Ceisteanna breise faoi ‘Gaelscéal’

Dá mhéid eolais a fhoilsítear faoin triú nuachtán seachtainiúil Ghaeilge, Gaelscéal, ar a mbronnadh conradh Fhoras na Gaeilge, sea is mó ceisteanna atá ag teacht chun cinn faoin bproiseas chun an conradh sin a bhronnadh.

De réir dealraimh, níl teideal ceart ann don nuachtán seo fós.  Teideal oibre é ‘Gaelscéal’ agus cé go bhfuil an leagan ‘.ie’ den suíomh cláraithe, is beag eile atá déanta más fíor na tuairiscí.

De réir dealraimh níl eagarthóir ag an nuachtán agus níl tús curtha leis an bproiseas earcaíochta go fóill.

Anuas ar sin, de réir na tuairisce seo san Sunday Business Post, níl aon chinnteacht ann faoin cineál laithreacht idirlín a bheidh acu.

Anois bhí mise pairteach in iarratas eile, iarratas Nuacht 7, agus is cinnte go raibh eolas beacht againn inár n-iarratas faoin cineal suíomh idirlín a bheadh againn agus na seirbhisí a bheadh á thairiscint.   Bhí réimse leathan de sheirbhísí saor in aisce i gceist – ach anuas ar sin bheadh rannóg cartlainne ann a bheadh sintiús luaite leis.

Agus is cinnte go raibh Foras na Gaeilge cinnte faoin rud a bhí á lorg acu – leagan PDF den nuachtán ar shuíomh idirlín dhá lá tar éis foilsiú an nuachtáin.  Chiallódh sin go mbeadh Gaelscéal ar fáil ar an Domhnach ar an idirlíon nó, b’fhéidir, cé gur trí lá atá i gceist, ar an Luan.

Seo atá luaite le David Hickey, príomhfheidhmeannach an Connacht Tribune, sa Sunday Business Post:

The new title will have a presence on the internet, although that is not the immediate priority. ‘Our first aim is to deliver a weekly newspaper with an internet presence, though we are not sure what form that will take,” Hickey said.

Is oscailt súl an méid sin domsa.  Tá méid áírithe, de reir an foirm iarratais, a chaithfear a chur ar fáil mar íoslach.  Is é sin go mbeadh an leagan PDF ann.  [Ar ndóigh ní bheadh tuiscint ag Foras na Gaeilge ar an difir idir PDF agus ABC ach gur léirigh Lá Nua an slí doibh – agus do gach nuachtán eile sa tír seo!].

Mura bhfuil ainm cinnte ann, nó eagarthóir agus foireann, nó cinnteacht faoin meid a bheidh á sholathar ar an idirlíon, ní mór an ceist a chur faoi céard go díreach a bhí á thairiscint ag Toradh na dTonn Teo d’Fhoras na Gaeilge.   An raibh a dhothain ann, i ndáiríre, chun sarú a dhéanamh ar iarratas ina raibh freagraí ar na ceisteanna sin ar fáil ann, sé sin Nuacht7 agus, glacaim leis Cló Ceart (sean fhoireann Foinse)?

Cad abea na fíor critéir faoinar bronnadh an conradh luachmhar seo?  Agus an mbeidh aiféala ar Fhoras na Gaeilge lá níos faide anonn más amhlaidh nach mbionn rath ar an iarratas a roghnaigh siad – agus tá súil agam go mbionn rath air fiú is nach é mo bharúil go mbeidh sé amhlaidh de réir an eolais seo ar fad – nó an cuma le Foras na Gaeilge i bhfirinne mar nach a gcuid airgid féin atá á chaitheamh acu, ach airgead an sparán phoiblí.

Tugaim faoi ndeara go bhfuil an Fhoras ag cur go súntasach leis an bhfoireann – ag earcú SEISEAR deag sa bhreis agus cuid acu i nGaoth Dobhair – agus an ‘solas glas’ faighte acu dá leithéid ón Aire.   Cad é atá ar chúl an bogadh seo ag an am chéanna is atá ról an Fhorais le cungú go mór de réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge díreach foilsithe?

Maorláthas na Gaeilge ag fás leis agus grúpaí Ghaeilge atá ag obair sa chéad líne catha fagtha ar an dtrá folamh – plus  ça change, plus ça le meme chose!

13 de thuairimí ar “Ceisteanna breise faoi ‘Gaelscéal’

  1. aonghus

    Maidir leis an seisear déag úd, tá sin sa phíblíne le roinnt blianta.

    Maidir leis an gcuid eile atá á rá agat, is lón machnamh atá ann cinnte. B’é an tuiscint a bhain mise as an alt úd go raibh súil acu roinnt d’iriseoirí oilte Lá agus Foinse a phiocadh suas don togra – rud nach mbeadh ar a gcumas roimhe seo toisc iad a bheith gafa le hiarrachtaí eile.

    Agus de réir mar is cuimhin liom, dúirt Feirdí Mac an Fhailigh go raibh ceangal conartha ann an t-ábhar a chuir ar líne laistigh de dhá lá. N’fheadar cé air a bhfuil breall sa cheist seo. Ach, dar ndóigh, bhí sé i gceist go mbeadh suíomh idirlín ag Comhar….

    Do mhacasamhail féin, tá súil agam go mbeidh rath ar an bhfiontar seo, agus ceannóidh mé é – ach teacht a bheith agam air.

