Go raibh an bhróg ar an chos eile….

Céard a tharlaíonn d’iriseoirí Ghaeilge nuair a thagann deireadh lena nuachtán?

Sin ceist atá ag rith liom le tamall, ó d’eirigh mé féin as mo phost mar eagarthóir ar Lá Nua tamall sara chuir maorláthaigh deireadh leis an nuachtán sin.  Tháinig an cheist chugam arís an deireadh seachtaine seo agus mé ag éisteacht le h-eireabal an agallaimh a rinne Seán  O Mainnín ó Foinse ar chlár Ronáin ar RnaG trathnóna Dé hAoine.

Bhí Seán ag cur a dhíomá in iúl mar gheall ar chinneadh an Fhorais gan an conradh a thabhairt don iarratas a ullmhaigh seisean agus na comrádaithe leis a bhí ag obair le Foinse go dtí deireadh mí an Mheithimh seo chaite.  Tuigim do.  Bhí iarratas a raibh m’ainm féin luaite leis san áíreamh sa chomórtas seo agus nior eirigh leis ach an oiread.

Ní h-ionann an chomórtas seo agus comórtais eile.  De ghnath, cuireann tú isteach ar chomórtas agus súil agat rud éigean a bhuachaint.  Chuir muintir sean Foinse isteach ar an gcomórtas seo agus iad ag súil go gcoinneodh siad a bpostanna.   Mar sin, bhí siad ag súil nach gcaillfeadh siad an chomórtas.

Tá’s agam conas mar a mhothaíonn siad nó bhí orm agus mo chomrádaithe i Lá cur isteach ar chomórtas i 2006 chun foilseachán nuachta laethúil a fhoilsiú.  B’é seo an obair a bhí ar siúl againn ó lá go lá ag an am sin agus bhí ár slí beatha ag brath ar ár mbua sa chomórtas sin a d’eagraigh Foras na Gaeilge.  Bhí iomaíocht ann an uair sin fosta – iomaíocht ón Irish News agus tacaíocht laidir ag an iarratas sin ó bhaill áirithe de bhórd an Fhorais agus ag feidhmeannaigh an Fhorais fosta.

D’eirigh linn sa chomórtas – cé go raibh an ‘bua’ ina chailís nimhe amach is amach.  Nó chinntigh an Fhoras nach mbeadh a dhothain acmhainní againn an obair a dhéanamh a bhí gá leis chun nuachtán laethúil a sheasfadh an fhód a fhoilsiú.   Bhí ár bpostanna slán ar feadh seal.

Tarlaíonn stair an chéad uair agus is tragóid é – tarlaíonn sé an dara uair agus is seafóid é.  Sin mar a tharla i gcás Foinse – ach is seafóid agus tragóid i dteannta chéile scéal iar oibrithe Foinse atá anois fagtha ar an dtrá folamh faoi dhó.  Níl siad páirteach in athfhoilsiú Foinse leis an Indo – agus níl siad páirteach ach an oiread sa nuachtán a roghnaigh an Fhoras chun teacht i gcomharbacht ar Foinse.

An cheist a bheidh siad ag cur orthu féin:  cén rud a dhéanfaimíd anois?   Agus ina dhiaidh sin, cén fath gur bhacamar le gnó ina bhféadfaí an cleas granna seo a imirt orainn?

Mar a dúirt mé roimhe seo, bhí mé féin páirteach sa chomórtas céanna le muintir sean Foinse.  Mar sin, déarfaidh roinnt agaibh,  nach féidir a rá go mbeinn á gcaoineadh dá mba rud é go raibh an bua ag iarratas Nuacht 7.  B’fhéidir é.   Ach tuigim a gcás mar tá taithí agam air.

Tuigim freisin nach dtuigeann Foras na Gaeilge cad é atá ar bun acu leis an obair seo, go h-áírithe.  Dá mba rud é go raibh orthu dul san iomaíocht le, abair, Udarás na Gaeilge chun a bpostanna féin, an slí beatha atá acu, a choinneáil, b’fhéidir go mbeadh tuiscint acu.   Ach ní cuireann maorláthaigh iad féin sa bhearna baoil coiche agus cintíonn siad go mbionn pinsean brea ag fanacht orthu.

Ní raibh tuarastal ‘tarraingteach’ ag gabháil le h-iriseoireacht chlóite na Gaeilge.  Ní raibh pinsean ag gabháil leis ach an oiread.  Rinne daoine é mar gur thuig siad go raibh gá leis, ar son pobal na teanga, seachas ar son na teanga féin. Rinneamar ár ndícheall i gcónaí – ach ní raibh sin maith a dhothain do mhór pobal na Gaeilge.

Ritheann sé liom gur féidir nach bhfuil priacal Seán O Mainnín agus a chomrádaithe chomh h-olc is a cheapann siad.  Tá conradh faighte ag ‘Gaelscéal’ agus beidh sé lonnaithe i gConamara.  Níl foireann ag an nuachtán sin go fóill, de réir tuairiscí, agus ní matamaiticeoir nó fear clamhnais mé, ach cheapfá go mbeadh sé ciallmhar go dtiocfadh an dhá dream le cheile.

Mura dtarlaíonn sin, b’fhéidir go bhfuil deis ag sean fhoireann Foinse rud éigean eile a dhéanamh.  Thosnaíos blag nuair a fhág mé Lá Nua – agus tá cúramaí eile orm freisin.    Mar a dúirt an Riordánach, níl laistigh d’aon daoirse ach saoirse ón daoirse sin.

An slí sin, b’fhéidir go mbeidh an bhróg ar an chós eile ar feadh tamaill.

5 thuairim ar “Go raibh an bhróg ar an chos eile….

  1. andrea

    Deir tú: “Ní raibh tuarastal ‘tarraingteach’ ag gabhal le h-iriseoireacht chlóite na Gaeilge.”

    Bheinn buíoch duit a Chon gan mo ghabhal a tharraing isteach sa scéal

    Freagra
  2. Séamas Ó Neachtain

    Praiseach scéil, cinnte. Ní féidir linn slí bheatha a thabhairt d’éinne, ach más mian le haon duine agaibh rud a fhoilsiú, tá suim ag An Gael (www.angaelmagazine.com) fós.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s