 94 48 37

    Caithfear a bheith cúramach faon ráiteas sin, a Choncubhair.
    Tá ardú sa líon a d’éirigh leo i mbliana, agus tá súil agam go leanfaidh an t-ardú seo.
    Ach tá ardú fós ar líon da dteaghlaigh a diúltaíodh dóibh – mar sin, má chuireann tú lucht an deontais iomláin agus lucht an deontais laghdaithe le chéile, tá titim ann le trí bliana anuas, ó 169 go 145 go 142. Mar sin, níl an scéal chomh fabharach sin dáiríre.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaoim leat faoi tionchar na scoileanna i bhfeasú faoin Ghaoluinn.Deirtear liom go bhfuil daltaí ó Ghleann Fléisce agus fiú comh fada síar go Chill Áirne ag dul go dtí an meán scoil i mBaile Bhúirne, ar mhaithe lena chuid Gaoluinne, is doigh liom.

    Freagra
    1. Seán

      Dia bhur mbeatha, a dhaoine uaisle.

      Tá scoláirí ó Ghleann Fléisce ag imeacht go Baile Bhúirne le stáir agus go mba fada a bheidh siad ag dul ann. Ní haon iontas é sin, áfach, seas in airde ar Dhoire na Sagart agus féach siar agus cífidh tú Cluain Chaoin, áit a bhfuil bá leis an teanga agus tuiscint ar chultúr. Agus cén fáth ná beadh nuair atá formhór na ndaoine ó Poll Ghorm anonn go dtí an “County Bounds” fós á gcur i reilig Ghobnatan.

      Sé an trua nár mhair an Ghaolainn i nGleann Fleisce ach sin scéal eile.

      Mar sin féin, is dealraitheach go bhfuil muintir Mhúscraí ag seasamh an fóid go daingean. Maith sibh. Go mba fada buan sibh agus an teanga bhinn.

      Freagra
  3. aonghus

    Feictear dom gurbh é an príomh buntáiste a bhaineann le SLG ná go bhfuil scrúdú i gceist, i. go bhfuil fianaise éigin Gaeilge a bheith ag na daltaí.

    Murab ionann agus – mar shampla – figúirí Daonáireamh.

    Ach seachas sin, sílim go bhfuil níos mó míbhuntáistí ag baint leis, agus ó thaobh seacadhadh na Gaeilge san teaghlach, nach bhfuil feidhm ar bith leis. Tá an chath áirithe sin bainte nó caillte roimh aois scoile.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s