Ó Riada sa Gaiety – Comóradh 40(+) bliain

Seo alt a bhí agam i Foinse inniu.    Tá sé beagán le cois an dhá scór bliain ó reachtáladh Ó Riada Sa Gaiety (Mí na Márta 1969) agus tá Cáirde an Riadaigh chun comóradh a dhéanamh ar an anamaithris [anniversary] suntasach seo le Coirmcheol i gCorcaigh ar 29ú Eanáir.   Ar an gclár don oíche:  Ceoltóirí Chulainn, Na Filí, Cór Chúil Aodha fé stiúr Peadar Ó Riada agus go leor eile].

Má tá Led Zeppelin agus na Horslips ábalta teacht ar ais tar éis na blianta fada gan seinnt le chéile, cén fath nach dtiocfadh dhá mhór ghrúpa cheol traidisiúnta ón ré céanna le chéile in athuair?

Sin í an cheist atá freagra ceolmhar á thabhairt uirthí ag Ceoltóirí Chualann agus Na Filí ag oíche stairiúil cheoil thraidisiúnta atá beartaithe chun comóradh a dhéanamh ar Sheán Ó Riada, bunaitheoir Cheoltóirí Chualainn, ag deireadh na míosa seo i gcathair Chorcaí.

In Ostán Bhaile an Róistigh a bheidh an Choirmcheol Mhór seo á reachtáil ar 29 Eanáir agus is grúpa de lucht aitheantais an cheoltóra, Cáirde an Riadaigh, atá á eagrú.

Lá Lúnasa i 2008, nochtadh dealbh Sheáin Uí Riada i gclós an tséipéil i gCúil Aodha agus tá an ocáid seo á reachtáil chun cuid de na costaisí a bhain leis an iarracht sin a ghlanadh maraon le cur le comharthaíocht agus abhar eolais turasóireachta faoin séadchomhartha cheoil.

B’é an Riadach féin a bhunaigh Ceoltóirí Chualainn agus thionscnaigh an ghrúpa sin réabhlóid sa cheol traidisiúnta atá ina spreagadh do cheoltóírí thraidisiúnta ó shin.

“B’shin an réabhlóid mór a thionsnaigh Seán Ó Riada – bhunaigh sé  chun ligint do cheoltóirí thraidisiúnta sár chumasacha seinnt le cheile ar shlí nár bhain dá bhfeiniúlacht,” dúirt Seán Ó Sé, amhránaí trath le Ceoltóirí Chualainn agus urlabhraí Cáirde an Riadaigh.

“Tá a shampla á leanúint ó shin in Éirinn agus ar fuaid an domhain,” dúirt sé.  “Spreag sé meas as an nua inár gceol, inár gcultúr agus inár dteanga.”

I Mí na Márta, 1969, a tharla an coirmcheol stairiúil sa Gaiety agus áirítear é go foill mar an coirm ceol traidisiúnta is fearr riamh.

Beidh deis ag glúin nua blaiseadh den oíche stairiúil sin sa Gaiety a fháil nuair a thabharfar chun cuimhne é ar an ardán ag Ostán an Rochestown Park, ionad an Oireachtais i 2008, ar 29 Eanáir.

Cé go bhfuil Seán Ó Riada, Peadar Mercier agus John Kelly ar shlí na fírinne, beidh mic na sár cheoltóirí seo, Peadar Ó Riada, Mel Mercier agus John  Kelly Junior ag glacadh a n-áiteanna i gcomhluadar Martin Fay, Michael Tubridy, Eamon de Buitléar, Seán Potts agus Ronnie McShane ón ngrúpa bhunaigh.  In éineacht leo san beidh Seán Óg Potts ar an bpíb uileann (in ionad Paddy Maloney) agus Eamon McGivney (in áit Seán Keane).

Beidh na Filí ar ais mar a bhí – Matt Cranitch, Tomás Ó Canainn agus Tom Barry ar an ardán le cheile arís den chéad uair le breis is scór bliain ón trath go raibh aithne ar Na Filí ar fuaid na tíre agus na h-Eorpa de bharr a gcuid ceoil

Ní bheadh aon oíche de cheol chomórtha ar Sheán Ó Riada criochnaithe gan “An Poc Ar Buile” agus “Mo Ghile Mear” ó Chór Chúil Aodha faoi stiur Pheadar Uí Riada.   Beidh go leor eile ar an ardán freisin – amhránaithe sean nóis cosúil le Máire Ní Cheilleachair, Eoiní Maidhcí Ó Suilleabháin agus Seán Ó Liatháin maraon le ceoltóirí ar nós Conall agus Máire Ní Ghráda is Muintir Luasa, Screathan.

Tá ticéid ar fáil ó na h-ionaid seo I leanas ar phraghas €20.   Is féidir loistín thar oíche a chur in áirithe ag an Rochestown Park Hotel, ionad na coirme agus ostán ceithre réalt, ar €40 an duine.

Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne  026 45733

Rochestown Park Hotel  021 4890800

Quill’s, Patrick Street  021 4271717

An Spailpín Fánach, South Main Street

3 thuairim ar “Ó Riada sa Gaiety – Comóradh 40(+) bliain

  1. An Tuamach

    Go hiontach. Tá súil agam go bhfuil chun taifead a dhéanamh agus á chur amach ar cd.

    Freagra
  2. aonghus

    Cá bhfuair tú an focal “anamaithris”? Is maith liom é, ach an bhfuil tú cinnte faoin gciall?

    an é an anam atá i gceist leis nó rud éigin eile?

    Freagra
  3. Ping: Tweets that mention Ó Riada sa Gaiety – Comóradh 40(+) bliain « iGaeilge -- Topsy.com

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s