Independent ar fáil saor in éineacht le Foinse [Nua]

 

Foinse snásta suas go dáta

Cheannaigh mé Foinse Nua ar maidin agus fuair mé an Irish Independent saor in aisce in éineacht leis… Ní raibh aon fhoclóir Ghaeilge Béarla ann áfach.

 

Iatán 24 leathnach tablóideach lán daite atá i gceist le dearadh snásta agus teacht i láthair taithneamhach.   Is léir go bhfuil fios a gnó ag an Eagarthóir nua, Emer Ní Chéidigh agus tá moladh nach beag ag dul di as ucht an méid oibre atá déanta chun Foinse a fhorbairt  agus aghaidh nua a chur air.

Beidh aithne againn ar na pearsaí atá ag scríobh don nuachtán – leithéidí Daithí O Sé, Blathnaid Nic Donnchadha (Paisean Faisean) agus Gemma Ní Chionnaith (Anocht FM), Hector O hEochagáin agus Mícheál  O Conaola.    Glacaim leis gur scriobhnóirí rialta iad seo – ach tá dornán ainmneacha eile luaite leis an gcéad eagrán, ainmneacha a thugann le fios an meas atá ar Phádraig O Céidigh, foilsitheoir Foinse,  i ndorchlaí na cumhachta.

Uachtarán na hÉireann, Maire Mhic Giolla Iosa, An Taoiseach, Brian O Comhainn, agus, ar leathnach na litreacha, leithéidí Enda Kenny, Eamon Gilmore, Mary Kennedy, Máirtín O Muilleoir agus Peadar Mac Fhlannchadh – tá litir comhghairdis uatha san ar fad ar leathnach na litreacha.    Tabhair faoi ndeara nach bhfuil aon litir comhghairdis ann ó phríomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh.

Is beag nuachta sa nuachtán nua.   As an 24 leathnach, níl ach cúig leathnach nuachta ann agus tá colún Dhaithí Uí Shé faoi ‘Jedward’  maraon le focal failte ón Eagarthóír san áireamh ansan.   Tá dhá leathnach eile le ‘nuacht’ mar cheannteideal orthu – ach anseo tá colúin ó Mícheál O Conaola (Cén baile is feiliúnaí don Oireachtas), athchúrsáil ar abhar Gaelport agus colún airgeadais.      Tá tús áite tugtha d’agallamh leis an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon O Cuív, agus a gheallúint go bhfuil airgead na gColáistí Samhraidh slán ‘go foill’.

Ní caineadh é sin, mar a cheapfá, nó níl sa nuacht ach gné amháin i bpacaiste iomlán nuachtáin an lae inniu, trath go mbionn an nuacht le fáil 24/7 ar an idirlíon.  Tá ar ‘nuachtáin’ iad féin a chur in oiriúint don ré go bhfuil eolas ag an leitheoir ar an nuacht is déanaí ó fhoinsí eile roimh a shroicheann an nuachtán féin a lámha.

Is athrú iomlán Foinse Nua ar an sean Foinse.  In áit go raibh an sean Foinse tuatach agus sean aimseartha ina chur chuige agus ina dhearadh, tá Foinse Nua nua aoiseach agus snásta.    An feabhas é seo?  Braitheann sé sin ar do dhearcadh.  Más leitheoir rialta an “Irish Times” tú,  mar a mhaíonn go leor Gaeilgeoirí aitheanta agus iad á léamh i dteannta le latte na maidine, bhuel ní bheidh morán sásaimh anseo duit.

Nuachtán é seo atá dírithe ar na scoileanna agus ar na bhfoghlaimeoirí Ghaeilge don chuid is mó – tá 10 leathnach nó 40% den nuachtán dírithe orthu san.   Tá ceithre leathnach spóirt ann – san abhar seo tá aistriúcháin ar dhá leathnach d’ailt ó ghné scriobhnóirí an Irish Indo, Tony Ward agus Vincent Hogan.     Arís ní miste sin – is úsáid mhaith é ar acmhainn an Indo agus ar ghnó an aistriúcháin.

