Aghaidh nua Foinse Nua

 

1611_foinse_indo_414543t

Foinse snásta suas go dáta

léargas níos soiléire arís in Irish Independent an lae inniu ar an chuma a bheidh ar Foinse [Nua] nuair a bheidh sé á dháileadh leis an nuachtán sin ón gCéadaoin beag seo agus caithfidh mé a rá go bhfuil cuma snásta blasta air, cuma i bhfad Éireann ní ba thaithneamhaí don súl ná an sean Foinse.     Mar a dúirt mé go minic roimhe seo, bhí dealramh stálaithe agus siocaithe ar an sean Foinse, an cuma air nár caitheadh pingin ar an dearadh ón am gur bunaíodh é nó go gairid ina dhiaidh sin.

 

Ar ndóigh níl an dearadh chomh tabhachtach anois is a bhíodh sé sa chiall nach mbeidh Foinse á dhíol mar a bhí – ach go mbeidh sé á dháileadh mar iatán leis an Irish Independent gach Céadaoin.   Ach beidh sé tabhachtach go mbeidh aghaidh tarraingteach ar an nuachtán ar a mbronnfaidh Foras na Gaeilge an conradh a bhíodh ag Foinse ag a gcruinniú Dé hAoine, más amhlaidh go bhfuil sé i gceist ag an Foras leanúint leis an bproiseas sin.

Tá meascán acu de phearsaí TG4 agus Raidió na Gaeltachta chun colúin a chur ar fáil – Gemma Ní Chionnaith, Dáithí O Sé agus Hector O hEochagáin.   Feicim ainm Maidhc P. O Conaola luaite leis an nuachtán freisin.  Duine ildánach é Maidhc P atá ainm in airde air mar scriobhnóir, léiritheoir, aisteoir, amhránaí….agus anois iriseoir.

An rud is suntasaí faoin méid eolais atá tugtha dúinn go dtí seo gur iatán Ghaeilge a bheidh i Foinse Nua seachas nuachtán sa chiall go raibh aithne againn air roimhe.  Is é sin nach cosúil go mbeidh an mbéim an oiread is a bhí ar nuacht náisiúnta, nuacht na Gaeilge agus nuacht ó na Gaeltachtaí.  Gach seans go cruthófar go bhfuilim san éagóir.  Sa mhéid atá léite agam go dtí seo, beidh an bhéim ar fhoghlaimeoirí agus ar mhúinteoirí is ar dháltaí scoile.

Ní miste sin.  Tá gá leis, go deimhin.   Agus beidh gá leis an méid sin sa nuachtán a roghnóidh an Fhoras freisin.

Ach beidh gá freisin le nuacht – nuacht náisiúnta is idirnáisiúnta, nuacht na Gaeilge is na Gaeltachta agus Pobal na Gaeilge cibé áit ina bhfuilimíd scaipithe.

Beidh an leitheoir Ghaeilge millte le rogha don chéad uair riamh.   Na míonna ag feitheamh ar nuachtán Ghaeilge, ansan tá triúr acu ann i dteannta cheile, Foinse, Nuacht 24 agus ? – Nuacht 7 tá súil agam.    Is é Nuacht 7 an t-aon iarratas atá os comhair an Fhorais le tacaíocht ó nuachtán náisiúnta mar sin is é an t-aon nuachtán a bheidh ábalta an fhód a sheasamh sa tréimhse luath nuair a bheidh iomaíocht ghéar ann le h-aghaidh fograíocht agus, gan amhras, leitheoirí.

Is cinnte, má tá an Rialtas dáiríre faoi 250,000 cainteoir Ghaeilge bheith ann faoi 2028, go bhfuil gá lena leithéid seo d’éagsúlacht agus de rogha sna meáin chlóite Gaeilge.  Ná dearudtar freisin an dul chun cinn atá déanta ag nós* faoi stiur Tomaí Rua O Conghaile, mo shean mhéit ó Lá/Lá Nua.   Céim siar a bheadh ann a rá, ag an pointe seo, nach fiú dul chun tosaigh le nuachtán an Fhorais ceal acmhainní sa statchiste.   Má tá na milliún gach bliain le caitheamh ar aistriúcháin go Gaeilge ar chaipéisí atáim in amhras go bhfuil duine ar bith á léamh, is cinnte gur fiú don Stát €400,000 in aghaidh na bliana a infhéistiú i solathar ábhar léitheoireachta a bheidh suim ag pobal na Gaeilge a léamh.

Seachtain spéisiúil atá romhainn i stair na Gaeilge.

 

nuacht7

Nuacht 7 - an bhfuil aon nuachtán eile ann a bheidh ábalta teacht slán agus Foinse Nua ar an margadh?

 

 

5 thuairim ar “Aghaidh nua Foinse Nua

  1. crosbhealaí

    Nach ndúirt tú gu bhfuil seans go dtiocfadh cás cúirte as seo uilig? An bhfuil aon baol ann anois go bhféachfar ar an tsoláthar seo mar beartas a dhóthain déanta do nuachtán Gaeilge, agus nach dtiocfadh nuachtán ar bith eile ar an saol? Má tá daoine anois ag clamhsán faoi chur amú airgid ar chúrsai aistriúcháin, nach mbeidh daoine eile ag tosú ag clamhsán mar seo: “they have an Irish language paper already, supplied free with the Indo, why the hell are they getting state money to fund another one in these recessionary times?” Nach bhfuilimd sa bhearna baoil?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras a Aonghuis. Ach níl an fadhb seo chun imeacht ar shiúl má dhruidimíd ár mbéal faoi. Is cinnte nach de thimpist a roghnaigh Pádraig Ó Céidigh an tseachtain seo leis an iatán a sheoladh de thimpist, bíodh a fhios agat!

    Chomh fada agus a bhaineann sé liom, ní cur amú airgid é airgead a infheistiú i bhfiontar ar nós nuachtán Ghaeilge mar tá éileamh ann dá leithéid. Caithfear an t-eileamh a fhás, cinnte, ach ba bhotún é gan amharc ar athfhoilsiú Foinse nó foilsiú Foinse Nua mar dheis seachas bagairt. D’fhéadfadh sé titim amach go bhfasfadh seo margadh na Gaeilge go h-áirithe agus é dírithe ar fhoghlaimeoirí agus go bhfaigheadh Nuacht 7 nó cibé dream eile a fhaigheann an chonradh ón bhForas leas a bhaint as an margadh méadaithe seo.

    Má tá brí ar bith le bheith i bplean an Rialtais chun 250,000 cainteoir Ghaeilge a bheith ann laistigh de scór bliain, caithfidh siad na h-acmhainní a chur ar fáíl nó a éascú don phobal sin atá ar fáil don phobal mhór.

    Sin an cheist dar liom….

    Freagra
  3. Ping: Aiséirí Foinse mar Fhorlíonadh san Irish Independent « Blag Forbairt Naíonraí Teoranta

  4. crosbhealaí

    Aontaím le do mhianta, a Choncubhair, agus súil agam go dtitfidh cúrsaí amach díreach mar a thuarann tú i ar an gceist áirithe seo. Beidh le feiceáil….Beidh mé ag tnúth go mór leis an gCéadaoin agus an foilseachán seo a fheiceáil.

    Freagra
  5. An Dubhaltach

    “cuma i bhfad Éireann ní ba thaithneamhaí don súl ná an sean Foinse”

    Feictear dom go bhfuil an cuma chéanna air mar a bhíodh!

    Agus an dtagann sé le foclóir nó rud éicínt?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s