Na Cloigne – teilifís ón dtaobh eile

Seán Ó Dónaill (Dara Devaney) - dúnmharfóir nó íosbartach?

Tá go leor ar féidir a rá faoin sraith nua ar TG4 – Na Cloigne – ach, mar thús, is fiú a rá gur thaitin sé liom go mór.

Scéal é seo a mhúsclaíonn mo spéis – go deimhin is maith an rud é go bhfuil rud éigean ar TG4 a mhusclaíonn mé ar chorr ar bith, dá olcas is atá abhar de ghnath ar an dteilifís faoi láthair.

Tá an chaint idir na gcaireictéirí inchreidte agus le dealramh don chuid is mó, murab ionann agus an friotal a bhion le clos ar ‘dhrámaí teilifíse Bhéarla’ ar nós ‘Fair City’ agus ‘The Clinic’ ar RTÉ 1.

An oiread is go bhfuil an scriobhnóireacht go maith, tá an aisteoireacht go maith. I lár argóna lena phairtí, Nuala, iarann Seán O Dónaill (Dara Devaney) uirthí cé acu ar mhaith lei go ngearrfadh sé a chroí óna ucht [leis an scian a chaith sí leis!].  Gan aisteoireacht cumasach, bheadh an baol ann go n-imeodh líne chomh maith le sin [sa chomhthéacs inar dúradh é] amú.  Ach ní h-imíonn an líne amú.

Sa chéad eagrán cuireadh caireictéirí na h-áite in aithne dúinn – Seán agus Nuala, Aine (cailín eile atá luaite le Seán), Susan agus Michelle, cailíní sa tigh tabhairne, Mánas agus Diarmuid O Maille, deartharacha atá in adharca lena cheile,  a mathair, an Ceannfórt Seamus  O Sé, an bleachtaire  O Giollagáin agus an Garda Colm O Cadhain agus fear an Hoodie, Jacko.

Siad seo – agus roinnt eile – áitritheoirí mí-ámharacha Cloigeann, ceantar Gaeltachta i gConamara, is cosúil.  Níl sé cois fharraige, ní doigh liom.   Ceanntar iargúlta é, cheapfá, ach tá staisiún raidió ann nach Raidió na Gaeltachta é.  Raidió an Iarthair.

Sa chéad radharc tugadh i lathair taispeantas ealaíona sinn – agus cé bhí ar chúl na n-aisteoirí ach mo shean chara, Seán O Cuirreáin, an Choimisinéir Teanga, ag tabhairt strac fhéachaint timpeall ar na bpictiúirí!   Is fánach an áit nach bhfaighfeá gliommach ann…

Ar aon nós, is baile é seo atá faoi scath ag rún éigean, arthach uafásach ón dtaobh eile b’fhéidir nó gné eigean nach dtuigimíd faoinár nádúr féin.  Fuaireamar go leor strac fhéachaintí den arthach seo sa choill – cé nach bhfaca Joe Steve O Neachtain (an poiteseálaí, Diarmuid O Maille) dada agus é ag iascaireacht gan cheadúnas cois na h-abhann sa choill.

Dar lena mhathair, tá ‘siad’ cibé iad féin ar ais.   Beidh le feiceáil sna cláracha amach anseo cé h-iad féin – nó go deimhin an daonnaí nó deamhan atá i gceist?

Ní gach duine a thaitneoidh seo leo – cheap leirmheastóir an Sunday Business Post, fear cothrom a dhothain, go raibh na caireictéirí as a gcloigeann.

Táimse sásta cloí leis.  Nuair a chuireann tú san áireamh an oiread cacamais atá ar an dteilifís – leithéidí “Desperate Housewives”, is faoiseamh é dráma d’ard chaighdeán, fíor mhistéir, a fheiscint.

Idir Na Cloigne agus Wallander ar BBC 1, tá buaicphointí na seachtaine ar an dteilifís dar liom.

