Céad míle chuairt ar iGaeilge

Shroich iGaeilge clochmhíle an tseachtain seo, céad míle cuairt atá tugtha ar an suíomh ó thosnaigh sé i mí Feabhra 2008.   B’fhéidir nach figiúir ró shubstaintiúil é i dtéarmaí suíomhanna idirlín i gcoitinne – ach is mór an méid cuairteanna é do shuíomh beag neamhspleach i nGaeilge.

Ní bheadh sé indéanta nó chomh spraoíúil murach an pháirt a ghlac sibhse, pobal iGaeilge, san aidbhintiur.   Sibhse a léigh, sibhse a bhí ag argóint liom nó eadraibh féin, sibhse a bhí ag ceartú mo chuid gramadaí, sibhse, fiú, a bhí ag iarraidh bheith ag díspeagadh fúm agus mo chuid iarrachtaí anseo.

Tá an tírdhreach idirlín athruithe go mór le dhá bhliain anuas – tá pobal líonmhar Ghaeilge ar Facebook – an chéad pobal eile a bheidh ag lorg stadais Gaeltachta b’fhéidir! – agus is féidir linn bheith cinnte go mbeidh a thuilleadh athruithe ann.

An rud ar mhaith liom a fheiceáil san am atá le teacht go mbeadh a thuilleadh blaganna Ghaeilge ann – go mbeadh réimse abhair, seachas an Ghaeilge, faoi chaibidil acu.

An féidir libhse glacadh leis an dúshlán seo?

Idir an dhá linn, tá Gradaim Blagála na hÉireann ag lorg ainmniúcháin.  Is féidir ainmniúchán a thabhairt don bhlag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge le bliain anuas ach cuairt a thabhairt ar an suíomh seo.

Ar eagla na míthuisceana, ní gá bheith ag ainmniú iGaeilge.  Dein más maith libh agus beidh mé buioch. Tá réimse blaganna anseo ar Rolla na mBlaganna ar cheart a chur san áireamh freisin.

Tá súil agam, fán am seo i 2011, go mbeidh an liosta nios faide arís agus blagadóirí nua Ghaeilge beo sa bhlagasféir…..

6 thuairim ar “Céad míle chuairt ar iGaeilge

  1. An Tuamach

    Maith thú féin. Obair mhór mhaith déanta agat. An mbeidh lucht na hiomana chomh maith leat i mbliana, do mheas?

    Freagra
  2. Mise Áine

    Comhghairdeas, a Chonchubhair – go mbeidh méadú ar líon na rannpháirtithe ar do bhlag, laghdú ar lucht na casoide, agus bláth faoi lucht na díospóireachta!

    Freagra
  3. cmacsuibhne

    Tá obair mhór mhaith á déanamh agat! Ba chóir duit cúpla “iriseoir” a fháil anois b’fhéidir – do chuid oibre féin a laghdú agus eolas an tsuímh a leathnú amach ?? Nil ann ach smaoineamh áfach!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s