Filleadh Foinse ‘neamhspleach’ ar an bhForas

foinseheadIs cosúil, de reir tuarisc ar Nuacht TG4 anocht agus de reir raflaí ag scaipeadh le seachtain anuas, go mbeidh Foinse ag filleadh laistigh de choicís.   Ach ní Foinse mar is eol dúinn é a bheidh san fhoilseachán nua.

De réir na dtuairiscí, beidh Foinse á fhoilsiú mar iatán a scaipfear leis an Irish Independent gach Déardaoin.  Tuigtear go mbeidh an chéad eagrán á eisiúint ar 19 Samhain, an lá roimh a bhaileoidh comhaltaí bhoird Fhoras na Gaeilge le h-aghaidh an cruinniú ag a bhfuil sé i gceist an chinneadh a dhéanamh faoin chonradh don nuachtán seachtainiúil le comharba a aimsiú ar….Foinse.

De reir an raitis a tuairiscíodh anocht ar Nuacht TG4, tá sé i gceist ag an bhForas leanúint orthu leis an chomórtas seo agus tá sé deacair a fheiscint conas nach bhféadfaidís amhlaidh a dhéanamh tar éis costas agus saothar a chuir ar na h-iarratasóirí eile nach bhfuil pairteach i gcaoi ar bith sa chluiche idir Foras na Gaeilge agus foilsitheoir Foinse, Pádraig O Ceidigh.

An raiteas is súntasaí a chuala mé anocht, áfach, go raibh an Roinn Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta ag cur ceiste ar an bhForas athbhreithniú a dhéanamh ar an scéal sa chomhthéacs gur féidir ná raibh gá lena gcomórtas mar go raibh comhlacht trachtála ag déanamh na h-oibre.  D’fhéadfadh sé tarlú, mar shampla, go dtabharfaí dúshlán don bhForas dá mbronnfaidís an chonradh ar dream éigean ar an mbonn go raibh an infhéistíocht ag sarú dlithe an Aontais Eorpaigh maidir le h-iomaiocht sa mhargadh.

Gach seans go gcriochnódh an scéal san Ard Chúirt….

Mar is eol díbh táim féin luaite le h-iarratas sa chomórtas seo – Nuacht 7 – agus táimíd dóchasach is muiníneach faoinár n-iarratas.  Ní chuireann sé isteach orm bheith san iomaíocht le Foinse arís más gá.     Tá nuachtán náisiúnta eile ag cur comhairle agus tacaíócht phraicticiúil ar fáil dár niarratas.

Tá sé ráite ag an bhForas nach mbeadh an ‘stadas’ céanna ag baint le h-iatán i nuachtán eile agus gur ísliú céime don Ghaeilge a bheadh ann.  Ní mar sin a bheartaigh siad i gcónaí nó nuair a bhí an comórtas á ullmhú le h-aghaidh nuachtán laethúil i 2006, chinntigh baill áirithe ar bhórd an Fhorais go mbeadh ‘foilseachán’ seachas ‘nuachtán’ á lorg le deis a thabhairt don Irish News cur isteach ar an gcomórtas lena bplean iatán laethúil a fhoilsiú.  Bhain an plean sin le h-imreas idir an Irish News agus foilsitheoirí Lá, Grúpa Meáin Bhéal Feirste, agus iarracht eilimintí laistigh den bhForas deireadh a chur le Lá.   Sin é mo thuiscint ar chúrsaí – ach má tuiscint eile amuigh ansin ó dhuine údarásach, bheadh failte roimhe anseo.

Ar aon nós, bheinn féin abhairín buartha nach mairfeadh Foinse sa chrut nua seo ró fhada.  Nach cuimhin linn gur eirigh Pádraig O Céidigh as an fhoilsitheoireacht i mí an Mheithimh de bharr titim 75% ar fhograíocht stait.  Ní dócha go bhfeabhsóidh seo.   Tá ana chostas ag baint le foilsiú agus clóbhuaileadh 150,000 iatán 28 leathnach uair sa tseachtain agus ní chuirfeadh sé íontas orm go gcosnódh sé isteach is amach le €5m in aghaidh na bliana.    An bhfuil an Independent sásta an bille sin – nó cuid mhór de a sheasamh?   Ní h-aon rún nach bhfuil an Independent gan a chuid trioblóidí féin faoi láthair.  Nó an é Pádraig  O Céidigh a sheasfaidh an chostas?  Agus más é, cá fhad a mhairfidh sin i gcomhthéacs na h-aimsire seo agus an tionscal eitleoireacht trí chéile faoi scamall?

Dá mba rud é ná rabhas bainteach le h-iarratas eile, bheinn ag súil go n-eireodh leis an  bplean seo, ar son na Gaeilge, mar tá sé nua agus difriúil.  Agus tá gá le rudaí nua agus difriúla a dhéanamh san aimsir seo.  Dar ndoigh creidim go bhfuil rud éigean nua agus difriúil le tairiscint ag ár n-iarratas freisin.  Mar sin i gcead do Foinse, Nuacht 7 abú.

Gné aisteach den scéal seo nach bhfiul iar fhoireann Foinse san áireamh, de réir mar a thuigim, sa scéim seo ag an gCéideach.   Tá eagarthóír luaite leis an iatán – Eimear Ní Chéide sílim an ainm a chuala mé ar Nuacht TG4.   Agus tá iar fhoireann Foinse luaite le h-iarratas eile a bheidh a fhiúntas á mheas ag an gcruinniú ar 20 Samhain – Tuairisc ainm oibre an iarratais seo.

