Conradh an Fhorais imithe go Conamara – quelle surprise!

Iontas na n-íontas ach tá sé díreach fógartha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil conradh Fhoras na Gaeilge don nuachtán seachtainiúil ag dul go Conamara, chuig an iarratas ó Eo Teilifís/Connacht Tribune.

Gach rath ar Mháire Ní Thuathail agus a foireann agus an nuachtán úr.   Bean í a léirigh a cumas gnó le hEo Teilifís agus leis an rath atá ar Ros na Rún.

Glacaim leis go mbeidh nuachtán níos fearr ná Nuacht 7 á chur ar fáil acu.  Fagfaidh mé an breith ar cé acu an amhlaidh sin go dtí lá níos faide anonn, trath go bhfoilseofar an nuachtán nua.

De réir an raitis seo ar Gaelport, is cosúil go mbionn nuachtán nua Ghaeilge á fhógairt ag Foras na Gaeilge gach lá.   Nó is léir nach dtuigeann an Fhoras – nó Gaelport – an brí ceart atá le h-úsáid an fhocail ‘fógraíonn’.    Is cuma faoi sin ar shlí ach luaim é anois mar gur sin ceacht a fhoghlaimíos ó Aodh O hIr, ar dheis Dé go raibh a anam, agus é fostaithe againn ar feadh seal ag iarraidh slacht éigean a chur ar ár gcuid Gaeilge.    D’eirigh leis agus níor eirigh leis – ach níor staon sé ón gcúram.

Conradh €1.6m atá i gceist thar ceithre bliana – Gaelscéal an ainm atá luaite leis an nuachtán seo.  Ní thaitníonn sé liom mar ainm – tá sé ró chosúíl le Gaelport agus ró threibhiúil.   Ach sin rogha an Fhorais agus na tionscnóirí.

Beidh le feiceáil an mbeidh sé ina nuachtán níos fearr ná an nuachtán a bhí á thairiscint ag Bard na nGleann agus agam féin, Nuacht 7.   Mura mbionn difir súntasach idir Gaelscéal agus Nuacht 7 ó thaobh caighdeáin, neosfaidh sin morán dúinn faoi cén saghas comórtais a bhí i gceist sa chás seo.

Tá díomá orm, d’fhéadfá a rá, ach ar éigean go bhfuil íontas orm.

21 de thuairimí ar “Conradh an Fhorais imithe go Conamara – quelle surprise!

  1. aonghus

    Beidh lá eile ag an Liathánach! Súil agam go mbeidh – ar a laghad – comhfhreagras acu ó gach ceantar Gaeltachta, móide pobal Gaelach na Galltachta, go háirithe i mBéal Feirste agus na sé contae, dream a rinne Foinse faillí iontu. Rud ba chuma, agus Lá ann. Ach anois is nuachtán 32 contae atá de dhíth.

    Freagra
  2. RG Cuan

    Nach maslach an rud é go raibh ort fáil amach ó RnaG nach raibh an conradh buaite agaibh? Ba cheart níos mó measa bheith ag an Fhoras ar iarrthóirí eile.

    Gaelscéal an t-ainm a bheas air, tá súil agam go mbeidh rath air agus gur fiú é a cheannach.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ní bheinn ag súil le morán eile ó Fhoras na Gaeilge….

    Gaelscéal – ní thaitníonn an ainm liom. Go deimhin tá sé granna mar ainm. Tá sé ró threabhúil amach is amach. Tá sé cosúil le teideal leabhair seachas nuachtáin. Tá súil agam go mbeidh fiúntas ann.

    Beidh go leor le déanamh ag an nuachtán seo a chruthú nach nuachtán aon chontae atá ann seachas gur nuachtán a chuireann an saol ar fad, Gaelach agus eile, ar fáíl ina leathnaigh. Is mó an tarraingt ar an Ghaeilge ná 32 contae na hÉireann, bíodh a fhios agaibh.

    Tuigtear dom gur conradh €1.2m – nó b’shin an fhigiúir a bhí luaite ar RnaG am lón – ar feadh ceithre bliana a bronnadh – sin conradh €300k in aghaidh na bliana, meid níos lú ná a bhí á thairiscint do sean Foinse (€355k) agus ná an uasmhéid don chonradh (€400k in aghaidh na bliana)

    Is léir anois gur conradh €1.6m – an méid iomlán den tairiscint – atá i gceist.

