Cúpla focal faoi ‘F**k’

Tá níos mó conspóide ann faoi na focail úd – an f*cáil a thug Paul Gogarty ón gComhaontas Glas do Emmet Stagg i Seomra na Dála an tseachtain seo chaite – ná mar a bhí faoi rud ar bith a dúirt polaiteoir ar bith sa seomra céanna le fada an lá.  Bhuel ón uair a thug an Taoiseach treoir sotto voce dá Thánaiste tamall ó shin ina raibh focail den tsórt céanna.

Níl a fhios agam an mbeadh an clampar céanna ann dá mbeadh Paul Gogarty tar éis an méid a dúirt sé a rá i nGaeilge.  Ní dócha go mbeadh.  Ní thuigfead éinne é.

Níl a fhios agam ach an oiread an bhfuil aon masla i nGaeilge sa leabhar úd a bhionn ag treorú na Teachtaí maidir le h-iompar sa Phairlimint.   Chuirfeadh sé íontas orm dá mbeadh agus, mar sin, go mbeadh Teachta Dála le Gaeilge ábalta, dá mba mhaith leis nó lei, go leor a rá faoina chomharsáin, mallachtaí a chur leo is uile, agus gan fiú an Ceann Comhairle a mhúscailt óna chodladh shuanmhar.

An rud ar fiú a rá faoin eachtra seo gur olc an léirmheas é ar ár gcoras pholatúil agus an caidreamh idir sin agus sinne, an phobal.  Más amhlaidh gur féidir an oiread dumhach a chaitheamh le TD a dúirt na focail a dúirt sé mar ‘I couldn’t think of anything better to say’ agus gan morán a rá mar shampla faoi dhiospóireacht i nGaeilge, fiú agus córas aistriucháin ar fáil, bhuel táimíd i ndroch staid amach is amach.

Ar ndóigh ní ar an gcóras pholatúil amháín an locht ach ar na meáin cumarsáide sa tír seo.  Ar maidin Dé Satharn agus deireadh leis an scéal, cheapfá, cuireadh an Teachta leis an mbéal gan srian faoi agallamh ar chlár Marian Finucane ar Raidió 1, príomh staisiún raidió na tíre.  Ghabh sé leithscéal arís agus dúirt sé ná raibh sé i gceist aige masla a thabhairt agus, lena chéad anál eile, go raibh sé i gceist aige.  Dúirt sé go raibh sé amhail le ‘I had a gun in my hand and I knew I was going to pull the trigger’.

Ar son Dé, ná tabharfadh éinne gunna do Paul Gogarty….

Dá mba rud é gur theastaigh ó dhuine poiblíocht mar a fuair Paul Gogarty a sheachaint, bheadh air rud éigean fónta le ciall a rá sa Dáíl.   Ach, de bhrí gur mó ár suim i ngeaitsíocht ná rud ar bith eile, bhuel, ní h-íontas go mbionn an oiread dumhach agus anáil á chaitheamh le geaitsíocht den tsórt seo.

Mo chomhairle d’abhar pholaiteoiri…  ceannaigh an leabhar úd le Breandán Mac Gearailt, 500 mallacht, agus, má thoghtar tú, úsáid gach ceann acu id chéad oráid sa Dáil agus féach an méid poiblíochta a bhainfidh tú amach!

17 de thuairimí ar “Cúpla focal faoi ‘F**k’

  1. aonghus

    Níl i ndíospóireachtaí Dála ach amharclannaíocht gan chiall.

    Tá’s ag an saol cén toradh a bheidh ar chuile vóta roimh ré. Níl ann ach deis marc a fhágáil ar chinnlínte an lae, agus, mar a deir tú, is túisce ceann líne faoi mhionn mhór ná faoi tuairim le dealramh.

