An pinsean Gaelach

Tá go leor ceisteanna éagsúla a fhéadfainn bheith ag plé libh anocht –  an sobal dhrama pholatúil atá ag leanúint leis ag Caisleán Chromghlinne, mar shampla.   An é go gcriochnóidh an proiseas a bhain cloch mhíle shuntassach amach ar Aoine an Chéasta 1998 ag ceannscríbe cinniúnach Oíche Burns 2010?

D’fhéadfainn plé a dhéanamh freisin ar thorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge nó foilsiú thuarascáil Udarás na Gaeltachta, dhá rud a thit amach inniu, ach déanfaidh mé sin lá níos faide anonn.

An rud atá ag dó na geiribe orm anocht ná seo:  is é an fadhb is mó atá ag tograí is fiontair is gnóanna atá ag saothrú i nGort na Gaeilge easpa airgid anois agus sa todhchaí.    Tá go leor tograí ann a bheadh rath orthu, b’fhéidir, dá mbeadh infhéistíocht substaintiúil le déanamh iontu.

Rith an smaoineamh  liom le déanaí nuair a  léigh mé faoin ‘Emerald Fund’, ciste $150m d’airgeead ó oibrithe chathair Nua Eabhrach agus tá an airgead seo á úsáid chun infhéistiú a dhéanamh i dtograí éagsúla i dTuaisceart Éireann ar mhaithe le dhá rud a dhéanamh.  Sa chéad dul síos tá infhéistíocht á dhéanamh i dtodhchaí an Tuaiscirt, chun tacú le forás agus dul chun cinn, agus ar an dara dul síos, ceapann na h-infhéisteoirí go bhfuil sé i gceist go saothródh an infhéistiocht brabhús ó na tograí ina dheintear infheistiú iontu.  Beidh an brabhús seo ag dul arais i bpocaí na n-oibrithe nuair a h-imeoidh siad amach ar phinsean i gceann roinnt blian.

Anois níl a fhios agam mar gheall ortsa ach níl pinsean agamsa faoi láthair.  I gcaitheamh mo shaol oibre ar fad, ní raibh ach seal gairid, níos lú ná dhá bhliain a chaith mé ag obair leis an BBC i mBéal Feirste,  go raibh deis agam teacht ar phinsean fónta.

Tháinig cúpla deis mo shlí ó shin – ach dhiultaigh mé dóibh mar ní raibh rogha ann infheistiú i gciste pinsin eiticiúil.  Ní raibh mé compórdach ag tabhairt mo chuid airgid do chomhlacht a dhéanfadh infheistiú i dtiionscal na n-arm nó bainc nó a leithéid.  Anuas ar sin bhí an t-airgead chomh gann  agam gur ar eigean go raibh mé ábalta pinsean maith d’aon tsaghas, le h-eitici nó gan eiticí, a cheannach.

Dá mbeadh a leithéid de rud ann agus pinseean Gaelach, sé sin go mbeadh deis ag an duine ar suim leo an Ghaeilge suim a chur ar leataobh óna thuarastal gach mí agus go gcuirfí na suimeanna sin le cheile i gciste.  Bheadh an chiste sin ar fáil ansin le h-aghaidh infheistiú a dheanamh i dtograí Ghaeilge chun bonn a chur futhu agus, amach anseo, go mbeadh brabhús ón infhéistiocht seo ag dul ar ais chuig na h-infhéisteoirí i bhfoirm pinsean.

An cheist a chuirfidh sibh orm, laithreach, cá bhfuil na togrraí Ghaeilge a thabharfaidh brabhús dúinn amach anseo a iocfaidh pinsean linn agus sinn eirithe as an obair?

Tá roinnt tograí ann, as barr mo chinn, a fhéadfadh brabhús a shaothrú ar an infheistiocht a dhéanfaí ann – leithéidí nós*, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Ráidió Fáilte, Gaelshirt, Zamano, Rosg Teo, Oisín-Seirbhísí Teanga agus go leor eile.  Tá cáirde liom ag obair sna tograí seo ar fad agus dá mbeadh airgead agam, dhéanfainn infheistiú sna comhlachtaí seo nó tá muinín agam as na daoine agus creidim go mbeadh rath ar m’infheistíocht.

