Aontas na nAondachtóirí ina chéim i dtreo aontú na tíre?

Aontas na nAondachtóirí!  Sin an nath cainte nua i mbéal an phobail faoi láthair ó tugadh chun solais ar Slugger O’Toole go raibh cainteanna rúnda idir an DUP, an UUP agus Toraithe na Breataine faoin choincheap ró naofa seo.   Is cinnte go bhfuil páirtí David Cameron ag faire ar an Olltoghchán sa Bhreatain agus an pháírtí den tuairim go mbeidh gach vóta ag teastáil uatha chun an Lucht Oibre a ruaigeadh ó 10 Sráid Downing.

Caint san aer, cheapfá, an chaint seo ar aontas na n-aondachtóirí nó tá an nimh san fheoil idir an DUP agus an UUP ó bunaíodh an DUP chun dúshlán a thabhairt d’aondachtachas an Tí Mhóir, an polataíocht ‘noblesse oblige’ a bhí á chleachtadh ag an bPáirtí Aondachtach (mar a bhí).

Ag an am chéanna tá an dhá pháirtí sin ‘smálaithe’ i súile leithéid Jim Allister agus a chuid aondachtaithe antoisceacha sa TUV.   Tá an DUP agus an UUP tar éis geilleadh do Shinn Féin, shuigh siad gualainn ar ghualainn leo in aon rialtas amháin.   Ní féidir dul ag luí leis an diabhal gan teacht faoina anáil ar shlí éigean.

An eagla atá ar na hAondachtaithe – an UUP agus an DUP ach go h-áirithe – mura dtagann siad le chéile go mbeidh toghchán ann agus de bharr go bhfuil scoilt idir na bpairtithe aondachtacha faoi láthair, go mbeidh Sinn Féin ar an pháirtí is mó i ndiaidh an toghcháin.   Chiallódh sin go mbeadh roghnú an Chéad Aire ag Sinn Féin agus go bhfagadh sin go mbeadh orthu bheith freagrach do Martin McGuinness.

Tá deacrachtaí ar leith ag Sinn Féin, deacrachtaí nach chuideoidh leo trath toghcháin.  Faoiseamh ar éigean é go bhfuil an SDLP chomh lag is atá – tá ag teipeadh ar an pháírtí, is cosúil, ceannaire a thoghadh.   Is fada uainn an deatach bhán ag Ostán an Wellington Park, gnath shuíomh na gcomhdhálacha ag an bpáirtí sin.

An rud a fhéadfadh titim amach do Shinn Féin, nach mbeadh an dúil ag an pobal náisiúnach vótáil ar son an pháirtí.  Roimhe seo b’iad na hAondachtaithe a bhí ag fanúint sa bhaile lá an toghcháin.    Ní chuirfeadh sé íontas orm, fán dtrath seo, go bhfuil dóchas sciaranna mhóra den bpobal náisiúnach maidir leis an bpolataíocht imithe i ndísc.    Cuir i gcás, mar shampla, go bhfuil sé á rá ag trachtairí anseo agus ar shuíomhanna eile gur cheart do Shinn Féin ligint do Stormont titim, nach bhfuil aon mhaith déanta ag na h-institiúidí roinnte cumhachta agus, in áit sin, dul chun cainte le cibé duine a bheidh i Sráid Downing feasta.

Sa chás sin is dea scéal do Shinn Féin go bhfuil an DUP agus an UUP ag iarraidh aontú le cheile.   Má eiríonn leis an dhá pháirtí sin teacht le cheile, beidh Sinn Féin ábalta a chur in iúl dá votairí go bhfuil sé riachtanach dóibh votáil ar shon SF ar eagla cad a tharlódh dá mbeadh an lámh in uachtar ag an namhaid níos laidre seo.

Ar bhonn níos ginearálta, más páirtí tusa atá ar shon Éire Aontaithe, dá mhéid aontú a tharlaíonn, fiú idir do namhaide, sea is fearr é.  Brostaíonn sé an lá go mbeidh an tír ar fad aontaithe.