 

Nuacht 7 - nuachtán a dhéanfadh an beart taobh le taobh le Foinse

An eilifint sa seomra nach bhfeictear tagairt ar bith do sa nuachtán, an chinneadh atá le déanamh ag Foras na Gaeilge faoin chomórtas atá le déanamh ag bord na h-institiúide teanga tras teorainn Dé hAoine faoi na h-iarratasóirí ar an gconradh seachtainiúil a dhiultaigh Foinse i mí an Mheithimh.   Ní h-é gur ligeadh i ndearmad é a lua, táim ag glacadh leis, ach fagann an t-easnamh maraon leis an liosta le h-áireamh de thacadóirí cumhachtacha atá bailithe ag an nuachtán, An Taoiseach, an tUachtarán, ceannairí an fhreasúra – ceist mhór san aer.   An mbeidh an cnamh droma ag an bhForas leanúint leis an gcomórtas a thosnaigh siad – agus a chuir grúpaí isteach air le dóchas ionraic agus le h-uaillmhian measúil – nó an dtapóidh siad ‘deis’ gan leanúint leis agus na h-iarratasóirí a fhagail ar an dtrá folamh? Go deimhin ní doigh liom go bhfuil an Foras luaite olc nó maith san eagrán seo de Foinse.

 

Ceapaimse go bhféadfadh nuachtán seachtainiúil Ghaeilge le cois Foinse bheith rathúil agus go mbeadh an nuachtán sin tarraingteach do lucht léite Foinse agus Lá Nua roimhe.  Bheadh sé mar ‘bhreischéim leitheoireachta’ do lucht Foinse agus tá sé sin tabhachtach freisin.   Creidimse go mbeadh an nuachtán atáim féin luaite leis, Nuacht 7, go maith ábalta an ról sin a ghlacadh agus go bhféadfadh sé tarlú gur mó suim na bpairteanna, má thuigeann sibh mé.  Is deis é seo don Fhoras le tapú, má thapaíonn siad é.    Ach d’fhéadfaí a rá faoin Fhoras an méid a duradh faoi John Bruton trath:  dá mbeadh anraith sa bhaisteach, bheadh siad amuigh faoin chlagar le forc.

Guím gach rath ar Foinse [Nua].   Is céim chun cinn é d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus is maith ann é.     Guím gach rath ar an Eagarthóir, Emer Ní Chéidigh, agus ar a foireann.

 

Tréan oibre á dhéanamh ag muintir Nuacht 24 - gan deontas freisin

 

23 de thuairimí ar “Independent ar fáil saor in éineacht le Foinse [Nua]

  1. igaeilge Údar an Ailt

    Caol seans, mar sin, go mbeidh daoine i mBéal Feirste nó ar tSraith Bhán ábalta léamh faoin fhéile ceol sraite nó an léiriú de An Béal Bocht. Mór an trua….

    Glacaim leis go mbeidh siad abalta é seo a réiteach gan mhoill….neosfaidh an aimsir. B’fhéidir go bhfuil siad ag feidhmiú de réir tuiscint ‘éagsúil’ ar an dtéarma ‘national’.

    Freagra
    1. Seán Mór

      Cheannaigh mise ar an tSrath Bán ar maidin é… baineadh geit as fear an tsiopa nuair a chonaic sé mise ag ceannach an Indo, mar tá seanaithne aige orm! Ach, bhí Foinse istigh ann, agus An Srath Bán féin luaite ann! B’fhéidir go bhfuil Border Commission na bhfichidí ag feidhmiú go fóill, agus go bhfuil dea-scéal i ndán don Srath Bán?

      Freagra
  2. Gael gan Naire

    “Glacaim leis go mbeidh siad abalta é seo a réiteach gan mhoill”

    Tà sùil againn go lèir.

    Mà tà Foinse nìos eadroime, ar chòir go mbeadh an Pàipèar urraithe ag an Fhoras nìos troime mar gheall air sin.

