Gaelscéal – an scéal is déanaí

Faoi dheireadh thiar, tá cúrsaí maidir leis an iarratas a bhuaigh an chomórtas Fhoras na Gaeilge chun nuachtán sheachtainiúil a aimsiú ag bogadh chun tosaigh.   Tá sé fógartha go bhfuil Trevor O Clochartaigh, sean chara liom féin agus iarrthóir Shinn Féin sna toghcháin áitiúla i nGaillimh anuraidh, ceaptha ina Bhainisteoir Tionscadail ar an mbeartas seo.    Nil a fhios agam cad a chiallaíonn an fógra seo don chaidreamh idir SF agus Trevor – ach más amhlaidh go bhfuil deireadh leis agus aghaidh á thabhairt ag an bhfear ildánach seo ar thionscnamh nua, is ionann méala na polataíochta agus bua na Gaeilge.  [Ní h-é sin an chéad uair a tharla a leithéid!]

De réir teachtaireachta a fuair mé mar r-phost aréir [Dé Satharn] timpeall 11 a chlog, tá Torann na dTonn Teo, an comhfhiontar idir Eo Theilifís agus an Curadh Chonnachtach, ag lorg Eagarthóir, Iriseoirí agus Dearthóirí, chun dul i mbun oibre leis an nuachtán nua seo a thabhairt ar an saol.

Cibé dream a cheapfar sna postanna seo, beidh dúshlán rompu.   Tá Foinse ar an bhfód arís agus ag mealladh leitheoirí úra agus fógrai agus an nuachtán a bhunaigh Pádraig O Céidigh i 1996 á scaipeadh saor in aisce in éineacht leis an Irish Independent.  Taithníonn sé liom féin corr alt a chur ar fáil don nuachtán nua agus caithfidh mé a rá go bhfuil aischothú maith á fhail agam féin dá bharr.  Tá daoine ag léamh na Gaeilge ná raibh á léamh riamh roimhe, fiú ag an uair is fearr do Lá Nua/Foinse.

Is maith an rud é do Gaelscéal, más é sin an ainm a bheidh ar an nuachtán nua, go bhfuil níos mó den phobal ag léamh na Gaeilge a bhuiochas do Foinse.  Ciallaíonn sé go bhfuil líon níos mó leitheoirí Gaeilge ann – agus ní olc an  scéal é sin do dhuine ar bith atá ag cur ábhar leitheoireachta fónta ar fáíl trí Ghaeilge.

Ag an am chéanna, tá cúinne ar leith don mhargadh curtha faoi smacht ag Foinse agus beidh ar Gaelscéal a chruthú go bhfuil sé éagsúil ón nuachtán atá ann theana féin.   Ar eagla na mí thuisceana, nílim ag déanamh beag de Nuacht 24 – is amhlaidh gur doigh liom go bhfuil misean eile á chomhlíonadh ag mo chairde ó thuaidh agus tiocfaidh mé chuige sin ar ball beag.

An dúshlán atá roimh fhoireann Gaelscéal, an nuachtán nua-aimseartha iomlán a chur ar fáil.  Beidh ar an nuachtán seo bheith ina fhoinse nuachta, gan amhras, ach anuas ar sin, ós rud é go bhfuil é á fhoilsiú ar an Aoine, beidh air bheith ina iris dheireadh seachtaine, cosúil le h-iris an Irish Times ar an Satharn.   Is rud éagsúil an nuachtán anois thar mar a bhí nuair a thosnaigh Foinse nó Lá, an uair sin ba leor nuacht.  Anois tá an Idirlíon ann agus níl beatha chalóg sneachta ag scéal nuachta.   Caithfidh anailís agus greann bheith sa nuachtán nua seo, caithfidh faisean agus ceol bheith ann, spórt agus saoire, na cleasanna chun bheith beo le linn an chúlú eacnamaíochta agus comhairle conas cur le do stór airgid le bheith rachmasach id ghnó/shlí beatha.

Sa chur chuige seo atá á mholadh agam, beidh níos lú tabhacht leis an ndeighilt shaorga gan brí sa saol chomhaimseartha idir an Ghaeltacht agus an domhan nach bhfuil sa Ghaeltacht oifigiúil ach atá Gaelach mar sin féin, an oiread is go bhfuil an Ghaeltacht féin Gaelach pé scéal é.

Ba cheart go mbeadh tuairisceoirí/comhfhreagraithe sna reigiúin éagsúla ar fuaid na tíre ach ní gá gur i gceantair Gaeltachta a bheadh siad lonnaithe.  Is leor blaiseadh den saol mar atá sé id reigiún féin chun leithscéal a thabhairt don ceannaitheoir nuachtáin Gaelscéal a cheannach – ní fheadar an fiú mar shampla eagráin éagsúla le príomhleathnaigh difriúla le h-aghaidh gach mór reigiún [Mumhan, Laighean, BAC, Connacht agus Uladh] a fhoilsiú?  An mbeadh sé ró chostasach ó thaobh cló de?  Nó arbh fhiú an tairbhe an trioblóid.