    Seans go gcreideann an Fhoras go bhfuil margadh maith déanta acu – dhá nuachtán Ghaeilge ar beagnach leath an phraghas a bhí siad ag íoc roimhe seo ar Lá Nua agus Foinse le chéile….

    Neosfaidh an aimsir cé acu ar fuair siad an craiceann agus a luach….

    Freagra
    1. aonghus

      Is maith is eol dom tarraingt domhanda a bheith ar an nGaeilge. Ach is eolas ó Gaeil na 32 contae an íosmhéid a bheinn ag súil leis ó nuachtán a bhfuilim ag íoc as faoi dhá – le mo chánacha, agus as mo phóca nuair a cheannaím é!

      Freagra
  4. Gael gan Naire

    “Gaelscéal”

    Eadrom.

    “Glacaim leis go mbeidh nuachtán níos fearr ná Nuacht 7 á chur ar fáil acu.”

    Tà sùil agam fèin freisin.

    Freagra
  5. RG Cuan

    Drochainm ar fad ar fad é i ndáiríre. Tá súil agam gur roghnaigh siad an t-ainm sin faoi dheifir agus iad ag ullmhú le haghaidh phróiseas an Fhorais agus go mbeidh deis acu é a athrú go rud éigin níos oiriúnaí anois.

    Freagra
  6. aonghus

    Teideal oibre atá ann de réir an scéal ar Gaelport. Tá dóchas ann mar sin.

    Dúirt Feirdí Mac an Fhailigh ar RnaG ar ball beag go raibh coinníoll sa chonradh go mbeadh an t-abhár ar líne laistigh de dhá lá dá fhoilsiú. Sin rud maith.
    Tá suíomh an Churaidh Chonnachtach measartha maith. http://www.galwaynew.ie (Bhí suíomh Foinse go hainnis)

    Freagra
  7. séamus Mac Seáin

    fíor mhaith go bhfuil trí phaipéar ann (is furast ag daoine dearmad a dhéanamh ar NUACHT 24 de réir cosúlachta ) agus cuirfidh sé cúpla post ar fáil do Ghaeil ach sílim nach beo do aon phobal nach bhfuil páipéar laethúil ina dteanga féin acu agus nach bhfuil i dtrí pháipéar seachtáiniúl ach sop in aghaidh na scúaibe. is dócha gur buíoch le bocht beagán. Dar leat agus iad ag roghnú páipéir eile go nglacfadh FNG isteach san áireamh go bhfuil páipéár ag teacht amach as Gaillimh cheana agus go ndéanfadh siad iarraidh an ceann nua a chur treo éigin eile. Go hiondúal bíonn béim ag gach páipéár ar an áit arbh as iad agus páipéár seachtaine ach go háirithe.Ach is dócha go mbeadh sé sin ró chásta dona “inchinní móra” a rialaíonn an Foras.

    Freagra
  8. Mise Áine

    Bhuel, a Chonchubhair, de réir mar a chuala mé ar Nuacht TG4 anois, beidh comórtas náisiúnta ann le heagarthóir a roghnú don nuachtán nua.

    Tapaigh do dheis!

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Tá sé dochreidte gur bhronn an Fhoras an conradh do dhream ná raibh eagarthóir roghnaithe acu roimh ré agus mar chuid bunusach den iarratas.

    Freagra
  10. Mise Áine

    Bhuel, ní thuigimse an gnó, ná ról eagarthóra, ach an oiread, ach chuala mé an méid a dúirt Ferdia Mac an Fhailigh ar an Nuacht anocht agus is iad na focail, más buan mo chuimhe, ‘tiomanta’, ‘cineál nuachta’, agus ‘na samplaí’ a cuireadh rompu a luaigh sé leis an gcinneadh a rinneadh maidir le Gaelscéal a roghnú.

    Nach cuma anois an bhfuil sé ‘dochreidte’ nó nach bhfuil, ach aghaidh a thabhairt ar an todhchaí agus an t-eagarthóir is fearr a fháil don nuachtán. An mbeadh suim agat ann? Agus, mura bhfuil, cé a mholfá féin don phost, dá mbeadh an rogha agat?

    Freagra
  11. crosbhealai

    Drochainm ceart go leor é “Gaelscéal”- treabhúil mar a deir tú- ach is cosúil gur ainm eatramhach atá ann.
    Is maith an rud é go mbeidh nuachtán Gaeilge le feiceáil ar na nuachtseastáin sna siopaí- murab ionann agus Foinse.

