
Séamus Mac Giolla Chóill, An Roinn Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ag caint. An Aire, Éamon Ó Cuív, lena thaobh agus Bertie Ó hAinmhire, an Roinn, lena thaobh siúd. Pádraig Ó hAoláin, Údarás na Gaeltachta, is giorra dhúinn.
Bhíos i láthair inné ag Cruinniú d’Eagrais Pobalbhunaithe na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara, cruinniú a ghairm an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, chun sinn a chur ar an eolas faoina mholtaí do struchtúr nua do na h-eagrais seo mar chuid den Straitéis (Dréacht) 20 Bliain don Ghaeilge. Reachtáladh an chruinniú in Ostán Chois Fharraige/Conamara Coast Hotel, foirgneamh atá treasna an bhóthair ó cheannaras na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Is beag Ghaeilge a bhí le clos san ostán ón bhfoireann ann – rud is dócha nár cheart íontas a chur ar aon duine nó is é seo Teach Furbo, mar a bhí, agus is ann a bhíodh ocáidí móra – ie Quicksilver, Seó Bibi Baskin is eile – nuair a deineadh iarracht an Bhéarla a bhrú siar scórnaigh phobal na Gaeltachta. Sin mar a bhí – agus ní h-é an stair sin atá mar abhar agam anois. Luaim é mar phointe stairiúíl mar spreag na h-ocáidí thuasluaite gluaiseachtaí éagsúla i measc phobal na Gaeilge is na Gaeltachta, ceann acu a thug TG4 dúinn. Ar aghaidh linn.
Go gonta, tá sé ag iarraidh líon na n-eagrasaí pobalbhunaithe ar fuaid na Gaeltachtaí ar fad a ísliú de tuairim is 50%. Ní theastaíonn ón Roinn a bheith ag plé ach le Príomh Eagraíocht Amháin i ngach ceanntar feidhme. Chomh fada is a bhaineann sé le Múscraí, mo Ghaeltacht fein, níl ann ach ceanntar feidhme amháin. Maidir le Gaeltachtaí eile – Gaeltacht na Gaillimhe mar shampla – tá deich gcinn i gceist. Cuirfear tús leis an leagan amach nua, má dheintear Straitéis iomlán den Dréacht, ar 1 Eanáir 2011. Is é 2011 Bliain 0 na Gaeilge/na Gaeltachta, is cosúil.
Rinne mé roinnt pointí ón chruinniú a thuairisciú ar Facebook inné agus mé i lathair ag an gcruinniú. Déanfaidh mé iad a chur in bhúr lathair anseo (an ceann is déanaí ar dtúis) le go bhfaighidh sibh blaiseadh den gcruinniú:
Concubhar Ó Liatháin An tAire; creidimse gur cainteoir dhuchais an duine a thogtar le Gaeilge i mBAC. Ni
maith liom Sceim Labhairt na Gaeilge.
Ag labhairt ag an gcruinniu sna Forbacha.Inné ag 4:10in trí Facebook ar iPhone · Déan trácht ·Is maith le Cumann Drámaíochta Oé Gaillimh é seo.
Felim BorlandAr dhúirt Ó Cuív sin? Cén cruinniú?Inné ag 4:36in ·
Felim BorlandMo leithscéal, feicim a raibh i gceist agat. Aontaím go hiomlán leis.Inné ag 4:39in ·
Cumann Drámaíochta Oé GaillimhNa Forbacha abú!!!thart ar uair ó shin ·
Mar dhuine a tógadh le Gaeilge i mBÁC, feictear dom go bhfuil difríocht idir an chainteoir dúchais a tógadh i measc pobail láidir Gaeltachta, agus an té a raibh an Ghaeilge mar teanga teaghlaigh (nó leath theaghlaigh, go minic) agus líonra ach a mhair i dtimpeallacht ina raibh an Bhéarla in uachtar.
Tuigim go ndeirtear san Afraic go bhfuil sráidbhaile de dhíth cun leanbh a thógáil i gceart. Feictear dom gurbh amhlaidh atá le cainteoir dúchais.
Ní leithcheal atá ann idirdhealú a dhéanamh nuair atá difríochtaí sna cuinsí. Tá modh oibre amháin de dhíth chun tacú le cainteoirí “nua” dúchais sa Ghalltacht [iadsan nach bhfuil an teanga beo sa teaghlach ach le roinnt beag glúinte] agus modh eile le haghaidh pobail Gaeltachta.