Ní mór a thabhairt chun cuimhne gur eagla atá ag spreagadh na nAondachtóirí.  Ba mhaith leo leanúint le roinnt cumhachta, ar a dtéarmaí féin, le Sinn Féin.    Is éard atá á rá acu nár mhaith leo go mbeadh an post siombalach úd, an Chéad Aire, ag Sinn Féineach.  Glacann siad leis, áfach, go mbeidh post an Leas Chéad Aire ag náisiúnach – Sinn Féineach.

Dá bhri sin, mar a dheirfeadh mo shean mhúinteoir matamaitice, is léir go bhfuil an DUP/UUP fós sásta suí timpeall an bhoird le SF.

Trath dá raibh mé im chónaí ó thuaidh, thabharfainn mo vóta do SF.  Anois ní féidir liom a fheiscint go mbeinn ag tabhairt mo vóta don pháirtí sin – fiú gur beag rogha atá ann.   Gach seans go bhfanfainn sa bhaile.  Dar le roinnt, go gcaithfidh mé votáil [ar son SF], gur fearr an leath bhulóg atá á thairiscint ag an bpáirtí sin seachas a bheith fágtha gan arán ar bith!

Tá sé molta gur cheart go scorfaí SF agus an SDLP agus go dtiocfadh an chuid is fearr den dhá pháirtí sin le cheile chun páirtí nua a bhunú le seasamh ar son na náisiúnach.   Ar ndóigh ní bheadh i dtoghchán ar bith ansan ach ceannchomhaireamh sheicteach.   Agus sin polataíocht mar is ghnath ó thuaidh.  Níl rudaí níos fearr ó dheas – in áit ceann chomhaireamh seicteach, bunaithe ar chreideamh, is ceann chomhaireamh treibhe atá i gceist.

Ach céard é an rogha ar thoghcháin?   Filleadh ar an gcogaíocht.  Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil polataíocht Stormont i ‘cul de sac’ faoi láthair.    Agus léirigh an íonsaí mí throcaireach ar Pheadar Heffron nach bhfuil an púca sin i bhfad uainn.

Tugann an méid atá ag titim amach na laethannta seo an méid a tharla breis is céad bliain ó shin chun cuimhne.  An uair úd, b’é Randolph Churchill a bheartaigh an Cárta Oráiste a imirt mar fhreagra ar an gCárta Glás a bheith á imirt, dar leis, ag Gladstone, ceannaire na Liobrálach, agus an Grand Old Man úd bheith ag tacú le feachtas Pharnell ar son Home Rule.   Mar gheall ar seo cuireadh Home Rule ar an méar fhada – ach an toradh a bhí ar sin, sa deireadh thiar thall agus tar éis go leor doirteadh fola, i 1916 agus idir 1919-22,  ‘saoirse’ don saor stát, criochdheighilt na tíre agus, lá níos faide anonn, de bharr mí rial na nAondachtach ó thuaidh, na Trioblóidí.

Dá leanfainn an bóthar sin, d’fhéadfainn criochnú sa duibheagán.   Shamhlófá gur proiseas gan dóchas é seo.

Ag an am chéanna, tá sé níos fearr a bheith ag plé le freasúra – ní bhainfimíd úsáid as ‘namhaid’ – atá laidir ar mhaithe le bheith cinnte nach rithfidh an freasúra sin ar shiúl nuair a nochtfaidh an púca aintoisceach ar a chúl.   Caithfidh sé bheith seasmhach in éadan an bhagairt sin.  Rud amháin atá déanta ag Sinn Féin, go bhfuil an pháirtí, agus Martin McGuinness ach go h-áirithe, tar éis dúshlán na n-easaontóirí a thabhairt.

Níl sin déanta go h-eifeachtach go fóill ag an DUP agus an UUP.  B’fhéidir le chéile gur féidir é a dhéanamh.

Creidim féin gur féidir go ngiorróidh Aontas Aondachtach an bhóthar i dtreo i Aontú na hÉireann.  B’fhéidir nach é an áit a bhí súil againn leis – ach nach é sin an scéal i gcónaí nuair a thugann duine bóthar fada ar féin!    Béimid ag faire ar chúrsaí go bhfeicimíd an dtiocfaidh tuar ar an dtairingreacht…..