An bhuairt a bhíodh ar dhaoine agus iad ag smaoineamh ar an ‘P’ fhocal cé chomh brabhúsach is a bheadh an infheistíocht.  Anois is í an cheist a chuireann siad orthu féin cé acu ar tháinig an infheistiocht a rinne siad ón gcéad lá slán.   Rinneadh infheistiú i mbainc, comhlachtaí móra sealúchais, tograí móra togála i nDubaí is eile.   Agus anois ar éigean gur fiú tada na h-infheistiochtaí sin ar fad anois?

An bhfuil duine ar bith ag rá liom nach mbeadh na daoine sin níos sásta anois dá mba rud é go raibh a gcuid airgid infhéistithe i dtogra Gaelach ón liosta thuas nó ceann eile ar fad?

Ach is é an fadhb atá againn mar threibh, sinne na Gaeil, go bhfuilfimíd millte ag an deontas.  Ní chreidimíd gur cheart dúinn ár gcuid airgead féin a infheistiú.  Creidimíd, ceapaim, go ndéanfaidh an stat riar orainn, agus mura ndeineann nó má dheineann agus murar leor é, bhuel, lochtaímíd agus deinimíd iad a dhamnú.

In áit bheith ag gabhail den phort sin – agus bím féin ag gabhail do freisin – ba cheart dúinn rud éigean difriúil a dhéanamh, ár gciste pinsean féin a bhunú, agus ár gcinniúint a ghlacadh inár lámha féin.

Dá mba rud é go raibh an dearcadh céanna ag an CLG is atá ag pobal na Gaeilge, is ar éigean go mbeadh Páirc an Chrócaigh, mar atá inniu ann ar chorr ar bith.

Splanc dóchais amháin i measc an ghruaim, gur seoladh Dé Luain Rith 2010, iarracht ag Gaeil óga ciste dá gcuid féin a chur le cheile.   Beidh mé féin ag rith – agus tá’s ag an saol nach reathí mé.  Creidim sa bhfiontar.

Ach an mbeinnse – nó an mbeadh éinne agaibhse – sásta mo mhuinín agus mo dhochas sa Ghaeilge a léiriú tre infheistiú i bpinsean Gaelach dá mbeadh a leithéid ar fáil?

Agus mura bhfuil sé ar fáil, cén fath nach féidir linn an rogha sin a chur ar fáil?

6 thuairim ar “An pinsean Gaelach

  1. GGN

    Suimiúil.

    Nior smaoinigh mé riamh ar phinsean.

    Is é an smaoineadh a bhi agam ná Comhar Creidmheasa Gaelach.

    i. Thiocfadh leis ár gcuid airgead a infheistiú, iasachtai a thabhairt do thogra Gaeilge agus fiú deontais ‘saor ó bhullshit’ a chur ar fáil do rudai.

    Cosúil le do smaoineamh féin ar go leor bealaigh.

    Labhair mé le fir gnó ag iarraidh orthu spéis a chur sa rud ar an ábhar nach mbeadh na margairli nó an abaltacht agam a leithead a dhéanamh. Silim gur shil siad ‘o here he goes again – pie in the sky’. Ni dóigh liom féin é áfach.

    Tá roinnt Gaeil a bheadh in ann rud éigin a dhéanamh faoi – caithfear an smaoineamh a dhiol leo – dar liomsa.

    Is maith liom go bhfuil daoine ag smaoineamh faoi rudai mar seo.

    Maith thú.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    smaoíneamh maith an pinsean (cé go bhfuil mé ró shean do phinsean féin!!). Ag sean duine ní bhíonn fágtha aige ach amharc siar agus mo leithscéal as mo chuimhní cinn a scaoileadh libh ach 50 bliain ó shin bhunaigh muid an dá rud
    atá luaite agat i mBéal Feirste. Comhar Creidmheasa Gaelach agus Banc Gaelach a dtug muid “Gleas” air,Bhí dhá chraobh de Ghléas i mBéal Feirste agus airgead réasúnta sa dá chraobh. Chuidigh Gléas le tús a chur le Bunscoil Phobal Feirste agus an dara dream a bhog isteach sa Ghaeltacht Uirbeach i mBéal Feirste fuair siad iasachtaí ó Ghléas le tús a chur le tógail tí agus nuair a tháinig an morgáiste tríd rinne siad an tairgead a áisíoc. B’fhiú tabhairt faoin a leithéid aris. monuar d’imigh sin agus tháinig na deontais!! beir bua.

