Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeilge, Maorláthas na Gaeilge….cad faoi Aontas na Gaeilge?

‘Shake up’ a thugann an ceannlíne sa scéal seo sa Sunday Tribune ar an méid atá á rá go poiblí ag Eamonn O Cuív faoin phlean atá ann ról níos leithne a thabhairt do Udarás na Gaeltachta.  Is cosúil gur Udarás na Gaeilge a bheidh air má ghlactar leis an bplean atá á phlé faoi lathair ag an bhfo-choiste Comh-Aireachta  i leith na Gaeilge.

D’fhéadfadh seo a bheith ina thús nua do chúrsaí na Gaeilge sna 26 contae – ach is ansan atá an fadhb is mó leis an mbeartas.

Ní h-aon chara mise le Foras na Gaeilge ach bunaíodh an Fhoras mar institiúid uile oileánda chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Anois tá orthu dul san iomaíocht leis an Udarás seo nó tá orthu focas as an úr a chur ar ghnóthaí tras teorainn.   Tá sé deacair a dhéanamh amach cá thosnaíonn ‘tras teorainn’ agus cá chriochnaíonn ’26 contae’.   An oiread is go bhfuil sé ina chur amú airgid go bhfuil dhá chóras sláinte ar an oileán agus dhá chóras oideachais le cois – nach cur amú é go mbeadh dhá institiúid stáit ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn?

Dhá mhaorláthas, dhá runaíocht. Ag an am chéanna, beidh an tua ag titim ar na h-eagrais Ghaeilge, leithéidi Conradh na Gaeilge agus Gaelscoileanna.

Ar ndóigh d’fhéadfadh seo tochailt faoi bhunús Chomhaontú Aoine an Chéasta – agus cé nach gcreidim gur bó beannaithe é an Chomhaontú céanna, is cinnte go gcaithfear a chinntiú nach bhfuil leithscéal á thabhairt d’Aondachtaithe atá nimhneach in éadan na Gaeilge, leithéidí Nelson McCausland, Aire Cultúr an Tuaiscirt, cúlú ó dhualgaisí an staitín ó thuaidh i leith na Gaeilge.

7 dtuairim ar “Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeilge, Maorláthas na Gaeilge….cad faoi Aontas na Gaeilge?

  1. séamus Mac Seáin

    sean phort de mo chuid a bhí ann lá den tsaol(Tóstal na Gaeilge 2001) go dtiocfadh an Ghaeilge Aniar,Aneas agus Adtuaidh ó na Gaeltachtaí chugainne atá inar gcónaí sa Pháil.D’fhéadfadh sin a bheith amhlaidh le hÚdaras na Gaeilge seo atá á mholadh má’s fíor.D’fhéadfaí Ceannceathrú na nEagras Gaeilge uilg a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht Thiar Thuaidh agus Theas ach fó oifigí a bheith acu sa chuid eile den tír.Ni bheadh deacrachtaí dar liom le Gaeltacht Thír Chonaill a bheith ag freastail ar na sé chontae má tá gné uile oileánda a bheith leis an phlean.Tá sé tabhachtach dar liom stadas a thabhairt do chibe méid bheag den Gaeltacht atá fágtha agus bhéinnse sásta, mar dhuine atá ina chónaí sa chuid sin den tír nach Gaeltacht iomlán go fóill í stadas ar leith a thabhairt do Ghaeltacht mar thiománaí na hAthbheochana go díreach mar atá na Gaelscoileanna ag déánamh cheana féin. mar sin ar aghaidh leis an Údaras úr má tá sé ag dul a bheith mar atá molta agam

    Freagra
  2. Petey Ó Fiontar

    Beidh an t-aire ábalta an t-airgead atá ag an Fhoras i láthair na huaire a thógáil agus a rá leis an Údarás nua cén áit len é a chur. Má cheapann aon duine ag plé le Gaeilge sa ghalltacht nó sa tuaisceart go ndéanfaidh sé seo a mhaitheas díofa, tá breall orthu. Dáilcheantar an aire an t-aon bhuaiteoir anseo – agus duine amháin eile, b’fhéidir.
    Eag: Tá an chuid eile den trachtaireacht seo á ghearradh de bharr cuinsí dlí.

    Freagra
  3. crosbhealaí

    Is leir ó iompar na Roinne Ealaine,Cultúrtha agus Fóillíochta (DCAL) sa Tuaisceart |(nó, níos cruinne, na nAirí ata i bhfeighil air) gur féidir laincisí agus constaicí a chur ar an nGaeilge ar fud an oileáin de bharr na foirmlí maoinithe atá socruithe faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. M.sh. tá an Roinn ó thuaidh ag lorg cuibhreannas le hAlbainis Uladh i gcursaí maoinithe teanga- cuibhreannas atá chun dochar na Gaeilge.