13 de thuairimí ar “Aontas na nAondachtóirí ina chéim i dtreo aontú na tíre?

  1. GGN

    Aiste maith.

    Is é mo thuairim go bhfuil deis ar leith ann do ghluaiseacht na Gaeilge ò thuaidh.

    Tà deacrachtaì ar leith ag SF, is è an easpa ‘credible alternative’ an cheann is mò acu sin, cè go bhfuil fadhbanna eile ollmhòra ann. Tà an SDLP ag fàil bàis. Nìl Eirìgì dul àit ar bith. Tà na heasaontòirì ar phlainèid èigin eile.

    Tà vacuum ann, tà easpa ann, tà mì-chinnteacht ann agus is cinnte go bhfuil éadochas ann i measc an gnàth-phobal nàisiùnach.

    Nìl rud ar bith acu sin ann i measc Gaeil òga ò thuaidh àfach agus creidim, mà dhèantar an obair ar an talamh, gur fèidir linn an-difear a dhéanamh sna bliantaì beaga.

    Mothaìm dòchas, cinnteacht, misneach, intleacht agus fonn troda. Feicim daoine a bhfuil ard-scileanna acu agus feicim daoine a thuigeann nach rud pearsanta è ach gur cath smaointì é. Is fèidir leis na daoine sin ceannaireacht a thabhairt.

    Sin mo thuairim, ach domsa, bìonn an gloine i gcònaì leath-làn ar ndòigh.

    Freagra
  2. aonghus

    Tá dealramh leis an méid atá a rá agat.

    Sílim go bhfuil gá freisin le páirtí measartha, láidir ar an dá thaobh. B’fhearr liom gan comhaireamh cloigne de réir treibh a bheith ann, ach sílim go mbeidh tréimhse fada de dhíth sula mbíonn gnáth pholaitíocht ar an múnla Eorpach abhus, thuaidh nó theas.

    Ach dá mbeadh Aontas Aontachtaigh Bhunreachtúil, agus Aontas Náisiúnaithe Bhunreachtúil, bheadh a dóthain i gcoitinne acu chun seasmhacht a bhronnadh ar an bpolaitíocht.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    caithfidh mé a rá go mbraithim uaim ainilís mar seo agat A Chonchubhair. níl dóthain dó ann i saol na Gaeilge ach níl a fhios agam an bhfuil dream ar bith ó thuaidh, seachas Sinn Féin, ró bhuartha faoi Éire Aontaithe ar bhonn polaitiúl i láthair na huaire. Tá an deighilt idir an dá stáit i nÉirinn níos mó ná bhí sé ariamh le mo chuimhne agus d’éirigh sé níos measa dar liom ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta agus athbhunú Stormont. Ta fíche rud gur féidir iad a aontú ar an oileán seo ar bhonn praicticiúl gan labhairt ar chúrsaí polaitiúil ar chor ar bith ach níor dhírigh SF ná an SDLP orthu sin nuair a bhí faill acu. Dá mbeadh aon neart agam ar an scéal agus ní bheidh go deo chuirfinn deireadh le Stormont láithreach agus rachainn i muinín na gcomhairlí contae nua ó thuaidh a bheas ann an bhliain seo chugainn agus ansin díriú isteach ar riachtanais na beatha a aontú ar an oileán.cúrsaí telecumarsáide, airgeadais, postas srl gan bacaint le athaontú polaitiúl ag an phointe seo. Tiocfaidh sin am éigin is dócha ach ní príoracht agam é ag an phointe seo. Le cruthú go bhfuil an comhnascadh le Sasain níos measa ná ariamh, go dtí i mbliana thiocfadh liom cuntais an chomhlachta a bhfuil mé imo stiúrthóir air a chlárú sna sé chontae ach i mbliana ba i Sasain a b’éigean domh a dhéanamh. Thabharfainn a bhfuil agam go raibh slua de Ghaeil óga reidh mar atá luaite ag GGN le hÉire Aontaithe phraicticiúl a chur chun tosaigh ag toiseacht leis an Ghaeilge. Córas amháin scrudaithe sa Ghaeilge ar an oileán ar fad etc,etc. Nó i mo thuairim ní fiú tráithnín é athaontú na tire mura bhfuil ann ach ollstát béarla seachas dhá stát bheaga Béarla. An bhfuil níos mó ag Gaeil óga na linne seo ná “Nós” agus “an G spota”? tá súil agam go bhfuil