    Is maith an rud é go bhfuil dhá nuachtán ann- go n-éirí leo beirt.

    Freagra
  12. Gael gan Naire

    “Is maith an rud é go bhfuil dhá nuachtán ann- go n-éirí leo beirt.”

    Tà treas ann! Nuacht 24! Guth Neamspleach!

    Freagra
  13. igaeilge Údar an Ailt

    Níl ach dhá nuachtán ann faoi láthair – Nuacht 24 agus Foinse – agus beidh le feiceáil an mbeidh an triú nuachtán ann ‘go luath san Ath Bhliain, mar a gealladh sa gheallúint is déanaí. Níl conradh sínithe – ghlac sé 10 mhí ón am gur bronnadh an tairiscint ar Foinse go dtí gur dhiultaigh siad é – níl eagarthóír nó foireann aimsithe gan bacadh le bheith fostaithe. Níl ainm ceart ar an triú nuachtán fiú. Beidh le feiceáil an dtiocfaidh sé ar an saol ar chorr ar bith….

    Freagra
  14. crosbhealai

    @Gael gan Náire: Mo leithscéal ba cheart dom trí nuachtáin a rá, tá an ceart agat: éacht déanta ag Nuacht24 ó stop Foinse Mark 1 ag foilsiú….

    Freagra
  15. RG Cuan

    Le bheith fírinneach, tá sé docheidte nach raibh eagarthóir ná foireann curtha le chéile acu roimh ré. Ach má bhí plean maith gnó agus dearadh snasta acu, tá go breá.

    Agus ní fiú bheith ag caint ar nuachtán laethúil clóite, sin a bhí ann san am a chuaigh thart, tá todhchaí na nuachta laethúla ar líne. Agus b’fhéidir na nuachta seachtainiúla chomh maith.

    Freagra
  16. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá súil agam go n-eireoidh leis an nuachtán nua.Tá sé soiléar anois go raibh súil amháin an Fhóras ar Uí Cuív agus an súil éile ar an nuachtán.Tá súil agam nách mbeidh sé ró-lite ná nuachtán Conamara.Maidir leat féin a Choncubhair beidh lá éile ag an bpaorach.

    Freagra
  17. An Deabhal Álainn

    “De réir an raitis seo ar Gaelport, is cosúil go mbionn nuachtán nua Ghaeilge á fhógairt ag Foras na Gaeilge gach lá. Nó is léir nach dtuigeann an Fhoras – nó Gaelport – an brí ceart atá le h-úsáid an fhocail ‘fógraíonn’. Is cuma faoi sin ar shlí ach LUAIM é anois…..”

    Agus an ea go bhfuil tú á lua seasta nó go tráthrialta ó shin…?

    Nó ar tuigeadh duit idir an dá linn gur rith cuid den Ghaeilge mhaith a thóg tú ó d’athair leat de do bhuíochas fiú agus thú ag cuimhniú ar cheartúchán uirthi nach raibh baileach sách géar, cruinn ná mion.

    Tarlaíonn nach bhfuil an leagan sin chomh mícheart agus ba mhaith leat a cheapadh nuair is ag an dream atá an tráth sin féin ag déanamh na fógartha atá sé in úsáid.

    San athúsáid ag iriseoirí a theastaíonn an cúram ina dhiaidh sin agus is iondúil nach ró-mhaith í an úsáid gan athrú sna cásanna sin ná i gceannlínte ar raidió agus teilifís go mór mór.

    “Iriseoirí” agus “cúram”…..nach fusa go mór foláireamh a chur le blag.

    Freagra
  18. igaeilge Údar an Ailt

    Ná cuir olc ar aistritheoir, cibé rud a dheineann tú. Sin comhairle do mhac an mhíchomhairle!
    Is léir go bhfuil aistritheoirí is lucht gramadaí ag cur faobhar ar a bpinn binibeacha ag iarraidh dúshlán a thabhairt dom lena gceartúcháin agus a leithéid.
    Ba cheart doibh níos mó ama a chaitheamh ag iarraidh aistriúcháin ciallmhar a dhéanamh ar na caipéisí a bhionn siad ag aistriú ó Bhéarla doléite go Gaeilge doléite.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s