Ar An Druma Mór is túisce a chuala mise an scéal is mó ó thaobh na Gaeilge/na Gaeltachta an tseachtain seo.
Go ciúin, cheapfá, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tar éis Ciorclán 44/07 a chuir ar cheal. B’é seo an ordú chonspóideach a chuir iachaill ar mhúinteoirí Gaelscoile leath uair a chloig gach lá a chaitheamh ag múineadh Béarla do naíonáin bheaga, in ainneoin gurb é an dea chleachtaa gan tosnú le múineadh an Bhéarla go dtí níos déanaí i saol scoile an phaiste.
Anois tar éis cás cúirte ar chosain go leor táim cinnte – bhí Scoil Mhic Easmainn agus Gaelscoil Nás na Rí tar éis dúshlán a thabhairt don ordú seo, ordú a rinne an Aire Oideachais (mar a bhí) Mary Hanafin GAN DUL i GCOMHAIRLE le Gaelscoileanna nó saineolaithe eile san earnáil – tá an Ciorclán curtha ar ceal.
Ach, mar atá raite i dtuairisc an Irish Times, tá sé i gceist ag an Roinn dul i gcomhairle le Gaelscoileanna anois chun reachtaíocht maidir le múineadh an Bhéarla agus tumoideachas a ullmhú. Deirtear sa tuairisc nuachtáin go mbeidh an reachtaíocht seo ag teacht ós comhair na Dála i gceann roinnt seachtainí. Níl a fhios agam an mbeidh sé chomh tapaidh le sin – ach is léir gur comhartha é seo go bhfuil fonn gluaiste ar an Roinn ar chúis éigean.
B’fhéidir go gcreideann siad go bhfuil tuismitheoir(í) pháistí Gaelscoile amuigh ansin ar bís le go múinfí an Bhéarla do pháistí atá siad ag seoladh ar Ghaelscoil in ainneoin iad a bheith timpeallaithe ag scoileanna náisiúnta ina bhfuil an Bhéarla mar ghnath theanga iontu.
Anois, an rud atá riachtanach, go ndeinfí riar cheart ar na páistí atá ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar scoileanna Gaeltachta le réimse leabhair agus acmhainní oideachais i nGaeilge.
Rug mé ar eireaball (spideoige?) inné – sé sin d’eirigh liom féachaint ar an 20 noimead deireannach de thuairisciú bheo TG4 ar an gcruinniú den gComhchoiste Dála ar an nGaeilge agus Dréacht Straitéis 20 Bliain Uí Chuív á phlé. [Mór an trua ná raibh teacht agam ar an mbeochraoladh seo ar an idirlíon agus bheinn ábalta faire air agus mé ag m’áit oibre – tá súil agam go mbeidh sé ar fáil mar chraoladh taifeadta agus, b’fhéidir fiú, go bhféadfaí míreanna uaidh a chur ar an suíomh seo nó chuala mé cúpla rud agus léigh mé cúpla rud ar maidin nár mhiste plé a dhéanamh orthu!)
Chuala mé Ferdie Mac an Fhailigh ó Fhoras na Gaeilge ag geallúint go mbeifí ag tógaint ar ‘Seideán Sí’ chun tuilleadh acmhainní a chur ar fáíl. An cheist atá agamsa: cén fath nach bhfuil níos mó oibre déanta ar seo go dtí seo. Chuala mé an fear céanna ag maíomh as ucht go mbeidh dhá nuachtán Ghaeilge ann faoin Cháisc – amhail, cheapfá, is go raibh sé á fhoilsiú é féin. Ní dhéarfaidh mé a thuilleadh ar an abhar…..tuigeann sibh mé, ceapaim, fiú mura n-aontaíonn sibh liom ar gach ceist.
Beidh le feiceáil cad a thiocfaidh in áit Ciorclán an Mhíchomhairle ach, ar a laghad, beidh proiseas comhairliúcháin ann faoi seo sara gcuirfear aon rud in áit. B’fhéidir gurb é sin an ceacht is fearr a d’fhoghlaim an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ón eachtra seo ach bheithfeá ag súil le cur chuige níos cúramaí le h-achmhainní an Stait – ár bpáístí agus ár gcuid airgid – ón roinn sin thar aon roinn rialtais eile.
Cad a deir an seanfhocal? Tá ciall ceannaigh níos fearr ná an dhá chiall a mhúintear. Ná dein feall mar seo arís, a chairde sa Roinn Oideachais, nó tá a fhios agat anois go ndeinfidh an dream a thog gluaiseacht na Gaelscoileanna id aineoinn cosaint tréan ar an seod seo, an tumoideachas, atá ag tabhairt oideachas níos fearr dár bpáistí ná mar atá ar fáil sa mhórshruth.
is ioma abhar cnáimhseála atá ann agus ní dócha gurbhé easpa paipéir Nuachta an ceann is tromchúisí orthu sin ach breis agus bliain ó shin agus mé ar chuairt ar shiopa nuachta i gceart lár Ghaeltacht Dhún na nGall bhí mé in inimhe dhá pháipéar Gaeilge a fheiceáil ar na seilfeanna agus an dá cheann a cheannacht. bhí mé ann an tseachtain seo thart ach monuar níl sin amhlaidh a thuilleadh. Tá ” LÁ NUA” imíthe agus “FOINSE” i bhfolach taobh istigh de phaipéar béarla. “Foras na Gaeilge” a chuir an ruaig ar an dá cheann ó radharc na ndaoine ach san am chéanna tá buiséad mór ag FNG leis an Ghaeilge a dhéanmh nios feiceálaí. An bhfuil ciall ar bith le sin???