Bíonn saothar bhreise ar mo leithéidí an réimse Gaeilge a shealbhú agus a bheadh ag duine a mhaireann agus a tógadh i gceantar bríomhar Gaeltachta.
Tá na ceantair sin á gcreimeadh áfach – ní mór iad a láidriú, nó beidh muid ar fad inár gcadhan aonair i mbóchna Bhéarla, agus gan teacht againn ar shaothar comhaimseartha mar a chuireann Joe Steve Ó Neachtain nó Darach Ó Scólaí ar fáil, agus iad fréamhaithe i bpobal Gaeltachta.
Cheapfainn gur cáinteoir ó dhúchas tú a Choin
Ceapaim go bhfuil gá leis an Gaeilge a leathnú amach taobh amuigh den Ghaeltacht go mor mor i mBáile Átha Cliath.Daoine a chuaigh go gaelscoilennna ar mhaith leo a gcuid paistí a thogaint le Ghaeilge a dheanfaidh an gnó anseo.Ar an láimh éile beidh gá igcónaí le muintir na Gaeltachta nó daoine a thogadh le Gaeilge i dteaghlaigh ina raibh an Gaeilge mar phríomh teanga.Nil a fhios agam faoi cúrsaí maoinithe anseo, is dócha gur ceist éile é seo.
díol spéise ab ea an t-alt seo – http://www.irishtimes.com/newspaper/weekend/2010/0116/1224262447899.html a d’fhoilsíodh san irish times le déanaí. is fíor don údar nuair a deireann sé gur gheall le pidgin an ghaeilge a bhíonn ar siúl ag gaeilgeoirí na galltachta (mise ina measc). tagann sé sin le straitéis nua an Aire, más é an tionchar a bheidh aige ná saibhreas, éagsúlacht agus áilleacht an teanga a chaomhnú sna gaeltachta.
Mar eolas, nior tógadh leis an Ghaeilge an t-Aire ach thóg sé féin agus a bhean a dteaghlach le Gaeilge.
Tógadh le Gaeilge é, ach i mBÁC.
Chuir mè ceist air seachtain o shin.
Dùirt sè narbh ì an Ghaeilge ‘gnàth-theanga an tì’.
Ní chuirfinn féin, dálta Aonghais, i gcoinne idirdhealú a dhéanamh idir an cainteoir Gaeilge a tógadh i measc pobail Ghaeltachta ina bhfuil an teanga á labhairt leis na mílte nó céadta bliain, ó ghlúin go glúin, agus an cainteoir Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a tógadh trí Ghaeilge. Tá difear ann.
San am céanna, ní ghlacaim leis an ‘dréimire teanga’ seo, ina meastar cainteoirí dúchais Gaeltachta a bheith i gcónaí ‘níos saibhre’ ná cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá cainteoirí iontacha sa Ghaeltacht, agus droch-chainteoirí chomh maith. Tá droch-fhoghlaimeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht, ach roinnt cainteoirí den chéad scoth chomh maith.
Go ginearálta, creidimse gur chóir do chainteoirí taobh amuigh den Ghaeltacht dúchas agus nádúrthacht na gcainteoirí Gaeltachta a shealbhú an oiread agus is féidir, agus gur chóir do roinnt cainteoirí sa Ghaeltacht a bheith níos toilteanaí glacadh le focail úra agus níos toilteanaí sean-nathanna a chur sa chaint arís (feictear domsa go bhfuil na cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht níos toilteanaí é seo a dhéanamh).
Ar scáth a chéile a mhairfidh an teanga!
Ba chóir téarma a chumadh a thabharfadh aitheantas ceart don duine a tógadh le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, mar ní haon ‘foghlaimeoir’ an duine seo, ach a dhéanann idirdhealú idir é/í agus an duine a tógadh le Gaeilge i bpobal labhartha Gaeilge.
@GGN. Cosúil go raibh eolas mí chruinn agam mar sin!
Tugtar “neo natives” ar mo leithéidí sa Bhéarla.
Is maith liom féin an leagan “cainteoir dóchais” , ach feileann sin don foghlaimeoir líofa freisin.
Dála an scéil, ós ag caint ar ghnáth theanga an tí – Gearmáinís agus Gaeilge gnáth theangacha tí s’againne.
Ach tá an dá theanga ón gcliabhán ag mo ghasúir. Cén bosca ina gcuirfear iad?
Mo thuairim. http://tiny.cc/9ccin