Sceannairt le déanamh ar na h-eagrais Ghaeilge – Tá sé oifigiúil anois

Seo tagairt spéisiúil ón gComhéisiúint Phreasa a foilsíodh mar thuairisc ar an gcruinniú den Chomhaireacht Thuaidh Theas an tseachtain seo chaite.

Foras na Gaeilge

9.  The Council discussed staffing issues in Foras na Gaeilge and noted that arrangements are in place to fill 5 posts in Gaoth Dobhair and 3 posts in Dublin. The Council noted that Sponsor Departments have received an application from Foras na Gaeilge for additional contract staff to complete the English-Irish Dictionary Project. Ministers asked that consideration of this request be completed as a priority and a recommendation presented to the next NSMC meeting in Language sectoral format.

10.  The Council welcomed the Foras na Gaeilge review of its core-funded organisations.  Ministers agreed that core-funding of the Irish language voluntary sector by Foras na Gaeilge be reconfigured on the basis that Foras na Gaeilge will set high level strategic priorities.  Applications for funding will be invited from the voluntary sector, within these strategic priorities, for one or a limited number of organisations with a representational, information dissemination, resource and support provision and advocacy role for the sector as a whole; and at local area level, groups that take an integrated approach to promotion of the Irish language, including working in community, family, educational and youth settings. This reconfiguration is to ensure a more effective, streamlined and cost effective approach to funding of the sector.

I bhfocail eile tá sceannairt le déanamh ar earnáil deonach na Gaeilge chun ‘a more effective, streamlined and cost effective approach to funding of the sector’ a bhaint amach.  An comhtharlúint é go mbeidh 16 phost nua ag Foras na Gaeilge do ‘innealtóiri teanga’ is a thuilleadh nach iad d’oifigí na h-institiúide i mBéal Feirste, Baile Atha Cliath agus, a bhuiochas do dhílarnú, Gaoth Dobhair?  An bhfuil an Foras féin ‘streamlined’  agus ‘cost effective’?

Beag an baol, cheapfainn.   Ach ná biodh aon dul amú ar éinne, tá an rud céanna á dhéanamh le na h-eagrais Ghaeilge is a deineadh roimhe seo le na nuachtáín Ghaeilge.   [D’fhéadfainn a rá: Beag a rinne na h-eagrais Ghaeilge chun Lá Nua nó Foinse (mar a bhí) a thabhairt slán agus anois tá siad ag foghlaim an ceacht a d’fhoghlaim an Pastor Nietmoller.   Ach sin scéal do lá eile.]

Níl an Buiséad fógartha go fóill ach dar liom tá feartlaoi na n-eagras Ghaeilge scríofa ann in áit éigean.  Ní doigh liom mar shampla go mbeidh airgead breise ann d’Fhoras na Gaeilge agus mar sin caithfidh siad an airgead atá á chaitheamh acu ar na fostaithe nua seo – Seisear Déag an Fhorais – a fháil in áit éigean.   Is cinnte go dtiocfaidh an t-airgead seo ó chistí na n-eagras Ghaeilge, iad san fiú atá luaite mar eagrais croí mhaoinithe.

Anois táim cinnte go bhfuil daoine ann a cheisteoidh cé acu chomh eifeachtach is atá na h-eagrais croí mhaoinithe seo – cuid acu ar aon nós – agus go n-aontóidh siad, b’fhéidir, gur cheart go mbeadh ath-eagar éigean ar an earnáil.  Ach an é seo an bealach chun tosaigh?

Tá caipéis spéisiúil eile faighte agam le déanaí freisin – coip de mhiontuairiscí chruinniú idir an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus an Bórd Snip Nua ar an 8ú Aibreán.  Tá an mhír deireannach sa chaipéis seo – atá ar fáíl ina ionláíne thíos – an spéisiúil mar gheall ar an léargas a thugann sé ar chur chuige agus aidhmeanna an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas….

Mary Walsh [ball den Bórd Snip Nua] noted that Foras was providing funding for 19 organisations.  She asked if there was a problem with the number or range of organisations.

DCRGA replied that there are different niches.  At NSMC it was decided that there was potential for collapsing the number.

