Pócaí folamh is cloigeann tinn

Tús mhí Eanáir agus ar maidin inniu, is mé ag dul chun na h-oibre, sciorr ar mo chos agus thiteas ar mo thóin taobh amuigh den doras sa bhaile.  Bhuail mo cheann in éadan an talamh siocaithe agus bhain croitheadh asam ó bhaitheas go bonn.  Ach amháin go raibh mé ag caitheamh caipín tiubh, táim cinnte gur ar éigean go mbeinn ag scríobh anois.   Ní raibh mé riamh chomh buioch as bronntanas Nollag a fuaireas ó mo bhean chéile!

Agus mé ag caint ar chúrsaí chloigne, tá sé curtha in iúl dom ag mo shean cháirde ag Rosg, comhlacht teilifíse ildánach ó Chonamara, go bhfuil an sraith is déanaí uatha, Na Cloigne, á chraoladh amarach (Dé Chéadaoin) ar TG4 ag 10.30in (beagáinín déanach, is dócha, ar eagla go bhfeicfeadh paiste éigean é agus go gcoinneodh sé ó chodladh na h-oíche é/í ach an bhfuil sé beagáinín ró dhéanach?)

Ar aon nós, is sraith é seo atáim ag fánacht air le fada an lá, nó gach uair le roinnt blian a labhair mé le Ciarán  O Cofaigh, príomh stiurthóír Rosg (an chomhlacht a thug na clasaicí, Cré na Cille, An Leabhar, Cosa Nite agus eile dhúinn), tá sé tar éis labhairt faoin dóchas atá aige i leith Na Cloigne.

Is é seo an cur sios ar an gclár:

Is scéinscéal osnádúrtha é Na Cloigne, a bhaineann le lanúin óg, Seán agus Nuala, a tharraingítear isteach i ndúnmharú uafásach, beirt chailíní óga.

Is péintéir den scoth í Nuala, a bhfuil teagmháil as an ngnáth aici leis an Domhan Eile, tríd an mbua ealaíonta atá aici.  Tá a caidreamh le Seán faoi bhrú mór mar go raibh sé mídhílis di le déanaí le bean áitiúil, Áine.

Oíche amháin agus é súgach tugann Seán beirt bhan óg dhathúil abhaile i gcomhair cúpla deoch tar éis bheith sa teach ósta. Dúisíonn an ragairne Nuala agus, tar éis argóna fíochmhar le Seán, imíonn sí léi sa charr, i bhfeirg le héad.  Dúisíonn Séan lá arna mhárach agus a chuid éadaí báite i bhfuil agus gan aon chuimhne aige ar céard a tharla an oíche roimhe sin.

Tá sé cráite ag taibhsí d’fhir dhorcha agus níl a fhios aige cé atá marbh ná cén bhaint a bhí aigesean leis.  De réir a chéile tá sé ag sleamhnú go tóin poill, é éadóchasach agus ag dul as a mheabhair.

Is cinnte go bhfuil cuma stiliúil ar na míreanna atá le fáil ar shuíomh facebook Na Cloigne agus mholfainn go h-ard do lucht léite an tsuímh seo súil a leagadh air nuair a chraolfar (agus nuair a athchraolfar é) é ar TG4 (ní gan chúis a fuair TG4 an uimhir 4!)).   Tá go leor luaite leis an sraith atá ard mheas orthu i saol na n-ealaíon Ghaeilge – léithéidí Robert Quinn (Cré na Cille, Rásaí na Gaillimhe etc), Darach O Tuairisc (Fibín, Ros na Rún), Aine Ní Dhroighneáin (Rasaí na Gaillimhe, Ros na Rún),  Maidhc P. O  Conghaola, Seán O Meallaigh etc.

Agus bua eile ag an sraith seo freisin, go bhfuil Darach O Scolaí agus Lauren McKenzie luaite leis mar scriobhnóirí.  Níl aithne agam ar Lauren ach is sean chara liom é Darach agus sheasfainn sa sneachta le faire ar chlár a bhfuil sé luaite leis….bhuel geall leis….

(Ar an droch uair, ar chúis nach dtuigim, ní thacaíonn WordPress le vimeo ach tá teacht ar an mhír go h-éasca anseo...)  Agus anois tá an mhír ar fáíl ar Youtube.

Ag caint dom ar chláracha teilifíse, chaith mé súil aréir ar Seacht a chuir tús leis an triú sraith aréir.  Caithfidh mé a rá go bhfuil an rud a bhí úr agus dána an chéad uair, tá cuma seanachaite agus siocaithe air anois.  Níor fhanas ró fhada ag féachaint air agus d’fhagas ann é.  B’fhéidir go bhfillfidh mé ach ní doigh liom é – cuireann an friotal teacsach, lán le droch chaint agus baois na n-óg, pian i mo chluas….

Tá mé ag dul in aois.   Beidh orm bheith cúramach….  Fanfaidh mé istigh agus beidh mé ag faire ar Na Cloigne – nuair atá pócaí folamha agus an cloigeann tinn, níl caitheamh aimsire níos sabhailte!

7 dtuairim ar “Pócaí folamh is cloigeann tinn

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    A Choncubhair, is maith liom a chloisint go bhfuil tú ar fónamh.Tá sé thar am go bhfuil an leach oighear leáite inniú.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Crith talún, a Ruairí. Gach seans go raibh crith talún in áit éigean. Cad a deirtear faoin tionchar a bhion ag an aer a chuireann peidhleacán ag gluaiseacht ar thaobh amháin den domhan ar an aoráid ar an dtaobh eile…..

    Freagra
  3. aonghus

    Agus is iontach an peidhleacán tú! Lean ort ag cuir creathanna talún ar aos an phinn dheirg, agus ná raibh tú níos faide ar chlár do dhroma ná mar a bhí inniubh – seachas go síoch i’d leaba!

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Tugadh go leor rudaí orm i gcaitheamh mo shaol go dtí seo – ach níor tugadh peidhleacán riamh orm….agus ní nach ionadh!

    Freagra
  5. Oisín Mór

    ní hé go bhfuil tú ag éirí sean, mhothaigh mise an rud cheana faoin chaint i Seacht ón tús. bhí mé féin ar Ollscoil na Bánríona ach níor labhair duine ar bith againn ar an nós sin; i nGaeilge nó i mBéarla fiú. Bhí craic agus greann sa chomrá againn, ní raibh muid chomh suarach, leitheadach agus diúltach is atá an dream seo. níor chrochfainn thart leo ar aon nós haha. droch-scriopt, easpa cruthaitheachta agus cás de ”stíl níos tabhachtaí ná substaint” dar liom.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s