    Freagra
    1. Seán Mór

      Aontaímse leis sin…. ní bheadh aon ghá anois ag an nuachtán eile plé le cúrsaí foghlamtha nó rudaí eile atá ar fáil anseo cheana féin. Agus chomh maith leis sin, má bhíonn an páipéar eile ar fáil ar an Satharn, ciallaíonn sin go mbeidh dhá pháipéar sa tseachtain againn ag amanntaí éagsúla.

      Freagra
  3. aonghus

    RG, ba cheart duit dul i dteagmháil leo. Seans nach d’aon ghnó sin.

    Léirmheas cothrom, a Chon.

    Mar Irish Times-eoir mé fhéin (ach an t-airgead a bheith agam) bhí rud beag díomá orm leis an eagrán seo – ba as alt an Uachtaráin is mó a fuair mé sásamh. Cróthnáim go mór colúnaithe rialta an sean Foinse – Alex Hijmans agus an Spealladóir ach go háirithe. Súil agam go mbeidh rud éigin cosúil le “Ar son na Cúise” le teacht i bhFoinse nua.

    Ach aontaím leat gurbh dócha go bhfuil Foinse Nua dírithe níos mó ar phobal leathan a bhfuil “Gaeilge eadrom” de dhíth orthu. Go deimhin, luadh an fear a dhíol liom é go raibh sé i gceist aige fhéin iarracht a dhéanamh é a léamh.
    (Ceist eile caighdeán an Indo – bhí iontas orm faoi cé chomh lag is atá sin)

    Is maith an rud é an bolscaireacht faoi freisin, sílim – chuala mé go raibh trácht air ar TV3 agus bhí leathanach tosaigh an Herald AM (nuachtán saor in aisce de chuid INM i mBÁC) cludaithe le “Fáilte roimh Foinse” sa chló gaelach (ach gan litreacha buailte)!

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    B’fhéidir é, a Ghaeil. Nó b’fhéidir gur cheart dúinn go léir atá ag plé le h-iriseoireacht na Gaeilge bheith ag cailliúint meachan. Tá Foinse Nua tar éis caighdeán nua a chur ós ár gcomhair – cibé dream a roghnaíonn an Fhoras, má roghnaíonn siad dream ar bith, chun teacht ‘i gcomharbacht’ ar an sean Fhoinse, beidh orthu ath mheas a dhéanamh ar an bplean i gcomhthéacs Foinse Nua. Is ar an nuachtán is fearr a bheidh ábalta an athmheas seo a dhéanamh go h-eifeachtach ar cheart an chonradh a bhronnadh. Creidim féin go bhfuil Nuacht 7 ábalta dul i ngleic go h-eifeachtach leis an dúshlán nua. Tá an taithí agus an scil againn, maraon le chúltaca ó nuachtán náisiúnta.

    Freagra
  5. Gael gan Naire

    Go n-èirì leis an dream is fearr, cibè dream iad. Beidh èagsùlacht den scoith againn tà sùil agam.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Tá súil agam gur ar ‘dream is fearr’ a bhronnfar an chonradh, seachas ar an dream is fearr a oirfeadh do mhaithe agus do mhór uaisle na Gaeilge…..

    Freagra
  7. crosbhealaí

    Is nuachtán úr proifisiúnta snasta é. Tá cuma fior tarraigteach air. Cé a chreidfeadh go mbeadh an Indo ag éascú a leithéid!!!!

    Dála an scéil, tá tagairt i dteachtaireacht an uachtaráin faoin gcomórtas as do nuachtán eile. Molann sí ha hirisí reactha eile, agus na nuachtsheirbhísí ar-líne mar Nuacht24. Ni mór tú féin agus iGaeilge a mholadh, a Choncubhair, óir chuir tú tráchtais leanúnach ar fáil ar chúrsaí Gaeilge le roinnt míonna nuas nuair nach raibh morán ardán eile ann. Leitheoireacht riachtanach atá ann, ce nach n-aontóinn ler cuid mhaith de do thuairimí.