Nior cheart go mbeadh na colúnaithe ró throm – nílim ag caint ar chúrsaí meachan anseo – agus go mbeadh réimse a suimeanna níos leithne ná polataíocht, an tuaisceart, spórt agus An Ghaeilge.    Tá go leor ábhair eile le plé ann – is beag tuairisciú a dheintear i nGaeilge ar chúrsaí timpeallachta mar shampla.   Tá gá freisin le na bearnaí sna meáin Bhéarla a aithint – is náireach a laghad trachtaireachta a dheintear sna meáin Bhéarla ar cheol thraidisiunta agus amhránaíocht ar an sean nós in ainneoin gur léir dom go bhfuil fás mór ar an suim sna reimsi seo de chultúr na hÉireann faoi cheilt, mar a thug Dónal O Corcora uirthí.

Táim ag scríobh liom anseo agus anois tuigim gur féidir go mbeidh daoine ag baint usáide as mo chuid tuairimí agus iad á gcur féin san áireamh do na postanna seo. Gach seans freisin go mbeidh an oiread daoine nach n-aontóidh liom faoin fhís atá agam.  Ach, ar a laghad, tá fís agam.   B’fheidir nach ciallmhar an mhaise sin dom!

Is é an príomh suim atá agam go mbeadh nuachtán fónta inmharthanach ann, nuachtán a bheidh ábalta seasamh ar a chosa féin gan ró mhoill agus bheith beo gan deontas ó Fhoras na Gaeilge.   Tá súil agam go mbeidh sé beo de bharr go bhfuil suim ag daoine le Gaeilge í a cheannach agus a léamh agus tuilleadh a lorg ina dhiaidh sin.

Is beatha teanga í a léamh….

7 dtuairim ar “Gaelscéal – an scéal is déanaí

  1. aonghus

    Smaointe fónta.

    B’fhiú smaoineamh freisin ar ábhar a aistriú ó Nuachtáin na Mór Roinne chun teacht ar shaineolas maidir leis na réimsí nach bhfuil clúdaithe go maith faoi láthair.

    Tuairimí airgeadais ón bhFrankfurter Allgemeine, abair. Ceisteanna cultúr ó Le Monde. Agus rl.

    Freagra
  2. Páidí

    Tá an-chiall len a bhfuil curtha i dtoll a chéile anseo agat a Chonchubhair agus ní don gcéad uair ach an oiread. Ní dócha go bhfuil aon cheist ann faoin ndúshlán amach roimh an fhoilsiúcháin nua ach go gcaithfear tabhairt faoi ar shlí fíor-nuálach agus oscailte. Sílim gur mar seo amháin a chothófar an lucht léite agus gur as seo a thiocfaidh múnla nua nuachtáin.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    cúpla rud mar gheall ar seo uilig a Choncubhair.
    Is é an rud is dóchasaí faoi Gaelscéal,dar liom , go bhfuil bainisteoir Tionscadáil ceaptha acu roimhe aon rud eile. Is é an bainisteoir tionscadáil a dhéanfas an an páipéar a bhuanú agus ní an teagarthóir nó feabhas na niriseoirí. Níl aon amhras ach go gcaithfidh an bainisteoir a bheith éifeachtach. Theip ar “LÁ NUA” dar liom de bharr nach raibh bainisteoir tionscadail acu. Ní ar eagathóieacht ná ar iriseóireacht mhaith a mhaireann páipéar ar bith, cé gur cuidiú é iad a bheith ann.

    rud eile a Choncubhair cé go dtuigim an cheanncheap. Níl shílim ar chor ar bith go mbionann “beatha teanga í a scríobh” “is beatha agus buanú teanga í a labhairt”

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras, tá go leor ag brath ar an mbainisteoir tionscadail agus is fíor dúit go raibh a leitheid in easnamh ó Lá Nua le mo linn agus cúramaí bainistíochta pearsanra is uile fagtha faoin eagarthóir. Anuas ar sin, is duine thar a bheith eifeachtach é Trevor Ó Clochartaigh – bhí sé ag scríobh do Lá Nua (a bhuiochas sin do Chiarán Ó Pronntaigh!) – agus bheinn sásta go mbeadh sé i ndán don dúshlán seo.

    Ar ndóigh, is beatha teanga í a labhairt. Glacaim le sin. An pointe a bhí mé ag déanamh go ligtear i ndearmad go minic go bhfuil gá le léamh agus scríóbh teanga freisin chun í a bheathú…..

    Freagra
  5. diarmuid de faoite

    Beatha teanga bheith ag bitseáil faoi mhionphointí sa teanga sin!
    Maith thú a Chonchubhair, nár laga Dia do pheann

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Nár laga Dia mo pheann go deimhin! Níl miion phointe ró mhion nach féidir blag ar leith a bhunú chun deis bitseála a thabhairt do dhaoine sa chibearspás. Ní chuirfidh sé as don CO2 agus coinníonn daoine maithe ón olc.

    Ní fheadar an bhfuil sé in am ‘Gaeilgeoirí’ a thabhairt ar ais chun na Taibhdheirce in athuair ar mhaithe le h-agóid mhaith sa chibearspás a bhunú timpeall ar an ndráma conspóideach!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s