    Creidim go bhfuil an tAire ag iarraidh na laincisí seo a bhriseadh, laistigh dá réimse féin (i. na 26 contae), ionas gur féidir dul chun cinn teanga a dhéanamh.

    Droch-thoradh ar an iarracht seo (ach ní ceann atá á iarraidh ag an Aire) ná lagú na Gaeilge sna 6 chonae, áit a bhfuil borradh iontach pobail fúithi. Ach tá an tAire idir dhá thine Bealtaine anseo -lagú na Gaeilge sna 26 contae nó sna 6 contae.

    I ndáiríre, chun an rogha Hobson sin a sheachaint, is feachtas taidhleoireachta ar ardleibhéil atá de dhíth chun cur ar súile na nAirí sa tuaisceart go gcaithfidh siad cosaint agus tacaíocht cuí a thabhairt don teanga- ach ni sin “an cloach is mó ar phaidríní” na bpolaiteoirí (anyway, an mbíonn paidriní ag Preisbitéirigh, LOL). Bun agus barr an scéil, nach scéal simplí atá ann.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    B’é an chúis ar bunaíodh Foras na Gaeilge sa chéad dul síos chun cosaint a thabhairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh. Nior eirigh leis go dtí seo – agus is lú seans go n-eireoidh leis anois má bhunaitear an tUdarás seo.

    Tá an Aire ag iarraidh na laincisí a bhriseadh cinnte, le socrú criochdheighilteach a fhagann pobal Ghaeilge na sé contae in ait na leathphingine faoi smacht aire aintoisceach aondachtach.

    Agus lagaionn an beartas seo Comhaontú Aoine an Chéasta trath go bhfuil sé faoi íonsaí agus leochailleach. Sílim go gcaithfidh an Aire meabhrú arís ar an lsí chun tosaigh.

    Is minic a d’aitigh mé, agus mé im eagarthóír ar Lá Nua, feachtas ard libhéal tadhlóireachta chun ceist na Gaeilge a chur chun tosaigh. Nior bhac na tadhlóirí leis an uair sin – agus ní bhacfaidh siad leis feasta. Beidh siad ró ghnóthach ag iarraidh an tine atá an Aire ag lasadh lena bheartas bhladhmannach a chur faoi smacht.

    Ní scéal simplí é cinnte – ach níl an méid atá luaite leis an Aire ina reiteach sasúil. Agus is cuma mura bhfuil an Aire ag iarraidh droch thoradh – má tá’s aige, agus tá a fhios sin aige, go bhfuil sé ag teacht mar thoradh, bhuel beidh sé díreach chomh freagrach as na droch thorthaí sin is go mbeadh sé dá raibh siad i gceist aige. Is é an difríocht idir dún orgain agus dún mharú, sin an méid.

    Freagra
  5. crosbhealaí

    Ceist: cén fáth nár ghlac Sinn Féin an Aireacht um Chultúr, Ealaíona agus Fóillíocht nuair a bhi an dáileadh D’Hondt ar siúl do na hAireachtaí sa bhFeidhmeannas? Faoi dhó?? Cén fáth gur roghnaigh siad an Aireacht um Fhorbairt Réigiúnda, agus gur fhág siad ealaín agus cultúr i seilbh an DUP?

    Freagra
  6. crosbhealaí

    Creidim go mbeidh an milleán is mó ar Shinn Fein mar chríochnaionn muid suas le críochdheighilt maidir leis an Ghaeilge- ní raibh an DUP riamh chun beart a dhéanamh don Ghaeilge. Tá tuiscint éigin ag roinnt ball den UUP uirthi- Chris McGimpsey srl, ach fós féin ní bnheinn ag súil le tada uathu.

    Tá Ealaín agus Cultúr mar “red-line ministry” cosúil le Póilíneacht agus Cirt- agus mar sin, ba chóir go mbeadh an SDLP nó an Alliance ina mbun, seachas na páirtithe “polaróideacha”, SF & an DUP.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras tá an locht ar SF go mór mór. Ag an am chéanna, ba cheart don Aire léargas níos tuisceanaí a bheith aige ar phrical na nGael ó thuaidh….agus, anuas ar sin, ar chomh leochailleach is atá an Chomhaontú….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s