    Freagra
  4. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Nil aon dabht ach go bhfuil cúrsaí sa Tuaisceart go dona a Choncubhair.Dá mbeidh aontú idir na n-Áondachtoirí beidh ar na Náisiúnaithe aontú ansin chun an uasméid a bhaint as an ceannchomhaireamh seicteach.Nil ceacht foghlamaithe ag aon taobh faoin cogadh tríocha bhliain.Nil aon cheannaireacht a dtabhairt ag aon taobh ach beannú lena dtreibh féin.Ta
    cúrsaí polataíochta go dona o thuaidh agus ó dheas anois.
    B`fheidir gur fearr FF agus an DUP, páirtithe na bhforbróirí teacht le chéile.

    Freagra
  5. GGN

    Cha dúirt mé go mbeadh Gaeilgeoiri chun tosaigh i bhfeachtasaiocht ar son Éire Aontaithe, dúirt mé gur shil mé go bhfuil deis ar leith ann don Ghaeilge sa tréimhse seo.

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    a GGN a chara

    ” tá deis ar leith ann don Ghaeilge sa tréimhse seo” a deir tú is dóigh liom féin go bhfuil fosta ach is ag SF atá an deis dar liom ach an bhfuil siad dáiríre go leor mar gheall uirthí leis an deis a thapadh? Níor mhiste liom fios a bheith agam cad iad na rudaí a bhfuil na Gaeil Óga ag dul a thabhairt cinnireachta orthu. an bhfuil barúil agat?

    Freagra
  7. GGN

    Tá mise ro-shean do na Gaeil Óga.

    ” is ag SF atá an deis dar liom ach ”

    Nil ann ag pairti polaitiúil. Nil mise ag fanacht le SF chun obair Ghluaiseacht na Gaeilge a dhéanamh. Nior mhaith liom sin dáirire.

    Tá sciathán láidir Gaelach ag SF ceart go leor ach tréan obair le déanamh ansin – féach Ó Lionáin in An Glór Poblachtach fá choinne anailis ar sin. Caithfidh SF diriú ar chúrsai Gaeilge taobh istigh den pháirti sular féidir rud ar bith eile.

    Creidim gur ar an talamh, i.e. an obair atá ar bun ag leitheidi Carn Tochair agus Glór na Móna an bealach chun tosaigh.

    Tá tréan smaointi agam fán chineál obair ab mhaith liomsa a fheiceáil déanta ar an talamh ach liom féin atá mé ag treabhadh ansin ach ni miste liom sin.

    Freagra
  8. séamus Mac Seáin

    Tá mé ag teacht leat A GGN nuair a deir tú nach bhfuil i SF ach páirtí eile polaitiúil ach san am chéanna tá cumhacht áirithe acu ó thuaidh (nó bhí go dtí seo) agus mar Ghael níor mhiste liom iad cearta póilíneachta a mhalartú ar chearta Gaeil má’s maith leo. Cé nach é Acht na Gaeilge an chloch is mó ar mo phaidrín b’fhearr i bhfad liom é ná cumhachtaí póilíneachta am ar bith. Bhí seans acu airgead a chur taobh thiar de scoil dara leibhéal Gaeilge i lár Uladh ach ar chúiseanna nach dtuigim ní dhearna siad é. Nuair a bhunaigh muid Meánscoil Feirste b’eigean dúinn athbhreithniú cúirte a lorg le maoíniú a fháil don scoil. Ba faoin sean réimeas a bhí sé sin ach i láthair na huaire tá tuismítheoirí ag dul tríd aithbhreithniú cúirte le cearta saor thaistil dá bpáistí a fháil le dul go Meánscoil Feirste ó na ceantair tuaithe. Tá rud éigin contráilte nuair atá Aire Sinn Féineach ag séanadh an chirt sin orthu. Is cinnte gur abhar é sin do na Gaeil óga. I dtaca le hobair ar an talamh de tá mé ag teacht leat go hiomlán ach rachainn níos faide agus a rá go bhfuil bás nó beatha na teanga ag brath ar an obair áitiúl agus ní ar phleananna fíche bliain nó ar stráitéisí móra casta. go soirbhí Dia duit. Na Gaeil óga neamhspleácha abú.

