Brian ‘Rafa’ Cowen ag caint faoin chluiche mór

Is dócha gur chreid a chuid ‘laimhseoirí’ go mbeadh sé ina dhea smaoineamh go gcuirfeadh Brian Cowen an chuma air féin go raibh suim aige i ghnath chúrsaí an tsaoil – agus mar sin, mar eireabal, ar chúpla físeán eile faoi chúrsaí an gheilleagair agus an Bhuiséid, chuir siad é ag caint ar chúrsaí an chluiche mhóir Dé Satharn, Éire V An Fhrainnc.

Ní doigh liom gur cheart don Taoiseach eirí as an pholataíocht le tabhairt faoin trachtaireacht spóírt – faoi mar a dhein a réamh chomharba. I gcás Bertie, ba ionann a eirí as agus bua don pholataíocht agus cailliúint do na meáín spóirt.

Ar aon nós, an oiread is gach mac mathar agus iníon athar, is dócha go bhfuil An Taoiseach ag súil le toradh maith ón dhá chluiche seo in éadan na Frainnce – tá dea scéal de dhith orainn go géar an aimsir duairc seo i ndúlaíocht na Samhna.

Dá mba rud é go raibh trachtaire sacair ag caint ar an slí go raibh An Taoiseach ag bainistiú na tíre, sílim gurb é an comparáid a bheadh á dhéanamh aige an comparáid le Rafa Benitez, bainisteoir Learpholl.

Tá cuma caillte ar an tír seo – tar éis bheith ar bharr na hEorpa i 2005.  Anois nílimíd ann nó as.   Tá ár imreoirí is fearr ar an gclaí agus taimid ag tabhairt aghaidh ar an gcead dreas eile agus sinn tuairim is €54 billiún ar gcúl, a bhuí do Nama.

Is dócha go bhfuil an cheart ag an t-é a dúirt nár cheart sport agus polataíocht a mheascadh….

2 thuairim ar “Brian ‘Rafa’ Cowen ag caint faoin chluiche mór

  1. séamus Mac Seáin

    is cinnte nár láimhseáil Rialtas na Poblachta an ghéar chéim eacnámaíochta ró mhaith (cá bhuil an tír a dhéin) agus go háirithe nár áithin siad luath go leor go raibh sé ag dul a theacht ach is pinsinéir seanaoise mé agus is cuimhin liom an tír a bheith i bhfad níos measa as ná atá sé anois agus tháinig muid tríd.Nuair a amharcaim ar na bóithre nua,tithe nua srl, is léir má chuireadh airgead amú agus cuireadh,is fíor fosta go ndéarnadh infhéstíocht chomh maith.Ní ar bhóithre amháin a caitheadh é ach oiread nó tá ráta an phinsin seanaoise sa Phoblacht a dhá oiread ,212 euro,i gcomórtas leis an £100 sa tseachtain atá agamsa ó thuaidh.Má’s olc moll is measa mullach

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s