Más é 0044/07 an cath a buadh, is é Lá Nua an coimhlint inar deineadh treascairt ar na Gaeil.
Is dócha go bhfuilim cosúil leat, a Shéamuis, nó tá sé deacair dom an rud a tharla a scaoileadh tharam. Go fóill tá an goimh nimhneach.
Ag léamh dom leabhar Mhairtín faoi lathair, leabhar a spreag a cholún i Lá Nua, chuir mé spéis sa raiteas seo atá luaite le Caolfhionn Nic Phaidin:
“Mura mbogann tú ar aghaidh, scuabfar chun siúil thú. Cuir do chuid fuinnimh isteach [sic[ san am atá romhat. Ar tharla roimhe, tá sé thart: RÉAMHRÁ: Foghlaim uaidh ach déan dearmad air.”
I mbeagán focail, bí ag féachaint chun tosaigh agus faigh an luach is fearr ón gciall a cheannaigh tú go daor as do bhotúin.
Ar aon nós, táim ag iarraidh sin a dhéanamh maidir le Lá Nua agus is iGaeilge cuid den iarracht sin – cé nach gceapfá é uaireannta. An rud a chuir olc orm faoin mhéid a duirt Mac an Fhailigh an Fhorais go ndúirt sé go mbeadh nuachtán nua Ghaeilge ann faoin Cháisc mar go raibh an conradh sínithe ó roimh Nollaig. Dá mbeadh sé chomh simplí le sin- cinnte tá sé indéanta, ach beidh obair chruaigh ag teastáil chun nuachtán d’aon tsort a fhoilsiú gan bacadh le nuachtán atá ar chomhchaighdeán le sean Foinse nó Lá Nua. Léiríonn Mac an Fhailigh an aineolas agus an tuatachas a luafá le Tiogar Cheilteach, is é sin gur féidir rud ar bith a cheannach ach airgead a chaitheamh leis. Ní thuigeann sé an obair a bhí le déanamh chun Lá Nua nó sean Foinse a fhoilsiú agus na caighdeáin a bhain an dhá nuachtán sin amach a shroichint go rialta, go seachtainiúil nó go laethúil.
Maith tú a Choncubhair as an scéal faoi Ciorclán 44/07 agus do chuid tuairimí a roinnt linn.Aontaoim leat go bhfuil sé deachair nuachtán nua ar caighdeán maith a láimhseáil agus tá mé ag tsnúth go mór leis an nuachtán nua.Ar an láimh éile tá ag déanamh go maith le “Foinse Nua”.Silim go bhfuil sé sách éadrom go leór, béim ar an aos óg ach is buntáiste mór an slí a dhailtear é leis an “Indo”.
Tá a fhios agam nach mbaineann mo phostáil le habhar ach san am chéanna bhí easpa feiceálacht na Gaeilge ar sheastáin nuachtán an tsiopa sin sa Ghaeltacht ag cur isteach orm. agus ó tharlaigh gur seo an taon suíomh Gaeilge in éirinn a dtig leat postáil díreach a dhéanamh ann féacháil le comhra a thoiseacht, phostáil mé nó Tá seoirt “Massage Parlour” sa tsiúl agat a Chon. áit a dtig leat faoiseamh láithreach a fháil ar do chuid frustrachas
ar scor ar bith. Nuair a bhí an dá pháipéar ann ba chomhartha é ar bhealach go raibh an teanga ábharthach agus gur bhain sé le saol daoine coitíanta,anois tá sé mar bheadh an teanga marbh sa Ghaeltacht féin. An pointe até mé ag iarraidh a dhéanamh ná go raibh dhá pháipéar ann de bharr obair chrua daoine eile agus lig FNG ar chairde iad agus anois níl a dhath. Is cuma cad é mar a amharcann tú air is céim ar gcúl í. Tá a fhios agam nach fiú a bheith ag iarraidh aon chiall a bhaint as gníomhaíochtaí mhaorlathasach FNG ach san am chéanna dar leat go mbeadh duine éigin san eagraíocht a thuigfeadh an tabhacht siombálach féin a bhí ag baint le paipéar inár dteanga féin a bheith le feiceáil i dtimpealacht nadúrtha. Dar leat go mbeadh duine éigin s déarfadh gurbh fiú cuid den airgead bolscaireachta a chaitear gach bliain a bhogadh chuig an dá paipéar le hiad a choinneáil ann. Cad mar a tharlaíonn sé go gceaptar daoine gan únsa céille acu ar na heagrais Ghaeilge seo? barúil ag duine ar bith?