Caipéis iomlán: 2009.04.08 Miontuairiscí DCRGA – Snip

Agus anois tá ‘athbhreithniú’ déanta ag Foras na Gaeilge ar eifeacht agus líon na n-eagras Ghaeilge agus mar thoradh ar sin is é an moladh atá ann go mbeadh comórtas ann chun eagras amháin nó líon teorannta eagrais a bheith ann chun obair na n-eagras Ghaeilge a dhéanamh.    Sin tairiscint nach feidir a dhiultú – bí pairteach i gcomórtas chun do phost a choimead!   Agus ós rud é nár ghearán na h-eagrais Ghaeilge faoin gcur chuige seo nuair a bhí na comórtais á reachtáíl do na nuachtáin Ghaeilge, cén slí gur féidir leo cur i gcoinne seo?

Ní aontaim leis an gcur chuige seo ar chorr ar bith.   Is cuimhin liom feidhmeannaigh an Fhorais bheith ag caint ar ‘phairtíocht’ roimhe seo ach ní thuigfeadh siad páírtíocht dá dtabharfadh sé cic sa tóin dóibh.    Ba cheart suí síos le na h-eagrais agus cur chuige aontaithe a bheith ann agus an ‘streamlining’ a bhaint amach i slí atá comhaontaithe.    Má tá ceisteanna le cur faoi líon na bhfostaí ag na h-eagrais Ghaeilge, tá na ceisteanna céanna le cur fá thrí faoi líon agus éifeacht na bhfostaithe ag Foras na Gaeilge féin.

Tá barúil agam, afach, má tá pobal na Gaeilge le teacht slán go mbeidh gá le h-eagras Ghaeilge atá go h-iomlán neamhspleach ar an Rialtas agus go gcaithfimíd íoc as sin.   Mar atá sé tá an cumhacht ar fad ag an Rialtas agus ag an bhForas – agus anois tuigimíd cad é atá ar bun acu agus ní h-é leas phobal na Gaeilge an cloch is mó ar a bpaidrín.

Mar aguisín, is léir ón ráiteas seo ó Ghearóid  O’hEara thar cheann Shinn Féin, nach líonmhar iad cairde na Gaeilge i measc cheannairí an phairtí sin.  Ritheann sé liom go bhfuil an cumhacht anois ag baill SF ar bhórd an Fhorais an scian a chur in eagras ar bith nach gcreideann siad a bheith ag teacht le tuairimí SF.

”Aontaímid i bprionsabal leis na moltaí chun obair na ngrúpaí Gaeilge a athbhreithniú ag súil le luach ar airgead a fháil agus chun éifeachtacht na n-áiseanna caite ar Ghaeilge a uasmhéadú.”

Lucht Sinn Féin ag caint ar ‘luach ar airgead’  – anois tá deireadh cloiste agam.  Cad faoi luach na votaí!

2 thuairim ar “Sceannairt le déanamh ar na h-eagrais Ghaeilge – Tá sé oifigiúil anois

  1. séamus Mac Seáin

    níl mé ró thógtha faoi ach má tá 19 eagras bunmhaoiníthe ar phá rolla an Fhorais. (1) cé a rinne amach go mbeadh siad bunmhaoinithe? nó cad é an critéir atá ann le bheith bunmhaoiníthe. an dtig leat a bheith bunmhaoinithe i mbliana agus neamh bhunmhaoinithe an bhliain seo chugainn?. Tá trí ghrúpa bunmhaoinithe i mBéal Feirste sílim ach cad é mar a thárlaíonn iad a bheith bunmhaoinithe agus grúpaí eile atá ann i bhfad níos faide ná iad gan a bheith bunmhaoiníthe? An gcaithfidh tú cúltaca Pháirtí Pholaitiúil a bheith agat le bheith bun mhaoinithe? má tá na grúpaí seo ar phárolla an Fhorais cad chuge nach ranntar cúramaí an Fhorais orthu seachas daoine eile a fhostú? nó an bhuil mé ró shoineanta ag cur ceisteanna mar sin?

    Freagra
  2. Ping: Sir Humphrey ag cosaint postanna Fhoras na Gaeilge « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s