    Freagra
  9. Ping: Tweets that mention Aontas na nAondachtóirí ina chéim i dtreo aontú na tíre? « iGaeilge -- Topsy.com

  10. GGN

    Mar fhocal scoir, tá mise ag obair chun clár oibre a fhorbairt chun a chur ar fáil do chumainn an Chonartha.

    Titear domsa nach dtuigeann daoine ba chóir a bheadh ar bun orthu i gcónai agus in amannna go mbionn siad ag iarraidh rith sular shiúil siad agus ni bhionn an bunús ann.

    Titear domsa go gcaitheann Gaeilgeoiri barraiocht ama ag imnioch fán rialtas agus gan a bheith ag deanamh cad atá riachtanach go háitiúil.

    Barraiocht taoisigh ach gan ach baicle cos-saighdiúiri.

    Minic a dúirt Gaeilgeoir go raibh ról ar leith nios mó acu ná an t-úrlár a ghlanadh, na suiocháin a chur amach, na billeogai a scaipeadh.

    Ba é Bobby Sands a dúirt go gcaithfeadh a bheith ag imnioch fán Ghaeilge i do shráid féin – ‘all politics is local’ mar a dúirt Eamonn Ó Cinnéide.

    Nil i gceist ach leathanach amháin, gan linguistic theory, triangles nó rud ar bith.

    10 bpointe. Bunaithe ar mo thaithi mar chos-shaighdiúir agus staideár ar na ceantracha a d’éirigh leo athbheochan na Gaeilge a chur ar bun.

    1. An bhfuil ranganna Gaeilge ach gach leibheal i do cheantar? Muna bhfuil, ni ar Fheirdia nó Eamo atá an locht ach ort féin – bunaigh ranganna.

    Agus mar sin de.

    Creidim gur féidir breac-Ghaeltacht taobh istigh de fhiche bhliain áit ar bith – dá ndéanfadh an obair ar an talamh.

    Freagra
  11. séamus Mac Seáin

    GRMA A GGN as páirt a ghlacadh sa díospóireacht. Is comhartha measa é sin. Is breá liom a bheith ar aon intinn le duine óg (sa deireadh). Is maith an tsamhail é “scuabadh an urlair”. Bhí sé amuigh ar dhaoine i gCumann chluain ard i mBéal Feirste 50 bliana ó shin nuair a bhí mise gníomhach ann gur scuab seachas fainne na Gaeilge a bhronnadh ar dhaoine ar dul isteach dóibh. Na habair é déan é agus arbeit mach frei!

    Freagra
  12. GGN

    Tà toghchàn ag teacht anuas go luath i saol na Gaeilge, agus tà dochas agam go mbeidh uachtaràn ùr againn ar an Chonradh a thuigeann agus a bhfuil meas aige / aici do lucht “scuabadh an urlair” agus an obair riachtanach a dhèanann siad.

    Freagra
  13. séamus Mac Seáin

    a GGN a chara ní maith liom a bheith diúltach ach in ainm Dé má tá aithne agat ar dhuine a bhfuil meas aige ar lucht “scuabadh an urláir” impigh air gan a chuid ama a chur amú ar an Chonradh. íosfaidh an maorlathas é. Is ioma “scuab úr” a chonnaic mé le mo linn féin á chaitheamh féin ar altóir an mhaorlathais is conradh na Gaeilge ann. Albert Fry,Pádraig ó Snodaigh agus Gearóid Ó Cairealláin le gan ach triúr a lua. Tháinig siad, chonaic siad ach níor bhuaigh siad agus phill gach duine acu ar an obair áitiúl. Is ollphéisteanna iad na heagrais mhóra Ghaeilge a shúann an bheatha as daoine. Na cuirigí bhur gcuid ama amú le Maorlathas. Tá saoirse agus só san obair áitiul agus is ansin atá ar slánú.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s