Adhmhaidin giorruithe go ciúin

Is cosúil go bhfuil leath uair bainte de phríomh chlár nuachta agus cursaí reatha RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis saoire na Nollag.   In áit a bheith ag tosnú ar 7.30rn ó Luan go hAoine, anois ní bheidh an clár ag tosnú go dtí 8rn gach maidin le linn na seachtaine.

Ní h-é seo an chéad giorrú atá déanta ar chláracha chúrsaí reatha is nuachta RnaG – nó roimhe seo gearradh cláracha ar nos Seó Beo an tSathairn den sceideal.

Cuid de straitéis bhainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta é seo teacht slán tri Ré na gCriosanna Cúnga gan daoine a scaoileadh chun bealaigh in éadan a dtola.   Tá go leor de bhuan fhoireann an Raidió imithe amach ar phinsean le gairid.

Is léir áfach gurb é riachtanaisí na n-éisteoirí an cloch is lú ar phaidrín bhainistíocht RTÉ RnaG má tá siad ag gearradh leath uair an chloig ón chlár is mó eisteoirí ar mhaithe le tuilleadh ceoil….sin ag trath gur mó an spéis i gcúrsaí reatha ná aon uair roimhe.

Nach bhfuil slí eile ann chun teacht slán ó chiorrú buiséad seachas gearradh siar ar an seirbhís don phobal eisteachta?

Aon tuairim amháin ar “Adhmhaidin giorruithe go ciúin

  1. ormondo

    Is clár iontach ar fad é. Déanaim na podchraoltaí a ioslódáil agus bímse ag éisteacht leo ar mo sheinnteoir MP3. Ach tá an dealramh ar an scéal go bhfuil gearraithe siar orthu siúd, leis.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s