    Freagra
  3. Feirsteach

    Creid nó ná creid bhí an smaoineamh ceanann céanna agam nuair a léigh mé blag Uí Mhuilleoir an lá faoi dheireadh. Níl a fhios agam an bhfuil muid ansin go fóill, i dtaobh ciste pinsean ag díriú ar infheistíochtaí Gaeilge amháin ach seans go mbeadh deis ann roinnt do chiste phinsean (eagrais poiblí, múinteoirí, léachtóirí, srl) a bheith ar fáil d’fhiontar gaelacha nua.

    Bheinn féin toilteanach céadatán do mo phinsean a chur ar fáil d’fhiontair nua gaelacha ar choinníolacha ar leith.

    Maidir leis na tograí a lua tú, ceapaim gur infheistíocht mhaith í Zamano ach ní comhlacht gaelach í a chuile.
    Leithéidí Gaelshirt, Nós*, Gaelchultúr, Gael-Linn, Raidió RíRá, Raidió Fáilte, b’fhéidir Raidió na Life, más féidir leo forbairt a dhéanamh ar an stiúideó mar ioncaim sa bhreis a tharraingt isteach.

    Ceapaim go bhfuil deis nach beag ag na heagrais Gaeilge fiontair nua a bhunú ag díriú ar an sciar den earnáil oideachais/pobal lena mbaineann siad, a chuideodh leo iad féin a féinmhaoiniú nó fiú i bpáirt.

    Feicfidh muid an mbeidh siad sásta dul sa tseans nuair atá a dtodhchaí féin i mbaol.

    Freagra
  4. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Aontaoim leat a Choncubhair go bhfuil gá le infheistíocht áitiúil i dtógraí áitiúla ma táimíd chun an gearrchéim éachnamaíochta a sharú.Tá deireadh leis na monarchain déantusaíochta a thainigh go hÉirinn sna seascaidí mar nil bhonn eachnamaíochta fúthu a thuilleadh.Tá gá le infheistíocht áitiúil chun tógraí bheaga a thosnú bfheidir san earnáil nua-theicneolaíochta chun post a chrúthú.Ba cheart féachaint ar tionscnaimh cosúil le coiste pinsean, Comhar Creidmheasa nó Banc Gaolach chun an éacht seo a bhaint amach.Ba cóir feachaint ar an “Diaspora Nua Ghaolach” a bheidh ag dul ar imirce, a buiochas dár gcáirde na bainc agus na forbroirí chun infheistíocht a dheanamh sna tógraí seo.Caithfimíd meon na nÉireannach a áthrú ó thaobh cúrsaí infheistíochta ó sealuchais agus trí chéad teach folamh go cistí a cruthaíonn postanna fiúntachta seachas tithe folhamha.

    Freagra
  5. colm

    Suimiúil an méid atá ráite ag Seéamas.
    A Shéamais, an bhfuil seans ar bith ann go bhféadfá deireadh seachtaine a reáchtáil ar an ábhar seo le do thaithí a roinnt linn?
    Ar ndóigh, tá comhar creidmheasa i gConamara (más ann dó fós), agus b’fhéidir go mbeadh siad in ann a gcuid taithí a roinnt freisin.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Creidim go bhfuil sé thar fóir a bheith ag iarraidh ar Shéamus ‘deireadh seachtaine a reachtáil’ chun a thaithí a roinnt linn. Tá sé ag roinnt a thaithí linn anseo.
    Léargas an iarratas sin ar an dearcadh ‘tabhair dom mo dhinnéir anois’, dearcadh atá leithleasach agus neamh thuisceanach ar dhaoine eile agus nach bhfuil na daoine sin ar an saol chun bheith ag déanamh riar orainn.
    Do-chreidte.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s