    Pé áit atá reachtaíocht na tíre dhá shocrú, ní i seomra na Dála é.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Pleidhcíocht ag Gogarty ag iarraidh aird a thabhairt ar féin.Tá go leór obair le déanamh ag Gogarty agus an Rialtas dá mbeadh suim acu ann seachas an seafóid seo.Bhí chlár in RTE Cúpla oíche ó thoin faoi daoine ag baint mhí-úsáid as an gcóras leasa sóisialaigh.Bhí cara liom sa Tuirc i rith an tsamhraidh lena bhean chéile ar saoire.Tá sé de nós ag uinéirí bialainní sa Tuirc bheith ag seasamh ós comhair na bialainne ag iarraidh daoine a mhealladh isteach iontú.Mar gheall ar seo bhíodar ag caint le h-uinéar bialainne agus diarr sé orthú cén áit i gCiarraí a raibh cónaí orthú.Cuir sé iontas orthú go raibh fear na Tuirce comh h-eolach at chanúint Chiarraí agus cuir siad cúpla cheist air.Dúirt sé go raibh a bhean chéile agus a bheirt chlann ina cónaí i gCiarraí agus go raibh sé de nós aige féin cuairt a thabhairt ar Chiarraí gach mhí chun siniú a dheanamh do liúntas leasa sóisialaigh.Ansin chuaigh sé ar ais go dtí an Tuirc chun a bhialann féin a bhainistiú.Sa cháinaisnéis leag Gogarty agus a gcomhrobálaithe sa Rialtas lofa seo tobhach de 5% ar stáit seirbhisigh a bhfuil a phá fé bhun €30K sa bhliain.Ba cheart do Gogarty agus an Rialtas deireadh a chur leis na chleachtais seo agus gan a bheith ag deanamh amadáin díobh féin sa Dáil.

    Freagra
  3. Shane103

    Táim ag lorg “an Leabhar Úd” agus “Breandán Mac Gearailt” ar litríocht.ie, agus ar Google, ach níl mé in ann feac a aimsiú! Bronntanas Nollaig maith a bheadh sé ach inis dom: cá bhfuil sé a cheannach?

    Freagra
  4. Seán Mór

    Agh phor phuc saeic leaids, shíl mé féin go raibh an píosa cainte sin sa Dáil tharr barr! 🙂

    Freagra
  5. igaeilge

    Tá airgead á chur amú ar aistriúchán agus ar Fhoras na Gaelainne nuair a ba chóir é a chaitheamh ar leabhair do pháistí. Bhí Lá ar an nuachtán ab fhearr ar domhan agus is amadán é Pól Ó Muirí. Is i mBéal Feirste amháin atá obair fhiúntach ar siúl ar son na Gaelainne. over and out.

    Ps Mo leithscéal faoin litriú agus an gramadach cruinn. Fuair mé bronntanas an chruinnis ó Dhaidí na Nollag.

    Freagra
  6. Concubhar O Liathain

    An ghreanmhar go deimhin – ach ní mise an duine a chur an teachtaieacht thuas. Tá sé ró chruinn domsa.

    Gan amhras, is maiith an rud an chruinneas teanga ach ní h-é an scéal iomlán é chomh fada agus a bhaineann sé le blagadóireacht/iriseoireacht/scriobnóireacht.

    D’fhéadfadh duine na blianta a chaitheamh ag staidéar agus ag obair chun a bheith chomh cruinn is ár gcára thuas – ach mura bhfuil bua éigan samhlaíochta aige, bhuel níl ann ach sclabhaí.

    Is cinnte go bhfuil aistritheoirí ann atá bua na samhalaíochta acu ach cén fath go bhfuil siad ag cur amú a gcuid talannaí ar ábhar nach léitear i mBéarla a aistriú go Gaeilge ionas nach léifear é i gceachtar teanga den dhá theanga oifigiúiil?

    Freagra
  7. Concubhar O Liathain

    Rinne mé dearmad a rá leis gur naimhde móra na Gaeilge iad Sinn Féin. Sin é mo chuid don mbliain 2010

    Freagra
  8. Concubhar O Liathain

    An é go bhfuil stalker agam???? Agus an bhfuil a fhios ag an mboc seo cén bhliain ina bhfuilimíd beo?

    Tá trua agam do dhaoine atá chomh diomhaoin um Nollaig go gcaitheann siad a gcuid ama ag lorg deiseanna mioscaise ar an idirlíon….

    Freagra
  9. Concubhar O Liathain

    A Ownie, b’fhéidir gur cheart do Concubhar ‘eile’ an cheist sin a fhreagairt. Is é mo bharúil afach go bhfuil Sinn Féin, mar pháirtí, ag baint úsáide as an nGaeilge ar mhaithe le leas pholatúil a bhaint aistí agus as phobal na Gaeilge agus gur lú a suim i leas na Gaeilge féin ná a gcuid cumhachta féin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s