‘An mhír dheireannach sna mireanna meara’ – ní doigh liom é, a Arlene!

Arlene Foster, Céad Aire Gníomhach an Tuaiscirt.

Tá Arlene Foster anois ina Céad Aire ó thuaidh le trí lá agus theana féin tá borradh faoi chainteanna agus polataíocht ó thuaidh.   Bean fuinniúil eifeachtach í, de réir dealraimh, agus ní bheinn ró chinnte, dá mba mise Peter Robinson, go mbeadh sé chomh h-éasca teacht ar ais i gcumhacht tar éis seal ‘ag tabhairt aire do chúramaí pearsanta’.

I ráiteas atá luaite lei ar maidin ar Slugger O’Toole, tá sé tugtha le fios go gcreideann sí gurb é ‘poilíneacht’ an píosa deireannach sna míreanna meara ar a dtugtar proiseas pholatúil an Tuaiscirt.   Cinnte is é sin an tuairim i measc na meáin cumarsáide Bhéarla agus an tuairim atá á chur chun tosaigh ag an dá rialtas agus na mór phairtithe ar fad.

Creidimse nach bhfuil poilíneacht agus dlí agus cirt chomh tabhachtach agus atá siad ag tabhairt le fios.  Is rud siombalach é.  Sa deireadh thiar, tagann agus tiocfaidh an t-airgead chun riar a dhéanamh ar phoilíneacht ón áit chéanna is a dtagann an t-airgead le h-aghaidh gach réimse eile ó thuaidh – Stat Chiste na Breataine.   Is i Westminster a fhanfaidh an fior chumhacht ar an gceist seo – agus ní bheidh i gceist leis an Aire Dlí agus Cirt/Poilíneacht ó thuaidh ach cumhacht (mar dhea) a chur i lámha mhaorláthach.

Feictear dom nach dtuigeann an dhá thaobh cultúr a cheile go fóill agus nach bhfuil aon meas acu air.  Go deimhin, leis an íonsaí barbarthach mí throcaireach ar Peadar Heffron, constábla san Seirbhís Poilíneachta, is léir gur beag meas atá ag ‘poblachtóirí’ áirithe ar a gcultúr féin ach chomh beag.

Tá an droch mheas atá ag an DUP, go h-áírithe, agus polaiteoirí aondachtacha (den chuid is mó) don Ghaeilge agus do ghnéithe eile de chultúr na nÉireannach atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann ina séadchomhartha i dtirdhreach na mbiogóídí.   Bionn polaiteoirí aondachtacha ag sarú a cheile lena drochmheas don Ghaeilge a chur in iúl le raitis biogóideacha gan chiall.

Tá cuid den locht as seo ar Shinn Féin – baineann an pháirtí sin úsáid mí chuí as an dteanga ina gcluichí pholatúla – ach tá an claonadh biogóideach aineolach gránna i bpolaiteoirí aondachtacha ina bhac ar aon athmhuintearas fhirinneach idir an dhá phobal mhór ó thuaidh.   Aithním freisiin go bhfuil claontaí den tsort céanna i measc polaiteoirí ar ár dtaobh féin, go h-áírithe ar cheist na mórshiultaí, an fíor chultúir Aondachtach (seachas an bréag chultúr Albainis Uladh atá á chur chun cinn le déanaí).

An fhaid is atá na constaicí seo ann, agus pobal na Gaeilge faoi chois agus ar an imeall ó thuaidh, tá dualgas morálta ar Rialtas na hÉireann an oiread agus is féidir a dhéanamh chun a gcearta a chosaint.  In áit sin, mar a dúirt mé anseo roimhe, tá Rialtas na hÉireann ag tabhairt droim láímhe do Ghaeil an tuaiscirt – dá n-éistfeá le hÉamon O Cuív ag labhairt le déanaí ar an gceist seo, cheapfá gur lú tabhacht Gaeil na sé contae ná cainteoirí Ghaeilge Nua-Eabhrach nó Lublin na Polainne.  (Ní le droch mheas do Ghaeil thar lear a deirim é seo ach le léiriú a dhéanamh ar chomh droim ar ais agus thuas thíos atá dearcadh Uí Chuív agus Rialtas na hÉireann i leith an chuid sin de mhuintir na hÉireann a mhaireann sa chúinne thoir thuaidh den oileán.)

Níl a fhios agam cad é seasamh Arlene Foster ar an nGaeilge – ach ba mhaith liom a mheabhrú di agus do pholaiteoirí eile ón dhá thaobh ó thuaidh agus ó dheas (agus thoir)  go bhfuil míreanna eile le cur in áit sa mhór phictiúir sara mbeidh sé criochnaithe nó gar do.

5 thuairim ar “‘An mhír dheireannach sna mireanna meara’ – ní doigh liom é, a Arlene!

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Caipéis ana shuimiúil agus ar fiú go mór é a léamh. Ní fheadar an bhfuil sé léite ag Arlene go fóill? B’fheidir gur cheart é a sheoladh chuicí arís!

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    tá SF ag díriú an oiread sin airde ar Phóilíneacht go gcaithfidh sé go bhfeiceann siad tabhacht leis nach léir don chuid eile againn ach níl siad fá choinne an rún a scaoileaddh linn. Tcím féin an Ghaeilge agus an dóigh a gcaitear liom féin agus le mo ghaolta, gur Ghaeil iad an chuid is mó acu, mar an “tástál Liotmus” ar dhlisteanacht an stáit ó thuaidh. Bhéinn féin sásta Cearta do Ghaeil a mhalártú, am ar bith, ar chearta Póilíneachta. Má’s fíor gur choinníodh Caitlicigh an tuaischirt mar ghialla ar shon saoirse mhuintir na 26Co. sna 20’í den aois seo thart, tá sé fíor fosta go bhfuil Gaeil an tuaischirt anois mar ghialla ar shon rann phairtíocht SF sa rialtas ó thuaidh. Scaoiltear saor sinn ónar “gCairde” agus ónar náimhde araon.

    Freagra
  3. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá diomá orm nách bhfuil cúrsaí ar oibriú amach níos fearr sa Tuaisceart.O dimigh Ian Paisley níl aon ceannasaí sa taobh Aontachtach i ndann a threabh a thabhairt leis.Tá Gaeil ag caint arís gur féidir leo níos mó chothromas a fháil go mor mor don Ghaeilge ó Rialtas na Breataine i.e rialú díreach Whitehall a thabhairt ar áis.Níl suim na acmhainn ag rialtas an Deisceart sna Gaeil ó thuaigh agus muid traochta ag na baincéirí.Ní doigh liom go mbeidh aon tioncar ag clann Mhic Roibín ar cúrsaí ach nách mbeidh Peadar ar áis, rud maith dár liomsa mar bhí fear Cluan Tiobraid ró-chlaonta don bhiogáidíocht.B`fheidir ar ioronaí an t-saoil go ndéanfaidh Arlene an beart.Ba cheart an ríomhphoist sin faoi cúrsaí Gaeilge in a h-Éaglaise a sheoladh cuichi ar an toirt.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s