    Is forbairt iontadch dearfach í teacht ar saol an nuachtáin nua “Foinse” agus guimis rath air. Go n-éiri leo siúd atá i mbun iomaíochta do chonradh nua an Fhorais chomh maith. “Let a thousand flowers bloom”, mar a deirtear!.

    Freagra
  8. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ar an gcéad dul síos bhí me ag tnúth go mór le Foinse Nua ach caithfidh mé a rá go raibh díomá orm.Is dócha go raibh mé ag súil leis an sean Foinse ach dearadh nua aimsire snásta a bheith air.Ach is Foinse Lite a fuaramar, an chéad paipéar nuachta Gaeilge tablóideach. Cuirim fáilte roimh an dearadh snasta ach caithfidh siad cúpla alt substaintiúil le anailís ar cúrsaí reatha le daoine cosúil le Cathal MacCoille agus leitheidí Poil in Ní Chiaráin.Tá áit fós do thogra an Fhorais, papéar teagartha Gaeilge a chur ar fáil a chaoiméadfaidh súil ghéar ar cúrsaí reatha agus fadhbanna móra faoi NAMA agus athbhreithniú ar cursaí geilleagrach agus an earnáil poiblí.N

    Freagra
  9. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Níl mé a rá nár cheart altanna éadroma a bheith ann fiú chomh h-éadroim leis an Cailín sa Chathair atá i Nós.Ach tá iomhá an teilifís réaltachta le Hector agus Daithí ann.Tá se deachair freisean a thuigbheáil nach mbeidh tíonchar ag an Indo ar eagarthóireacht ar an bpaipéar Gaeilge.

    Freagra
  10. crosbhealaí

    Seans go mbeidh tuilleadh nuachta ann sna seachtainí romhainn, nuair a bheidh spás na dteachtaireachtaí comhghairidis agus fáiltithe ar fáil.

    Is cinnte go bhfuil gá lena thuilleadh nuachta ann, ach tabharfaimis seans dóibh. Ni h-aontóinn leat faoi na hainmneacha a luaigh tú- is daoine úra atá de dhíth!!

    Ceist amháin a bheadh agam ná, an mbeadh siad in ann scéalta úra nuachta a nochtadh- nó an gcaithfear an t-ábhar don fhorlíonadh seo a bheith istigh trí no ceithre lá sula foilsítear é?

    Freagra
  11. una bhan

    Léirmheas cothrom a Chon! Ni dóigh liom é. Sean-chleas é sin – rud a mholadh ag an tús le gur féidir leat a rá arís is arís eile gur thacaigh tú le Foinse Nua ón tús fad is ata tu ag caitheamh anuas orthu. It’s like so predictable big boy

    Freagra
  12. igaeilge Údar an Ailt

    Bí ag caint ar ‘predictable’ tú féin a Shoithigh Fholaimh! Seo tú mo cháíneadh as ucht cothrom na féinne a thabhairt do Foinse Nua – má dheinim iad a chaineadh, cá bhfios duitse ach go mbeidh an cáíneadh cothrom? Neosfaidh an aimsir cad é a dhéanfaidh mé amach anseo – lean tusa ar aghaidh led bhitseail féin.

    Freagra
  13. séamus Mac Seáin

    In ainm Dé níl ann ach páipéár nuachta ná bímis ró airdeallach air. Tágann siad agus imíonn siad. an rud is suimiúla faoin cheann seo ná go bhfuil sé á chur amach gan deontas má’s fíor.Sin an rud is spéisiúla faoi agus an gné de ar fiú á phlé dar liom agus seo muid ag cur agus ag cúiteamh faoi Hector agus Dáithí. An mbeadh barúil ag duine ar bith cad é mar is féidir le PÓC seo a chur amach gan deontas nuair a bhí se do dhéanta aige an sean FOINSE a chur amach agus deontas aige. Is léir gur réabhlóid í seo i gcúrsaí Gaeilge nár mhiste a iniúcadh.An mbeadh barúil ag duine ar bith?