6 thuairim ar “Na Cloigne – teilifís ón dtaobh eile

  1. séamus Mac Seáin

    nuair a thosaíonn na carachtair ag bualadh craicinn (agus i néadain an bhalla i ainm croim) sa chéad radharc tionntaím chuig clár eile. Má’s sin an rud atá de dhith le mo aird a choinneáil ní fiú móran é mar drama dar liom, is cuma cad é an teanga ina bhfuil sé. Dar leat go bhfuil siad ag maíomh á ndánacht agus á bhfreacnairceacht. Amharc “Is Gaeil sinne agus tá muid lán chomh drúisiúl leis an chéad dream eile” cad é chomh páistiúl agus is féidir a bheith? Ar bhuail siad craiceann i néadain an bhalla ariamh meas tú? doiligh a dhóthain. is ealaíon ann féin am baiste.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní féidir a chur as an áireamh go mbionn Gaeil ag bualadh craicinn in éadan an bhalla an oiread is a bhionn neamh Ghaeil i gcláracha teilifise eile. Nílim orthu san a thaitneodh an suíomh sin liom don ghnó áirithe sin….

    Bhí cuma mí chompórdach ar an mbeirt a bhí pairteach sa radharc seo – ach b’fhéidir gur cuid é sin den phleisiúr. Cá bhfios.

    In ainneoin sin – agus tagaim leat sa mheid is nár doigh liom gur gá radharcanna mar sin a thuilleadh chun a rá leis an saol go bhfuil Gaeil lán chomh druisiúil leis an chéad dream eile, bhain mé taitneamh as na Cloigne. Feictear dom gur feidir go bhfuil an gá seo le h-aghaidh radharcanna ina bhfuil craiceann á bhualadh ann – Seacht, Rasaí na Gaillimhe agus, anois, Na Cloigne – ag baint le TG4 ag iarraidh a bheith ag cur in iúl do staisiúin Teilifíse eile go bhfuil siad tagtha in aois agus in aibíochta. I bhfirinne níl TG4 ach 14 ar éigean agus is dócha nár cheart duínn íontas a bheith orainn go bhfuil an oiread suime ag an déagóir seo i mbualadh craicinnn!

    Freagra
  3. Ciarán Ó Cofaigh

    Ní féidir liom labhairt thar cheann na léiriúcháin eile atá luaite, ach tá cúiseanna faoi léith go bhfuil an radharc sin don buaileadh craicinn sa gclár. Insíonn se rud éigin dúinn faoi ngaol idir Seán agus Nuala, an bealach go bhfuil sé achrannach agus paiseanta. Tá sise mí shásta leis mar gheall go raibh sé ag suirí le bean ag an taispeántas ach le focla boga agus spraoi, iontaíonn Seán an teannas seo i dtreo paisean. Bíonn ar Nuala brú a chuir ar Sheáin rá léi go bhfuil sé i ngrá léi, sular féidir leis leanacht ar aghaidh. Baineann Nuala plaic as Seán ag pointe amháin, ag tabhairt foréigean le fios (atá tábhachtach mar leid don méid atá le teacht sa scéal). Ní bhíonn sé i bhfad i ndiaidh an radharc seo go mbíonn siad ag troid arís…Tá go leor eile atá ag tarlú san radharc seo ach ní gá go mbeadh na rudaí seo mínithe ná fiú á dtabhairt faoi deara ag an lucht féachana go coinsiasach. Má chuireann radharcanna mar sin isteach ar Séamas Mac Seáin bhí sé chomh maith aige an stáisiún a athrú, ach tá craiceann á bhuaileadh sna sean scéalta Rúraíochta agus Fiannaíochta chomh maith, cé go bhfuil an té ann a cheapann nach raibh sé ag tarlú go raibh Gay Byrne ann. Ar bhonn pearsanta bhuail mise craiceann go minic in aghaidh balla agus bhí sé an deas.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Míle buiochas as an léargas sin, a Chiaráin, B’fhéidir go bhfuil beagáinín an iomarca eolais á roinnt agat maidir le bualadh craicinn in éadan an fhalla ná mar atá riachtanach ach sin scéal eile!

    Thuig go raibh baint eigean ag an eachtra sin leis an scéal. Ar oibrigh sé, sin scéal eile. Ach ar ndóigh, is léir go raibh eifeacht leis má tá daoine ag caint faoi.

    Bhí an dara eagrán go maith freisin – ach tá an mistéir faoin Cheannfort Ó Sé ag dul i dtreise. Cé h-é féin go díreach? Agus cad é an bhaint atá aige leis an scéal áirithe seo? Ar aon nós, táim ag súil le h-eagrán a 3.

    Freagra
  5. kelly d

    Táim díreach tar éis breathnú ar eagrán a 2 ar an suíomh idirlíne TG4 agus an-tógtha leis. Go raibh míle maith agat, a Choncubhair, as ucht an “heads up” mar a deirtear!

    Slán

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s