Cad a tharlóidh, níl a fhios agam, ach is cinnte go mbeidh aiféaltas ar an bhForas nár deineadh an rogha ar an 16ú Deireadh Fómhair mar a bhí beartaithe roimh ré.

Nó an mbeidh?

Cúpla cinniúnach iad an 19ú agus 20ú Samhain, gan aon amhras!

12 de thuairimí ar “Filleadh Foinse ‘neamhspleach’ ar an bhForas

  1. RG Cuan

    Nuair a smaoiníonn tú air, nuair atá na céadta leathanach á gcló agat cheana féin gach seachtain, níl na costaisí breise a bhaineann le 28 lch eile a dhéanamh chomh suntasach sin.

    Tá an córas ag an Indo agus is cinnte go bhfuil na teagmhálacha acu fógraíocht a mhealladh, agus sin a choinneodh na hiriseoirí ina bpoist is dócha.

    Céim an-spéisiúil atá ann, agus beidh sé níos suimiúla fós nuair, má, thagann an nuachtán eile ar an fhód.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndoigh tá an ceart agat – ach is coimitmint suntasach atá i gceist mar sin féin agus beidh le feiceail cé chomh doimhin is atá pócaí thacadóirí an fhiontair seo.

    Guím gach rath orthu….

    Freagra
  3. aonghus

    Súil agam go n-éireodh go geall leis an dá fhiontar. Ach nach n-éalóidh an Foras as a ndualgais.

    Dáileadh ceann de na deacrachtaí is mó a bhí ag Lá agus Foinse, feictear dom. Ní bheidh an deacracht sin leis an Indo.

    Beidh sé spéisiúil. An mbíonn briseadh síos ag an ABC de réir an lae? An mbeidh bealach ann chun tionchar an fhorlíonadh ar díolaíocht an Indo a thomhas?

    Freagra
  4. An Dubhaltach

    Guím gach rath ar an bhfiontar nua seo, agus caithfidh mé a rá go bhfuilim ag súil go mór leis.

    Freagra
  5. Yatca

    Níl na síntí fada le feiceáil san Indo faoi láthair. Féachaigí, mar shampla, ar an t-alt a scríobh Conn an tseachtain seo caite. Tá súil agam go mbeidh siad in ann an fadhb sin a réiteach!

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Dia linn is Muire, is mór an scannal atá tugtha chun solais agat a Yatca. Ba cheart a rá leis an Indo gan aon infheistiú a dhéanamh sa Ghaeilge agus a gcuid airgid a choimead ina bpócaí mar gheall ar a gcur chuige i leith na sínte fáda.

    An bhfuil Gaeilge blasta ag éinne ar ‘looking a gift horse in the mouth’ ag duine ar bith?

    Agus, dála an scéil, is Concubhar is ainm dom, ní Conn. Ní le drochmheas a deirim sin ach go bhfuil a fhios agam go bhfuil leithéidí Conn ann agus nior mhaith liom mo thuairimí bheith luaite leis tre thimpist fiú. Cara é.

    Freagra
  7. Yatca

    Gabh mo leithscéal! Bhíos díreach tar éis éisteacht le h-agallamh le Conn Ó Muíneacháin ar RnaG agus níl aon ‘head for names’ orm. Tá brón orm!

    Nílim i gcoinne na forbartha seo ar chor ar bith. Ach ar an am céanna, ní dóigh liom gur altruism atá i gceist. An gceapann tú go mbeidh an t-iatán á fhoilsiú as grá don teanga? Is fiontar tráchtála é! Mar sin de, ní gá dúinn ár dtuairimí a choimeád dúinn féin.

    I ndeireadh na dála, sa bhliain 2009, tá Unicode ar fáil le beagnach fiche bliain anuas. Más féidir le nuachtáin eile na síntí fada a chur i gcló níl aon leithscéal ag an Indo seachas neamhshuim nó leisciúlacht nó an dá rud.

    Freagra
  8. Sean Mór

    Bheadh sé iontach dá dtarlóidh sé go mbeadh iatán suntasach le fáil san Indo… cé gur cur amú páipéar domsa an Indo féin a cheannach… ach má chaithfidh mé sin a dhéanamh leis an iatán Gaeilge a fháil, déanfaidh mé é…a fhad is a bheadh an t-iatán ar chaighdeán ard…

    Freagra
  9. Seosamh Ó Beirgin

    Maidir leis an gcaint seo faoi Foinse ag teacht ar ais mar iatán saor in aisce leis an Irish Independent gach Deardaoin b’fhéidir gur chóir dúinn féachaint air mar Foinse ag teach amach ar an Deardaoin clúdaithe i gcóip saor in aisce den Irish Independent!

    Freagra
    1. Sean Mór

      Pointe maith, a Sheosaimh! Ní bheidh gá agam le mála plaisteach ar lá fliuch. Coinneoidh an Indo mo chóip de Foinse tirim go mbainfidh mé an teach amach….

      Freagra
      1. diarmuid de faoite

        Ní cheannóinn an Indo dá mbeadh mo shaol ag brath air,
        sách ráite.

  10. Dáithí Ó hAimheirgín

    Tá súil agam go n-éireoidh go geal le Foinse nua, ach tá fadhb bheag amháin ann. Ní fhaca mé riamh an “fada” in úsáid san Indo…..tá súil agam go “gceannóidh” na clódóirí roinnt acu roimh lá a fhoilsithe! B’fhéidir go bhfuair siad comhairle ó Des Bishop faoi seo

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s