    Freagra
  14. igaeilge Údar an Ailt

    Bhuel is cinnte go bhfuil cúlchiste éigean aige – an brabhús a bhí cnuasaithe ag Foinse (€600k-700k más fíor. Seans mhaith gur fearr leis seo a chaitheamh ar thogra cosúil le Foinse Nua san Indo seachas cuid mhaith do a thabhairt don Rialtas i bhfoirm cánach (Capital Gains Tax mar shampla). Má eiríonn leis, go h-iontach. Mura n-eiríonn leis brabhús a dhéanamh, ní dhéanfaidh sé morán dochar don phriomh infheisteoir agus beidh a ainm in airde ar aon nós. Tá sé ag dul sa tseans ar son na teanga agus ar a shon féin – tá sin le moladh. Má theipeann an fiontar, bhuel ní bheidh morán caillte aige (agus is airgead an stait cuid de nó is cinnte go raibh cuid de dheontas an Fhorais san airgead sin). Nuair a thagann borradh aris ar an stat chiste,is cinnte go bhfaighidh sé sciar mhór den bhfograíocht san Indo.

    Ach is geall mór é ar son na Gaeilge – idir é féin agus Máirtín Ó Muilleoir atá sé ó thaobh cibé fiontraí is mó a sheas ar chúl na Gaeilge lena chuid airgid féin.

    Freagra
  15. igaeilge Údar an Ailt

    Cén fath go gcloisim ceol ‘Jaws’ sa chúlra agus mé ag léamh na míreanna spídiúla uait, a Úna? An bhfuil tú mo stalkáil? Mo leanúint ar iGaeilge agus sa Sunday Indo le cois?

    Freagra
  16. Diomach

    Ni nuachtan e dairire ach an saghas ‘supplement’ a bhionn ag an-chuid nuachtan. Abhar eadrom do dhaoine nach dteastaionn uathu leamh faoi rudai dairire. Ni maith liom an sli go gceaptar gur ‘ceol agus craic’ amhain ata ag teastail o phobal na Gaeilge. Nach bhfuil rudai le ra againn inar dteanga fein faoin mbuisead agus mar sin de? Ta gach duine eile ag caint faoi na habhair seo.
    Ach ar a laghad nil aon leithsceal ag an bhForas gan a gconradh a thabhairt do nuachtan ceart dairire.
    Nach gcuireann se as d’aon duine eile gur cheap Padraig O Ceidigh a inion mar eagarthoir? Sin rud nach ndearna Sir Tony O’Reilly fiu!

    Freagra
  17. igaeilge Údar an Ailt

    Is cinnte go bhfuil sé eadrom – ach más rud éigean trom a bhí ag teastáil ó na Gaeil roimhe seo, bhí an rogha sin ann doibh – bhí Lá Nua agus Foinse araon trom a dhothain. Níor cheannaigh a dhothain na nuachtáin sin, mar a bhí siad, dá fheabhas ár gcuid iarrachtaí.

    Maidir le Pádraig Ó Céidigh ag roghnú a iníon mar eagarthóír, ós rud é gurb é a chuid airgid féin atá i gceist, ní féidir linn an ceart sin a shéanadh air. Cuma ar an eagrán is déanaí de Foinse go raibh sé slachtmhar agus snásta – ní droch theist ar an eagarthóir é pé scéal é. Anuas ar sin, tá cuid mór de na daoine a bheadh sa phost sin luaite le na h-iarratais atá á mheas ag Foras na Gaeilge inniu, is cosúil.

    Freagra
    1. Diomach

      B’fheidir nach bhfuil dothain ‘Gaeil throma’ chun nuachtan ceart a choinneail beo. Ach ni doigh liom go bhfuil dothain ‘Gaeil eadroma’ ach oiread. Sin an chuis go bhfuil ga le deontais stait (no cabhair an Indo).
      Ach a Chonchubhair, muna bhfuil aon fhadhb agat le huineir nuachtain a bheith ag ceapadh a ghaolta fein i gceannas, ta todhchai geal romhat sa Sunday Indo!

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s