    Tréimhse spéisiúil…

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Caithfear na ceisteanna a chur agus, ar ndóigh, b’fhéidir go dtiocfaidh daoine chun tosaigh le freagraí. B’fhéidir go gcaithfear FOI a chur isteach go FnaG agus a fháil amach cé chomh teigeartha is atá an cód acu maidir le cur ar fáil faisnéise nuair a iarrtar é.

    Anuas ar sin, fiú má bhí an 16 post sin sa phibline le fada, ní mor an riachtanas atá ar Fhoras na Gaeilge a chur i gcomhthéacs na straitéise atá beartaithe a chur i bhfeidhm. Faoin straitéis sin tá cúngú le déanamh ar ról an Fhorais agus mar sin de cheapfá gur ag ligint daoine chun bealaigh seachas á n-earcú a bheadh an eagras tras teorainn.

    Sílim nach bhfuil i gceist anseo ach maorláthas ar mhaithe le maorláthas…..Caithfear an cheist a chur: céard a bheidh ar bun ag na fostaithe nua seo? Ag cur oibre ar fáil do na daoine ar fad a chaillfidh a bpostanna ó na h-eagrais deonacha nuair a thitfidh an tua ansin roimh Nollaig?

    Má tá seisear deag sa bhreis le fostú – agus fiú mura dtagann aon laghdú ar bhuiséad an Fhorais – ciallóidh sin go mbeidh na h-eagrais atá ag brath ar dheontas i gcabhair ón bhForas thíos leis, leithéidí Conradh na Gaeilge, Comhdháil, Pobal ó thuaidh….

    Ní fheictear dom go mbeidh ardú ann don bhForas sa bhuiséad agus caithfidh an t-airgead teacht ó áit éigean…..dá mhéid airgid a chaithtear ar mhaorláthas is lú a bhionn le caitheamh ar obair ar an dtalamh.

    Beag an bhriseadh a bhfaighfear ó €1m ar 16 sa bhreis fostaí ‘ag obair’ do Fhoras na Gaeilge….

    Freagra
    1. aonghus

      Ar aghaidh leat! Ba cheart go mbeadh ar a laghad cur síos ar na postanna ar fáil, mar caithfear iad a fhógairt. Saga fada ar fiú é a chíoradh ná Eachtra seo Dílárú(TM) an Fhorais go Gaoth Dobhair…

      Ábhair ailt san Sindo? Nó fiú i bhFoinse nua, ó tharla iad a bheith neamhspleách ar an bhFolús?

      Freagra
  3. instsignpost

    Chuir sé íontas an méid a dúirt Hickey…tá sé do-chreidthe! nach bhfuil práinn le seo?

    Is cosúil gur dearcadh sean-fhaiseanta atá acu agus iad ag iarraidh snás nua-aimseartha a chuir air – cineál “Meatball Sundae”. Scríobh mé i mblág mo chomhuchta, atá i mBéarla – maith dhom – faoi leabhar a léigh mé le déanaí leis an dtideal sin. Is fiú go mór an leabhar seo a léamh, ag gach éinne atá ag iarraidh na meán agus a “rud nua” seo a thuiscint. Tá mo bhlog seo le fáil ar http://wp.me/pt7Kv-gU.

    Freagra
  4. Ian Mac Murchaidh

    De réir mar a thuigim tá siad saor ón FOI, tá sé ina scannalach. Níor fhoilsigh siad tuarascáil bhliantúil ó 2004! 5 bhliain ó shín!

    Freagra
  5. RG Cuan

    Is dócha go gcosnóidh an 16 sin €500,000-€600,000 in aghaidh na bliana.

    Ceap duine amháin agus roinn an leathmhilliún eile idir:

    – Gaelscoileanna faoi mhíbhuntáiste
    – Imeachtaí óige
    – Raidió Rí-Rá
    – nós*
    – Nuacht24
    – Tús le hinfheistíocht i gcultúrlann BÁC

    Dá ndéanfaí sin, bheadh i bhfad níos mó déanta ag an Fhoras ná mar a bheadh leis an 16 fostaí nua seo.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Ní mór smaoineamh gur loirg an Fhoras na postanna seo trath difirúil ar fad – siar i 1999 – agus anois tá ról an Fhorais athuithe go mór, fiú mura raibh an Straitéis 20 Bliain i gceist. Ach anois go bhfuil sin i gceist agus Udarás na Gaeilge ar na bacáin, cad a dhéanfaidh na h-oibrithe seo i nGaoth Dobhair?

    I bhfad Éireann níos lú ar son na Gaeilge ná an liosta le h-áireamh de thograí fiúntacha atá liostáílte ag RG Cuan…..

    An bhfuil einne chun stop a rá leis an maorláthas ar mire seo?

    Freagra
  7. shiela

    de réir an leabhar Ar An Taifead le Brendán de Lapp tá comhlachtai thuaidh theas ag feidhmiu tri chod neamhreachtuil fOI ón mblian 2006 ach níls am an bhfuil sé sin cruinn

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Tá’s agam nach mbaineann an reachtaíocht leo agus tuigim freisin go bhfuil ‘cód’ i bhfeidhm acu. Táim tar éis iarratas a dhéanamh ag brath ar an chód seo agus beidh le feiceáil cé acu an mbeidh freagra sasúil ar an iarratas sin. Neosfaidh mé daoibh má thagann freagra uatha. Go fóill, fiú, ní bhfuair mé admháil fiú go raibh an iarratas faighte agus á mheas.

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Tá freagra faighte agam ón bhForas ar m’iarratas agus is cosúil go bhfuil iarrachtaí á dhéanamh chun an t-eolas a d’iarr mé a bhailiú….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s